RTÉ: Ábhar na bliana 2020

Fíorasach
De réir mar a bhí paindéim Covid-19 ag dul i bhfeidhm, chuaigh meithleacha léiriúcháin ar fud RTÉ agus earnáil na léiritheoirí neamhspleácha in oiriúint do na deacrachtaí a bhí á gcur rompu agus tugadh faoi mhodhanna nua oibre chun leanúint de chláracha ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus chun cláracha nua ar fad a thabhairt chun cinn a shásódh an t-athrú ar éileamh an lucht féachana agus éisteachta. Bhí dreamanna líonmhara den lucht féachana agus éisteachta an-tógtha leis an dá chineál a cuireadh ar fáil.
Cuidiú, Cothú, Cuimhne
Choimisiúnaigh RTÉ dhá shraith i rith laethanta tosaigh an chéad tréimhse dianghlasála, an chéad sraith acu Ireland on Call, á chraoladh beo faoi dhó sa tseachtain ón Roinn Sláinte, Katie Hannon agus Brendan Courtney á láithriú. Ardán eolais iontaofa a bhí in Ireland on Call chomh maith le bearta tairbheacha an phobail i rith na paindéime a léiriú. Seoladh Operation Transformation: Keeping Well Apart i mí Aibreán 2020 agus cuireadh an t-eolas ba dheireanaí maidir leis an tsláinte phoiblí i láthair chomh maith le teaghlaigh éagsúla a thaispeáint ag dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhain leis an gcéad tréimhse dianghlasála. Chun freastal ar an ngá le teacht a bheith ar sheirbhísí eaglasta, d'oibrigh RTÉ le ChurchServices.tv chun Aifreann sruthchraolta a chur ar fáil beo gach lá ar chainéal RTÉ News. Bhí treoir spioradálta ar fáil i rith na paindéime do dhaoine a bhaineann le creideamh mionlaigh ar With You in Spirit, sraith de ghearrscannáin a craoladh gach lá ar bhealach RTÉ News. D'oibrigh RTÉ go dlúth freisin le pobal na Moslamach chun tráchtaireacht ar cheiliúradh stairiúil Eid a chur ar fáil as Páirc an Chrócaigh. Cuireadh fóram cuí ar fáil chun cuimhneamh orthu sin a fuair bás i rith na paindéime leis an tsraith Ireland Remembers.
Bhí na daoine sin a fuair bás i rith na dianghlasála i gceist chomh maith ar Love and Loss in a Pandemic, clár faisnéise ar leith a thug ardán do dhaoine a chaill gaolta agus cairde i rith na paindéime. Dhein sé iad a chomóradh is a thabhairt chun cuimhne. Clár faisnéis as féin a bhí i gceist freisin le A Big Week in September, inar tugadh tuairisc ar an dícheall náisiúnta ba ghá chun daltaí na tíre a ligean ar ais ar scoil. Chuidigh meitheal na gcláracha fíorasacha freisin le saol na bliana 2020 a thuiscint leis an tsraith Letters from Lockdown ar RTÉ Player agus na meáin shóisialta. Chuaigh scéal Margaret Lynch, 100 bliain d'aois, a scríobh litir chuig iarua mic nuabhreithe léi, i gcion ar chuid mhór agus breathnaíodh ar sin níos mó ná dhá mhilliún uair ar fud na n-ardán ar fad.
Ba í an phaindéim ba chionsiocair freisin le trí cinn eile de chláracha a coimisiúnaíodh lena chasadh timpeall gan mhaoill. Bhí lón comhairle ar Back to Business ag gnólachtaí ar fud na tíre agus iad ag ullmhú le daoine a fháiltiú isteach an doras in athuair; bhí Gardening Together ag teacht le meon mhuintir na tíre nuair a tharla aimsir bhreá an tráth a raibh siad ag fanacht sa bhaile; agus b'iontach tráthúil an t-ábhar ar Summer at Seven nuair a bhí an samhradh ag teacht.
