Athbhreithniú Airgeadais

Richard Collins, Príomhoifigeach Airgeadais

Torthaí agus Brabús Oibriúcháin

Mar ab amhlaidh le go leor gnónna eile, bhí tionchar mór ag an bpaindéim Covid-19 ar sheasamh airgeadais RTÉ. Bhí laghdú dian agus laghdú dá leithéid nach bhfacthas riamh cheana ar ioncam, ar ioncam tráchtála agus ar ioncam ón táille ceadúnais araon mar thoradh ar an gcéad tionchar a bhí ann de bharr shrianta na paindéime, agus cuireadh stop le gníomhaíochtaí léiriúcháin freisin dá mbarr. Mar fhreagra air sin chur Feidhmeannas RTÉ plean téarnaimh airgeadais láithreach i bhfeidhm chun srian a chur le caiteachas lánroghnach agus airgead tirim a chosaint. D'fhág sin, chomh maith leis an bhfeabhas coibhneasta a tháinig ar ioncam amach i dtreo an dara leath den bhliain 2020 chomh maith leis an gcoigilteas suntasach a bhí mar thoradh ar an srian a cuireadh ar ghníomhaíochtaí léiriúcháin agus imeachtaí spóirt, go raibh barrachas ann don bhliain.

Ba ionann EBITDA RTÉ (Tuilleamh roimh Ús, Cánacha, Dímheas agus Amúchadh) sular tugadh costais maidir le himeachtaí speisialta san áireamh agus €25.9 milliún (2019 €8.4 milliún). Ba ionann an costas a bhain le himeachtaí speisialta i rith na bliana 2020, mar shampla an tOlltoghchán, agus €2.5 milliún a bhí níos ísle ná leibhéal caiteachais na bliana 2019, rud a d’fhág Glan-Bharrachas roimh Mhíreanna Eisceachtúla agus Cháin na bliana cothrom le €9.8 milliún (2019 Easnamh €9.1 milliún). Ba ionann an Glan-Bharrachas i ndiaidh Cánach don bhliain agus €7.9 milliún (2019 Glan-Easnamh €7.2 milliún).

Tháinig laghdú €11.3 milliún ar ioncam tráchtála mar gheall gur laghdaigh an neamhchinnteacht a bhain le Covid caiteachas ar fhógraíocht, cé gur tháinig feabhas air sin sa dara leath den bhliain agus go háirithe sa ráithe deiridh den bhliain. D'fhan ioncam ón gceadúnas teilifíse gan athrú, mar thoradh ar an ardú €9.2 milliún a fuarthas ón DEASP a fógraíodh i mBuiséad 2019, páirtchúiteamh i gcomórtas leis an gciorrú ar mhaoiniú poiblí ón mbliain 2010 anall. Tháinig laghdú ar dhíolachán bunúsach aonaid maidir le táille an cheadúnais teilifíse bliain ar bhliain, d'ídigh sin an maoiniú breise a bhí beartaithe. B'ionann an costas oibriúcháin, an costas maidir le himeachtaí speisialta san áireamh, agus €307.7 milliún, ísliú €30 milliún i gcomórtas le leibhéal na bliana 2019 mar gheall ar an gciorrú suntasach a rinneadh ar ghníomhaíochtaí léiriúcháin agus imeachtaí spórt i rith na bliana.

Achoimre ar na Buaicphointí Airgeadais

2020

2019

Athrú

€ m

€ m

€ m

Ioncam Tráchtála

134.5

145.8

(11.3)

Ioncam ón gCeadúnas Teilifíse

196.6

196.3

0.3

Ioncam Iomlán

331.1

342.1

(11.0)

Costais Oibriúcháin (gan Imeachtaí Speisialta a áireamh)*

(305.2)

(333.7)

28.5

EBITDA** (roimh Imeachtaí Speisialta)

25.9

8.4

17.5

Costais maidir le hImeachtaí Speisialta

(2.5)

(4.1)

1.6

EBITDA

23.4

4.3

19.1

Dímheas & Amúchadh

(13.5)

(13.8)

0.3

Gnóthachan ó Dhiúscairt Sócmhainní

-

0.3

(0.3)

Glan (chostas)/ioncam airgeadais

(0.1)

0.1

(0.2)

Barrachas / (Easnamh) roimh Mhíreanna Eisceachtúla & Cáin

9.8

(9.1)

18.9

Gnóthachtáil ó Dhíol Talún lúide Costais Tionscadail a ghabh leis an Díolachán

-

0.2

(0.2)

Barrachas/(Easnamh) roimh Cháin

9.8

(8.9)

18.7

Cáin

(1.9)

1.7

(3.6)

Barrachas/(Easnamh) Glan don Bhliain

7.9

(7.2)

15.1

* Costais Oibriúcháin roimh Dhímheas & Amúchadh agus gan costais incriminteacha maidir le hImeachtaí Speisialta a áireamh.

** EBITDA: Tuilleamh roimh Ús, Cánachas, Dímheas, Amúchadh agus míreanna Eisceachtúla.

Ioncam Tráchtála

Is ionann ioncam tráchtála €134.5 milliún na bliana 2020 agus laghdú 7.8% ar fhigiúr na bliana 2019 €145.8m. Tá sé soiléir gurb é tionchar Covid-19 an chúis ba mhó leis an laghdú, a bhí le sonrú ní ba shuntasaí i R2 2020 agus bhí tionchair éagsúla aige ar shruthanna ioncaim aonair i rith na bliana.

