Rialachas Corparáide

Don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020

Tá comhaltaí Bhord RTÉ tiomanta maidir leis na caighdeáin is airde a choinneáil ar bun maidir leis an rialachas corparáide agus leis an iompar i mbun gnó. Ceanglaítear faoin Acht Craolacháin 2009 go mbeadh taithí nó cumas ag comhaltaí i gcúrsaí atá iomchuí don mhaoirseacht ar chraoltóir seirbhíse poiblí (Alt 82). Ní mór do chomhaltaí uile an Bhoird freisin a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích ar bhealach lena gcinntítear go ndéantar obair RTÉ, de bhun na gcuspóirí faoin reachtaíocht, go héifeachtach agus go críochnúil (Alt 87).

Cloíonn RTÉ leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (“an Cód Cleachtais”).

Leagtar amach sa Chód Cleachtais na prionsabail maidir le rialachas corparáide a gceanglaítear ar Bhoird na gComhlachtaí Stáit iad a chomhlíonadh. Áirítear orthu sin gnáis agus nósanna rialachais maidir le raon leathan réimsí, mar shampla, ról an Bhoird; cóid iompair agus nochtadh leasa; tuairisciú gnó agus airgeadais; bainistíocht i ndáil le réimsí baoil agus rialú inmheánach; caidreamh leis an Oireachtas agus leis an Roinn rialtais a dtagann an comhlacht faoina coimirce; agus gnáis rialála faoi leith maidir le raon réimsí eile. Leagtar amach tuilleadh eolais ar na réimsí sin sa chuid eile den chaibidil seo den Tuarascáil Bhliantúil.

Éilítear ar Chathaoirleach an Bhoird gach bliain a dheimhniú leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go bhfuil na cleachtais agus nósanna imeachta rialachais in RTÉ ag teacht leis an gCód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit.

Comhlíonann RTÉ freisin an ceanglas maidir le rialachas corparáideach agus ceanglais eile arna bhforchur ag an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus ag an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001 agus an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Éilithe), 2018.

Tá a Chód Iompair féin glactha ag an mBord chomh maith, ina leagtar amach an cur chuige atá aige i leith iompar gnó freagrach agus eiticiúil.

Bord RTÉ

Comhdhéanamh

Ceaptar Comhaltaí Bhord RTÉ faoi Alt 81 d’Acht Craolacháin 2009 ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bhliana. Foráiltear faoin Acht do Bhord ar a bhfuil dáréag comhalta, arna gceapadh ag an Rialtas mar seo a leanas:

  • Seisear comhalta a cheaptar ar ainmniúchán an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán;
  • Déanann an Comhchoiste Oireachtais um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht ceathrar comhaltaí a mholadh leis an Aire;
  • Is comhalta ex-officio Príomh-Stiúrthóir RTÉ; agus
  • Ceaptar duine amháin d’fhoireann RTÉ tar éis toghcháin.

Ceapann an rialtas duine de na comhaltaí chun gníomhú mar Chathaoirleach. Foráiltear faoin Acht Craolacháin 2009 freisin do chothromaíocht idir na hinscní maidir le comhaltas an Bhoird, trína éileamh go mbeadh ar na comhaltaí líon fear nach lú ná cúigear agus líon ban nach lú ná cúigear. Amhail an 31 Nollaig 2020, ceathrar ban agus ceathrar fear atá ar Bhord RTÉ.

Iléagsúlacht an Bhoird ó thaobh cúrsaí Inscne

Tháinig athrú ar chomhaltaí Bhord RTÉ i rith na bliana.

Tháinig deireadh le téarma oifige ceathrar comhaltaí Boird an 15 Feabhra 2020. Luaitear ainmneacha na gcomhaltaí sin i dtaifead tinrimh an Bhoird ar leathanach 81. Ceapadh Connor Murphy chuig an mBord le héifeacht ón 19 Márta 2020, líon sin folúntas a tháinig chun cinn i lár na bliana 2019.

Amhail dheireadh na bliana 2020, bhí an Comhchoiste Oireachtais um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht i mbun ceithre fholúntas Boird a líonadh, tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ba é an 17 Nollaig 2020 an dáta deiridh a glacadh le hiarratais ó dhaoine cuícháilithe ón bpobal. Déanfaidh an Comhchoiste iarrthóirí d’ainmniúchán an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus do cheapachán an Rialtais chuig Bord RTÉ a mholadh.

Ní raibh aon athrú eile ar chomhaltaí Bhord RTÉ i rith na bliana.

Leagtar amach sonraí beathaisnéise faoi ochtar comhaltaí den Bhord, mar a bhí ar an 31 Nollaig 2020, ar leathanaigh 78 go 80 agus mionsonraí faoi théarmaí oifige san áireamh.

Iléagsúlacht an Bhoird maidir le Seilbh Oifige

Ról

Leagtar amach dualgais chomhaltaí an Bhoird in Alt 87 d’Acht Craolacháin 2009. Tugann comhaltaí an Bhoird treoir faoi stiúir chorparáideach agus straitéis RTÉ agus seasann siad ar son leasa an lucht féachana agus an lucht éisteachta, arna chinntiú go gcomhlíonann RTÉ na dualgais faoin reachtaíocht ar bhealach éifeachtach éifeachtúil. Cuireann gach comhalta breithiúnas neamhspleách i bhfeidhm trí dhúshlán an lucht Feidhmeannais a thabhairt ar bhealach tairbheach agus trí chuidiú le cuspóirí straitéise RTÉ a thabhairt chun cinn.

Tá éagsúlacht ag baint le cúlra, scileanna agus taithí chomhaltaí an Bhoird maidir le raon leathan réimsí gnó a bhaineann le hábhar maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chraoltóir seirbhíse poiblí. Leagtar síos na critéir maidir le comhaltacht ar an mBord in Alt 82 den Acht Craolacháin 2009. Luaitear i measc na gcritéar nithe mar seo a leanas: gnóthaí meán cumarsáide, craoltóireacht seirbhíse poiblí, ábhar craoltóireachta a léiriú, teicneolaíocht do mheáin dhigiteacha, gnó agus gnóthaí tráchtála, cúrsaí dlí agus gnóthaí rialúcháin agus nithe a bhaineann leis an nGaeilge a thabhairt chun cinn.

Déantar deighilt shoiléir ó thaobh freagrachtaí idir post Chathaoirleach an Bhoird, ar cathaoirleach neamhfheidhmiúcháin atá ann, agus post an Phríomh-Stiúrthóra.

Glacann an Príomh-Stiúrthóir, i gcomhar leis an lucht bainistíochta feidhmiúcháin, freagracht as cúrsaí oibriúcháin ó lá go lá in RTÉ. Áirítear ar fhreagracht an Chathaoirligh ceannasaíocht a dhéanamh ar an mBord, clár oibre an Bhoird a dheimhniú, éifeachtúlacht an Bhoird a chinntiú agus freastal do rannpháirtíocht iomlán a bheith ag gach comhalta den Bhord.

Bíonn cruinnithe go minic ag Cathaoirleach an Bhoird agus an lucht bainistíochta feidhmiúcháin leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun cúrsaí maidir le feidhmíocht oibriúcháin agus airgeadais RTÉ a phlé.

