Bord RTÉ

Ag deireadh na bliana, ba mná iad 50% de Bhord RTÉ agus ba fir iad 50%.

Moya Doherty portrait

Moya Doherty

1. Moya Doherty, Cathaoirleach

Téarma oifige: 4 Samhain 2014 –6 Samhain 2022 (Athcheaptha don dara téarma ar an 6 Samhain 2017)

Tá an amharclannaíocht chomh maith le tionscal na cruthaitheachta, léiriú agus láithriú ar raidió agus ar teilifís, in Éirinn agus thar lear, le lua le saol oibre Moya Doherty. Chuir sí cláir ealaíon, gnéchláir agus cláir fhaisnéise i láthair ar RTÉ. Ina léiritheoir feidhmiúcháin di, léirigh Moya roinnt telethon carthanachta, Comórtas Amhránaíochta an Eurovision agus an léiriú teilifíse ar shearmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha Speisialta a bhí ar siúl in Éirinn sa bhliain 2003. Ba í Moya a rinne an coincheap do Riverdance a fhorbairt agus bhí sí ina Léiritheoir Coimisiúnaithe ar Chomórtas Amhránaíochta an Eurovision sa bhliain 1994.

Tá sí ina stiúrthóir ar Tyrone Productions, ceann de na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha is mó le rá in Éirinn a chuireann cláir drámaíochta, faisnéise agus siamsaíochta ar fáil don teilifís. Bhí sí ina stiúrthóir tionscanta ar an stáisiún raidió Today FM.

Bhí sí ina comhalta boird ar roinnt bord a bhain le cúrsaí ealaíon, lena n-áirítear cathaoirleach ar Fhéile Amharclannaíochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath ar feadh seacht mbliana, ar bhord Amharclann na Mainistreach, The Ark Children’s Theatre i mBaile Átha Cliath, chomh maith le Business to Arts agus Walnut Hill Arts School i Massachusetts.

Is iomaí gradam a bronnadh ar Moya, ina measc Gradam Veuve Clicquot do Bhean Gnó na Bliana agus Gradam Ernst & Young d’Fhiontraí na Bliana. Bronnadh céimeanna onóracha dochtúireachta uirthi freisin ó Ollscoil Uladh agus ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann mar aitheantas ar an tiomantas leanúnach a léiríonn sí maidir le saol na n-ealaíon in Éirinn.

Dee Forbes portrait

Dee Forbes

2. Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir

Comhalta ex officio de bhun an cheapacháin ina Príomh-Stiúrthóir an 11 Iúil 2016.

Ceapadh Dee Forbes ina Príomh-Stiúrthóir ar RTÉ le héifeacht ón 11 Iúil 2016. I Londain a bhí Dee Forbes lonnaithe sula ndeachaigh sí i mbun oibre le RTÉ, áit ar chaith sí níos mó ná 27 bliain ag obair do chraoltóirí agus don ghníomhaireacht fógraíochta Young and Rubicam.

An post deiridh a bhí aici roimhe seo ná ina hUachtarán agus ina Stiúrthóir Bainistíochta i Discovery Networks Northern Europe. Thosaigh Dee ag obair le Discovery in 2010 mar Cheann oibríocht na Ríochta Aontaithe/na hÉireann agus chuir sí lena cuid freagrachtaí de réir a chéile go dtí go raibh sí i gceannas ar réigiún Thuaisceart na hEorpa, ina raibh 18 margadh agus 27 gcainéal, idir chinn saor-go-haer agus síntiúis, a bhí ag craoladh chuig breis is 276 milliún líon tí ar fud Thuaisceart na hEorpa gach mí.

Sula ndeachaigh sí le Discovery, stiúir Dee gnónna Turner Broadcasting sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn, ina raibh seacht gcainéal siamsaíochta, ina measc Cartoon Network, Boomerang agus TCM. Chaith sí roinnt blianta ag obair le Turner i róil éagsúla tráchtála, ina measc Bainisteoir Ginearálta ar réigiún Nordach/Lár na hEorpa, Oirthear na hEorpa agus na réigiúin EMEA. Ba í Ceann na nDíolachán Fógraíochta don Eoraip freisin í.

Bhí Dee ina stiúrthóir neamh-fheidhmiúcháin ar bhord The Irish Times tráth agus tá sí ar bhord Munster Rugby faoi láthair. I nDrom Dhá Liag in iarthar Chorcaí a rugadh Dee agus bhain sí céim sa stair agus sa pholaitíocht amach i UCD.

