Feidhmiúchán

Dee Forbes
Príomh-Stiúrthóir

Richard Collins
Príomhoifigeach Airgeadais
Tháinig Richard ag obair in RTÉ i mí Eanáir 2020. Tá sé ina stiúrthóir ar DAC Fiontair Thráchtála RTÉ agus DAC Líonra Tarchuradóireachta RTÉ.
Sular thosaigh sé ag obair le RTÉ, chaith Richard 13 bliana ag obair san earnáil miondíola, áit a bhfuair sé taithí leathan ar airgeadas agus oibríocht, bhí sé i gceannas ar líon olltionscadal comhlánaithe agus athchóiriúchán. Le déanaí bhí sé ina Stiúrthóir Airgeadais i Dunnes Stores áit a raibh ról tábhachtach aige i bhforbairt straitéise agus córais a nuachóiriú. Roimhe sin ba é Stiúrthóir Airgeadais Superquinn é agus ba é a rinne an comhcheangal le Musgrave Group a stiúradh.
Bhí róil airgeadais sinsearacha ag Richard anseo in Éirinn agus thar lear in eagraíochtaí mar Dell Computer Corporation agus Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhain sé céim amach i gColáiste na Tríonóide agus thraenáil sé le bheith ina chuntasóir cairte le KPMG.

Rory Coveney
Stiúrthóir Straitéise
Tá Rory ag obair le RTÉ ón mbliain 2007 agus is iomaí ról a bhí aige ó shin. Ón mbliain 2011, ina Chomhairleoir Straitéiseach don Phríomh-Stiúrthóir, tá Rory lárnach i bpleanáil straitéiseach na heagraíochta. Ina Stiúrthóir Straitéise, treoróidh sé feidhm straitéise nua ina gcuimseofar straitéis chorparáideach, fiontair agus nuálaíocht nua, gnóthaí poiblí agus bainistiú straitéiseach riosca.
Sular thosaigh sé in RTÉ, bhí Rory ag obair do Chúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Is céimí de chuid UCC é Rory áit ar bhain sé BA i Stair amach. Bhain sé MA sna Meáin Idirghníomhacha amach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chomh maith.

Eimear Cusack
Stiúrthóir, Acmhainní Daonna
Ceapadh Eimear ina Stiúrthóir Acmhainní Daonna sa bhliain 2017. Tá taithí ag Eimear ar oibriú le cúrsaí dlí, baincéireachta, seirbhísí gairmiúla agus TEC i rith a saol oibre agus ceapadh ina Ceannasaí Acmhainní Daonna maidir leis an Ríocht Aontaithe agus Éirinn le Ericsson í sa bhliain 2013, áit a ndearna sí cláir fhorleathana athrúcháin a leagan amach agus a chur i bhfeidhm. Lena bhfuil de thaithí aici ar straitéisí nuálaíochta i leith dhaoine, tá béim ag Eimear ar an gcaidreamh leis an bhfostaí, ar dhaoine cumasacha a mhealladh chun na heagraíochta agus ar bhainistíocht ina leith, agus ar chúrsaí foghlamtha agus forbartha.
Sular thosaigh sí ag obair le RTÉ, bhí straitéisí éagsúla idirathraithe, athchóiriúcháin agus comhtháite tugtha i gcrích ag Eimear i ndáil le seirbhísí bainistithe agus cásanna éadála.

Adrian Lynch
Stiúrthóir, Lucht Féachana agus Éisteachta, Cainéil agus Margaíocht
Thosaigh Adrian ag obair in RTÉ in 2014 agus bhí sé ina Cheannasaí Cainéil le haghaidh RTÉ One agus RTÉ2 roimhe sin. Nuair a bhí sé sa phost sin, sheol sé sceidil uaillmhianacha nua do na seirbhísí. Ina Cheannasaí Cainéil dó ar RTÉ One agus ar RTÉ2, thug Adrian réimse leathan d’ábhar cláir den iliomad seánra ar an scáileán agus is suntasach mar a d’éirigh le Dancing with the Stars, RTÉ 1916, agus cláir faisnéise de leithéid My Homeless Family ar bronnadh gradaim orthu chomh maith.
Sular thosaigh sé le RTÉ, bhíodh Adrian ina Stiúrthóir Bainistíochta agus ina úinéir ar Animo Television, ceann de na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha is fearr ar éirigh leis in Éirinn. Ba é a bhí freagrach as roinnt de na cláir is iomráití ar RTÉ One i rith a chuid ama le Animo, sraitheanna faisnéise ar bronnadh gradaim orthu ina measc, mar shampla Freefall – The Night the Banks Failed.

Paula Mullooly
Stiúrthóir, Cúrsaí Dlí
Ceapadh Paula ina Stiúrthóir ar Chúrsaí Dlí sa bhliain 2019. Sainaturnae meáin í Paula a bhfuil taithí os cionn 25 bliain aici sna meáin chraoltóireachta agus sa dlí príobháideach aici. Chuir sí comhairle ar réimse leathan cliaint meán le linn a gairme agus rinne sí ionadaíocht thar a gceann chomh maith, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta araon, agus tá léachtaí tugtha aici ar dhlí na meáin. Cheap an Rialtas í ina ball ar an nGrúpa Oibre um Leasú Clúmhillte, a chuir tuarascáil ar fáil in 2003 trína ndearnadh leasuithe a mholadh agus dréacht-reachtaíocht a chur i láthair. Rinne sí fónamh chomh maith ar Choiste Comhlíontais Údarás Craolacháin na hÉireann ó 2010 go dtí 2018 agus bhí sí ina Cathaoirleach ar an mBord Achomhairc um Scrúdóireacht Foilseachán ó 2004 go dtí 2012.