Déanann an Bord athbhreithniú leanúnach ar struchtúir agus feidhmíocht an Bhoird féin agus tá an Bord ag fanacht le go gceapfar ceathrar comhaltaí nua sula ndéantar athbhreithniú ar chomhaltas choistí buana an Bhoird. Cuireadh measúnú an Bhoird ar fheidhmíocht an Bhoird féin siar freisin ar feitheamh na gceapachán sin.

Nósanna Imeachta an Bhoird

Cuirtear cáipéisí mionteagaisc faoi RTÉ agus cúrsaí oibriúcháin RTÉ ar fáil do gach comhalta den Bhord ar a gceapadh. Tagann an Bord le chéile de réir sceideal cruinnithe rialta agus bíonn cruinnithe ann tráthanna eile freisin de réir mar a mheastar gá leis sin. Bíonn teacht iomlán go tráthúil ag gach comhalta den Bhord ar an eolas a theastaíonn chun cur ar a gcumas a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Seoltar páipéir an Bhoird chuig gach comhalta den Bhord in am tráth roimh chruinnithe an Bhoird agus bíonn aon pháipéar nó eolas sa bhreis air sin ar fáil go héasca ag gach comhalta Boird ar a iarraidh.

Bíonn san áireamh le páipéir an Bhoird a sheoltar chuig comhaltaí an Bhoird miontuairiscí gach cruinniú coiste a tionóladh ón gcruinniú Boird roimhe sin nó, sa chás nach mbíonn miontuairiscí ar fáil an tráth a ndéantar na páipéir a dháileadh, tugtar cuntas ó bhéal ag cruinniú an Bhoird.

Bíonn teacht ag comhaltaí an Bhoird ar chomhairle agus ar sheirbhísí ó Rúnaí Ghrúpa RTÉ atá freagrach as cinntiú go ndéantar de réir nósanna imeachta an Bhoird agus go gcomhlíontar na rialacha agus na rialacháin is infheidhme. Bíonn comhairleoirí gairmiúla RTÉ ar fáil le haghaidh comhairliúcháin leis an mBord de réir mar is gá. Is féidir le comhalta aonair den Bhord comhairle lucht gairme a fháil agus dul faoi oiliúint ghairmiúil, más gá, ar chostas RTÉ. Tá polasaí árachais i bhfeidhm ag an mBord trína slánaítear comhaltaí an Bhoird sa chás go dtabharfaí imeachtaí dlí ina n-aghaidh le linn a gcuid dualgas mar chomhaltaí den Bhord.

Tá sceideal foirmeálta leagtha síos maidir le cineálacha ábhair a choimeádtar don Bhord amháin maidir lena meas agus cinneadh a dhéanamh ina leith. Tagann réimsí buntábhachtacha de ghnó RTÉ faoi scáth an sceidil sin:

  • Pleananna straitéise, an buiséad bliantúil agus na ráitis airgeadais bhliantúla a aontú;
  • Bearta móra infheistíochtaí, tionscadail chaipitil agus iasachtaí a aontú;
  • Sócmhainní suntasacha a éadáil, a dhiúscairt nó a ligean i léig;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht ó thaobh cúrsaí oibriúcháin agus cúrsaí airgeadais;
  • An polasaí cistíochta agus polasaithe maidir le bainistíocht i leith riosca;
  • Leibhéil údaráis tharmligthe, conarthaí móra a aontú san áireamh;
  • An Príomh-Stiúrthóir agus an Rúnaí Grúpaí a cheapadh (de réir Alt 89 den Acht Craolacháin 2009);
  • Cathaoirleach/Stiúrthóirí/Iontaobhaithe Fhochuideachtaí agus Scéimeanna Pinsin RTÉ a cheapadh; agus
  • Athbhreithniú ar an gcóras rialaithe inmheánaigh.

Déantar ábhair áirithe eile a tharmligean le coistí de chuid an Bhoird, mar a leagtar amach thíos.

Bíonn Cathaoirleach gach coiste ar fáil chun tuairisc a thabhairt agus ceisteanna a fhreagairt faoi imeachtaí an choiste ag na cruinnithe Boird, de réir mar is gá.

Coistí an Bhoird

Tá cúig cinn d’fhochoistí buana ar bun ag an mBord an 31 Nollaig 2020 chun cuidiú leis an bhfeidhmiúchán i leith na bhfreagrachtaí. Is iad sin an Coiste Iniúchta agus Riosca, an Coiste Luach Saothair agus Forbartha Bainistíochta, Coiste na gClár, an Coiste Bunathraithe Straitéise nuabhunaithe agus an Coiste maidir le Cóirthrádáil.

Leagtar amach ar leathanach 81 na comhaltaí atá ar gach coiste agus sonraí faoin bhfreastal a rinneadh ar na cruinnithe a tionóladh i rith na bliana 2020. Feidhmíonn Rúnaí Ghrúpa RTÉ ina Rúnaí ar gach Coiste.

Tugadh obair fhochoiste Straitéise an Bhoird chun críche ag deireadh na bliana 2019 agus maoirseacht déanta ag an bhfochoiste ar fhorbairt Straitéis Leasaithe RTÉ 2020-2024, ag obair i ndlúthpháirt leis an bPríomh-Stiúrthóir agus an lucht Feidhmiúcháin.

D’fhéadfaí coistí sealadacha a bhunú ó am go chéile chun déileáil le hábhair faoi leith de réir téarmaí tagartha sainiúla. Níor bunaíodh aon choistí sealadacha i rith na bliana 2020.

An Coiste Iniúchta agus Riosca

Tá triúr de chomhaltaí an Bhoird ar an gCoiste Iniúchta agus Riosca, agus comhaltaí iad beirt acu a mheastar a bheith ina gcomhaltaí neamhspleácha. Bhí folúntas amháin ar an gCoiste ar feitheamh ceapacháin Boird in 2021. Tá téarmaí tagartha an choiste, a nuashonraíodh i mí na Nollag 2020, ar fáil ar láithreán gréasáin RTÉ.

Freastalaíonn an Príomhoifigeach Airgeadais agus an Ceannasaí Iniúchta Inmheánaigh ar chruinnithe an choiste, agus freastalaíonn na hiniúchóirí seachtracha de réir mar is gá. Foráiltear faoi théarmaí tagartha an choiste gur féidir cuireadh a thabhairt do chomhaltaí eile den Bhord, d’fheidhmeannaigh agus do dhaoine eile freastal ar chruinniú iomlán nó ar chuid de chruinniú ar bith. Bíonn teacht go hiomlán, go díreach agus go neamhshrianta tráth ar bith ag an gCeannasaí Iniúchta Inmheánaigh agus ag na hiniúchóirí seachtracha araon ar Chathaoirleach an choiste. Anuas ar an méid sin, bíonn plé ar a laghad uair sa bhliain ag an gCoiste Iniúchta agus Riosca le hiniúchóirí seachtracha agus inmheánacha, gan daoine den lucht bainistíochta feidhmiúcháin i láthair, d’fhonn a chinntiú nach bhfuil aon ábhar buartha gan socrú.