Deborah Kelleher portrait

Deborah Kelleher

3. Deborah Kelleher

Téarma oifige: 4 Samhain 2014 –6 Samhain 2022 (Athcheaptha don dara téarma ar an 6 Samhain 2017)

Ceapadh Deborah Kelleher ina Stiúrthóir ar Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann (RIAM) i mí Dheireadh Fómhair 2010. Bhí bunpháirt aici i gcúrsaí for-rochtana, i gcúrsaí cianfhoghlama agus i gcúrsaí acadúla a chur ar bun san Acadamh le roinnt blianta anuas.

Bhí páirt thábhachtach aici freisin le bunchéim shaindírithe sa chumadóireacht, an chéad chúrsa i dteicneolaíocht an cheoil san Acadamh agus cuid mhór cúrsaí don fhorbairt ghairmiúil ar mhúinteoirí ar fud na tíre, a chur ar siúl. Rinneadh Coláiste Comhlach de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath de Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 2013. Rinne Deborah maoirseacht ar an athrú suntasach sin.

Rinne Deborah staidéar ar an gceol i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus bronnadh céimeanna Máistreachta uirthi sa cheoleolaíocht (An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath) agus i riarachán gnó (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath). Aithnítear go bhfuil Deborah ar dhuine de na ceoltóirí pianó is fearr dá glúin in Éirinn agus shaothraigh sí ar feadh na mblianta ina Ceannasaí ar Roinn na Ceoltóireachta sa Cheol-Acadamh Ríoga.

Dhírigh sí go mór ar sheinm le hamhránaithe le blianta beaga anuas agus d’oibrigh sí le Ailish Tynan, Mairéad Buicke, Tara Erraught agus Bernadette Greevy nach maireann, i measc roinnt oirfideach eile. Tá sí ina comhalta de bhord Chomórtas Idirnáisiúnta Pianó Bhaile Átha Cliath, de bhord Cheolfhoireann Náisiúnta na nÓg agus de bhord Lyric Opera. Rinne sí fónamh ar Phainéal Piarmheastóireachta don Chomhairle Ealaíon chomh maith.

Tá Deborah ina Leas-Uachtarán ar an dáréag comhalta ar Chomhairle Chumann Ardscoileanna Ceoil na hEorpa (AEC), scáthghrúpa do bhreis agus 280 ardscoil ceoil.

Ian Kehoe portrait

Ian Kehoe

4. Ian Kehoe

Téarma oifige: 9 Deireadh Fómhair 2018-8 Deireadh Fómhair 2023

Iriseoir, údar agus craoltóir é Ian Kehoe a bhfuil gradaim buaite aige. In 2014, nuair a bhí sé 34 bliana d’aois, ceapadh ina Eagarthóir ar an nuachtán The Sunday Business Post é, agus bhí an post sin aige ar feadh ceithre bliana. Le linn na tréimhse sin, ceapadh chuig bord an nuachtáin sin é chomh maith lena cheapadh chuig gnó clódóireachta bainteach eile.

Ina dhiaidh sin, bhí Ian na chomhbhunaitheoir ar Currency Media Limited, a fhoilsíonn an tseirbhís ghnó ar líne, The Currency. Bhí Ian ina láithreoir agus ina iriseoir roimhe seo ar chlár Prime Time RTÉ, agus tá líon mórchlár faisnéise teilifíse déanta aige - Who’s Buying Ireland agus The Great Irish Sell-Off ina measc.

Tá Iriseoir na Bliana maidir le Gnó agus Eacnamaíocht buaite faoi dhó aige agus bronnadh Gradam Miriam Hederman O’Brien air de bharr an méid atá curtha aige le beartas fioscach na hÉireann. Is é comhúdar an leabhair Citizen Quinn é, leabhar mórdhíola faoi éirí agus faoi thitim an tionsclaí Seán Quinn.

Is as Inis Córthaidh i gCo. Loch Garman ó dhúchas é agus tá BA bainte amach aige in Iriseoireacht agus MA i gCaidrimh Idirnáisiúnta ó DCU.

Connor Murphy portrait

Connor Murphy

5. Connor Murphy

Téarma oifige: 19 Márta 2020-18 Márta 2025

Fiontraí teicneolaíochta é Connor Murphy a bhfuil cúlra aige i gcaipiteal fiontair, i sainchomhairleoireacht bhainistíochta agus i ríomheolaíocht. Tá sé ina chomhalta den fhoireann Techstars Venture Partner i láthair na huaire agus bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta ar chlár Techstars SAP.iO i mBeirlín roimhe sin. Tacaíonn sé le clár Techstars in Melbourne, Súl, Bangalore, Singeapór, Osló, Liospóin, Amstardam, München agus i mBeirlín. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeanach agus ina Bhunaitheoir tráth ar Datahug, a ghlac Callidus Cloud, atá liostaithe ar Nasdaq (Nasdaq:CALD), seilbh air agus atá mar chuid anois de SAP.