2020 v 2019

Athrú

€m

Athrú

%

Ioncam Tráchtála 2019

145.8

Trádáil - Teilifís

(6.7)

-8.1%

Trádáil - Raidió

(0.8)

-3.4%

Trádáil - Digiteach

-

-

Ioncaim Eile Neamh-Thráchtála

(3.8)

-11.6%

Gluaiseacht Bliain ar Bhliain

(11.3)

-7.8%

Ioncam Tráchtála 2020

134.5

Tháinig laghdú 6.3%, i gcomórtas leis an mbliain 2019, ar ioncam ón ranníocóir is mó maidir le hioncam tráchtála, Mír na Teilifíse, bhí an fheidhmíocht níos fearr ná an titim 10% a bhí measta ar an margadh. Ba ionann an laghdú ba shuntasaí agus 35% i Ráithe 2, ba iad na catagóirí Dí, Mótar, Taistil & Iompair agus Miondíola ba chúis leis sin. Léiríodh laghdú 5% bliain ar bhliain i Ráithe 3 agus tháinig athrú dearfach air sin go dtí +12% i Ráithe 4. D'fhág an leibhéal ard lucht féachana a bhain RTÉ amach ó Mhárta ar aghaidh go ndearnadh leithdháiltí buiséid cliaint incriminteacha chuig Teilifís RTÉ sa gcuid deiridh den bhliain.

Thit ioncam iomlán trádála teilifíse, lena n-áirítear Urraíocht agus Suíomh Táirgí 8.1% ar an iomlán. Níor déanadh roinnt urraíochtaí a bhíothas ag súil leo mar gheall ar na hathruithe a rinneadh ar sceideal na gclár agus roinnt léiriúchán a raibh moill orthu.

Bhí an-bhliain go ginearálta ag tráchtáil raidió, lena n-áirítear mír, urraíocht agus promóisin, bhí laghdú 3.4% bliain ar bhliain i gceist. Ba é an laghdú in urraíocht an chúis, go pointe áirithe, a bhí leis an laghdú sin ach tharla sé den chuid is mó de bharr laghdú nach mór 70% a bheith ar ioncam promóisean raidió, mar gheall gur cuireadh craoltaí seachtracha agus ceolchoirmeacha ar fad ar ceal.

D'éirigh thar a bheith go maith le mír raidió in 2020 agus d'fhás faoi 43% i gcomórtas le 2019. Is fabhrach an leibhéal fáis bliain ar bhliain é sin i gcomórtas le margadh a mheastar laghdú 7% a bheith tagtha air. Cé gur tháinig laghdú ar chatagóirí cosúil le catagóir na teilifíse thuas, chúitigh méadú ar chaiteachas Rialtais go mór iad sin. Cé gurbh ionann caiteachas iomlán Rialtais agus 9% d'ioncam iomlán do mhír raidió in 2019, is ionann figiúr inchomórtais na bliana 2020 agus 21%.

Bhí ioncam trádála i ndáil le réimsí digiteacha ag teacht le hioncam na bliana roimhe sin. Tháinig méadú 3.3% bliain ar bhliain ar ioncam VOD digiteach agus ní raibh an oiread céanna tionchair air agus a bhí ar chúrsaí teilifíse mar gur lean cuid de na cliant dá gcuid bhfeachtas digiteach chun leibhéal láithreachta a choinneáil. De réir meastacháin margaidh bhí méadú 8% ar ioncam ó físeáin dhigiteacha in 2020 ach bhí titim 4% ar VOD craoltóra. Tharla laghdú 3.6% bliain ar bhliain ar an ioncam maidir le taispeántas ar bhonn digiteach ar fud rte.ie.

Bhí tionchar mór ag an bpaindéim ar shruthanna ioncaim neamh-thráchtála eile agus bhí siad 11.6% níos ísle bliain ar bhliain. Bhí ioncam ón gCeolfhoireann 78% níos ísle bliain ar bhliain mar gheall nach raibh aon imeachtaí beo ann ach go háirithe.

Thit ioncam ó PIC (Comórtais Idirghníomhacha Chláracha) 24% bliain ar bhliain, mar gheall, den chuid is mó, ar an gcinneadh eagarthóireachta a glacadh gan comórtais a reáchtáil don lucht féachana ar The Late Late Show ó Mhárta ar aghaidh. Ina áit sin bhailigh an clár airgead gach seachtain do charthanachtaí aonair.

Bhí an-bhliain ag The RTÉ Guide i dtéarmaí díolacháin agus é níos lú ná 3% níos ísle bliain ar bhliain. Ba ionann díolachán iomlán na gcóipeanna agus 1.86m agus áirítear méadú 4% ar an bhfigiúr a díoladh den eagrán Nollag suaitheanta, ar díoladh 270,990 cóip de. Bhí drochthionchar ar ioncam ó fhógraíocht áfach, ag teacht leis an drochthionchar ar an margadh clódóireachta, agus ba ionann sin agus laghdú 31% ar bhliain 2019.

Ioncam ón gCeadúnas Teilifíse

Ós craoltóir seirbhíse poiblí démhaoinithe RTÉ ar a leagtar réimse leathan cúraimí faoin reachtaíocht, tá buntábhacht leis an leibhéal maoinithe poiblí a fhaightear chun ról na heagraíochta a chomhlíonadh. An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM) atá freagrach as an airgead ceadúnais teilifíse a bhailiú, ó An Post (an t-aon ghníomhaire amháin maidir le ceadúnais teilifíse a dhíol) agus ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (DEASP) i ndáil le ceadúnais teilifíse “saor in aisce”. Tugann an DTCAGSM ansin deontas do RTÉ as an airgead maidir le táillí ceadúnais a bailíodh.