Rinne an Coiste Iniúchta agus Riosca athbhreithniú ar na nithe seo a leanas i rith na bliana 2020:

Tuairisciú airgeadais

  • Ráitis airgeadais bhliantúla an ghrúpa, sular cuireadh faoi bhráid an Bhoird go foirmeálta é. Bhí athbhreithniú an choiste dírithe go háirithe ar shreafaí airgid tuartha an Ghrúpa don tréimhse amach anseo, lena n-áirítear ar dhifríochtaí a d’fhéadfadh a bheith sna tuartha sin, i gcomhthéacs ghnóthas leantach an Ghrúpa a mheas. Áiríodh beartais chuntasaíochta, ar réimsí a dteastaíonn breithiúnas ina leith, a shoiléire agus a bhí nochtadh á dhéanamh agus cúrsaí comhlíonta maidir leis na caighdeáin chuntasaíochta agus dlí is infheidhme in athbhreithniú an choiste chomh maith.
  • Tuarascáil bhliantúil Léiriúchán Neamhspleách, sular cuireadh faoi bhráid an Bhoird go foirmeálta í

Buiséadú agus gnóthaí airgeadais

  • Buiséad bliantúil Ghrúpa RTÉ, sula gcuirtear ar aghaidh go foirmiúil chuig an Bord é
  • An tionchar sreabhaidh airgid a bhfuiltear ag súil leis de bharr Covid-19 ar ghnóthaí airgeadais an Ghrúpa
  • Tuairiscí rialta faoi fheidhmíocht an Ghrúpa ó thaobh cúrsaí airgeadais, gnóthaí pinsean san áireamh chomh maith leis an mbainistíocht riosca maidir le hathruithe ar rátaí malairte eachtraí
  • Socruithe agus saoráidí baincéireachta RTÉ, lena n-áirítear sainorduithe cistíochta
  • Nuashonruithe maidir leis an tionscnamh chun réiteach Pleanála Acmhainní Fiontair (ERP) nua a chur i bhfeidhm

Rialú inmheánach agus bainistiú riosca

  • Tuairiscí gach ráithe maidir le hábhar baoil agus athruithe i rith na bliana a mheas maidir leis na príomhbhaoil chorparáideacha
  • Tuairisc mhion ón Urra Feidhmiúcháin maidir le roinnt de na príomhréimsí baoil do ghnó na corparáide
  • Éifeachtúlacht an chórais rialaithe inmheánaigh agus tuairisc ar na torthaí a thabhairt don Bhord
  • Pleanáil theagmhasach i leith an Bhreatimeachta
  • Pleananna leanúnachais gnó a bhainistiú agus a nuashonrú

Rialachán agus comhlíonadh

  • Cúrsaí comhlíonta maidir le Rialachas Corparáide, comhlíonadh an Chóid Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú san áireamh
  • Nuashonrú rialta maidir le GDPR agus maidir le cúrsaí dlí
  • Iarrataí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
  • Socruithe maidir le hábhar buartha a chur in iúl (sceithireacht)

Iniúchadh inmheánach

  • An Plean don Iniúchadh Inmheánach
  • Tuairiscí maidir le hIniúchadh Inmheánach agus an dul chun cinn maidir le bearta a shonraítear sna tuairiscí a chur i bhfeidhm. Cuireann an Ceannasaí Iniúchta Inmheánach tuairisc i láthair ag gach cruinniú den Choiste Iniúchta agus Riosca, ina dtugtar cuntas achomair ar obair a rinneadh ó bhí an cruinniú deireanach ann agus ar thorthaí na hoibre sin, chomh maith leis na réimsí a lua a mbeifear ag díriú orthu don chéad tréimhse eile.

Iniúchadh seachtrach

  • An plean don iniúchadh seachtrach, scóip na hiniúchóireachta, de réir mar a leagtar amach sa Litir Fostaíochta, agus éifeachtúlacht phróiseas na hiniúchóireachta
  • Tuairisc ón iniúchóir seachtrach tar éis iniúchóireacht a dhéanamh ar na ráitis airgeadais agus plé ar na ceisteanna a d’eascair uaidh sin.

Cuireadh seisiúin eolais ar fáil don Choiste Iniúchta agus Riosca i rith na bliana 2020 faoi chora nua i réimsí éagsúla maidir le rialachas corparáide, bainistiú riosca agus caighdeáin chuntasaíochta agus tugadh faoi athbhreithniú sceidealaithe ar théarmaí tagartha an Choiste.

Tá bearta cúraim curtha i bhfeidhm ag an gCoiste Iniúchta agus Riosca lena chinntiú nach gcuirtear isteach ar neamhspleáchas agus ar oibiachtúlacht fheidhm na hiniúchóireachta seachtraí. Déantar athbhreithniú go tráthrialta ar na bearta cúraim sin. Anuas air sin, tá deimhnithe ag na hiniúchóirí seachtracha leis an gCoiste Iniúchta agus Riosca go leanann siadsan de nósanna imeachta a chur i bhfeidhm ionas nach bhféadfadh tarlú go gcuirfí isteach ar a gcuid neamhspleáchais ná ar a gcuid oibiachtúlacht.

Déanann an Coiste Iniúchta agus Riosca an leibhéal seirbhísí neamhiniúchta a chuireann iniúchóirí seachtracha ar fáil agus na táillí a ghabhann leo a bhreithniú gach bliain i gcomhthéacs neamhspleáchas na n-iniúchóirí neamhspleácha mar chuid d’athbhreithniú an choiste ar leordhóthanacht agus ar oibiachtúlacht phróiseas na hiniúchóireachta seachtraí. Leagtar amach mionsonraí maidir le cineál na seirbhísí i rith na bliana reatha/i rith na mblianta roimhe seo nár bhain le hiniúchóireacht, agus maidir leis na táillí a bhaineann leo sin, i nóta 5 leis na ráitis airgeadais.

Coiste na gclár

Triúr de chomhaltaí an Bhoird atá ar Choiste na gClár agus meastar gur comhaltaí neamhspleácha beirt acusan. Breithníonn an coiste seo bearta forbartha agus pleananna mórthábhachtacha maidir le hábhar agus sceidil RTÉ. Ag gach ceann de na cruinnithe, buaileann an coiste leis na feidhmeannaigh atá freagrach as an ábhar a léirítear agus a chuirtear ar fáil agus leis an lucht bainistíochta sinsearaí (lena n-áirítear lucht déanta cláir neamhspleácha go hinmheánach agus go seachtrach, de réir mar is gá) chun athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar cláir atá á chur ar fáil agus ar na straitéisí agus na pleananna atá á leagan amach.

Maidir le riosca eagarthóireachta, tugann Coiste na gClár agus an Coiste Iniúchta agus Riosca a gcuid clár oibre le chéile ionas go gcinntítear maoirseacht agus bainistíocht éifeachtúil maidir le baol ó chúrsaí eagarthóireachta. Tugann an Bord riosca eagarthóireachta i gceist i gcomhthéacs riosca go ginearálta, mar a mhínítear níos mine maidir le rialú inmheánach agus bainistiú riosca thíos.

An Coiste Bunathraithe Straitéise

Tháinig an Coiste Bunathraithe Straitéise nuabhunaithe le chéile den chéad uair in 2020 agus triúr de chomhaltaí an Bhoird atá ar an gCoiste agus meastar gur comhaltaí neamhspleácha iad ar fad.

