Tuarascáil ón Iniúchóir Neamhspleách do Chomhaltaí Bhord RTÉ

Tuarascáil ar an iniúchóireacht maidir leis na ráitis airgeadais

Tuairim ar ráitis airgeadais RTÉ

Is é ár dtuairim go dtugann ráitis airgeadais Ghrúpa RTÉ (an Grúpa) agus Eintiteas RTÉ (an tEintiteas):

  1. léargas fíor agus cóir ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais an Ghrúpa agus an Eintitis amhail an 31 Nollaig 2020 agus ar bhrabús an Grúpa don bhliain dar críoch sin; agus
  2. gur ullmhaíodh i gceart iad i gcomhréir leis an gcreat tuairiscithe airgeadais cuí agus, go háirithe, de réir cheanglais Acht Craolacháin 2009.

Tá na ráitis airgeadais a bhfuil iniúchadh déanta againn orthu comhdhéanta de:

Ráitis airgeadais an Ghrúpa:

  1. Ráiteas Ioncaim an Ghrúpa;
  2. Ráiteas an Ghrúpa ar Ioncam Cuimsitheach;
  3. Ráiteas an Ghrúpa ar an Staid Airgeadais;
  4. Ráiteas an Ghrúpa ar Athruithe i gCothromas;
  5. Ráiteas an Ghrúpa faoi Shreabhadh Airgid; agus
  6. na nótaí gaolmhara 1 go 28, lena n-áirítear achoimre ar na beartais chuntasaíochta shuntasacha mar atá leagtha amach i nóta 1.

Ráitis airgeadais an Eintitis:

  1. Ráiteas ar an Staid Airgeadais;
  2. Ráiteas faoi Athrú ar Chothromas;
  3. Ráiteas faoi Shreabhadh Airgid;
  4. na nótaí gaolmhara 1 go 28, lena n-áirítear achoimre ar na beartais chuntasaíochta shuntasacha mar atá leagtha amach i nóta 1.

An tAcht Craolacháin 2009 agus na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) arna nglacadh ag an Aontas Eorpach (IFRSanna arna nglacadh ag an AE) (“an creat tuairiscithe airgeadais cuí”) an creat tuairiscithe airgeadais cuí a cuireadh i bhfeidhm nuair a bhí ráitis airgeadais an Ghrúpa agus an Eintitis á n-ullmhú.

Bunús leis an tuairim

Rinneadh an t-iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (Éire) (ISAnna (Éire)) agus an dlí infheidhme. Tugtar cuntas thíos ar a bhfuil de fhreagracht orainn faoi na caighdeáin sin faoin gceannteideal “Freagracht na n-iniúchóirí i ndáil le hiniúchóireacht ar na ráitis airgeadais” sa tuarascáil seo.

Tá na hiniúchóirí neamhspleách ar an nGrúpa agus ar an Eintiteas i gcomhréir leis na coinníollacha eitice a bhaineann leis an iniúchadh a dhéanaimid ar ráitis airgeadais in Éirinn, an Caighdeán Eitice san áireamh arna eisiúint ag Údarás Maoirseachta na hÉireann maidir le hIniúchóireacht agus Cuntasaíocht agus rinneamar gach freagracht eitice a chomhlíonadh i gcomhréir leis na coinníollacha sin. Is é ár dtuairim go bhfuil an fhianaise iniúchóireachta a fuaireamar leordhóthanach agus oiriúnach mar bhunús lenár dtuairim.

Conclúidí a bhaineann le gnóthas leantach

Tá cinnte againn, agus iniúchadh déanta ar na ráitis airgeadais, go bhfuil an úsáid a bhaineann na stiúrthóirí as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh chun na ráitis airgeadais a ullmhú oiriúnach.

Bunaithe ar an obair atá déanta againn, níl aon neamhchinnteachtaí ábhartha aitheanta againn maidir le himeachtaí nó le coinníollacha a d’fhéadfadh amhras suntasach a chaitheamh, bíodh sin ar bhonn aonair nó go comhpháirteach, ar chumas an Ghrúpa agus an Eintitis leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag ar a laghad ó thugtar údarú na ráitis airgeadais a eisiúint.

Déantar cur síos ar ár bhfreagrachtaí agus ar fhreagrachtaí na stiúrthóirí maidir le gnóthas leantach i gcodanna ábhartha den tuarascáil seo.

