1. Achoimre ar Bheartais Chuntasaíochta Shuntasacha

(a) Bunús na cuntasaíochta

Tá ár bpríomhbheartais chuntasaíochta leagtha amach thíos. Tá liosta iomlán de na beartais chuntasaíochta ar fáil san aguisín le Ráitis Airgeadais an Ghrúpa ar leathanaigh 151 go 157. Cuireadh na beartais chuntasaíochta i bhfeidhm go comhleanúnach nuair a bhíothas ag déileáil le míreanna a mheastar gur míreanna ábhartha iad maidir le ráitis airgeadais an Ghrúpa agus RTÉ, ach amháin na caighdeáin nua agus na leasuithe ar na caighdeáin a luaitear san aguisín le Ráitis Airgeadais an Ghrúpa.

(i) Eintiteas tuairiscithe

Is corparáid reachtúil é RTÉ a bunaíodh faoin Acht Craolacháin, 1960 agus tá an chorparáid sainlonnaithe in Éirinn. Cuimsíonn ráitis airgeadais chomhdhlúite RTÉ amhail an 31 Nollaig 2020 agus don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019 comhdhéanta an chorparáid reachtúil agus gach eintiteas arna rialaíonn sé (dá dtagraítear in éineacht mar an “Grúpa”).

(ii) Ráiteas maidir le comhlíonadh

Ullmhaíodh ráitis airgeadais RTÉ agus an Ghrúpa de réir na gCaighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSs) mar a ghlac an tAontas Eorpach (AE) leo agus atá in éifeacht don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020 agus feidhmítear iad de réir fhorálacha na reachtaíochta craolacháin. Roghnaigh an Grúpa a ráitis airgeadais chomhdhlúite chomh maith le ráitis airgeadais eintitis máthairchuideachta RTÉ a chur i láthair de réir fhorálacha Acht na gCuideachtaí 2014 a mhéid agus is gá chun léiriú fíor agus cóir a thabhairt. Dá réir sin tá ráiteas mháthairchuideachta RTÉ maidir le staid airgeadais, an ráiteas maidir le sreabhadh airgid agus an ráiteas maidir le hathruithe ar chothromas curtha i láthair leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite freisin, mar a d’éileodh Acht na gCuideachtaí 2014 de ghnáth. Tá leasú déanta ar Ráiteas Ioncaim Grúpa RTÉ de réir mar a cheadaítear faoi Acht na gCuideachtaí 2014, Sceideal 3 Cuid II, Alt A4(5).

(iii) Bunús an ullmhaithe

Ullmhaíodh ráitis airgeadais RTÉ agus an Ghrúpa ar bhonn an chostais stairiúil arna mhodhnú ag an tomhas ag luach cóir na n-ionstraimí airgeadais díorthaigh agus na n-oibleagáidí sochair scoir.

I euro, airgeadra feidhmiúcháin eintitis ar fad an Ghrúpa, tugtha go dtí an míle is gaire (€000) a hullmhaíodh ráitis airgeadais an Ghrúpa.

Chun ráitis airgeadais a ullmhú de réir IFRSanna ní mór don bhainistíocht breithiúnais, meastacháin, agus boinn tuisceana a thabhairt a mbíonn tionchar acu ar fheidhmiú na mbeartas cuntasaíochta agus ar an líon sócmhainní, dliteanas, ioncaim agus caiteachais a thuairiscítear. D’fhéadfadh torthaí iarbhír a bheith difriúil ó na meastacháin sin. Déantar na meastacháin agus na boinn tuisceana taobh thiar díobh a athbhreithniú ar bhonn leanúnach. Sa tréimhse a ndéantar na meastacháin a athbhreithniú a aithnítear na hathbhreithnithe a dhéantar chomh maith le haon tréimhse ina dhiaidh sin a mbeadh tionchar acu uirthi. Le luacháil ar an scéim pinsin sochair shainithe agus le hionstraimí airgeadais a bhaineann na príomhréimsí a mbíonn breithiúnais shuntasacha nó castacht i gceist nó le réimsí a mbíonn tábhacht le breithiúnais agus meastacháin i dtaobh ráitis airgeadais an Ghrúpa agus tá cur síos orthu sna beartais chuntasaíochta ábhartha thíos agus sna nótaí bainteacha.