Roimh a thréimhse le Datahug, d’oibrigh Connor le PA Consulting Group i Londain, i Nua-Eabhrac agus in Washington, DC. Bhain sé céim chéadonóracha amach sa ríomheolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

PJ Matthews portrait

Dr P.J. Mathews

6. Dr P.J. Mathews

Téarma oifige: 4 Samhain 2014–3 Samhain 2024 (Athcheaptha don dara téarma ar an 10 Nollaig 2019)

An Dr P.J. Mathews ina Chomh-Ollamh i Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta sa gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Baineann a shaothar go speisialta le litríocht agus le cultúr an hÉireann. Is é a scríobh an saothar Revival (arna fhoilsiú ag Field Day\Cork UP sa bhliain 2003) maidir le tréimhse athbheochan chultúr na hÉireann; a rinne eagarthóireacht ar an saothar Cambridge Companion to J.M. Synge (2009); agus comheagarthóireacht ar A Handbook of the Irish Revival (arna fhoilsiú ag Amharclann na Mainistreach sa bhliain 2015).

Is é P.J. a bhunaigh agus atá ina Stiúrthóir ar an bpodchraoltóireacht acadúil le UCD scholarcast (www.ucd.ie/scholarcast).

Bhí sé ina stiúrthóir ar Scoil Samhraidh Parnell idir 2002 - 2005 agus ceapadh ina Chomhalta Naughton agus ina Chomh-Ollamh Cuairte sa Bhéarla é in Ollscoil Notre Dame sa bhliain 2007-8. Tá sé ina membre extérieur de Mheitheal Léann na hÉireann in Université Sorbonne Nouvelle-Paris 3, agus ina chomhthionólaí ar Chraobhchóras Taighde Dochtúireachta Léann na hÉireann.

Anne OLeary portrait

Anne O’Leary

7. Anne O’Leary

Téarma oifige: 4 Samhain 2014–3 Samhain 2024 (Athcheaptha don dara téarma ar an 10 Nollaig 2019)

Tá taithí mhór ag Anne O’Leary ina Feidhmeannach Gnó. Réimsí spéise ina bhfuil cumas faoi leith léirithe aici is ea cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí bealaí nua a aimsiú chuig an margadh agus leas a bhaint as deiseanna teicneolaíochta d’fhonn acmhainneacht a thapú. Tá tuiscint ghéar ghrinn ag Anne ar rialachas corparáide agus ar chúrsaí comhlíonta. Ina comhalta di d’Institiúid na Stiúrthóirí, tá tuiscint aici ar na coinníollacha reatha maidir le boird phríobháideacha agus boird chomhlachtaí Stáit.

Is fiontraí cruthanta í a rinne tionscnamh agus forás ar ghnólacht teicneolaíochta de scoth an domhain sular dhíol sí é, agus bíonn béim láidir aici ar pháirtnéireacht straitéiseach, ar bhainistíocht díolacháin, ar mhargaíocht, ar fhorbairt táirgí agus ar bhainistíocht maidir le caidreamh inmheánach - seachtrach.

Tá taithí leathanréimseach ag Anne ar earnálacha gnó. Is léir a cumas maidir le fáthmheas, pleanáil straitéiseach, soirbhiú do mheithle agus do dhaoine aonair agus méadú inbhuanaithe ar theacht isteach airgid.

Robert Shortt portrait

Robert Shortt

8. Robert Shortt

Téarma oifige: 29 Bealtaine 2018–3 Samhain 2024 (Athcheaptha don dara téarma ar an 10 Nollaig 2019)

Thosaigh Robert Shortt ag obair in RTÉ ina iriseoir ar an gclár News at One sa bhliain 1998. Tá sé ag obair ó shin i leith ar go leor clár sa rannán Nuachta & Cúrsaí Reatha. Bhí sé ina Chomhfhreagraí Gnó agus bhí sé ina chuid den fhoireann a bhunaigh The Business ar RTÉ Radio 1. Chaith sé ceithre bliana ina Chomhfhreagraí i Washington sula ndeachaigh sé le Prime Time sa bhliain 2009. Tá Gradam Iriseoireachta Gnó Smurfit buaite faoi dhó aige as a chuid tuairisceoireachta.

Sular thosaigh sé in RTÉ, bhí sé ag obair do nuachtán airgeadais na Seapáine, an Nikkei agus don BBC. Toghadh ina chéad chathaoirleach ar Fhochraobh RTÉ NUJ agus d’fhóin sé ina Leas-Chathaoirleach ar Ghrúpa Ceardchumainn RTÉ (TUG) ar feadh trí bliana. Bhain sé BA i mBéarla agus Eacnamaíocht amach i UCD agus MSc san Eacnamaíocht amach i Scoil Staidéar an Oirthir agus na hAfraice in Ollscoil Londan.

