Tuarascáil Chomhaltaí an Bhoird

Don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020

Cuireann comhaltaí Bhord RTÉ an tuarascáil bhliantúil maille le ráitis airgeadais iniúchta an Ghrúpa don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020 i láthair.

Príomhbheartaíocht

Is é RTÉ an craoltóir seirbhíse poiblí in Éirinn agus cuirtear seirbhísí teilifíse agus raidió saor go haer ar fáil don lucht féachana agus éisteachta. Chomh maith leis sin foilsíonn an RTÉ Guide, oibrítear seirbhís teilitéacs agus cuirtear raon leathan seirbhísí ar líne atá bunaithe ar an ngréasán ar fáil saor in aisce. Tríd an bhfochuideachta, RTÉ Transmission Network DAC, atá faoi lán-úinéireacht ag RTÉ agus atá ag trádáil mar 2rn, cuirtear córas tarchuradóireachta líonra analógach agus digiteach agus áiseanna crann craolta ar fáil do chraoltóirí agus d’úsáideoirí eile. Ina theannta sin, ritheann RTÉ Ceolfhoireann Siansa Náisiúnta RTÉ agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ, mar aon le grúpaí oirfide eile.

Athbhreithniú ar an nGnó

Leagtar amach athbhreithniú mionsonraithe ar an bhfeidhmíocht i rith na bliana 2020 agus forbairtí don todhchaí san athbhreithniú ar chúrsaí Oibriúcháin ó leathanach 30 go dtí leathanach 76 agus san athbhreithniú ar chúrsaí Airgeadais ó leathanach 20 go dtí leathanach 28. Tugtar san áireamh leis na bearta athbhreithnithe sin na príomhréimsí riosca agus éiginnteachta os comhair an Ghrúpa agus déantar anailís ar na príomhtháscairí feidhmíochta, idir tháscairí a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus táscairí eile. Déantar athbhreithniú ó leathanach 158 go dtí leathanach 162 ar fheidhmíocht RTÉ maidir le maith a dhéanamh de na gealltanais bhliantúla don lucht féachana agus éisteachta, arna leagan amach sa Ráiteas Bliantúil maidir le Gealltanais Feidhmíochta don bhliain 2020.

Torthaí na Bliana

Leagtar amach torthaí na bliana don Ghrúpa sa Ráiteas faoin Ioncam ar leathanach 96 agus sna nótaí a ghabhann leis an Ráiteas sin.

Comhaltaí an Bhoird

Leagtar amach ó leathanach 78 go dtí leathanach 80 ainmneacha na ndaoine a bhí ag fónamh ina gcomhaltaí ar an mBord ar an 31 Nollaig 2020.

Rialachas Corparáide

Leagtar amach socruithe RTÉ maidir le cúrsaí rialachas corparáide sa tuarascáil bhliantúil mar seo a leanas:

Comhlíontas na Stiúrthóirí

Tugtar isteach faoi Acht na gCuideachtaí 2014, a bhfuil feidhm leis maidir le fochuideachtaí RTÉ, coinníoll go ndéanfadh stiúrthóirí comhlíonadh na ndualgas ábhartha (faoi réir mar a shainmhínítear sin in Alt 225(1) an Achta) atá ar chuideachta a chinntiú sa chás go dtagann méid na cuideachta le critéir áirithe a leagtar síos san Acht.

Tá bearta curtha i bhfeidhm ag RTÉ ionas go gcinntítear, sa chás go bhfuil feidhm leis, go gcomhlíonann na fochuideachtaí gach a n-éilítear maidir le ráitis comhlíontais ó stiúrthóirí faoi Acht na gCuideachtaí 2014.

Taifid Chuntasaíochta

Tá comhaltaí Bhord RTÉ freagrach as a chinntiú go ndéantar leabhair agus taifid chuntasaíochta a choimeád go cuí. Áirítear ar na bearta a dhéantar maidir leis sin córais agus nósanna imeachta iomchuí a úsáid, lucht cuntasaíochta a bhfuil cáilíochtaí gairmiúla agus an saineolas cuí acu a fhostú agus dóthain acmhainní a chur i leith fheidhm na gcúrsaí airgeadais. Is i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath 4 a choimeádtar leabhair cuntasaíochta an Ghrúpa.

Cuntais a Íoc

Admhaíonn comhaltaí an Bhoird an fhreagracht a leagtar orthu maidir lena chinntiú go gcomhlíontar forálacha Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíocht Mhall in Idirbhearta Tráchtála), 2012 arna leasú le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíocht Mhall in Idirbhearta Tráchtála), Rialachán 2016 (“na Rialacháin”), maidir le gach gné ábhartha. Tá nós imeachta curtha i bhfeidhm ionas go sonraítear gach dáta ar a mbíonn dlite sonrasc le híoc agus go gcinntítear go ndéantar an íocaíocht faoin dáta faoi leith sin. Cuirtear ar fáil le nós imeachta den chineál sin dearbhú réasúnach nach dtarlódh neamhchomhlíonadh ábhartha maidir leis na Rialacháin. Ba é a bhí de pholasaí íocaíochta i rith na bliana faoi chaibidil ná coinníollacha na Rialachán a shásamh.

Cuideachtaí an Ghrúpa

Tugtar eolas maidir le gnóthais fhochuideachta agus gnóthais ghaolmhara i nóta 20 leis na ráitis airgeadais.

Ionstraimí Airgeadais

Bheadh baol ann don Ghrúpa maidir le riosca airgeadais a bhainfeadh le riosca creidmheasa, riosca leachtachta, riosca maidir le malairt eachtrach, rátaí úis agus cúrsaí oibriúcháin. Tá nósanna imeachta mionsonraithe ag an nGrúpa chun monatóireacht agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí sin. Tá siad leagtha amach i nóta 23 leis na ráitis airgeadais.

Iniúchóir

Leanfaidh na hiniúchóirí, Deloitte Ireland LLP, Cuntasóirí Cairte agus Gnóthas Iniúchóireachta Reachtúil, in oifig de réir Alt 383 (2) d’Acht na gCuideachtaí, 2014.

Síntiúis Pholaitíochta

Ag tagairt d’Acht Toghcháin, 1997, ní thugann RTÉ aon síntiús polaitíochta.

Faisnéis a bhaineann le hÁbhar na hIniúchóireachta

Is é tuairim chomhaltaí an Bhoird go ndearnadh gach beart is gá ionas go mbeidís ar an eolas faoi aon fhaisnéis a bhaineann le hábhar na hiniúchóireachta agus gur cinntíodh go raibh iniúchóirí reachtúla an Ghrúpa ar an eolas faoin bhfaisnéis sin. Chomh mór agus is eol sin do na Stiúrthóirí, níl aon fhaisnéis a bhaineann le hábhar na hiniúchóireachta nach bhfuil iniúchóirí reachtúla an Ghrúpa ar an eolas mar gheall air.

Thar ceann an Bhoird

Moya Doherty

Cathaoirleach

Anne O’Leary

Comhalta Boird agus
Cathaoirleach an Choiste Iniúchta
agus Riosca

Dee Forbes

An Príomh-Stiúrthóir

29 Aibreán 2021