(iv) Gnóthas Leantach

Agus gnóthas leantach an Ghrúpa maidir leis na Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020 á mheas, tá sreabhadh airgid, leachtacht agus gníomhaíochtaí gnó an Ghrúpa breithnithe ag comhaltaí an Bhoird. Amhail an 31 Nollaig 2020, ba ionann infheistíochtaí airgid agus leachtacha an Ghrúpa agus iarmhéideanna €87 milliún agus €15 milliún saoráidí iasachta a bhí ar fáil nár tarraingíodh.

Bunaithe ar thuartha an Ghrúpa don tréimhse amach anseo, ina n-áirítear an tionchar sreabhaidh airgid a bhfuiltear ag súil leis de bharr Covid-19, atá bonn gnóthais leantaigh glactha ag comhaltaí an Bhoird agus na Ráitis Airgeadais á n-ullmhú. Tá an measúnú seo déanta acu tar éis sreabhadh airgid tuartha an Ghrúpa maidir leis an tréimhse amach anseo chomh fada agus is intuartha, ina gcuimsítear na héagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an tuar sin a mheas, a bhreithniú. Creideann comhaltaí an Bhoird, nuair a ghlactar acmhainní airgid atá ann faoi láthair san áireamh, go mbeidh acmhainní airgid leordhóthanacha ag an nGrúpa chun a dhliteanais a shásamh mar atá siad dlite.

(v) Caighdeáin nua agus athchóirithe a ghlacadh

Agus ráitis airgeadais an Ghrúpa don bhliain reatha á n-ullmhú, ghlac an Grúpa le roinnt leasuithe nua maidir le caighdeáin. Ní raibh tionchar ábhartha ag na leasuithe ar nochtuithe maidir leis na ráitis airgeadais.

(vi) Caighdeáin atá eisithe ach nach bhfuil éifeacht leo fós

Tá liosta iomlán de chaighdeáin atá eisithe ach nach bhfuil éifeacht leo go dtí 2021 nó ina dhiaidh sin fós san áireamh sna beartais chuntasaíochta go léir in aguisín leis an Tuarascáil Bhliantúil. Ní mheasann na stiúrthóirí go mbeidh tionchar ábhartha ag glacadh na gcaighdeán nua ar ráitis airgeadais an Ghrúpa sna tréimhsí amach anseo, seachas maidir le IFRS 16.

Príomhbheartais Chuntasaíochta

(b) Aitheantas ioncaim

Tá ioncam, nach bhfuil CBL ná idirbhearta idir cuideachtaí sa Ghrúpa san áireamh ann, comhdhéanta d’ioncam a eascraíonn as táillí ceadúnais, díolacháin fógraíochta, urraíocht, úsáid saoráidí agus líonra tarchurtha an Ghrúpa, ioncam ciorclaíochta agus imeachtaí, agus ioncam ó ábhar, earraí díolacháin agus ioncam gaolmhar. Luaitear ioncam glan ó aon lascainí socraíochta nó lascainí ó thaobh méid.

Tá IFRS 15 i bhfeidhm i ndáil le gach sruth ioncaim an Ghrúpa seachas ar ioncam ón táille ceadúnais a thagann faoin IAS 20 Cuntasaíocht maidir le Deontais ón Rialtas agus Cúnamh ón Rialtas a Nochtadh. Déantar na sruthanna ioncaim eile, mar atá leagtha amach thíos, a aithint nuair a aistrítear na seirbhísí nó earraí atá geallta chuig na custaiméirí. Tá cur chuige 5 chéim glactha ag an nGrúpa maidir le tráthú aitheantais ioncaim bunaithe ar oibleagáidí feidhmíochta i gconarthaí custaiméirí. Is éard atá i gceist leis seo an conradh le custaiméirí a aithint, na hoibleagáidí feidhmíochta a aithint, praghas an idirbhirt a ríomh, an praghas a leithroinnt chuig na hoibleagáidí feidhmíochta laistigh den chonradh agus ioncam a aithint nuair atá na hoibleagáidí feidhmíochta bainte amach.

(i) Ioncam ón Táille Ceadúnais

Tá An Post ainmnithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM) mar ghníomhaire bailithe na táille ceadúnais teilifíse. Déanann An Post an t-ioncam ón Táille Ceadúnais a bhailiú agus a íoc leis an DTCAGSM, glan ó chostais bailiúcháin. Ina theannta sin, íocann an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta (DEASP) ioncam ón táille ceadúnais thar ceann daoine atá incháilithe do cheadúnas teilifíse ‘saor in aisce’. Íocann an DEASP an t-ioncam seo chuig an DTCAGSM gach mí.