Is é ról an choiste an dul chun cinn agus an méid atá bainte amach ag RTÉ i dtaobh na bpleananna atá leagtha amach i straitéis 2020-2024 RTÉ a thomhais agus maoirseacht a dhéanamh ina leith. Is ionann an straitéis agus plean bunathraithe lena dtugtar meáin chumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann ar chaoi inbhuanaitheachta agus lena ndírítear ar chuid mhór de na réimsí deacrachta a chuirtear roimh RTÉ. Áirítear mórchlár atheagrúcháin sa phlean atá dírithe ar laghduithe i gcostas agus athchóiriú a sholáthar thar thréimhse trí bliana.

An Coiste Luach Saothair agus Forbartha Bainistíochta

Triúr de chomhaltaí an Bhoird atá ar an gCoiste Luach Saothair agus Forbartha Bainistíochta, meastar gur comhaltaí neamhspleácha an bheirt. Tá téarmaí tagartha an choiste ar fáil ar láithreán gréasáin RTÉ. Áirítear na bearta seo a leanas a bheith ag baint le ról agus freagracht an choiste:

  • Ceapachán, spriocanna, feidhmíocht agus luach saothair an Phríomh-Stiúrthóra a mheas agus moltaí a dhéanamh leis an mBord sula n-iarrtar aontú an Rialtais. Déantar an t-athbhreithniú sin i gcomhthéacs pholasaí ábhartha an Rialtais. (Déanann téarmaí tagartha an choiste foráil freisin do ról an Leas-Phríomh-Stiúrthóra, nó aon duine arna cheapadh go sealadach chuig ról an Phríomh-Stiúrthóra de réir Alt 89 (8) den Acht Craolacháin 2009);
  • Comhairliúchán a dhéanamh leis an bPríomh-Stiúrthóir maidir le pacáiste luach saothair don lucht bainistíochta feidhmiúcháin, le haird ar pholasaí an Rialtais maidir le luach saothair an lucht bainistíochta sinsearaí i gcomhlachtaí Stáit tráchtála;
  • Comhairliúchán a dhéanamh leis an bPríomh-Stiúrthóir maidir leis na conarthaí do chonraitheoirí “sárchumais”; agus
  • Breithniú a dhéanamh ar luach saothair aon chomhaltaí Boird d’fhochuideachtaí RTÉ nár cheap an Rialtas.

Bíonn cúnamh ag an gcoiste, de réir mar a bhíonn gá leis sin, ó dhuine a ainmníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is de réir pholasaí an Rialtais a shocraítear luach saothair chomhaltaí an Bhoird agus, dá bhrí sin, ní ábhar sin a thagann faoi scáth bhreithniú an Choiste seo go sonrach.

An Coiste maidir le Cóirthrádáil

Tá an Coiste maidir le Cóirthrádáil freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar Pholasaí Cóirthrádála RTÉ. Beirt de chomhaltaí an Bhoird atá ar an gcoiste agus meastar gur comhaltaí neamhspleácha gach comhalta den choiste. Seo a leanas feidhmeanna an choiste:

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar thuairiscí ón Oifigeach Cóirthrádála;
  • Maoirseacht a dhéanamh, agus athbhreithniú nuair is gá, ar na gnáis agus ar an nós oibre inmheánach, an nós oibre maidir le gearáin san áireamh; agus
  • Athbhreithniú a choimisiúnú ó am go chéile ar ghnáis cóirthrádála RTÉ.

Tá Polasaí Cóirthrádála, chomh maith le Nós Imeachta maidir le Gearáin faoi chúrsaí Cóirthrádála, ag RTÉ agus cuirtear an dá cháipéis sin ar fáil ar shuíomh gréasáin RTÉ.ie. Bhí an Coiste maidir le Cóirthrádáil freagrach as maoirseacht a dhéanamh i leith an pholasaí sin i rith na bliana. I gcomhréir leis an bpolasaí sin, d’aontaigh an coiste tuarascáil maidir leis an bPolasaí Cóirthrádála agus a chur i bhfeidhm agus tá sin ar leathanach 163.

Neamhspleáchas Chomhaltaí an Bhoird

Bíonn breithiúnas, ceistiú agus díograis neamhspleách á gcur i bhfeidhm ag gach comhalta Boird maidir leis an ábhar a phléann an Bord. Tá meastóireacht déanta ag an mBord ar neamhspleáchas na gcomhaltaí de réir na gcritéar neamhspleáchais a leagtar amach faoi Chód Rialachas Corparáide an Ríochta Aontaithe, an Cód maidir le Rialachas Corparáide atá i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá liostaithe ar Euronext, Baile Átha Cliath.

Iléagsúlacht an Bhoird maidir le cúrsaí Neamhspleáchais

Le haird ar ionracas, dianseasmhacht agus oibiachtúlacht chomhaltaí an Bhoird, meastar go bhfuil gach comhalta den Bhord neamhspleách faoi na critéir sin. Ina ainneoin sin, is fostaithe de chuid RTÉ iad Dee Forbes agus Robert Shortt agus ní féidir dá bhrí sin, agus ar an gcúis sin amháin, iad a mheas mar chomhaltaí neamhspleácha den Bhord ar an 31 Nollaig 2020 de réir chritéir Chód Rialachas Corparáide an Ríochta Aontaithe.

Mar a luaitear níos mionsonraithe i nóta 26 (Idirbhearta le Páirtithe Gaolmhara), tharla idirbhearta gnó idir RTÉ agus comhaltaí áirithe den Bhord, nó daoine gar gaoil leo, le linn gnáthchúrsaí gnó i rith na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2020. Ainneoin idirbhearta mar sin, tá deimhnithe ag an mBord go bhfuil na comhaltaí Boird sin neamhspleách ina dtréithe agus ina mbreithiúnas. Agus an Bord ag teacht ar an gcomhairle sin, rinneadh an t-ábhar seo a leanas a mheas:

Bhí cás amháin lenar bhain cláir a bheith á gcoimisiúnú ag RTÉ ó chuideachta léiriúcháin atá faoi úinéireacht / rialú dhuine muinteartha chomhalta den Bhord. Chuir an Bord san áireamh sna cásanna sin gurb ann do Threoirlínte agus Nósanna Imeachta foirmeálta den fhollasacht maidir le Coimisiúnú, go bhfoilsítear iad ar láithreán gréasáin RTÉ agus go gcuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach iad maidir leis na coimisiúin uile. Anuas air sin, is ar an lucht bainistíochta feidhmiúcháin atá an fhreagracht maidir le gach cinneadh ar leith maidir le coimisiún, déantar a mheas de réir chritéir mheasúnaithe shoiléire agus is de réir ghnáth-théarmaí agus ghnáthchoinníollacha tráchtála i ngach cás a thugtar conarthaí i ngach cás. Ní ábhar an cinneadh maidir le coimisiún aon chlár faoi leith le tabhairt faoi mheas agus faoi bhreithniú an Bhoird. D’fhonn an fhollasacht a léiriú, déantar iniúchadh neamhspleách ar nósanna imeachta coimisiúnaithe áirithe freisin gach bliain agus cuirtear tuarascáil bhliantúil faoi Léiriúchán Neamhspleách faoi bhráid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán de réir Alt 116 (9) d’Acht Craolacháin 2009.

