RTÉ: Gradaim na Bliana 2020

Den chéad uair ón mbliain 2008 i leith, bronnadh gradam Stáisiún Raidió na Bliana ar RTÉ Radio 1 ag Gradaim na Meán Ceilteach 2020 agus bronnadh an gradam don chlár cúrsaí reatha is fearr ar ghéarscrúdú scáfar RTÉ ar thionscal rásaí na gcon in Éirinn.

Bronnadh 30 gradam ardsuntais ar chláracha de chuid RTÉ ag Gradaim Idirnáisiúnta Teilifíse, Scannánaíochta agus Raidió New York Festivals 2020.

Bronnadh seacht gcinn de Ghradaim Órga ar RTÉ ag Gradaim Raidió IMRO 2020 i mí Dheireadh Fómhair.

Bronnadh gradaim de chuid an Association for Women in Communications in the United States ar Laura Brennan: This is Me agus ar RTÉ Documentary on One, gan aon ghradam eile a bhronnadh ar léiritheoir taobh amuigh de na Stáit Aontaithe.

Bronnadh an gradam craoltóireachta ag gradaim iriseoireachta Travel Xtra ar chlár de chuid Nationwide faoi chúrsaí turasóireachta i nDoire agus ceiliúradh ar 400 bliain de mhúrtha na cathrach.

Bronnadh an chéad duais ar RTÉ i dtrí cinn de chatagóirí ag Gradaim Meán Cumarsáide Headline 2020 atá dírithe ar an tsláinte mheabhrach agus ar thráchtaireacht den scoth ar cheisteanna ina leith.