Mar a fhoráiltear in Alt 123 den Acht um Údarás Craolacháin 2009 arna leasú le hAlt 69 den Acht um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Poist) 2011 íocann an DTCAGSM “deontas i gcabhair” neamh-inaisíoctha le RTÉ ó na táillí ceadúnais a bhailítear. Is ionann sin agus an méid a íoctar leis ón DEASP chomh maith leis an méid a bhailíonn An Post, glan ar chostais bailiúcháin agus tobhach 7% leis an gCiste Craoltóireachta arna chinneadh ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Arna fháil a aithnítear ioncam ón táille ceadúnais atá iníoctha ag an DEASP. Déantar an t-ioncam eile ar fad ón táille ceadúnais a áireamh ar thuairisc a fháil ó An Post ar líon na gceadúnas a ceannaíodh i rith an tréimhse.

(ii) Ioncam fógraíochta agus urraíochta

Aithnítear ioncam fógraíochta teilifíse ar sheachadadh feachtais. Aithnítear an t-ioncam fógraíochta eile go léir ar tharchur/ar fhoilsiú. Luaitear ioncam fógraíochta glan ó choimisiúin ghníomhaireachtaí. Aithnítear ioncam urraíochta go cothrom thar shaolré an chláir urraithe, an fhoilseacháin urraithe, srl.

(iii) Ioncam ó tharchuradóireacht agus ó áiseanna

Eascraíonn an t-ioncam ó chúrsaí tarchuradóireachta agus áiseanna ón úsáid a bhaineann an tríú pháirtí as craobhchóras tarchuradóireachta, dáileacháin agus ilphléacsúcháin an Ghrúpa agus ó áiseanna stiúideo. Aithnítear suimeanna de réir mar a chuirtear na saoráidí ar fáil do thríú páirtithe.

(iv) Ioncam ciorclaíochta agus imeachtaí

Ó fhoilsiú agus chiorclaíocht an RTÉ Guide a eascraíonn ioncam ciorclaíochta agus bíonn sé luaite glan ó tháillí dlite don dáileoir agus don mhiondíoltóir deiridh. Ar bhonn an ghlanmhéid cóipeanna díolta ag deireadh na tréimhse gearrtha díolacháin gach eagrán a aithnítear ioncam.

Ó imeachtaí poiblí arna n-eagrú ag Grúpaí Ceolfhoirne RTÉ a eascraíonn ioncam imeachtaí. Aithnítear é de réir mar a thionóltar na himeachtaí agus mar a bhíonn suimeanna dlite.

(v) Ioncam ó ábhar, earraí díolacháin agus ioncam gaolmhar

Is ionann ábhar, earraí díolacháin agus ioncam gaolmhar méideanna a ghintear ó ábhar agus seirbhísí RTÉ a chuirtear ar fáil do thríú páirtithe. Aithnítear ioncam de réir mar a chuirtear an tseirbhís ar fáil nó ar earraí a sheachadadh chuig tríú páirtí.

(c) Tuairisciú Rannóige

Déantar anailís rannóige, a ullmhaítear de réir chaighdeán IFRS 8 Rannóga Oibriúcháin a leagan amach i nóta 2(d). Is iad na rannóga príomhrannóga tuairiscithe ag RTÉ. Tá anailís rannóige eile mar a éilítear faoin Acht Craolacháin 2009 leagtha amach i sceideal 2(e).

I nóta 2(d), déantar an t-ioncam tráchtála a lua maidir leis an roinn Tráchtála den chuid is mó. Tuairiscítear ioncam 2rn sa Rannóg Líonraí. Luaitear an t-ioncam ó dhíolachán na cartlainne agus na leabharlainne sa rannán Ábhair. Luaitear ioncam ó sheirbhísí ilphléacsanna a chur ar fáil agus roinnt cineálacha beaga eile ioncaim maidir le réimsí eile. Is feidhm é tuairisciú an ioncaim ón táille ceadúnais laistigh de gach rannóg den ioncam sin a lua le gach cainéal agus seirbhís ar leithligh.