As an €223.6 milliún a bailíodh maidir le ceadúnas teilifíse sa bhliain 2020, fuair RTÉ €196.6 milliún (88%) de. Baineadh úsáid as an gcuid eile den airgead ón táille ceadúnais, €27 milliún, chun na costais bailiúcháin agus muirir ghaolmhar ag An Post a íoc agus chun airgead a chur ar fáil don scéim Fís & Fuaim a ritheann an tÚdarás Craolacháin. Ní raibh an t-ioncam ón táille ceadúnais a fuarthas sa bhliain 2020 ach €0.4 milliún níos airde ná leibhéal na bliana 2019, d'ainneoin an t-ardú €10 milliún a bhí ar an tsuim a fuarthas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí i ndáil le ceadúnais teilifíse ‘saor in aisce’, athrú i bpáirt maidir leis na ciorruithe a cuireadh ar an maoiniú poiblí ón mbliain 2010 anuas. Faraor, níor baineadh leas as an maoiniú sin de bharr an laghdú a tháinig ar dhíolachán aonaid maidir le táille an cheadúnais teilifíse le linn na bliana mar gheall ar an tionchar a bhí ag srianta Covid-19 ar ghníomhaíocht chigire an cheadúnais teilifíse agus ar chúrsaí eacnamaíochta teaghlach.

De réir an ríomh is deireanaí ag DTCAGSM ar na figiúirí, tá an leibhéal seachanta don bhliain 2019 cothrom le 13% de na teaghlaigh agus de na háitribh ghnó a mbeadh an táille le gearradh orthu. Tá an ráta seachanta in Éirinn i bhfad níos airde ná mar atá sa Ríocht Aontaithe agus i dtíortha eile san Eoraip agus tá an costas bailiúcháin níos mó ná dhá oiread an chostais ag Craoltóirí Seirbhíse Poiblí eile san Eoraip. Tá An Post, DTCAGSM agus RTÉ ag obair i gcónaí ag dul i ngleic leis an ráta seachanta.

Ábhar buartha an t-ardú ar líon na dteaghlach nach bhfuil teilifíseán den ghnáthchineál acu. Tá ardú seasta ag teacht ar an bhfigiúr sin le blianta beaga anuas de réir an Nielsen Establishment Survey agus é cothrom le 13% faoin tráth seo (Eanáir 2021), ardú níos mó ná 1% le bliain anuas. De réir mar atá athrú i gcónaí faoi na modhanna ina dtapaítear ábhar na meán cumarsáide, agus sin ag éirí níos casta, is lú a thiocfaidh táille an cheadúnas teilifíse leis an gcaoi a dtapaíonn daoine ábhar seirbhíse poiblí. Tá sin ar an gcúis is mó leis an athrú ar an gcóras atá á thabhairt isteach i dtíortha eile, ionas gur táille maidir leis na meáin chumarsáide nó modh eile atá iontu anois seachas táille a bhaineann le gaireas de chineál faoi leith.

D'ainneoin mholadh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) go ndéanfaí méadú láithreach €30 milliún ar mhaoiniú poiblí, moladh a rinneadh in 2018 mar chuid d'athbhreithniú an BAI ar straitéis RTÉ 2018-2022, níl ach méadú c.€8 milliún tagtha ar mhaoiniú poiblí RTÉ ó shin. Tá an gá le méadú ar mhaoiniú poiblí chomh géar anois agus a bhí riamh, d'ainneoin faoiseamh sealadach a bheith ar chúrsaí airgeadais RTÉ a bhí mar thoradh ar an gciorrú a bhí ar ábhar agus ar chúrsaí léiriúcháin in 2020. Bhunaigh an Rialtas an Coimisiún um Thodhchaí na Meán chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo agus táthar ag súil le moladh an choimisiúin in 2021.

Leagtar amach faoin gceannteideal ‘An Úsáid as gach Táille Ceadúnais Teilifíse a bailíodh’ (féach leathanaigh 26-27) an úsáid a bhaintear as an táille ón gceadúnas le hinfheistíocht á dhéanamh i seirbhísí agus i mbeartaíocht RTÉ ar 84% d’iomlán na dtáillí ceadúnais. Déantar an 16% fuílligh a infheistiú i mbearta neamh-RTÉ, lena n-áirítear Ciste Fuaime & Físe an Údaráis Craolacháin, an asbhaint agus an cúnamh a bhaineann le TG4 agus na táillí bailiúcháin a íoctar le An Post.

TÁILLÍ CEADUNAIS 2020 - RÁTAÍ SEACHANTA

Éire

12.6%

An Ríocht Aontaithe

7%

An Ghearmáin

2%

An Ostair

5%

An Danmhairg

11%

An Eilvéis

7.4%

An Iorua

6.8%

Foinse: Tuarascáil de chuid an EBU maidir le Táillí Ceadúnais 2020 - Rátaí Seachanta 2019 san áireamh

Costais Oibriúcháin

Ba ionann costais iomlána oibriúcháin na bliana 2020 agus €307.7 milliún, ísliú €30.1 milliún ar leibhéil na bliana 2019. Le linn 2020, bhain RTÉ leas as Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá an Rialtais ar feadh cuid den bhliain 2020.

