aisling

A bheith ina chrann seasta do cultúr na hÉireann trí spéis an lucht féachana agus éisteachta a mhealladh is a shásamh le hábhar atá iontaofa, spéisiúil agus dúshlánach; trí iléagsúlacht ildánach dhomhain na tíre a cheiliúradh; agus trí inniúlacht cumas mhuintir na hÉireann a chothú.

misean

Cur le saol na hÉireann le hábhar dúshlánach atá ina lón machnaimh, díospoíreachta, foghlama agus siamsaíochta.

luachanna

Beidh dearcadh oscailte, ilbhreathnaitheach ag RTÉ, an eagraíocht agus na daoine san eagraíocht sin, agus beidh tréithe na cruthaitheachta, an mheasa, na hinmharthanachta agus na freagrachta, na comhoibríochta agus na trédhearcachta ag rith leo, treíthe a léireoidh chomh maith na hiompraíochtaí seo leanas:

An Dercadh Ilbhreathnach

Tuiscint domhain a léiriú ar an lucht éisteachta agus féachana agus ar a gcuid riachtanas. Am agus dua a chaitheamh le súil a choinneáil ar na hathraithe a thagann ar thírdhreach na meán.

Inmharthanacht agus Freagracht

Bainistíocht fhreagrach a dhéanamh ar an ngnó. A bheith freagrach dá chéile taobh istigh de RTÉ agus don lucht éisteachta agus féachana agus do na geallsealbhóirí.

Cruthaitheacht

A bheith acmhainneach nuálach i mbun lón ábhair a chruthú. A bheith cróga, sásta dul i bhfiontar agus sásta ciall a cheannach nuair nach n-éiríonn le beart.

An Comhar

Oibriú le chéile agus beocht a chur in eagraíocht ‘Aon RTÉ Amháin’. Oibriú i gcomhar le páirtnéirí chun riachtanais lucht féachana agus éisteachta RTÉ a shásamh.

Meas

Déileáil le daoine, baill foirne agus a gcuid páirtnéirí san áireamh, le teann measa, fiú nuair nach é sin is furasta.

Trédhearcacht

Cinntí a dhéanamh ar bhealach trédhearcach oscailte.

Na cúiseanna le bearta a lua go neamhbhalbh.