Súil Siar an Phríomh-Stiúrthóra

Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir, RTÉ

"seirbhís chuimsitheach neamhchlaonta nuachta a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann, chomh maith le siamsaíocht, eolas agus oideachas"

Leagtar cúraimí faoi leith ar RTÉ ina ról mar mheáin chumarsáide náisiúnta seirbhíse poiblí. I gcroílár na gcúraimí sin, tá an dualgas chun seirbhís chuimsitheach neamhchlaonta nuachta a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann, chomh maith le siamsaíocht, eolas agus oideachas a chur ar fáil. Ní raibh na dualgais sin chomh riachtanach ná chomh soiléir riamh agus a bhí i rith na bliana 2020.

Nuair a bhí an tír ar fad i gcruachás, chas gach aoisghrúpa den lucht éisteachta agus féachana ar an gcraoltóir náisiúnta chun eolas, comhairle, siamsaíocht, comhluadar, caitheamh aimsire agus caidreamh chultúir a sholáthar. Tráth a bhfuil míthreoir agus mí-eolas á scaipeadh, chuaigh na milliúin de shaoránaigh na hÉireann i muinín na meán cumarsáide seirbhíse poiblí níos mó ná riamh. Is léir ó thorthaí taighde a rinneadh go neamhspleách gur chuig Nuacht RTÉ a chuaigh 90% de na daoine chun teacht ar eolas ríthábhachtach i rith na bliana 2020; dhearbhaigh taighde B&A go ndúirt ceathrar as gach cúigear a cuireadh faoi shuirbhé go raibh seirbhísí teilifíse nó raidió RTÉ á n-úsáid acu chun eolas a fháil. Thug 76% le fios gur mó iontaoibh a bheadh acu as na foinsí sin ná as aon fhoinse eile.

Agus muid ag breathnú siar anois air, is ábhar iontais gur éirigh le RTÉ sceidil iomlána a choinneáil ar an aer do na seirbhísí ar fad i rith na bliana 2020, agus gur cuireadh leis an gcraoladh nuair a bhí gá leis le cláracha beo sa bhreis agus le cláracha nua freisin. Cé gurbh éigean an obair léiriúcháin ar chláracha áirithe a chur ar athlá nó a laghdú mar gheall ar shrianta sláinte poiblí, rinneadh coimisiúnú ar chláracha ábhartha eile le sprioc amanna fíor-dhochta. Ní raibh sé éasca beag ná mór seasmhacht agus toradh saothair ar an leibhéal sin a thabhairt i gcrích nuair a bhí oiread de dhúshlán i gceist. Is ábhar mór mórtais agam an díograis agus an dúthracht a chaith an lucht foirne agus ár bpáirtnéirí in earnáil na léiritheoirí neamhspleácha le teacht ar sheifteanna agus ar mhodhanna oibre nua chun a chinntiú gur cuireadh seirbhísí ar fáil do mhuintir na hÉireann le teann cruthaitheachta, samhlaíochta agus díocais.

Léirigh taighde a rinneadh i lár na bliana gur aithin an pobal RTÉ ar an mbranda is mó a thug tacaíocht do mhuintir na tíre le linn ghéarchéim Covid-19. A bhuíochas sin don solúbacht a chleachtaigh RTÉ i rith na bliana 2020. Le Ireland on Call, RTÉ Home School Hub agus Illuminations chomh maith le #RTEVirtualParade, Letters from Lockdown, RTÉ Does Comic Relief i bhfianaise an lucht féachana ab airde riamh don Late Late Toy Show, chuir RTÉ ábhar tábhachtach ar fáil don lucht éisteachta agus, go deimhin, ábhar a bhí riachtanach mar thacú dúinn agus muid ag streachailt le bliain nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Léirigh leithéidí Shine a Light, an iliomad ceoil a bhí i gceartlár an aonaigh ar an Late Late Show, chomh maith leis na taifid a rinneadh in ionaid chultúir ar fud na tíre mar chuid den tsraith Courage, agus an fhilíocht agus an scríbhneoireacht nua a craoladh ar an raidió, ar líne agus ar an teilifís, chomh tábhachtach is atá na healaíona dár lucht féachana agus éisteachta, agus léirigh sé chomh mór is a bhí siad ag brath ar na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí chun iad a thabhairt le chéile mar aon phobal amháin agus iad a bhí dírithe ar an sprioc comónta.

Bliain dúshlánach eile ó thaobh airgeadais de ab ea 2020. Cé gur éirigh le RTÉ barrachas a ghnóthú i rith na bliana, bhí an teacht isteach go mór faoi bhun an leibhéil a bhí á thuar. Bhí fáilte mhór roimh an €9 milliún breise de chistíocht phoiblí a d’fhógair an Rialtas i mí na Nollag 2019, ach ídíodh é sin go léir mar gheall ar ísliú a bheith ar dhíolachán ceadúnas teilifíse, rud a d’fhág nach raibh athrú ar bith ar an gcistíocht phoiblí iomlán i rith na bliana. Tháinig titim ghéar ar an ioncam tráchtála le teacht na paindéime agus, cé gur fheabhsaigh cúrsaí ag teannadh le deireadh na bliana, bhí an teacht isteach €11 milliún níos ísle ná mar a bhí sa bhliain 2019. Chloígh RTÉ go daingean leis an iarracht €60m a bhaint den bhonn costais oibriúcháin faoin mbliain 2023 ach mar thoradh go díreach ar shrianta Covid-19, thit costais oibriúcháin níos ísle fós mar gheall ar bhac ar obair léiriúcháin chomh maith le himeachtaí spóirt agus eile a bheith curtha ar ceal. Bhí tionchar díreach aige sin ar an earnáil neamhspleách freisin ó tharla go raibh ísliú ar an gcaiteachas san earnáil sin i gcomórtas leis an mbliain roimhe seo, ainneoin solúbthacht na léiritheoirí maidir le modhanna léiriúcháin a chur in oiriúint do na treoirlínte nua sláinte poiblí.

Chuir pobal na hÉireann cuid mhór muiníne in RTÉ i rith na bliana 2020. Fíoraíonn raon na n-ábhar a cuireadh ar fáil ar ardáin uile RTÉ an mhuinín sin a chuir an pobal ionainn. Is cuid dhlúth de chuspóir phoiblí RTÉ saol na hÉireann, agus saol na nÉireannach, a léiriú: nuair a tarraingíodh an náisiún le chéile i rith na bliana 2020, bhí RTÉ ar an láthair. Ní foláir anois scrúdú a dhéanamh ar a raibh le foghlaim againn fúinn féin, faoin bpobal agus faoin ról cinniúnach atá ag na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí. Is as sin a thiocfaidh an borradh foráis atá i ndán dúinn. I gcás RTÉ, beidh gach ar baineadh amach i rith na bliana 2020 ina ábhar spreagtha lena chinntiú go gcuirtear bonn daingean faoin gcistíocht do na meáin chumarsáide phoiblí. Ainneoin barrachas a ghnóthú i rith na bliana 2020, is léir go bhfuil buncheisteanna ó thaobh airgeadais gan réiteach go fóill. Is ceart go mbeadh glór neamhspleách tréan de chuid na hÉireann ar fáil ag na glúnta atá le teacht.

Chonacthas i rith na bliana 2020 a bhfuil ar ár gcumas a bhaint amach le linn géarchéime. Ní mór dúinn anois feidhmiú de réir gach atá foghlamtha againn ón méid sin.

Dee Forbes

Príomh-Stiúrthóir, RTÉ