Eolas eile

Tá an t-eolas eile déanta suas den eolas atá sa Tuarascáil Bhliantúil agus i Ráitis Airgeadais an Ghrúpa, seachas an t-eolas atá sna ráitis airgeadais agus i dtuarascáil an iniúchóra. Is iad na stiúrthóirí atá freagrach as an bhfaisnéis eile atá sa Tuarascáil Bhliantúil agus i Ráitis Airgeadais an Ghrúpa. Ní bhaineann an tuairim a thugaimid faoi na ráitis airgeadais leis an eolas eile agus, seachas a mhéid a luaitear go sainráite sa tuarascáil, ní luaimid dearbhú d’aon sórt ina leith sin.

Is é atá de fhreagracht orainn an t-eolas eile a léamh agus, ar a dhéanamh sin dúinn, a mheas cibé, bunaithe ar an obair iniúchóireachta, an bhfuil an t-eolas ansin ina mhíráiteas ábhartha nó ar neamhréir leis na ráitis airgeadais nó ag teacht leis an eolas atá againne ón iniúchóireacht. Má thugaimid aon mhíráiteas nó neamhréireachtaí ábhartha dealraitheacha faoi deara, éilítear orainn a chinneadh cibé an míráiteas ábhartha sin sna ráitis airgeadais nó an míráiteas ábhartha é san eolas eile. Má chinnimid, bunaithe ar an obair atá curtha i gcrích againn, go bhfuil míráiteas ábhartha ann i leith an eolais eile seo, tá dlite orainn sin a thuairisciú.

Níl aon ní le tuairisciú againn ina leith sin.

Freagrachtaí na stiúrthóirí

Mar a mhínítear níos iomláine sa Ráiteas faoi Fhreagrachtaí Chomhaltaí an Bhoird, tá na stiúrthóirí freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú agus as a bheith cinnte go dtugtar léargas fíor cóir iontu agus go bhfuil siad ag cloí seachas sin le hAcht Craolacháin 2009, agus as an rialú inmheánach sin a mheasann na stiúrthóirí a bheith riachtanach ionas gur féidir ráitis airgeadais a ullmhú atá saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé an calaois nó earráid ba chúis lena leithéid.

Agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, tá na stiúrthóirí freagrach as acmhainn an Ghrúpa agus an Eintitis leanúint i mbun gnó mar ghnóthas leantach a mheas, as nithe a bhaineann le gnóthas leantach a nochtadh de réir mar is gá agus as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh a úsáid mura bhfuil de rún ag na stiúrthóirí an Grúpa agus an Eintiteas a leachtú nó éirí as an ngnó, nó nach bhfuil aon rogha eile ag na stiúrthóirí le fírinne ach sin a dhéanamh.

Freagracht na nIniúchóirí i ndáil le hiniúchóireacht ar na ráitis airgeadais

Is é a bhíonn de chuspóir againn dearbhú réasúnach a thabhairt maidir leis na ráitis airgeadais tríd is tríd a bheith saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé ar calaois nó earráid ba chúis lena leithéid, agus tuarascáil iniúchóra a eisiúint a bhfuil ár dtuairim ina chuid de. Is dearbhú ar leibhéal ard dearbhú réasúnach ach níl ráthaíocht i gceist leis go dtabharfar chun suntais i ngach cás míráiteas ábhartha sa chás gur ann dá leithéid ar iniúchadh a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin ISA (Éire). D’fhéadfadh míráiteas a theacht de bharr calaoise nó earráide agus meastar gur ábhartha míráiteas sa chás go bhféadfaí le réasún a cheapadh go mbeadh tionchar acu, ar a cheann amháin a thabhairt san áireamh as féin nó iad ar fad a thabhairt san áireamh in éineacht, ar chinneadh eacnamaíochta a dhéanfadh lucht a n-úsáide bunaithe ar na ráitis airgeadais seo.

Mar chuid den iniúchadh i gcomhréir leis na ISAnna (Éire), úsáidimid breithiúnas gairmiúil agus fanaimid amhrasach go gairmiúil le linn an iniúchta. Déanaimid chomh maith:

  1. An baol a bhaineann le míráiteas ábhartha sna ráitis airgeadais a aithint agus a mheas, cibé más mar gheall ar chalaois nó earráid é, leagan amach agus nósanna imeachta feidhmíochta iniúchta a fhreagraíonn don bhaol sin, agus fianaise iniúchta a fháil atá leordhóthanach agus cuí chun bunús a chur ar fáil dár dtuairim. Tá an baol nach níos n-aimseofar míráiteas ábhartha de bharr calaoise níos airde seachas dá mba de bharr earráide é, de bharr go bhféadfadh claonpháirteachas, brionnú, easnaimh d’aon turas, mífhaisnéis, nó sárú ar an rialú inmheánach a bheith i gceist leis.
  2. Tuiscint a fháil ar an rialú inmheánach a bhaineann leis an iniúchadh chun na nósanna imeachta iniúchta atá oiriúnach sna cúinsí sin a leagan amach, ach nach bhfuil chun críocha tuairim ar éifeachtacht rialaithe inmheánaigh an Ghrúpa ná an Eintitis a chur in iúl.
  3. Oiriúnacht na mbeartas cuntasaíochta a úsáideadh agus réasúntacht na meastachán cuntasaíochta agus na nochtuithe gaolmhara a rinne na stiúrthóirí a mheas.
  4. Cinneadh a dhéanamh maidir le chomh oiriúnach is a bhí an úsáid a bhain na stiúrthóirí as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh agus, bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fuarthas, cibé an bhfuil neamhchinnteacht ábhartha ann a bhaineann le himeachtaí nó coinníollacha a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar chumas an Ghrúpa agus an Eintitis leanúint ar aghaidh ina ghnóthas leantach. Má chinnimid go bhfuil neamhchinnteacht ábhartha ann, ceanglaítear orainn aird a tharraingt ar na nochtuithe bainteacha sna ráitis airgeadais i dtuarascáil an iniúchóra nó, má tá nochtuithe den chineál sin neamhleor, an tuairim atá againn a leasú. Tá ár gconclúidí bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaighimid suas go dtí dáta thuarascáil an iniúchóra. Ach, d’fhéadfadh imeachtaí amach anseo nó coinníollacha a d’fhéadfadh deireadh a chur leis an Eintiteas nó nuair is cuí, an Grúpa leanúint de bheith ina ghnóthas leantach.
  5. Cur i láthair, struchtúr agus ábhar na ráiteas airgeadais ar an iomlán a mheas, lena n-áirítear nochtuithe, agus cibé an léiríonn na ráitis airgeadais na bun-idirbhirt agus imeachtaí ar bhealach trína mbaintear léargas cothrom amach.
  6. Fianaise leordhóthanach chuí iniúchta maidir le heolas airgeadais ghníomhaíochtaí an ghnó laistigh den Ghrúpa a fháil chun tuairim ar na ráitis airgeadais chomhdhlúite a chur in iúl. Tá an t-iniúchóir grúpa freagrach as an iniúchadh grúpa a threorú, maoirsiú a dhéanamh air agus as an bhfeidhmíocht. Is é iniúchóir an ghrúpa a bheidh iomlán freagrach as an tuairim iniúchta.

Déanaimid cumarsáid leo sin a bhfuil dualgas orthu i leith rialachais, i measc ábhar eile, scóip agus comhuainiú pleanáilte an iniúchta agus torthaí suntasacha iniúchta, lena n-áirítear aon easnaimh shuntasacha sa rialú inmheánach arna n-aithint ag an iniúchóir le linn an iniúchta.

Tuarascáil ar Cheanglais Eile Dlí agus Rialála

Nithe a bhfuil dlite orainn tuairisc a thabhairt orthu trí eisceacht

Faoin gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú 2016 (Lúnasa 2016) (“an Cód Cleachtais”) tá dlite orainn tuairisc a thabhairt duit mura léirítear leis an ráiteas faoin gcóras rialaithe inmheánaigh a éilítear faoin gCód Cleachtais mar atá mar chuid den Ráiteas faoi Rialachas Corparáide comhlíontas an Ghrúpa le halt 1.9 (iv) den Chód Cleachtais nó sa chás nach bhfuil sé ag teacht le faisnéis a bhfuil eolas againn air mar gheall ar an obair iniúchóireachta ar na ráitis airgeadais. Níl aon ní le tuairisciú againn ina leith sin.

Úsáid na tuarascála seo

Déantar an tuarascáil sin a chur faoi bhráid Chomhaltaí Bhord RTÉ agus leo sin amháin de réir Acht Craolacháin 2009. Rinneadh an obair iniúchóireachta sa chaoi is go bhféadfaimis na nithe sin a lua i ráiteas le Comhaltaí Bhord RTÉ a gceanglaítear orainn iad a lua leis i dtuarascáil iniúchóra agus ní chun críche aon ní eile. A mhéid a cheadaítear sin faoin dlí, ní dhéanaimid freagracht a ghlacadh ná a ghabháil orainn féin i leith aon duine eile seachas Comhaltaí Bhord RTÉ as an obair iniúchóireachta, as an tuarascáil seo ná as na tuairimí ar ar thángamar.

Richard Howard

Ar son agus thar ceann Deloitte Ireland LLP

Cuntasóirí Cairte agus Comhlacht Iniúchóireachta Reachtúil

Deloitte & Teach Touche, Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2

29 Aibreán 2021