Ba ionann costas na n-imeachtaí speisialta in 2020 agus €2.5 milliún agus áiríodh clúdach ar an Olltoghchán agus imeachtaí eile sa chostas sin.

Ba mar thoradh ar mheascán fachtóirí a thit costais oibríochta, gan imeachtaí speisialta san áireamh, faoi €28.5 milliún:

  • An drochthionchar a bhí ag srianta Covid-19 ar léiriúcháin inmheánacha agus léiriúcháin choimisiúnaithe.
  • An ciorrú a bhí ar imeachtaí spórt.
  • Baineadh coigilteas amach mar gheall ar na srianta a cuireadh i bhfeidhm ar thaisteal agus mar gheall go raibh fostaithe ag obair ó chian an chuid is mó den bhliain.
  • Mar chuid de Straitéis Leasaithe 2020-2024 RTÉ, a foilsíodh i ndeireadh na bliana 2019, thug RTÉ tiomantas coigilteas €60 milliún a bhaint amach sna trí bliana ó 2020-2022. Ba ionann an sprioc-choigilteas don bhliain 2020 agus €10 milliún agus baineadh sin amach trí mheascán de phá, ábhar agus tionscnaimh chineálacha coigiltis.

2020 v 2019

Athrú

€ m

Costais Oibriúcháin 2019

337.8

Laghdú ar Chostais Oibriúcháin

(28.5)

Laghdú ar Chostais maidir le hImeachtaí Speisialta

(1.6)

Laghdú Bliain ar Bhliain (Imeachtaí Speisialta san áireamh)

(30.1)

Costais Oibriúcháin 2020

307.7

COSTAIS OIBRIÚCHÁIN RTÉ €M 2008 - 2020

439

363

356

353

335

307

312

320

343

335

340

338

308

2008

2009

2010

2011

2012

2013

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Líon na bhFostaithe

B'ionann líon an bhfostaithe ar an 31 Nollaig 2020 agus 1,866 (2019: 1,831) agus bhí 240 (2019: 240) acu sin ar mba fostaithe ar bhonn páirtaimseartha / ócáideach iad. B'ionann coibhéis líon na bhfostaithe lánaimseartha amhail an 31 Nollaig 2020 agus 1,758 (2019: 1,714). Tháinig méadú ar líon na bhfostaithe le linn na bliana mar gheall gur tugadh daoine aonair a bhí fostaithe mar chonraitheoirí nó a bhí fostaithe thrí ghníomhaireachtaí chun rialtachta chomh maith le gur tháinig daoine aonair ar ais ó thréimhsí saoire gan pá.

LÍON NA BHFOSTAITHE

2020

Costas Glan Airgeadais

Bhí caiteachas glan airgeadais €0.1 milliún i gceist sa bhliain 2020 (€0.1 milliún sa bhliain 2019), mar seo a leanas:

B'ionann an t-ioncam airgeadais iomlán sa bhliain 2020 agus €1.6 milliún, i gcomórtas le €1.3 milliún sa bhliain 2019. Tugtar san áireamh ioncam glan úis €1.4 milliún maidir le scéim pinsin shochair shainithe IAS 19 (2019: €1.0 milliún); agus ioncam infheistíochta €0.2 ó chomhfhiontar (2019: €0.3 milliún).

Is ionann an costas airgeadais i leith na bliana 2020 agus €1.7 milliún, i gcomórtas le costas €1.2 milliún sa bhliain 2019. Tugtar san áireamh leis an gcostas €1.7 milliún an t-ús atá le híoc ar iasachtaí, costais athmhaoinithe, ús ar chostais athstruchtúraithe agus caillteanas ar luach cothrom i ndáil le conarthaí maidir le díorthach airgeadra eachtraigh.

Cánachas

Tharla creidmheas cánach €1.9 milliún sa bhliain 2020 (2019 creidmheas cánach €1.7 milliún). Tagann muirear cánach chun cinn sa bhliain mar gheall ar an mbarrachas a ghintear. Áirítear i muirear cánach an Ráitis Ioncaim creidmheas iarchurtha cánach €0.2 milliún a eascraíonn ó iomrall tráthanna maidir le liúntais chaipitil a éileamh agus dímheas a chur de mhuirear.

Sreabhadh Airgeadais agus Iasachtaí

B'ionann iarmhéid iomlán an airgid thirim amhail an 31 Nollaig 2020 agus €87.2 milliún (2019: €69.1 milliún), méadú €18.1 milliún a tharla, den chuid is mó, mar gheall ar thorthaí oibríochta feabhsaithe don bhliain. Is féidir achoimre i ndáil leis an ngluaiseacht ó thaobh iarmhéideanna airgid thirim i rith na bliana 2020 a leagan amach mar seo a leanas:

Ráiteas Achoimre faoi Shreabhadh Airgid

2020

2019

€m

€m

EBITDA

23

4

Sreabhadh airgid maidir le cúrsaí Oibriúcháin:

– (méadú)/ísliú maidir le Caipiteal Oibriúcháin

(2)

3

Sreabhadh airgid athstruchtúraithe:

– Íocaíochtaí

(1)

(3)

Beartaíocht Infheistíochta:

– Caiteachas Caipitil

(6)

(13)

– Cáin a aisíocadh ar Shócmhainní a Dhíol

-

2

Sreabhadh airgid maidir le cúrsaí airgeadais:

– Iasachtaí a tarraingíodh anuas

5

10

– Ús Íoctha

(1)

(1)

Ardú glan maidir le hAirgead Tirim agus Infheistíocht i Sócmhainní Leachtacha

18

2

I bhfianaise ar tháinig de bhrú maidir le cúrsaí airgeadais le bliana beaga anuas, tá béim níos géire ar an mbainistíocht ar airgead tirim agus ar chistíocht. Lean sé seo de bheith ina phríomhthosaíocht bainistíochta airgeadais i rith na bliana 2020, go háirithe i bhfianaise na neamhchinnteachta a bhí ann don timpeallacht trádála de bharr Covid-19. Cé go rabhthas ag súil gur diúltach a bheadh an chéad tuar i ndiaidh srianta maidir le Covid a thabhairt isteach, léirigh an seasamh deiridh iarmhéideanna airgid thirim feabhsaithe de réir mar a tháinig laghdú ar chaiteachas don bhliain mar thoradh ar an gciorrú ar ghníomhaíocht.