Bhreithnigh an Bord freisin ceist maidir le comhalta den Bhord, nó duine gar gaoil leo, a bheith á fhostú ag RTÉ faoi chonradh Ealaíontóra maidir le páirt a ghlacadh i gclár. Daoine den lucht eagarthóireachta agus bainistíochta líne a shocraíonn ar rannpháirtí nó láithreoir a fhostú do chlár, agus an aird chuí ar riachtanais an chláir agus ar scileanna agus taithí an duine atá á fhostú. Thug an Bord ar aird freisin gur ar na gnáth-théarmaí tráchtála a gceanglaítear conarthaí agus iad ag teacht le polasaí RTÉ maidir le daoine a fhostú. Níor tharla fostú ar bith a bhainfeadh le hábhar i rith na bliana 2020.

Rialú Inmheánach agus an Bhainistíocht maidir le Riosca

Is ar an mBord atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le córais an Ghrúpa don rialú inmheánach agus le hathbhreithniú ar a éifeachtúla agus atá siad. Is chun bainistíocht a dhéanamh maidir le riosca nach mbainfí amach cuspóir gnó seachas chun an baol sin a chur ar neamhní ar fad atá na córais sin leagtha amach agus is dearbhú réasúnta a thugtar leo nach dtarlóidh míráiteas ábhartha nó caillteanas agus ní dearbhú absalóideach.

Deimhníonn an Bord go raibh próiseas leanúnach ar bun ar feadh na bliana agus go dtí dáta cheadú na ráiteas airgeadais chun rioscaí suntasacha a bhainfeadh le RTÉ a shonrú, a mheas agus a bhainistiú. Tá an próiseas seo ag teacht leis an Treoir faoi Bhainistíocht Riosca, faoi Rialú Inmheánach agus faoi Thuairisciú ar Chúrsaí Airgeadais agus Gnó a Ghabhann leis sin agus Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú na Comhairle. Déanann an Coiste Iniúchta agus Riosca maoirseacht i leith an phróisis.

Glacann an Coiste Iniúchta agus Riosca leis gur cuid lárnach de chlár oibre an choiste an bhainistíocht i ndáil le riosca agus táthar díograiseach maidir le bainistíocht fhónta a dhéanamh ar an mbaol a mbeadh RTÉ ann agus maolú oiread agus is féidir ar an gcur isteach a bheadh aige ar na cuspóirí gnó a bhaint amach.

An Creatchóras Bainistíochta maidir le Cúrsaí Riosca

Tá creatchóras bainistíochta maidir le cúrsaí riosca ar bun ag RTÉ atá bunaithe ar struchtúir; freagracht i ndáil le réimsí baoil a leagan ar dhaoine; próisis agus córais trína dtugtar ábhar baoil chun suntais, trína ndéantar a mheas agus trína dtugtar tuairisc air; agus monatóireacht ar éifeachtúlacht na mbearta maolúcháin. Déanann an Stiúrthóir Straitéise, maoirseacht ar an gcreatchóras bainistíochta maidir le cúrsaí riosca agus déanann tuairisciú ina leith chuig an bPríomh-Stiúrthóir.

Bhí próiseas bainistíochta maidir le cúrsaí riosca i bhfeidhm ag RTÉ i rith na bliana atá leagtha amach chun na réimsí riosca mórthábhachtacha a mbeadh an gnóthas ina mbaol a thabhairt chun suntais agus tuairisc a thabhairt don Bhord agus don Choiste Iniúchta agus Riosca ar na bealaí ina bhfuil bainistíocht á déanamh maidir leis na rioscaí. Díríonn an Bord go háirithe ar na cineálacha riosca a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do straitéis RTÉ nó rioscaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’inmharthanacht fhadtéarmach nó do dhea-chlú RTÉ. Mar a mhínítear níos mine thíos, tá dhá chéim i gceist leis an bpróiseas bainistíochta maidir le cúrsaí riosca – meastóireacht straitéiseach ar an ábhar baoil a dhéanann Feidhmeannas RTÉ agus beart measúnachta áitiúil ar an mbaol a dhéanann an lucht bainistíochta líne sna rannóga.

Déanann lucht Fheidhmeannas RTÉ an t-ábhar baoil a thabhairt chun suntais a thiocfadh roimh straitéis RTÉ a thabhairt i gcrích. Luaitear Urra Feidhmiúcháin agus Úinéir Riosca le gach réimse a mheastar a bheith ina bhaol mórthábhachta agus coinnítear iad sin faoi athbhreithniú agus faoi mhonatóireacht leanúnach i rith na bliana. Coinníonn an tÚinéir Riosca súil ar na nithe ba chionsiocair leis an riosca agus coinnítear tuairisc ar na bearta rialála a dhéantar chun an baol a mhaolú. Déantar chomh maith táscairí baoil a shonrú a chuideodh leis an monatóireacht ar athrú maidir lena mhinice a bheadh an baol ann. Tugtar cuntas comhdhlúth ar an mbeartaíocht sin i gcáipéis maidir le rioscaí straitéiseacha. Tá feidhm maidir le riosca a dhéanann maoirseacht agus athbhreithniú ar an obair seo anois agus ceangal cothaithe idir sin agus an próiseas pleanála straitéiseach faoi réimsí níos leithne ná sin ar fad. Cuirtear an cháipéis maidir le rioscaí straitéiseacha faoi bhráid an Choiste Iniúchta agus Riosca agus faoi bhráid an Bhoird mar chuid den athbhreithniú ar éifeachtúlacht na gcóras don rialú inmheánach. Tugtar tuairisc reatha gach ráithe i rith na bliana freisin don Choiste Iniúchta agus Riosca faoi stádas na rioscaí éagsúla, faoi athruithe maidir le táscairí baoil agus faoi bhearta maolúcháin.

Ag teacht leis an bpróiseas straitéiseach a mhínítear thuas i ndáil le réimsí baoil a mheas, déantar cláir baoil áitiúla a choinneáil d’fhonn ábhar baoil a mheas, an dóigh go dtarlóidh nó nach dtarlóidh na príomhtheagmhais a mbeifí ina mbaol a mheas agus an tionchar is dócha a bheadh ag na teagmhais dá dtitfidís amach. Déantar tuairisc ar na bearta bainistíochta a dhéantar maidir le gach baol.

Na Príomhréimsí Baoil agus Éiginnteachta

Mar chuid den phróiseas a mhínítear thuas maidir le hábhar baoil a shonrú, tá na príomhréimsí baoil leagtha amach a d’fhéadfadh a bheith ina gcur isteach dochrach ar ghnó, ar riocht airgeadais, nó ar thorthaí an Ghrúpa. Tugtar cuntas achoimre thíos ar na réimsí baoil sin agus ar na bearta maolúcháin ina leith. Níl i gceist gur anailís uilechuimsitheach seo ar gach ábhar baoil a d’fhéadfadh a theacht chun cinn le linn an gnó a sheoladh. Déantar na príomhréimsí baoil a mheas ar bhonn leanúnach agus cuireann an lucht bainistíochta tuairisc ar athruithe suntasacha maidir leis an ábhar baoil a thugtar chun suntais, nó ar an tábhacht a bheadh leis an mbaol sin, faoi bhráid an Choiste Iniúchta agus Riosca.