Is é Robert Comhfhreagraí Eacnamaíochta RTÉ faoi láthair.

Freastal ar Chruinnithe an Bhoird

Tionóladh ocht gcruinniú de Bhord RTÉ i rith na bliana 2020. Leagtar amach thíos freastal chomhaltaí an Bhoird ar na cruinnithe sin:

Cruinnithe Infhreastail

Cruinnithe a Freastalaíodh

An Bord mar a bhí an 31 Nollaig 2020

Moya Doherty

8

6

Dee Forbes

8

8

Ian Kehoe

8

8

Deborah Kelleher

8

8

Dr P.J. Mathews

8

8

Connor Murphy

6

6

Anne O’Leary

8

8

Robert Shortt

8

8

Daoine a d’éirigh as de bheith ina gcomhaltaí den Bhord sa bhliain 2020

Eoin McVey

2

2

Shane Naughton

2

2

Fionnuala Sheehan

2

1

Margaret E. Ward

2

2

Féach an tuairisc faoi Rialachas Corparáide ar leathanach 84 maidir le tuilleadh mionsonraí faoin athrú i gcomhaltas an Bhoird sa bhliain 2020.

Coistí an Bhoird

An Coiste Iniúchta agus Riosca

Tionóladh seacht gcruinniú i rith na bliana 2020, a ndearnadh freastal mar seo a leanas orthu:

Comhaltaí Coiste

Cruinnithe Infhreastail

Cruinnithe a Freastalaíodh

Ceapadh ar an gCoiste

Anne O’Leary (Cathaoirleach)

7

7

27 Samhain 2014

Ian Kehoe

6

6

13 Feabhra 2020

Robert Shortt

7

7

13 Meán Fómhair 2018

Comhaltaí ar tháinig deireadh lena dtéarma oifige le linn 2020

Eoin McVey

1

1

26 Eanáir 2017

D’éirigh Shane Naughton as a bheith ina chomhalta den Bhord ar an 30 Nollaig 2019 sular tháinig deireadh lena théarma oifige.

Coiste na gClár

Tionóladh ceithre chruinniú de Choiste na gClár i rith na bliana 2020. Is mar seo a leanas a freastalaíodh orthu:

Comhaltaí Coiste

Cruinnithe Infhreastail

Cruinnithe a Freastalaíodh

Ceapadh ar an gCoiste

Deborah Kelleher (Cathaoirleach)

4

4

27 Samhain 2014

An Dr P.J. Mathews

4

4

27 Samhain 2014

Robert Shortt

4

4

31 Bealtaine 2018

Comhaltaí ar tháinig deireadh lena dtéarma oifige le linn na mbliana 2020

Margaret E Ward

1

0

19 Feabhra 2015

An Coiste Bunathraithe Straitéise

Tháinig an Coiste Bunathraithe Straitéise le chéile trí huaire le linn na bliana 2020, agus is iad seo a leanas na daoine a bhí i láthair:

Comhaltaí Coiste

Cruinnithe Infhreastail

Cruinnithe a Freastalaíodh

Ceapadh ar an gCoiste

Ian Kehoe (Cathaoirleach)

3

3

5 Nollaig 2019

An Dr P.J. Mathews

3

3

5 Nollaig 2019

Anne O’Leary

3

3

5 Nollaig 2019

An Coiste maidir le Cóirthrádáil

Tionóladh dhá chruinniú i rith na bliana 2020, agus bhí na comhaltaí go léir i láthair ag gach cruinniú:

Comhaltaí Coiste

Cruinnithe Infhreastail

Cruinnithe a Freastalaíodh

Ceapadh ar an gCoiste

Deborah Kelleher (Cathaoirleach)

2

2

24 Meán Fómhair 2015

Ian Kehoe

1

1

16 Iúil 2020

Comhaltaí ar tháinig deireadh lena dtéarma oifige le linn 2020

Fionnuala Sheehan

1

1

24 Meán Fómhair 2015

An Coiste Luach Saothair agus Forbartha Bainistíochta

Níor reáchtáladh aon chruinniú den choiste le linn na bliana 2020. Is iad Moya Doherty (Cathaoirleach) agus Anne O’Leary, a ceapadh chuig an gCoiste an 22 Eanáir 2015, comhaltaí an Choiste.

Freastal ar Chruinnithe Fhochoiste Bhord RTÉ

Is do fhreastal chomhaltaí an Bhoird ar chruinnithe de Bhord RTÉ agus d’fhochoistí an Bhoird a thagraítear leis an eolas a fhoilsítear thuas. Anuas air sin, bhí Moya Doherty agus Ian Kehoe ina gcomhaltaí freisin ar Bhoird fhochuideachtaí de chuid RTÉ, agus déanann siad freastal ar na cruinnithe Boird de réir sceidil na bhfochuideachtaí sin.