Bhí iasachtaí bainc iomlána €65 milliún ag RTÉ, amhail an 31 Nollaig 2020 (2019: €60 milliún) mar seo a leanas;

  • Tá Saoráid Club €60 milliún ag 2rn, fochuideachta tarchuradóireachta RTÉ, le Barclays agus le Banc na hÉireann. Baineann €45 milliún den tsaoráid sin le cistiú tionscadail don bhonneagar tarchuradóireachta agus dáileacháin a theastaíonn don líonra maidir le Teilifís Trastíre Dhigiteach, agus tá sin gan íoc amhail an 31 Nollaig 2020. Ta saoráid iasachta téarma breise dar luach €15 milliún i bhfeidhm, €10 milliún de sin a bhí tarraingthe anuas amhail an 31 Nollaig 2020.
  • Tá saoráid €20 milliún ag RTÉ le Banc na hÉireann, lena n-áirítear saoráid €10 milliún de chreidmheas imrothlach agus iasacht téarma €10 milliún. Amhail an 31 Nollaig 2020 tá an iasacht téarma €10 milliún tarraingthe anuas.

Bainistíocht maidir le Riosca Airgeadais

Is é Bord RTÉ a leagann síos polasaithe cistíochta an Ghrúpa, a chlúdaíonn iasachtaí, bainistíocht ar airgead tirim, riosca maidir le creidmheas chontrapháirtithe, riosca leachtachta, riosca maidir le rátaí úis agus riosca maidir le malartú eachtrach. Tá easpa cosanta RTÉ faoi gach ceann de na rioscaí sin leagtha amach i nóta 23 leis na ráitis airgeadais.

Deontais Chaipitil

Fuarthas deontas caipitil ón DTCAGSM maidir le socrú do ghlanadh bhanna minicíochta Speictream 700 MHz de réir shainordú an AE. Déantar deontais caipitil a lua mar ioncam iarchurtha agus déantar iad a thabhairt san áireamh leis an Ráiteas Ioncaim ar bhonn atá ag teacht leis an bpolasaí dímheasa maidir leis na sócmhainní bunaidh.

Caiteachas Caipitil

B'ionann caiteachas ioncaim iomlán RTÉ ar thionscadail caipitil i rith na bliana 2020 agus €7.5 milliún (2019: €15.6 milliún), ina raibh infheistíocht i gcúrsaí teicneolaíochta, ar athnuachaintí ar líonra 2rn agus ar thionscadal maidir le Speictream 700 MHz san áireamh. Tá caiteachas caipitil tabhaithe ag RTÉ maidir le roinnt tionscadail caipitil a bhfuil mórthábhacht straitéiseach leo agus é aontaithe ag Bord RTÉ go ndéanfar iad a mhaoiniú ón bhfáltas glan ón díolachán talún sa bhliain 2017.

B'ionann an caiteachas caipitil ar an tionscadal maidir le hathrú ó 700 MHz i rith na bliana 2020 agus €0.7 milliún (2019: €1.6 milliún). Na seirbhísí craolacháin a athrú ón mbanda minicíochta 700 MHz faoin mbliain 2020 a bhí i gceist leis an tionscadal seo agus tá an chuid is mó den chiste lena aghaidh á chur ar fáil ag DTCAGSM.

Tá tús curtha leis an gcaiteachas ar thionscadail caipitil áirithe a bhfuil tábhacht straitéiseach leo agus é aontaithe ag Bord RTÉ go ndéanfar iad a mhaoiniú ón bhfáltas mar gheall ar dhíol na talún. Áirítear orthu sin obair fhorfheabhsúcháin ar an gcóras Bainistithe maidir le Cainéil agus Cearta, Ardán nua Stórála, obair fhorfheabhsúcháin ar Stiúideonna Raidió, córas nua ERP agus forfheabhsú maidir leis na córais Iarléiriúcháin.

Tuairiscíocht Idirdhealaithe agus Leithroinnt Costais

Déantar anailís idirdhealaithe RTÉ a ullmhú i gcomhréir le caighdeán IFRS 8 Réimsí Dealaithe Oibriúcháin a leagtar amach i nóta 2(d). Is iad na ranna éagsúla na príomhréimsí dealaithe ag RTÉ agus rinneadh iad a leagan amach ar an 1 Eanáir 2018 faoin tionscadal atheagair Aon RTÉ Amháin. Mar gheall ar an athrú ar an struchtúr eagrúcháin agus an méadú ar ábhar neamhlíneach le cláracha breise á dtaispeáint den chéad uair ar mheáin dhigiteacha agus athrú go dtí cur chuige ‘digiteach ón tús’ i ndáil le cúrsaí nuachta ach go háirithe, rinne RTÉ na modhanna oibre maidir le leithroinnt costais a leasú i rith na bliana 2018 i riocht is go mbeadh an struchtúr nua le sonrú orthu. Rinneadh iad sin a chur i bhfeidhm go seasta leanúnach i rith na bliana 2020 faoi mar a leagtar amach i Nóta 2 maidir le Tuairiscíocht Idirdhealaithe.

