RTÉ: Ábhar na bliana 2020

An Ghaeilge
Thug RTÉ geallúint go gcraolfaí ar a laghad 530 uair a chloig d'ábhar Gaeilge ar fud ceithre chainéil teilifíse líneacha RTÉ ón mbliain 2020 amach, ardú níos mó ná 400 uair a chloig. Áirítear ar an ábhar sin meascán d'ábhar arna léiriú go hinmheánach, d'ábhar coimisiúnaithe agus d'ábhar ceannaithe ó TG4. Faoi mhí na Nollag 2020, bhí níos mó ná 700 uair a chloig d'ábhar Gaeilge craolta ag RTÉ ar an teilifís, níos mó ná 1,100 uair a chloig ar RTÉ Player agus beagnach 9,000 uair a chloig ar an raidió.
Teilifís
Ainneoin ar bhain de dheacrachtaí le Covid-19, chuir meitheal inmheánach na gCláracha Gaeilge réimse breá éagsúil ábhair ar fáil agus leanadh i mbun léiriúcháin ar an ngnáthráta oibre ainneoin cúinsí anróiteacha na bliana ionas gur cuireadh 25 clár leathuaire ar fáil don sceideal. Pléadh réimse fairsing scéalta sa tsraith Scannal a bhí ar ais arís agus a mbíonn tóir ag an lucht féachana air, scéal an Bertie Bowl, scéal tragóideach Philip Cairns agus an cosc ar tobac ina measc. Tharraing an tsraith sciar 22% den lucht féachana ar an meán. Rinneadh comóradh sa tsraith Cloch le Carn ar shaol agus ar shaothar Big Tom, Feargal Quinn, Larry Gogan, Jack Charlton agus Brendan Bowyer agus tharraing an tsraith sin ollsciar 28% ar an meán den lucht féachana
I mí Aibreáin, chuathas thar an tairseach in árais chónaithe na tíre ar Ar Scáth a Chéile, clár speisialta arna chruthú ag an lucht úsáide, muintir an bhaile, ionas go bhfuarthas léargas ar an gcaoi a raibh daoine eile ag maireachtáil trí ghéarchéim Covid-19. I mí Meithimh, tugadh cuireadh do dhaoine aitheanta suí sa chathaoir ar Saoi sa Chathaoir, eachtraí tábhachtacha agus pointí cinniúnacha ina saol a thabhairt chun cuimhne agus a phlé. Craoladh sraith trí cinn de chláracha faoin ainm Cosc i rith an fhómhair ag díriú ar an toirmeasc a cuireadh ar an leabhar Country Girls le Enda O’Brien, ar stair an snagcheoil agus ar an scannán mórchlú Casablanca. Craoladh dhá chlár speisialta aon uaire chomh maith: Guth Vibrations i rith Sheachtain na Gaeilge, agus Laochra Cois Laoi mar cheiliúradh ar chothrom 30 bliain ó bhuaigh Corcaigh Craobh na hÉireann sa pheil agus san iománaíocht in aon bhliain amháin.
Cuireadh leis an ábhar le toradh breá saothair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha. Tharraing An Teach Seo Againne (C.C.G/Below the Radar Films), sraith ceithre chlár faisnéise ina ndearnadh faire ar shaol theaghlaigh aonthuismitheora ar fud na hÉireann, moladh na léirmheastóirí. Cuireadh tús leis an scannánaíocht ar thrí cinn de shraitheanna eile i rith na bliana 2020: My Tribe: Mo Threibh (Mind the Gap Films), sraith dhátheangach ceithre chlár a bhfuil cúnamh airgid ina leith ón Údarás Craolacháin, ina ríomhtar go deimhnitheach scéal threibheanna ceoil na hÉireann; Iarnród Enda (Sonas Productions/C.C.G) ina leanann an t-iar-Thaoiseach, Éanna Ó Coinnigh, seanbhealaí an bhóthair iarainn ar fud na hÉireann - tá cúnamh airgid maidir leis an tsraith a chraolfar i mí Aibreáin ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge; Ar an Sliabh (Strident Media), comhléiriú le BBC Thuaisceart Éireann ina léirítear an saol atá ag muintir an tsléibhe sa lá atá inniu ann.
Ar líne
Tháinig ardú 61% le himeacht bliana ar an gceangal a rinneadh le hábhar Rte.ie/gaeilge agus réimse leathan fairsing ábhair ar fáil chun daoine de gach aoisghrúpa a shásamh. Craoladh níos mó ná 130 eagrán den chlár podchraolta Beo ar Éigean ó cuireadh ar bun é agus tosaíodh i rith na bliana 2020 den chlár, a chuireann Siún Ní Dhuinn, Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin i láthair, a chraoladh ar RTÉ Radio 1 chomh maith le heagráin speisialta sa bhreis a chur ar fáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
RTÉ Raidió na GaeltachtaChuir RTÉ Raidió na Gaeltachta sceideal iomlán ar fáil i rith na bliana 2020 ainneoin Covid-19, ionas go raibh deis meon mhuintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge a chur i láthair go tréan tráth an chruacháis. Lean RTÉ Raidió na Gaeltachta, i rith na bliana seo nuair is ábhar nuachta agus cúrsaí reatha ba mhó a bhí i gceist, de sheirbhís náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil a chur ar fáil. Le cláracha de leithéid Adhmhaidin, Nuacht a hAon, Tús Áite agus An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, chomh maith leis na feasacháin nuachta éagsúla agus na hirischláracha áitiúla, coinníodh an lucht éisteachta ar an eolas le hábhar rialta. De réir mar a maolaíodh na srianta i rith an tsamhraidh, chuaigh An Saol Ó Dheas amach i measc na ndaoine i mbailte ar fud Chiarraí. Ceol, amhránaíocht, scéalta agus ábhar grinn a tháinig dá bharr sin. Rinneadh craoladh cuimsitheach ar Raidió na Gaeltachta ar chraobhchomórtais CLG agus bhí Aifreann an Domhnaigh ina chuid thábhachtach de sceideal na bliana 2020. De réir mar a bhí á iarraidh ar dhaoine fanacht ag baile, cinntíodh go mairfeadh ceangal na ndaoine leis an bpobal. |