RTÉ: Ábhar na bliana 2020

Daoine Óga

Cuireadh tús leis an mbliain 2020 le sceideal lán d'ábhar beo beathach agus d'ábhar beochana ar TRTÉ agus RTÉjr. D’fhill sraitheanna de leithéid RTÉjr Goes Dancing with the Stars, Body Brothers agus Bright Sparks, a mbíonn an-tóir orthu, a chuir ábhar spéise, eolais agus siamsaíochta ar fáil don sciar is óige den lucht féachana.

Seoladh HERSTORY i mí Feabhra agus choimisiúnaigh Cláracha do Dhaoine Óga scannáin nuacheaptha ó earnáil na mbeochana ina n-inseofaí scéalta mhná ceannródacha na hÉireann. I mí Márta, bhí RTÉ i riocht cúnamh a thabhairt do dhaltaí scoile na tíre agus dá gcuid tuismitheoirí chun déileáil leis an éiginnteacht a d'eascair ón bpaindéim trí sceideal rialta d'ábhar oideachais ar ardchaighdeán a chur ar fáil lá i ndiaidh lae: tháinig Home School Hub ar an bhfód. Idir mí Márta agus mí Meithimh, léirigh Macalla Teoranta níos mó ná 60 uair a chloig d'ábhar spreagúil a chuidigh leis na leanaí agus lena gcuid tuismitheoirí an ghéarchéim a chur díobh.

De réir mar a tháinig an fómhar agus réimis éagsúla dianghlasála, choimisiúnaigh Roinn na gCláracha do Dhaoine Óga sraith eile a ghabhfadh leis an gcéad sraith Home School Hub. Craoladh After School Hub tráthnóna ar RTÉ2 idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag agus coinníodh spéis na leanaí le réimse leathan gníomhartha tar éis na scoile arna gcur i láthair ag na múinteoirí céanna a bhí ar Home School Hub.

TRTÉ

Tháinig Martin’s Shed (Fusion Films), sraith de chláracha ‘mídhleathacha’ arna gcur i láthair ag Martin, an cat crainn agus ag MC (Mary Claire Fitzpatrick), ina réabadh ar an scáileán i mí Lúnasa. Bhí sé á chraoladh as ionad rúnda faoi cheilt i gContae Laoise, lán le hamhráin, le spleodar agus le straoisíl gháire. Gairid ina dhiaidh, tháinig sraith drámaíochta grinn, ábhar nua-cheaptha ainneoin an teideal Blasts from the Past, arna chur ar fáil ag Firebrand Productions. Insítear ann na heachtraí a tharlaíonn do Emily Blast, (Eleanor O’Brien i mbun aisteoireachta), gnáthdhéagóir a bhfuil ar a cumas léim ó thráth go chéile i stair na hÉireann.

Gamer Mode (Roundstone Media) an chéad chlár teilifíse faoi chúrsaí cluichíochta in Éirinn, á léiriú ag lucht cluichíochta do lucht na cluichíochta. Bhí Squad Goals (Kite Entertainment) ar ais le haghaidh an dara sraith agus ionad nua, cluichí nua agus óstach nua aige, Anna Geary. D'fhill Ace My Space (Tailored Films) chomh maith, agus deis á thabhairt aige do pháistí athmhaisiú ar a seomraí leapa a bhuachan. Bhí na réaltaí YouTube Sean Treacy agus MC (Mary Claire Fitzpatrick) ar ais agus iad ag déanamh athrú ó bhonn ar sheomraí leapa ar fud na hÉireann.

Tina Times Two, an saothar drámaíochta is deireanaí de chuid Dyehouse Films. Baineann an scéal le cailín óg deas, Tina, agus í ag teacht in inmhe. Tarlaíonn mar is mian léi nuair a bhuaileann sí le cara draíochta a bhfuil an chuma cheannann céanna uirthi atá uirthi féin. Déantar scéal uafáis den scéal iontais nuair is mian lena leathchailín tabhairt faoi shaol dá cuid féin.

Sraith cláracha faisnéise do leanaí atá in My Story ina ndéantar cíoradh ar scéalta a théann i gcion go díreach ar an duine óg. Cuireadh scannáin éagsúla ar fáil sa tsraith i rith na bliana: From Sheriff Street to Delphi (Dyehouse Films) maidir le dream daoine óga as Baile Átha Cliath ar lá dá saol atá i dturas eachtraíochta go Contae Mhaigh Eo ag foghlaim conas breith ar bhreac; Tajus the Kickboxer (Ronin Films), scéal faoi Tajus, 12 bliain d'aois a bhfuil cáil air ar na meáin shóisialta agus ar bhreá leis a bheith ina chicdhornálaí gairmiúil; agus Dillon’s Adventures (Little Road Productions), faoi Dillon Lynch, buachaill óg 12 bliain d'aois ar gnách leis códóireacht, siúlóid agus eachtraíocht faoin aer a dhéanamh agus a thugann anois faoin ngníomh dúshláin is mó fós.