Lean RTÉ den chéad chraoladh a dhéanamh i sceideal RTÉ One ar bhreis sraitheanna faisnéise. Craoladh Redress: Breaking the Silence oícheanta i ndiaidh a chéile i mí Feabhra 2020 agus tarraingíodh aird mhór agus moladh. Leanadh ina dhiaidh sin le The Boys in Green agus Burnt by the Sun, sraitheanna dhá chlár an ceann, a tharraing lucht féachana fairsing chomh maith. Ag teannadh le deireadh na bliana, cuireadh insint dhearfa ar scéal aimsir an drochshaoil in Éirinn i láthair den chéad uair ar an teilifís i sraith mórshuntais eile dar teideal The Hunger.
Daoine Nua, Glórtha Úra
Chomh maith le cuid mhór cláracha a mbíonn tóir orthu a thabhairt ar ais arís, bhí an díograis maidir le formáidí nua-cheaptha Éireannacha a fhorbairt chun daoine nua cumasacha a aimsiú. Bhí an-aird ar The Style Counsellors, á chur i láthair ag Eileen Smith agus Suzanne Jackson a bhfuil cáil na comhairle faisin ar Instagram orthu. Bhí Maggie Molloy, a bhfuil aithne mhór uirthi ar na meáin shóisialta á cur i láthair lucht féachana na teilifíse in Éirinn den chéad uair sa chlár Cheap Irish Homes. Daoine aitheanta ab ábhar d'fhormáid nua eile a craoladh den chéad uair i rith na bliana – chonacthas seisear daoine cáiliúla i gcuideachta Brendan Courtney ar Keys to My Life agus scéal a saoil á ríomh acu de réir mar a tugadh cuairt ar na tithe inar chaith siad sealanna ina gcónaí. Thaitin an clár seo freisin go mór leis an lucht féachana.
Bhí Deich mBliana Chomóradh an Chéid go mór chun tosaigh arís ag plé le cúrsaí staire. Ar Cogadh ar Mhná, tugadh léargas géar ar ainghníomhartha agus foréigean gnéis a d'imir an dá thaobh ar mhná ar fud na hÉireann i rith ré na réabhlóidíochta. Leagadh amach ar 74 Days: The Hunger Strike of Terence MacSwiney an toradh míochaine agus síceolaíochta a bhíonn ag stailc ocrais ar an duine chomh maith le míniú a thabhairt ar an úsáid a bhaintear as mar ghníomh ceannairce. Rinneadh trácht go mín stuama ar cheann de na himeachtaí ba shuntasaí a raibh comóradh an chéid á dhéanamh orthu i rith na bliana ar Bloody Sunday 1920, clár faisnéise sárléirithe inar cóiríodh do mhionghnéithe a bhaineann leis an eachtra a léiriú chomh maith leis an macalla a leanann anuas go dtí glúnta na linne seo.
Rinneadh ceiliúradh ar cheann de na hiománaithe is fearr riamh i Christy Ring - Man and Ball. Rinne an Taoiseach ceiliúradh ar an ócáid i gCorcaigh ag searmanas speisialta i Halla na Cathrach agus úsáid á bhaint as ábhar de chuid an chláir mar lón físeáin. Cineál eile spóirt a bhí i gceist ar The John Delaney Story, clár faisnéise ar leith maidir le hathruithe sa saol ag iarcheannaire Chumann Peile na hÉireann.
RTÉ Radio 1Leanadh d'ábhar iontais agus eolais go seasta rialta sa tsraith Documentary on One ar RTÉ Radio 1 i rith na bliana 2020, bliain chomh maith inar thosaigh meitheal na sraithe ag plé le réimse na sraitheanna podchraoltóireachta. Ríomhadh scéal Kieran Kelly, Éireannach a cheaptar ina amhrastach é mar dhúnmharfóir srathach, ar ocht gclár na sraithe The Nobody Zone. Bhí moladh go fada fairsing ag lucht léirmheastóireachta ar an tsraith agus ceanglaíodh níos mó ná dhá mhilliún nasc éisteachta leis i rith na bliana. Is léir ó shonraí faoin lucht éisteachta go raibh mórchuid na ndaoine a d'éist leis an tsraith ar líne faoi bhun 45 bliana d'aois, tuar dóchais maidir le rath leanúnach ar sheánra an chlár faisnéise fuaime. |