Cúrsaí Rialála

Tagann RTÉ faoi an BAI maidir leis na dualgais mar chomhlacht craolacháin seirbhíse poiblí. Oibríonn RTÉ (faoi mar a éilítear faoin Acht Craolacháin 2009) leis an BAI i ndáil leis an athbhreithniú bliantúil agus leis an athbhreithniú cúig bhliana ar an maoiniú poiblí a dhéanann an BAI faoi alt 124 an Achta. I mí Dheireadh Fómhair 2017 chuir RTÉ an straitéis cúig bhliana 2018–2022, Athnuachan RTÉ don Chéad Ghlúin eile faoi bhráid lena bhreithniú. I mí Dheireadh Fómhair 2018, d’aontaigh an tÚdarás Craolacháin plean straitéiseach RTÉ agus mhol “ar a laghad ar bith, gur chóir do RTÉ méadú €30m a fháil ar an maoiniú poiblí bliantúil a fhaigheann sé gach bliain”. I ndeireadh na bliana 2019, d'fhoilsigh RTÉ Straitéis Leasaithe 2020-2024, plean lena dtugtar meáin chumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann ar chaoi inmharthanachta agus lena ndírítear ar chuid mhór de na réimsí deacrachta a chuirtear roimh RTÉ. Tá RTÉ rannpháirteach go hiomlán leis an BAI maidir leis na hathbhreithnithe bliantúla ina dhiaidh sin agus tá rannpháirteach go hiomlán freisin leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán maidir lena ról leasú a mholadh ar shamhail mhaoinithe thodhchaí na meán seirbhíse poiblí.

Ag teacht le coinníollacha de chuid an Rialtais agus de chuid an BAI, déantar Polasaí agus Nós Imeachta Cóirthrádála RTÉ a fhoilsiú ar RTÉ.ie. Leagtar creatchóras amach sa cháipéis atá bunaithe ar na nithe seo a leanas:

  • ​Deighilt ghlan idir an bheartaíocht tráchtála agus an tseirbhís phoiblí
  • Trádáil chothrom de réir phrionsabail an mhargaidh
  • Follasacht agus freagracht

D'ainmnigh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg), roimhe seo, RTÉ agus 2rn mar chomhlachtaí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh (SMP) acu sna margaí a bhaineann le seirbhísí tarchuradóireachta agus dáileacháin a chur ar fáil do chraoltóirí Raidió agus don oibritheoir Ilphléacs DTT chomh maith le hiarsholáthar seirbhísí Ilphléacs DTT do chraoltóirí.

Is é toradh a tháinig de bharr na breithe sin go leagtar dualgais áirithe ar RTÉ (Margadh B) agus ar 2rn (Margadh A). Déantar cuntais dheighilte lena mbaineann cuntais rialáilte maidir le Margadh A agus Margadh B faoi seach chomh maith le buncháipéisíocht cuntasaíochta a fhoilsiú de réir na gcoinníollacha faoin rialáil.

Tháinig reachtaíocht an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018. Tá cearta nua ag an duine aonair faoin rialachán GDPR agus leagtar dualgais nua agus breis freagrachta ar eagraíochtaí a dhéanann próiseáil sonraí nó rialaitheoireacht sonraí, mar shampla RTÉ. Leagtar freisin cumhacht nua fhorleitheadach ar an rialtóir príobháideachta, an Coimisiún Cosanta Sonraí. Comhlíonann RTÉ reachtaíocht an rialacháin GDPR go huile agus go hiomlán.

Cúrsaí Pinsin

Tá trí cinn de scéimeanna pinsin ar bun ag RTÉ do na fostaithe: scéim pinsin le sochair shainithe (DB), scéim pinsin le ranníocaíochtaí sainithe (DC) agus scéim hibrideach (scéim a mbaineann gnéithe DB agus gnéithe DC araon léi).

Scéim Aoisliúntais RTÉ

Is scéim pinsin mhaoinithe, ranníoca, le sochair shainithe, arna cur ar bun faoin reachtaíocht agus faoi urraíocht ag RTÉ, atá i Scéim Aoisliúntais RTÉ. Níor ligeadh aon fhostaithe nua isteach faoin scéim ón mbliain 1989 i leith. Amhail an 31 Nollaig 2020, bhí 98 fostaí ag RTÉ (2019: 119) a bhí ina gcomhaltaí den scéim.

Amhail an 31 Nollaig 2020, ba ionann luach shócmhainní na Scéime ar an margadh agus €1,096 milliún (2019: €1,091 milliún). Ba ionann dliteanais na Scéime, arna ríomh de réir IAS 19 maidir le Sochair Fostaithe, agus €949 mhilliún (2019: €984 milliún). Mar a éilítear de réir IAS 19, luaitear an farasbarr nó an t-easnamh idir sócmhainní agus dliteanais na Scéime mar shócmhainn ar ráiteas RTÉ faoin seasamh airgeadais. Dá réir sin, luaitear sócmhainn pinsin €147 milliún i leith na Scéime amhail an 31 Nollaig 2020 (2019: €107 milliún). Tháinig ardú ar an bhfarasbarr mar gheall ar thoradh maith ar an infheistíocht agus mar gheall ar an laghdú ar na boinn tuisceana básmhaireachta i rith na bliana 2020.