Cuntas ar an Ábhar Baoil

Bearta Maolúcháin

Comhlíonadh

Cúrsaí Eagarthóireachta

D’fhéadfadh damáiste do chlú RTÉ sa chás go dtarlódh teip thromchúiseach cloí leis na caighdeáin eagarthóireachta nó le coinníollacha eile maidir le cothroime, neamhchlaonadh agus príobháideachas cur isteach ar leibhéal muiníne an lucht féachana agus éisteachta, dochar a dhéanamh don bhranda agus a bheith ina chúis le himeachtaí dlí.

  • Treoirlínte Iriseoireachta & Ábhair RTÉ 2020
  • Slabhra bainistíochta sainsonraithe agus struchtúir eagarthóireachta
  • Oiliúint ar an lucht foirne
  • Comhairle dlíodóra de réir mar a bhíonn gá leis
  • Próiseas gearáin faoin reachtaíocht

Leasú ar an Dlí/Rialachán agus Comhlíonadh

Athrú ar bith ar rialacháin nó ar dhlí na hÉireann nó an AE a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar chúrsaí oibriúcháin RTÉ, lena n-áirítear inter alia reachtaíocht an chraolacháin, cóipcheart, caighdeáin fógraíochta, an táille ceadúnais, cosaint sonraí, cóid cleachtais maidir le gnóthaí airgeadais chomh maith le haon damáiste do chlú RTÉ mar gheall ar neamhchomhlíonadh réimse leathan ceanglas faoin dlí agus faoi rialacháin

  • Aighneachtaí a chur faoi bhráid chomhlachtaí a bhaineann le hábhar ina leagtar amach cás RTÉ i ndáil leis an toradh a bheadh ar athrú ar an reachtaíocht nó ar rialacháin
  • Treoirlínte agus polasaithe leasaithe agus iad a chur i bhfeidhm
  • Cumarsáid rialta agus oiliúint ar an lucht foirne
  • Córas sainsonraithe maidir le rialachas corparáide agus rialáil oibriúcháin
  • Coistí ceadaithe corparáide maidir le beartaíocht tráchtála
  • Slabhra bainistíochta sainsonraithe maidir le cúrsaí

Cúrsaí Airgeadais

Acmhainní Airgeadais

Ábhar baoil a bhaineann le leithroinnt bainistíocht straitéiseach ar acmhainní airgid ionas go ndéantar an infheistíocht is fearr a d’fhéadfaí in ábhar dúchasach/seirbhísí nua feabhsaithe agus caipiteal (sa ghnó); smacht agus ísliú ar an gcostas oibriúcháin agus luach ar an airgead a thabhairt i gcrích ar fud na seirbhísí go léir.

Tagann i gceist leis seo freisin an bhainistíocht leanúnach ar chúlchistí airgid thirim agus ar chistíocht bainc ionas go mbíonn ciste leordhóthanach ar fáil maidir leis an airgead tirim a theastaíonn do chúrsaí leanúnacha oibriúcháin, agus chun infheistíocht a dhéanamh sa ghnó

  • Tionscnaimh laghdaithe costais straitéise leasaithe a chur i bhfeidhm
  • Próiseas buiséadaíochta ar bun maidir leis an mbuiséad bliantúil.
  • Cuntais bhainistíochta agus meastacháin ar bhonn míosúil, lena ngabhann an tuairisciú ar an teacht isteach agus ar an gcaiteachas i gcomórtas leis an mbuiséad
  • Próiseas buiséadaíochta caipitil agus Coiste Caipitil ar leith
  • Réimse feidhme maidir le cistíocht agus bainistíocht ar airgead tirim a oibríonn de réir pholasaí cistíochta aontaithe
  • Meastacháin airgid meántéarmacha ilbhlianta
  • Teorainneacha ceadaithe bainistíochta agus údaráis

Maoiniú Poiblí

Leibhéil neamhdhóthanacha maidir le cistíocht phoiblí agus easpa athchóiriúcháin ar chúrsaí maoinithe sa chaoi is go gcuirtear teorainn le hacmhainn RTÉ na haidhmeanna seirbhíse poiblí a leagtar síos faoin reachtaíocht a chomhlíonadh.

  • Rannphairtíocht leanúnach le príomhlucht cinntí agus le príomhpháirtithe leasmhara maidir le hathchóiriú ar mhaoiniú poiblí
  • Comhairle eacnamaíochta agus dlí a fháil, nó tuarascálacha / anailís tagarmharcála a choimisiúnú, de réir mar is gá
  • Monatóireacht a dhéanamh ar na spriocanna maidir le táillí ceadúnais a bhailiú, ar na staitisticí maidir le teaghlaigh agus ar na rátaí seachanta
  • Comhoibriú leanúnach le An Post agus le DTCAGSM maidir le bailiú an táille ceadúnais agus gnóthaí gaolmhara

Ioncam Tráchtála

Teip bearta nua a dhéanamh i ndáil leis héilimh atá ag gníomhaireachtaí agus ag lucht fógraíochta, éilimh atá ag athrú, agus foinsí nua ioncaim a fhorbairt.

  • Cuntas agus tuairisciú maidir leis an lucht féachana agus éisteachta
  • Monatóireacht maidir le gnóthachtáil ioncaim agus tuar leanúnach ar an teacht isteach atá i ndán gach ráithe: Déanann Feidhmeannas RTÉ monatóireacht gach coicís ar thuairiscí ioncaim, lena ngabhann tráchtaireacht ar chúrsaí an mhargaidh agus na heacnamaíochta
  • Monatóireacht a dhéanamh ar na tionchair reatha agus ar na tionchair atá ag teacht chun cinn ar staid airgeadais RTÉ de bharr an Bhreatimeachta, Covid-19 agus fachtóirí eacnamaíochta seachracha eile agus na tionchair sin a mheas
  • Tionscnaimh thráthúla oiriúnacha i ndáil le cúrsaí díolacháin agus ilmheáin maidir le timpeallacht iontaofa RTÉ chun dul i ngleic leis an ísliú ioncaim
  • Roinn tráchtála athstruchtúrtha le dul i ngleic le riachtanais lucht fógraíochta, riachtanais atá ag athrú, agus foinsí nua ioncaim a fhorbairt

Réimsí Straitéiseacha

Tacaíocht Pháirtithe Leasmhara Seachtracha

Gníomh ó aon pháirtí leasmhar as réimse de pháirtithe leasmhara (lena n-áirítear polaitiúil, sochaí, tionscal, cultúr, tráchtála, etc.), a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chumas RTÉ an plean straitéise leasaithe a thabhairt i gcrích.

  • Rannpháirtíocht rialta, réamhghníomhach leis an BAI agus leis an DTCAGSM chomh maith le páirtithe leasmhara eile, agus aighneachtaí chuig próisis chomhairleoireachta
  • Rannpháirtíocht leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán
  • Páipéir RTÉ a sheoladh chuig an DTCAGSM maidir le Ciste Ábhar agus Feiceálacht atá beartaithe

Athrú Eagrúcháin

Is é seo an baol nach n-éireoidh le RTÉ bainistíocht éifeachtúil a dhéanamh ar an athchóiriú bunúsach ar an eagraíocht chun an straitéis leasaithe & an modh oibriúcháin; agus bonn costais iomchuí a thabhairt i gcrích.

