Eolas Tuairiscithe agus Staitistice Eile

An Chomhairle Lucht Féachana agus Éisteachta

Bunaíodh Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ ar bhonn reachtúil faoi Alt 96 den Acht Craolacháin 2009 Cuirtear deis ar fáil don lucht féachana agus don lucht éisteachta tuairim a thabhairt maidir le toradh saothair RTÉ agus maidir le RTÉ maith a dhéanamh den sainchúram poiblí a leagtar air. Cuirtear comhairle ar Bhord RTÉ maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann le sainchúram poiblí RTÉ agus le riachtanais an lucht féachana agus éisteachta.

Déanann na comhaltaí ionadaíocht ar réimse leathan leasanna agus cúlraí agus is é Bord RTÉ a cheapann iad, ag glacadh riachtanais an Achta Craolacháin 2009. san áireamh. Ceapann Bord RTÉ chomh maith duine de chomhaltaí an Bhoird (folamh faoi láthair ar feitheamh ceapacháin Boird) mar chomhalta ex-officio ar an gComhairle. Tá tuilleadh faisnéise maidir le Comhairle an Lucht Féachana agus Éisteachta agus le comhaltaí na Comhairle ar fáil ar https://about.rte.ie/ie/comhairle-lucht-feachana-agus-eisteachta-rte/

Tuarascáil Cóirthrádála RTÉ 2020

Tá RTÉ tugtha dá chinntiú go gcloítear i mbun trádála le prionsabail na cóiriomaíochta agus go n-oibrítear taobh istigh de chreat dlí an AE agus den reachtaíocht náisiúnta araon. Mheas RTÉ gur chuí, sa bhreis air sin, polasaí agus nós imeachta dá chuid féin a chur i bhfeidhm, Polasaí agus Nós Imeachta Cóirthrádála RTÉ, a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin RTÉ.

Bunaíodh an Coiste maidir le Cóirthrádáil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí agus na Nósanna Imeachta. Is fochoiste é de chuid Bhord RTÉ. Ba iad comhaltaí an fhochoiste le linn na bliana 2020 Deborah Kelleher (Cathaoirleach) agus Ian Kehoe. Tá an fochoiste seo freagrach as maoirseacht neamhspleách a dhéanamh ar an bpolasaí maidir le cóirthrádáil i ndáil lena chur i bhfeidhm agus is féidir leis an bhfochoiste athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an bpolasaí chomh maith le hathbhreithniú ar an bpróiseas maidir le gearáin. Rinne an tOifigeach Cóirthrádála, Eleanor Bleahane, tuairisciú go díreach leis an bhfochoiste i rith na bliana 2020. Lean an tOifigeach Cóirthrádála de chomhairle agus treoir a thabhairt faoi chúrsaí cóirthrádála do réimsí ábhartha in RTÉ le linn na bliana 2020.

Níor tháinig gearán ar bith i rith na bliana 2020.

Tuairisc faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014

Éilítear ar RTÉ faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta tuairisc bhliantúil a ullmhú maidir leis an nochtadh cosanta a dhéantar faoin Acht um Nochtadh Cosanta 2014. I gcomhlíonadh an choinníll sin, deimhníonn RTÉ nach ndearnadh aon nochtadh cosanta i rith na bliana dar críoch amhail an 31 Nollaig 2020.

IARRATAÍ UM SHAORÁIL FAISNÉISE (“SF”) CHUIG RTÉ

2020 2019

Iarrataí tugtha ar aghaidh ón mbliain roimhe

15

6

Iarrataí nua sa bhliain

150

214

Deonaithe

19

28

Deonaithe i bPáirt

45

77

Diúltaithe

86

85

Tarraingíodh siar nó pléadh leis taobh amuigh de chúrsaí SF

7

15

Le réiteach

8

15

Foinse: RTÉ

GEARÁIN A RINNEADH LE HÚDARÁS CRAOLACHÁIN NA HÉIREANN (BAI) MAIDIR LE HÁBHAR CRAOLTA DE CHUID RTÉ

2020 2019

Líon gearán a fuarthas

32

55

Líon gearán ar seasadh leo

0

0

Foinse: RTÉ