Tá barrachas ag baint leis an scéim faoi thástáil luachála chaighdeán an chiste íosta (MFS) agus na riachtanais leachtachta á sásamh faoi na cúlchistí riosca agus, dá réir sin, ní bheidh call aon chistíocht a bheartú i leith na scéime.

Scéim Ranníocaíochtaí Sainithe RTÉ

Is socrú ranníocaíochtaí sainithe maoinithe í an Scéim Ranníocaíochtaí Sainithe atá oscailte do chomhaltaí nua ó 1989. Amhail an 31 Nollaig 2020, bhí 1,252 fostaí ag RTÉ (2019: 1,220) a bhí ina gcomhaltaí den scéim.

Scéim Pinsin 50/50 Riosca i bPáirt RTÉ

Scéim mhaoinithe, ranníocach, hibrideach atá i Scéim Pinsin 50/50 Riosca i bPáirt RTÉ lena mbaineann gnéithe DB agus gnéithe DC agus atá faoi urraíocht RTÉ. Cuireadh tús leis an scéim seo ar an 1 Meán Fómhair 2010 mar shocrú pinsin roghnach d'fhostaithe atá ina theideal. Amhail an 31 Nollaig 2020, bhí 385 fostaí de chuid RTÉ ina gcomhaltaí de Scéim Pinsin 50/50 Riosca i bPáirt RTÉ (2019: 366).

Amhail an 31 Nollaig 2020, bhí luach €28.3 milliún ar an margadh le sócmhainní roinn DB na Scéime. Ba ionann na dliteanais faoi IAS 19 i ndáil leis an roinn DB agus €24.3 milliún, rud a fhágann barrachas €4.0 milliún (barrachas na bliana 2019: €3.4 milliún). Luaitear sin mar shócmhainn sa ráiteas maidir le seasamh airgeadais RTÉ.

Tá barrachas ag baint le roinn DB na Scéime faoi thástáil MFS agus na riachtanais leachtachta á sásamh faoi na cúlchistí riosca agus, dá réir sin, ní bheidh call aon chistíocht a bheartú i leith na scéime.

Árachas

Coimeádtar coimirce cuí árachais in aghaidh réimse rioscaí inárachais ábhartha, lena n-áirítear mórthubaiste, faoi réir asbhaintí agus eisiaimh iomchuí.

Imeachtaí Dlí

Tá RTÉ agus fochuideachtaí dá chuid ina bpáirtithe in imeachtaí éagsúla dlí agus tá éileamh i leith RTÉ nó fochuideachtaí dá chuid ag baint le roinnt acu sin cé nach bhfuiltear cinnte cén toradh a bheidh ar na himeachtaí. Tá RTÉ den tuairim, de réir na comhairle a fuarthas, go bhfuil bearta riachtanacha déanta chun a chinntiú nach mbeadh drochthionchar fadtéarmach suntasach ag torthaí na n-imeachtaí sin, arna dtabhairt le chéile, ar riocht airgeadais, ar thorthaí ná ar leachtacht RTÉ.

Breathnú Romhainn

  • Ag an tráth scríofa tá an phaindéim Covid-19 fós ag cur isteach ar ghnéithe de shochaí na hÉireann. Tá srianta Leibhéal 5 fós i bhfeidhm sa tír. Mar gheall ar na srianta seo, tá ioncam tráchtála agus ioncam ó tháillí ceadúnais ag rianú faoi bhun leibhéil 2020, ag imshocrú an laghdaithe ar ioncam a bhí ann sa bhliain 2020. Mar ab amhlaidh sa bhliain 2020, tá deacrachtaí ann cláracha a dhéanamh sa chéad chuid den bhliain 2021 mar gheall ar na srianta agus ciorraíodh imeachtaí spóirt dá mbarr chomh maith. Cé go bhfuil an caillteanas ar ioncam á fhritháireamh ag laghduithe ar chostais, tá an cás fós an-mhíshocair agus tá sé deacair é a thuar.
  • Leanann RTÉ de na spriocanna coigiltis a chur i bhfeidhm sa Straitéis Leasaithe 2020-2024. Táthar ag díriú ar choigilteas €20 milliún a bhaint amach sa bhliain 2021.
LEITHROINNT AR AN IONCAM ÓN GCÉADÚNAS TEILIFÍSE A FUAIR RTÉ IN 2020

2020

* Áirítear in Eile muirir airgeadais agus rialaithe, a bhaineann le DTT agus cainéil eile

An Leas a Bhaintear as an Táille Ceadúnais a íoctar

Tugtar tuairisc i nóta 2 leis na ráitis airgeadais ar an leas a bhaintear as an airgead ón táille ceadúnais a fhaigheann RTÉ chun seirbhísí poiblí RTÉ a mhaoiniú.

Leagtar amach i nóta 2(c) an bunús ar a gcuirtear an táille ceadúnais i leith chainéil agus sheirbhísí faoi leith. Cuirtear maoiniú poiblí i leith sheirbhísí faoi leith ar bhealach atá i gcomhréir le costas glan na seirbhíse poiblí. Ríomhtar costas glan na seirbhíse poiblí tríd an gcionroinnt ó bheartaíocht tráchtála a dhealú ón ollchostas a bhaineann leis an tseirbhís phoiblí a thabhairt i gcrích.

