RTÉ: Ábhar na bliana 2020

Siamsaíocht agus Ceol
An Comhluadar Náisiúnta
Bhí tús breá láidir le hobair na bliana le sraith eile de Dancing with the Stars (ShinAwiL); bhuaigh an láithreoir Lottie Ryan sraith na bliana 2020 díreach agus tús á chur leis an dianghlasáil. Le linn reimsí éagsúla dianghlasála lean an Late Late Show ag insint scéalta an phobail, fiú gan slua i láthair sa stiúdió. Thug an seó ardán sábháilte chuige sin le linn na paindéime ar fad chun lón eolais, foghlama agus siamsaíochta a chur ar fáil dúinn i rith an athrú saoil. Cuireadh saothar earnáil na carthanachta sa lárstáitse soiléir ar an gclár agus bailíodh níos mó ná €7.5 milliún trí fheachtais an chláir ar mhaithe le cúiseanna éagsúla, mar shampla cosc ar féinmharú, taighde ar ailse agus cás iad siúd gan dídean. Bailíodh €6.7 eile leis an Toy Show Appeal do leanaí a bhí i bpriacal ar fud na tíre.
Bhain RTÉ Does Comic Relief gáire chroíúil as muintir na hÉireann chomh maith leis na milliúin a bhailiú do charthanais – d'oibrigh léiritheoirí inmheánacha RTÉ agus léiritheoirí neamhspleácha le chéile chun ábhar nua a chruthú a mbeidh cuimhne go buan orthu, mar shampla an sceitse maidir le Normal People agus Hozier i bPáirc an Chrócaigh agus an áit folmha. Ar Deirdre O’Kane Talks Funny, rinne an bhean grinn chlúiteach cíoradh ar shaol roinnt de na hoirfidigh is mó cáil. Tháinig an tír ar fad le chéile níos faide amach sa bhliain chun dul siar ar bhóithrín na smaointe le Zig, Zag agus Dustin nuair a thug siad faoi athléiriú speisialta le Ray D’Arcy ar The Den, an tsraith do pháistí a mbíodh gean agus tóir air.
Ceiliúradh ar Chumas Phearsana Aitheanta agus Phearsana Nua
Tugadh deis thábhachtach le RTÉ Does Comic Relief do chuid mhór daoine aitheanta agus daoine nua teacht i láthair ar an teilifís, ina measc Pat Shortt, The 2 Johnnies, Foil Arms and Hog, agus Aisling Bea. Bhí ábhar gáire agus amhránaíochta ag The 2 Johnnies (Straywave Media) freisin ar chlár speisialta Nollag a raibh ráchairt mhór air.
Aontaithe trí CheolI dtús na bliana 2020, bhí Other Voices (South Wind Blows) ar ais le 10 n-uaire an chloig de thogha an cheoil as an Daingean agus níos faide ó bhaile. I mí Márta, rinne RTÉ ceiliúradh ar ghradaim ceoil RTÉ Choice as Sráid Vicar i mBaile Átha Cliath. ‘Hello My Love’ le Westlife a bhuaigh an Gradam d'Amhrán na Bliana agus bronnadh Gradam Albam na Bliana ar ‘The Livelong Day’ le Lankum. Mar aisfhreagra ar an bpaindéim, cuireadh dhá shraith de cheolchoirmeacha beo sruthchraolta ar fáil ar Other Voices: Courage agus dhá shraith teilifíse a lean a ghlac oirfidigh cruthanta in ionaid cháiliúla, mar shampla Gailearaí Náisiúnta na hÉireann agus an Leabharlann Náisiúnta. Cuireadh go mór le héifeacht na láthair sin de bharr go rabhadar iomlán folamh. Tráth a raibh ísliú tubaisteach ar an teacht isteach ag cuid mhór daoine i rith na bliana 2020, bailíodh airgead a raibh géarghá leis le Songs from an Empty Room (ShinAwiL) do na cistí Minding Creative Minds agus an Association of Irish Stage Technicians’ Hardship Fund (AIST). |
RTÉ 2fmÁbhar trua ag 2fm i dtús mhí Eanáir 2020 an scéal go raibh Larry Gogan, an láithreoir iomráiteach, tar éis bháis. I mí na Nollag 2020, rinne a gharchlann comóradh air nuair is iad a sheinn an chéad amhrán Nollag do shéasúr na bliana ar an stáisiún, nós a bhíodh ag Larry féin lena linn. Thug 2fm Rising ardán do cheoltóirí a bhí ag teacht chun cinn, ina measc, Nealo, Moncrieff, Denise Chaila agus Aimee. Tráth a raibh féilte curtha ar ceal, rith 2fm feachtas Epic Summer dá chuid féin le sraith féilte éagsúla le téamaí faoi leith deireadh seachtaine. Chuir Electric Picnic clabhsúr leis an tsraith féilte agus taifeadadh beo de choirmeacha ceoil le leithéid Arctic Monkeys agus Sam Smith ó chartlann Electric Picnic na mblianta seo d’imigh. Choinnigh 2fm an lucht éisteachta óg ar an eolas faoi Covid-19 i rith na bliana le feachtais eolais. I mí na Nollag, bailíodh níos mó ná €120,000 le codladh amuigh chlár am bricfeasta 2fm ar mhaithe le Cumann Naomh Uinseann de Pól. |