  • Straitéis leasaithe RTÉ a éascú - tionscnaimh athraithe a chur i bhfeidhm, i gcomhthéacs na dtionchar de bharr Covid-19, tionchair atá ag athrú
  • Athbhreithniú agus athrú ar an struchtúr eagrúcháin; ag díriú ar Áit, Cuspóir, Ábhar, Samhlacha Léiriúcháin; Eagraíocht
  • Athruithe maidir le nósanna oibre chun obair i meithle, solúbthacht, soghluaisteacht agus éifeachtacht a chur chun cinn

Cúrsaí Dáileacháin

D’fhéadfadh teip a chinntiú go bhfuil teacht ar ábhar agus ar sheirbhísí RTÉ agus go bhfuil na seirbhísí feiceálach ar ardáin ábhartha nó infheistíocht a dhéanamh maidir leis na pátrúin a thiocfaidh chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta, ceangal RTÉ le lucht féachana agus éisteachta, agus na spriocanna a leagtar síos ina leith, a chur i mbaol.

  • Monatóireacht agus anailís leanúnach ar chora nua sa teicneolaíocht agus ar nósmhaireacht an lucht féachana agus éisteachta ar an margadh
  • Rannpháirtíocht le príomhlucht na gcinntí agus le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear an BAI agus an Rialtas maidir le feiceálacht PSM
  • Straitéis ar bun maidir le cúrsaí dáiliúcháin agus cearta ábhair

Branda & Clú

Má theiptear branda RTÉ a bhainistiú, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar dhearcthaí na bpáirtithe leasmhara. Bheadh tionchar dá réir ansin ar an leibhéal muiníne agus tionchar b’fhéidir ar an éileamh reatha agus ar an éileamh amach anseo ar sheirbhísí RTÉ.

D’fhéadfadh sé tarlú go ndéanfaí dochar do chlú RTÉ dá dtiocfadh aon cheann de phríomhréimsí baoil RTÉ chun cinn agus go mbainfeadh sin ón tacaíocht i leith straitéis RTÉ.

  • Treoirlínte atá curtha in iúl go soiléir agus cloí le polasaithe
  • A chinntiú go mbaineann RTÉ agus gníomhaireachtaí seachtracha úsáid as rialuithe sábháilteachta branda
  • Leagan amach brandála nua agus cur in iúl na cruthaitheachta do RTÉ
  • Infheistíocht i dtionscnaimh margaíochta chun ábhair a chur chun cinn agus luach a léiriú
  • Tionscnaimh Fhreagracht Sóisialta na Corparáide (CSR)
  • Próiseas chun cásanna a chur faoi bhráid dhaoine níos sinsearaí sa chóras agus pleanáil maidir le bainistíocht ar chásanna géarchéime

Cúrsaí Oibriúcháin

Ábhar

Teip ábhar atá sách tábhachtach agus sách spéisiúil a shonrú agus a thabhairt chun cinn, go háirithe do dhaoine óga agus do dhreamanna den lucht féachana agus éisteachta ar lú an freastal a dhéantar orthu – an gá atá le dul i bhfiontar ó thaobh cúrsaí cruthaitheachta.

  • Cuntas agus tuairisciú maidir leis an lucht féachana agus éisteachta
  • Tionscnaimh i ndáil le hábhar freagrúil
  • Deiseanna comhchistíochta agus foinsí eile airgid a scrúdú a chuireann le hinfheistíocht RTÉ agus a thugann tionchar níos mó i gcrích as infheistíocht níos ísle
  • Earnáil láidir léiritheoirí neamhspleácha

Daoine/Scileanna

An baol go dtarlódh easnamh, ó thaobh straitéis leasaithe RTÉ a thabhairt i gcrích, maidir le taithí agus scileanna ar fud na ndisciplíní. Tagann i gceist leis sin an baol nach bhféadfaí baill foirne a mhealladh, a choinneáil agus a fhorbairt, go háirithe maidir le róil shainspeisialta, agus easpa iléagsúlachta.

  • Pleanáil straitéise lena n-áirítear straitéis slánchóirithe acmhainní daonna
  • Plean gníomhaíochta maidir le hiléagsúlacht d’fhonn iléagsúlacht foirne a chothú agus baill foirne a choinneáil
  • Pleanáil comharbachta
  • Straitéis foghlama agus forbartha ar leibhéal na heagraíochta

Pleanáil Leanúnachais Gnó agus Athshlánaithe ó Thubaiste Covid-19

An baol a bhaineann le Covid-19 nó le himeacht force majeure a chuireann isteach ar leanúnachas agus ar tháirgeacht gnó, nó teip ar theicneolaíocht ríthábhachtach, ar bhonneagar nó ar shlándáil, nó ar ghníomhaíochtaí tríú páirtí (m.sh. cur isteach ar sheirbhísí mar gheall ar chibirionsaí / ionsaí víris, gníomhaíocht soláthróra).

  • Pleananna leanúnachais gnó agus bainistíochta géarchéime athnuaite
  • Prótacail don Chianobair Eatramhach agus d’Obair go Sábháilte ar an láthair
  • Meitheal sinsearach bainistíochta ghéarchéim Covid-19 (teagmhas eagarthóireachta) i bhfeidhm le cruinnithe rialta
  • Buanseasmhacht agus iomarcacht a bheith ina gcuid chóirithe de na próisis ghnó: Gnáis cóipeanna taca TE; seachfhreastalaithe; gné iomarcachta maidir leis an gcóras tarchuradóireachta náisiúnta don chraolachán; srl.
  • Plean teicneolaíochta i bhfeidhm

Rialú Inmheánach

Tá creatchóras rialaithe inmheánach curtha ar bun ar bhonn docht d’fhonn rialú inmheánach den éifeacht a thabhairt i gcrích, lena mbaineann na gnéithe seo a leanas:

  • Struchtúr eagrúcháin atá leagtha amach go soiléir, lena mbaineann saindealú foirmeálta maidir le teorainneacha údaráis agus córais tuairiscithe le leibhéil bainistíochta níos airde agus leis an mBord;
  • Ráiteas maidir le cinntí forchoimeádta don Bhord lena mbreithniú agus le cinneadh a ghlacadh ina leith;
  • Cóid iompair maidir leis an ngnó do chomhaltaí an Bhoird agus d’fhostaithe ina leagtar amach na caighdeáin eitice a bhfuil súil leo agus duine i mbun gnó;
  • Nósanna imeachta atá leagtha síos chun riosca mórthábhachta a chuirfeadh isteach ar an ngnó a thabhairt chun aire, a smachtú agus a thuairisciú;
  • Córais chuimsitheacha do bhuiséid le buiséid airgeadais bhliantúla á gceadú ag an mBord;
  • Próiseas pleanála do gach rannóg agus pleananna straitéiseacha fadtéarmacha arna gceadú ag an mBord;
  • Tuairisciú tráthúil de réir na míosa, leis na torthaí iarbhír á lua i gcomparáid leis an mbuiséad agus sin á bhreithniú ag an mBord gach mí;
  • Polasaí maidir le Tuairisciú de Mheon Macánta (Sceithireacht) trína gcuirtear córas ar fáil don lucht foirne lenar féidir tuairisc a thabhairt faoi rún agus, más gá, gan ainm a lua, mar gheall ar ábhar buartha; agus
  • Beartais agus nósanna imeachta cuimsitheacha a bhaineann le bearta rialála i gcúrsaí oibriúcháin agus airgeadais, lena n-áirítear gealltanais agus caiteachas caipitil. Bíonn ceadú an Bhoird riachtanach maidir le tionscadail mhóra caipitil.