Geraldine O’Leary
Stiúrthóir Tráchtála
Thosaigh Geraldine le RTÉ in 1997 ina Bainisteoir, Díolacháin Teilifíse, agus fuair sí ardú céime go dtí Stiúrthóir, Díolacháin agus Margaíocht sa bhliain 1999. In 2003, ceapadh ina Stiúrthóir Tráchtála, Teilifís RTÉ, í agus bhí ról mór aici maidir le feidhm tráchtála RTÉ. Ceapadh ina Stiúrthóir Tráchtála, RTÉ í in Eanáir 2018 agus is í atá freagrach as gach ball foirne agus gach oibríocht tráchtála in RTÉ a threorú. Is Comhalta í Geraldine de chuid Institiúid Margaíochta na hÉireann, Stiúrthóir Bunaitheach TAM Ireland agus is comhalta í de Chumann Margaíochta na hÉireann chomh maith le bheith ina Comhalta Boird de EGTA (Grúpa na hEorpa maidir le Fógraíocht Teilifíse). Bhí sí ina hUachtarán ar Bhord EGTA idir 2009 agus 2011.

Jim Jennings
Stiúrthóir, Ábhar
Ceapadh Jim ina Bhainisteoir Stiúrtha ar Raidió RTÉ i mí na Samhna 2013. Déanann sé maoirseacht freisin maidir leis an mbainistíocht ar Cheolfhoirne, Cheathairéad agus Chóir RTÉ. Roimhe seo, bhí Jim ina cheannasaí ar RTÉ Radio 1, a thosaigh sé ag obair ar dtús ann sa bhliain 1985, ag obair le gnéchláir agus cúrsaí reatha ar chláir de leithéid Today at Five agus The Pat Kenny Show.
D’athraigh sé sa bhliain 1989 go dtí Teilifís RTÉ, mar a raibh roinnt post sinsearach aige, ina measc Léiritheoir Feidhmiúcháin ar The Late Late Show, Election 2012 agus searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha Speisialta. D’oibrigh sé freisin ina eagarthóir ar Léargas. Rinneadh Stiúrthóir Ábhair de Jim mar chuid den athstruchtúrú ar an eagraíocht sa bhliain 2017.

Richard Waghorn
Stiúrthóir, Oibríochtaí, Teicneolaíocht agus Athchóiriúchán
Thosaigh Richard le RTÉ ina Phríomhoifigeach Teicneolaíochta i mí Feabhra 2012. Ceapadh Richard ina stiúrthóir ar RTÉ Transmission Network DAC i rith na bliana 2013. Tá céim MBA ag Richard ó Henley Management College agus is céimí de chuid an University of Leeds é.
Bhí Richard ina Phríomhoifigeach Teicneolaíochta leis an South African Broadcasting Corporation idir na blianta 2009 agus 2011. Roimhe sin, chaith Richard ceithre bliana ina Stiúrthóir Dáiliúcháin leis an BBC agus é i mbun ceannródaíochta maidir leis an athrú go dtí córais dhigiteacha. D’oibrigh sé ar fud roinnt réimsí éagsúla leis an BBC, straitéis, meáin chumarsáide nua, dáiliúchán agus léiriúchán raidió ina measc. Bhí Richard ina stiúrthóir boird ag Freesat agus ina bhainisteoir tionscadail maidir le seoladh Freeview sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 2002.
Ghlac Richard ceannasaíocht ar ghníomhaíochtaí teicneolaíochta agus athchóiriúcháin RTÉ sa bhliain 2017, agus ghlac bainistíocht ar an rannán oibríochta sa bhliain 2019, mar chuid den atheagar ar an eagraíocht.

Jon Williams
Stiúrthóir, Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Tháinig Jon ag obair in RTÉ i mí Eanáir 2017. Bhíodh sé ina Eagarthóir Bainistíochta, Nuacht Idirnáisiúnta roimhe sin ag ABC News i Nua-Eabhrac mar ar mhúnlaigh sé tráchtaireacht na heagraíochta sin ar an nuacht idirnáisiúnta agus an straitéis ina leith sin. Bhí Jon i gceannas ar thuairisceoireacht an ABC ar an gcogadh san Úcráin agus ar ghéarchéim na ndídeanaithe san Eoraip, chomh maith le tuairisciú a dhéanamh ar ionsaithe sceimhlitheoireachta ISIS san Eoraip. Chuir sé an nuálaíocht chun cinn chomh maith, lena n-áirítear físeáin 360 agus an réadúlacht fhíorúil a úsáid.
Idir 2006 agus 2013, bhí Jon ina Eagarthóir maidir le Nuacht an Domhain ag an BBC, i mbun bainistíochta ar fhoireann 200 duine i 30 tír. Rinne sé maoirseacht ar an tuairisciú ar chogadh Iosrael agus na Liobáine sa bhliain 2006 ar bronnadh gradam idirnáisiúnta Emmy ina leith. Bronnadh an dara gradam Emmy air sa bhliain 2013 mar gheall ar thráchtaireacht an BBC ar an gcogadh cathartha sa tSiria. Ba é Jon Eagarthóir Nuachta na Ríochta Aontaithe ag an BBC tráth ar tharla ionsaithe sceimhlitheoireachta 7/7 ar an gcóras iompair i Londain agus Leaseagarthóir an Six O’Clock News ag an BBC tráth ar tharla 9/11. Ghnóthaigh sé an tríú gradam Emmy sa bhliain 2017 mar gheall ar thráchtaireacht an ABC ar ghéarchéim na ndídeanaithe sa tSiria.