Craoladh an tsraith bheochana Dorg Van Dango, arna chruthú ag Cartoon Saloon agus WildBrain, den chéad uair ar RTÉ. Ríomhtar ann eachtraí a tharlaíonn do ghnáthdhéagóir atá ag éirí aníos i mbaile mór Normill. Tagann cor sa saol nuair a éiríonn le ceithre cinn de neacha draíochta éalú as Area 52. Tuirlingíonn siad ar chúl an tí. Tugann Dorg aire dóibh agus cuireann sé faoi cheilt iad faoi chuma ghnáthdhéagóirí – má chuireann féin, ní gnáthdhéagóirí beag ná mór na cairde nua seo atá aige!

RTÉjr

Cuireadh meascán d'ábhar le gnáthphearsain agus d'ábhar beochana ar fáil mar lón siamsa do na daoine is óige sa lucht féachana i rith na bliana 2020. Bhí an clár eolaíochta agus damhsa Body Brothers (stop.watch) ar ais ar RTÉjr le fíricí faoi ainmhithe agus cleasa damhsa. Bhí Bright Sparks ar ais freisin le spraoi, drámaíocht agus ábhar gáire as scéalta faoi mhíthapa nó eachtra a bhí ag titim amach i measc mhuintir Bright’s Park.

Scannán tréan faoi chailín ocht mbliana, Sophie Corley, atá ag ullmhú don seó chinn bhliana sa Glee Club atá in My Story: Sophie (Fubar Films). Bhí spraoi agus spórt na Nollag ar Donncha’s Two Talented Christmas Special (Adare Productions) i ndeireadh na bliana: rinne ógánaigh chumasacha meantóireacht ar Brian Redmond, moltóir ar Dancing with the Stars, Maclean Burke, aisteoir ar Fair City, Róisín Ingle iriseoir de chuid an Irish Times & Cliona Hagan, amhránaí ceol tíre, chun cuidiú leo amhráin Nollag a chrochadh suas agus a chanadh amach.

Ar na buaicphointí maidir le hábhar beochana do leanaí réamhscoile, bhí sraith nua dar teideal Hungry Bear Tales arna léiriú ag Treehouse Republic i gcomhar le Bionaut Animation, ina bhfeictear na dlúthchairde Ned agus Mikey. In eachtraí nua de chuid Pablo (Paper Owl Films) agus Ainmhithe an Leabhair, sáraíodh deacrachtaí an tsaoil, agus bhí Ollie, leis an stiúideo Ink and Light, ar ais le scéalta beaga faoi cheisteanna móra maidir le foghlaim, cairdeas, uaigneas agus an tábhacht atá leis na rudaí beaga sa saol a ríomh.

Tháinig athrú suntasach i rith na bliana 2020 ar Cláracha do Dhaoine Óga nuair a thosaigh meitheal na roinne ar ábhar a choimisiúnú d'Ógánaigh Fásta. Fadscannán faisnéise arna léiriú ag Brick Films atá in Growing Up at the End of the World ina ríomhtar scéal thriúr déagóirí ar feadh bliain go leith agus iad i mbun feachtasaíochta maidir leis an athrú aeráide ag éileamh go dtagann athrú ar mhaithe leis an saol a bheidh le caitheamh acu féin san am atá rompu.

Raidió & Podchraoltaí

Tháinig an podchraoladh go mór chun tosaigh i mbliana agus gá breise le hábhar a chur ar fáil don lucht éisteachta óg agus do na tuismitheoirí gnóthacha a bhí ag féachaint le hoibriú agus múinteoireacht a dhéanamh sa bhaile. Ba é an clár podchraolta Home School Hub an leathchúpla fuaime leis an gclár teilifíse, le hábhar sainchóirithe nuacheaptha (The Living Library, 2K from Home, Adventures in Time, Inside the Orchestra) chomh maith le hábhar catalóige. Bhí sé ag teacht leis an After School Hub, agus seinneadh é beagnach 60,000 uair i rith na bliana.

Seoladh We Love Books i mí Feabhra, comórtas náisiúnta scéalaíochta do leanaí idir 8–12 bliana d'aois agus tháinig iarratais ina gcéadta. Léiríodh mír maidir le Dochtúir na Leabhar don dara séasúr i gcomhar le Leabhair Pháistí na hÉireann agus Leabharlanna Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Rinneadh taifeadadh ar Mothertongues – clár podchraolta ilteangach do leanaí ina ndéantar ceiliúradh ar a dteanga agus a gcultúr dúchais féin ionas go léirítear an iléagsúlacht spéisiúil atá in Éirinn – le linn srianta dianghlasála a bheith i bhfeidhm agus ligeadh do na teaghlaigh féin a theacht chun tosaigh. Pléadh ceisteanna casta eolaíochta, nach mbeadh tuismitheoirí ar bith in ann chucu agus iad sáinnithe sa bhaile, ar Let’s Dive In, arna chur i láthair ag Phil Smyth agus Julie Gould. Sraith deich gcinn de chláracha a bhí in Movies Are Magic maidir le scannáin a dhéanamh agus a bhreathnú inar tugadh léargas ar chúl téarmaí ar an ní a spreagann daoine chun dul i mbun scannánaíochta agus ar na modhanna oibre a chleachtann siad. Le haghaidh RTÉ maidir leis an Aeráid a cruthaíodh Ecolution sa bhliain 2019 agus cuireadh eagráin nua arna léiriú sa bhaile ar fáil gach coicís amach go dtí lár an tsamhraidh. Bronnadh Gradam Airgid IMRO sa chatagóir don Chlár Podchraolta is Fearr ar an gclár.