Déanann Iniúchadh Inmheánach athbhreithniú de réir córais ar na bearta rialála seo ag cur chuige ar bhonn riosca. Deimhníonn an Bord, tríd an gCoiste Iniúchta agus Riosca, go bhfuil athbhreithniú déanta aige ar éifeachtúlacht an chórais rialaithe inmheánaigh suas go dtí dáta ceadaithe na ráiteas airgeadais agus an dáta sin san áireamh.

Bhí ag baint leis an bpróiseas ar ghlac an Bord leis chun tabhairt faoi athbhreithniú ar éifeachtúlacht an chórais rialaithe inmheánaigh:

  • Breithniú a dhéanamh ar an údarás, ar na hacmhainní agus ar chomhordú na ndaoine a bhfuil baint acu le rioscaí suntasacha a mbeadh RTÉ ina mbaol a shonrú, a mheas agus a bhainistiú;
  • Athbhreithniú agus meastóireacht ar thoradh an phróisis mheasúnaithe agus bhainistíochta maidir le riosca;
  • Monatóireacht a dhéanamh ar thuarascálacha riosca ón lucht bainistíochta;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár oibre don iniúchadh inmheánach agus na príomhthorthaí a bhreithniú; agus
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascáil na n-iniúchóirí seachtracha, a dhéanann, mar chuid dá ngnáthnósanna imeachta, scrúdú ar ghnéithe de na córais don rialú inmheánach agus tuairisc a thabhairt don Choiste Iniúchta agus Riosca ar aon easnamh suntasach.

Gnóthas Leantach

Bhreithnigh comhaltaí an Bhoird sreabhadh airgid, leachtacht agus gníomhaíochtaí gnó an Ghrúpa. Bhreithníodar sreabhadh airgid tuartha an Ghrúpa maidir le chomh fada agus is intuartha agus na héagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na tuartha sin a mheas. Tar éis na fiosrúcháin sin a dhéanamh, tá ionchas réasúnach ag comhaltaí an Bhoird go bhfuil acmhainní dóthanacha ag RTÉ chun leanúint ar aghaidh i mbun gnó oibriúcháin chomh fada agus is intuartha. Mar gheall air sin, leanann siad de ghlacadh le bonn an ghnóthais leantaigh agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú. Déan tagairt do Nóta 1 (iv) sna ráitis airgeadais chun tuilleadh sonraí a fháil.

Táillí Chomhaltaí an Bhoird1

Cloíonn RTÉ le polasaí an Rialtais maidir le táillí a íoc le cathaoirligh agus stiúrthóirí chomhlachtaí Stáit, faoi mar a shocraíonn an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

I mí na Samhna 2019, i gcomhthéacs tionscnamh laghdaithe costais a aithníodh mar chuid de straitéis leasaithe RTÉ 2020-2024, d’fhógair comhaltaí an Bhoird go raibh sé i gceist acu a gcuid táillí a tharscaoileadh, le feidhm ón 1 Eanáir 2020, Dá thoradh sin, níor fhabhraigh comhaltaí aon táillí in 2020.

2020

2019

€’000

€’000

Comhaltaí an Bhoird an 31 Nollaig 2020

Moya Doherty

-

19

Dee Forbes

-

-

Ian Kehoe

-

16

Deborah Kelleher4

-

-

An Dr P.J. Mathews4

-

-

Connor Murphy

-

-

Anne O’Leary

-

16

Robert Shortt2

-

16

Íocaíochtaí le hiarchomhaltaí3

Eoin McVey

-

16

Shane Naughton

-

16

Fionnuala Sheehan

-

16

Margaret E. Ward

-

16

Frank Hannigan

-

8

-

139

1. Is comhaltaí neamhfheidhmiúcháin comhaltaí uile an Bhoird, seachas an Phríomh-Stiúrthóir, Dee Forbes, a dhéanann fónamh mar chomhalta ex officio agus Robert Shortt, a ceapadh i ndiaidh toghchán foirne

2. Chomh maith leis na táillí Boird, rinneadh Robert Shortt a íoc ina fhostaí de chuid RTÉ

3. D’éirigh Frank Hannigan as a bheith ina chomhalta den Bhord an 18 Meitheamh 2019, roimh an dáta a raibh sé beartaithe aige deireadh a chur lena théarma oifige (i mí na Samhna 2019). Tháinig deireadh le téarma oifige ceathrar comhaltaí den Bhord, atá liostaithe sa tábla thuas, an 15 Feabhra 2020.

4. I gcomhréir leis an bprionsabal “aon tuarastal amháin d’aon duine amháin”, níl fostaithe sa tseirbhís phoiblí atá ag suí ar bhoird stáit i dteideal táillí boird breise

Costais Chomhaltaí an Bhoird1

Ag teacht leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú, ní mór an foilsiú seo a leanas a dhéanamh i ndáil le costais a íocadh le comhaltaí den Bhord:

2020

2019

€’000

€’000

Taisteal – míleáiste

2

9

Liúntais chothabhála

2

17

4

26

1. Baineann costais chomhaltaí an Bhoird thuas leis an bhfónamh ar an mBord amháin agus ní thugtar san áireamh costais chomhaltaí ina gcáil mar fhostaithe de chuid RTÉ

Luach Saothair an Phríomh-Stiúrthóra

Tá an luach saothair don Phríomh-Stiúrthóir ag cloí le polasaí an Rialtais faoi luach saothair phríomhoifigeach feidhmiúcháin na gcomhlachtaí Stáit tráchtála a shocrú, arna eisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus arna cheadú ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. I gcomhlíonadh an cheanglais nochtaithe atá sa Chód Cleachtais Chun Comhlachtaí Stáit a Rialú agus in Alt 305 d’Acht na gCuideachtaí 2014, tá luach saothair an Phríomh-Stiúrthóra comhdhéanta de:

2020

2019

€’000

€’000

Luach Saothair:

– Buntuarastal

225

250

– Liúntas gluaisteáin

25

25

Luach Saothair Iomlán

250

275

Ranníocaíochtaí Sochair Scoir1

56

63

306

338

1. An méid a d’íoc RTÉ le scéim pinsin ranníoca sainithe RTÉ

Thabhaigh Dee Forbes costais dar suim iomlán €1,562 (2019: €4,871) i mbun dhualgais phost an Phríomh-Stiúrthóra a dhéanamh.

D’aontaigh comhaltaí an Fheidhmeannaigh laghdú 10% ar thuarastal a ghlacadh roimh thús na paindéime domhanda. Níor deonaíodh ná níor íocadh aon phá de réir feidhmíochta maidir leis an mbliain 2020 ná leis an mbliain 2019.