Déantar costais arna dtabhú ag rannóg agus ar son rannóige a lua taobh istigh den rannóg sin. Baintear leas as bunús cuí ionsúcháin lán-chostais nó leithdháileadh úsáide chun costas réasúnach agus cóir a leagan ar lár-sheirbhísí roinnte agus idir-rannacha a úsáideann na rannóga sin. Bíonn an leithdháileadh bunaithe ar phrionsabail cuntasaíochta an chostais arna gcur i bhfeidhm go seasta agus go hoibiachtúil.

Baineann costas léiriúcháin, coimisiúin agus ceannacháin ar chláracha teilifíse agus raidió le cainéil teilifíse agus raidió saor go haer RTÉ a chur ar fáil. Déantar na costais sin a ghearradh ar na rannáin maidir le hÁbhar agus Nuacht & Cúrsaí Reatha de réir mar is cuí. Ionas gur féidir an costas dáiríre a bhaineann le cainéil teilifíse agus raidió saor go haer RTÉ a chur ar fáil a léiriú go cothrom, ní chionroinntear na costais sin i leith seirbhísí ar líne áit a gcuirtear deiseanna breise ar fáil chun rochtain a fháil ar an ábhar a sholáthraítear. Sa chás go dtarlaíonn costas díreach maidir le cearta ar líne a cheannach nó athúsáid a bhaint as ábhar, nó ábhar a chruthú lena úsáid ar líne go príomha, déantar an costas sin a ghearradh ar sheirbhísí ar líne. Tá RTÉ ag cur lena aschur neamhlíneach agus is ar na hardáin dhigiteacha atá níos mó clár á gcraoladh den chéad uair anois agus le haistriú chuig cur chuige ar líne ar dtús i ndáil le clúdach nuachta. Chun an straitéis ar líne ar dtús seo a léiriú, leithroinntear cuid chuí den costas maidir leis an ngnáthbhonneagar bailithe nuachta a leithroinnt ar na seirbhísí ar líne. Sa chás go bhfaightear ábhar d’fhonn a úsáid i gcláir chraolta agus a úsáid go díreach le seirbhísí ar líne, déantar an costas a bhaineann le hábhar mar sin a fháil a leithdháileadh ag teacht leis na prionsabail leithdháilte costais a leagtar amach thuas.

(d) Fardail clár

Déantar fardail cláracha a luacháil ag a gcostas nó ag a nglanluach inréadaithe, cibé is lú.

Is ionann fardail clár dúchasach is cláracha a dhéanann RTÉ intí nó cláracha a dhéanann RTÉ a choimisiúnú ó léiritheoirí neamhspleácha. Áirítear ar chostais stoc cláracha in-tí costais dhíreacha cláracha lena n-áirítear saoráidí léirithe agus costais lucht oibre. Bíonn costais na stoc cláracha coimisiúnaithe bunaithe ar luach an chonartha. Gearrtar fardail na gcláracha dúchasacha go hiomlán chuig an Ráiteas ar an gcéad tarchur.

Is ionann fardail cláracha faighte agus cláracha agus scannáin a cheannaíonn RTÉ ó stiúideonna agus ó chraoltóirí tríú páirtí. Sainmhínítear costais na bhfardal cláracha faighte mar an luach conartha ceadúnais tríú páirtí a íocann RTÉ leis an stiúideo nó leis an gcraoltóir. Gearrtar fardail cláracha faighte chuig an Ráiteas Ioncaim bunaithe ar luach ionchasach gach tarchur mar seo a leanas:

Gnéchláracha:

75% ar an gcéad tarchur

25% ar an dara tarchur

Sraitheanna:

99% ar an gcéad tarchur

1% ar an dara tarchur

Is éard is fardail chearta spóirt ná na cearta imeachtaí spóirt a chraoladh. Sainmhínítear costais na bhfardal chearta spóirt mar an luach conartha a chomhaontaíonn an Grúpa leis an gcomhlacht spóirt cuí nó le sealbhóir na gceart. Sa chás go n-eisíonn RTÉ focheadúnais maidir le cearta spóirt don tríú páirtí, déantar an t-ioncam agus an costas a ghabhann leis sin a lua ar bhonn glan sa Ráiteas faoin Ioncam. Gearrtar fardail chearta spóirt chuig an Ráiteas Ioncaim de réir mar atá na himeachtaí spóirt a bhaineann leis na cearta á gcraoladh.