Féachtar leis an úsáid a bhaintear as aon táille ceadúnais teilifíse amháin a leagan amach sa tábla seo a leanas, arna thabhairt san áireamh nach le RTÉ amháin a íoctar an t-airgead a chruinnítear ó tháillí ceadúnais teilifíse:

An Úsáid as gach Táille Ceadúnais a Bailíodh

2020

2019

RTÉ One

48.72

47.46

RTÉ2

26.45

27.37

Teilifís RTÉ

75.17

74.83

RTÉ Radio 1

14.04

12.69

RTÉ 2fm

2.71

2.39

RTÉ Raidió na Gaeltachta (RnaG)

8.14

8.33

RTÉ lyric fm

3.62

4.24

Raidió RTÉ

28.51

27.65

Ceolfhoirne RTÉ

7.98

9.15

Seirbhísí ar líne

10.74

8.31

Cainéil agus Seirbhísí Eile

8.30

9.39

Muirir Rialachais agus Cistíochta

2.75

3.30

Cúrsaí DTT

0.64

0.91

Gníomhaíochtaí RTÉ

134.09

133.54

84%

83%

Cúnamh RTÉ do TG4

5.31

5.44

Tobhach BAI

1.30

1.23

Ciste Fuaime agus Físe BAI

10.59

10.55

Costais Bailiúcháin An Post agus Táillí Gaolmhara

8.71

9.24

Beartaíocht Neamh-RTÉ

25.91

26.46

16%

17%

Costas an Cheadúnais Teilifíse

160

160

Tugtar achoimre leis an bpíchairt thíos ar an dáileadh a rinneadh ar an ioncam ó tháillí an cheadúnais teilifíse a fuair RTÉ i rith na bliana 2020 i ndáil le gné na seirbhíse poiblí de ghníomhaíocht RTÉ.

An Costas in aghaidh na hUaire Craolacháin

Mar chuid den Ráiteas Bliantúil faoi na Gealltanais Feidhmiúcháin, foilsíonn RTÉ an meánchostas in aghaidh na huaire a bhain leis na cláracha a craoladh ar na cainéil éagsúla. Leagtar amach sa tábla thíos an t-eolas sin i ndáil leis an mbliain 2020 chomh maith le figiúirí inchomórtais leo i leith na bliana 2019.

2020

RTÉ One

RTÉ2

RTÉ Radio 1

RTÉ 2fm

RTÉ lyric fm

RTÉ RnaG

€’m

€’m

€’m

€’m

€’m

€’m

Costais

Cláracha a dhéantar in Éirinn

98.7

31.4

27.9

5.0

3.9

9.9

Cláracha a Ceannaíodh – in Éirinn

2.9

0.6

-

-

-

-

– Thar Lear

13.2

9.3

-

-

-

-

Oibriúcháin Ghinearálta Craolacháin & Tarchuradóireachta

12.1

8.3

5.4

4.2

0.6

0.5

Táillí Tarchuradóireachta & Cumhachta

2.2

2.1

1.9

1.1

1.1

1.1

129.1

51.7

35.2

10.3

5.5

11.5

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta Tarchuradóireachta in aghaidh na Bliana (comhchraoladh san áireamh)

8,784

8,784

8,845

8,784

8,784

8,784

Meánchostas Foriomlán

in aghaidh na hUaire Craolta – 2020

Na hUaireanta Tarchuradóireachta ar fad

14,700

5,900

4,000

1,200

600

1,300

2019

RTÉ One

RTÉ2

RTÉ Radio 1

RTÉ 2fm

RTÉ lyric fm

RTÉ RnaG

€’m

€’m

€’m

€’m

€’m

€’m

Costais

Cláracha a dhéantar in Éirinn

105.8

44.5

28.6

5.2

4.8

10.1

Cláracha a Ceannaíodh – in Éirinn

2.0

1.2

-

-

-

-

– Thar Lear

12.8

8.9

-

-

-

-

Oibriúcháin Ghinearálta Craolacháin & Tarchuradóireachta

12.8

9.4

5.2

4.2

0.6

0.5

Táillí Tarchuradóireachta & Cumhachta

2.2

2.2

2.0

1.1

1.1

1.1

135.6

66.2

35.8

10.5

6.5

11.7

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta Tarchuradóireachta in aghaidh na Bliana
(comhchraoladh san áireamh)

8,760

8,760

8,855

8,760

8,760

8,760

Meánchostas Foriomlán

in aghaidh na hUaire Craolta – 2019

Na hUaireanta Tarchuradóireachta ar fad

15,500

7,600

4,000

1,200

700

1,300

Gluaiseacht i rith na bliana

% d'Athrú ar an gCostas in aghaidh na hUaire1

Na hUaireanta Tarchuradóireachta ar fad

(5.1)%

(22.1)%

(1.3)%

(2.9)%

(15.7)%

(2.6)%

1. Déantar an costas in aghaidh na huaire a shlánú go dtí an céad Euro is gaire. Déantar an céatadán d'athrú a ríomh de réir chostas na huaire sula n-oibrítear an slánúchán.

Tarlaíonn athrú ar an meánchostas in aghaidh na huaire craolacháin mar gheall ar thosca éagsúla a dtagann ardú agus ísliú maidir le costais cláir dá mbarr, mar shampla athrú ar chineálacha agus ar mheascán na gclár, an leibhéal cómhaoiniúcháin, an líon uaireanta an chloig d'ábhar atá á chraoladh den chéad uair agus líon na n-uaireanta athchraolta.