RTÉ: Ábhar na bliana 2020

Na hEalaíona agus Cultúr

Lean RTÉ i rith na bliana 2020, sular tháinig an phaindéim agus le linn srianta a bheith i bhfeidhm, d'ábhar ealaíne agus cultúir a chur ar fáil a raibh lón anama ann ag daoine. Chuathas in oiriúint, mar ba ghá, do na deacrachtaí praiticiúla agus do na srianta oibre a bhaineann le Covid-19. Coinníodh bunsraith sceideal craoltóireachta na gcláracha Ealaíon agus Cultúir ar siúl trí mhodhanna nua oibre a leagan amach go sásúil, léiriúchán craoltóireachta ilardáin san áireamh freisin, ionas go mbeadh ábhar spreagtha, ábhar sóláis agus lón intinne ag an lucht féachana agus éisteachta.

Teilifís

Coimisiúnaíodh dhá shraith breise de The Works le craoladh ar RTÉ One, portráidí agallaimh i ngach sraith acu le cúigear d’ealaíontóirí suntasacha na hÉireann agus tá beim ar conas mar a chuaigh Covid-19 i gcionn ar shaol agus ar shaothar na n-ealaíontóirí sin sa dara sraith. Áirítear ar na buaicphointí eile i rith na bliana:

HERSTORY: Ireland’s EPIC Women, sraith ceannródaíochta sé chlár a léiríodh i gcomhar leis an Údarás Craolacháin agus EPIC lena ngabhann ábhar podchraolta agus acmhainní digiteacha eile freisin, ina gcuirtear i láthair scéalta roinnt de na ceannródaithe mná ba shuntasaí de bhunadh na hÉireann a rinne dul chun cinn cinniúnach i réimsí na tráchtála, na polaitíochta, na heolaíochta, na healaíne, na heitleoireachta agus na teicneolaíochta.

Creative Kids, le cistíocht ó Éire Ildánach, clár faisnéise teilifíse aon uair a chloig a spreagadh ag Scoileanna Ildánacha, tionscnamh píolótach dírithe ar an gcruthaitheacht agus ar chúrsaí ealaíne i mbunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann.

O’Casey in the Estate, inar díríodh ar shaol na linne seo i gceantair foirgníochta in Éirinn faoi anáil shaothar iomráiteach dhuine de dhrámadóirí móra na tíre.

Making a Museum: The Story of MoLI, clár faisnéise sa stíl faire maidir leis an obair dearthóireachta agus tógála ar Mhúsaem Litríochta na hÉireann.

Cruthaíodh chomh maith eagrán fíorúil de An Post Irish Book of the Year agus tosaíodh sraith nua, Soundtrack of My Life, a chur ar bun le Nicky Byrne i mbun láithreoireachta agus aíonna speisialta i mbun oirfidíochta le Ceolfhoireann Coirme RTÉ.

Raidió

Lean RTÉ lyric fm den sceideal rialta craoltóireachta a chur ar fáil ainneoin oiread de na coirmeacha ceoil beo a bheith curtha ar ceal. Áirítear ar an obair, cláracha i rith an lae dírithe ar an lucht éisteachta le míreanna téamatúla faoi ghnéithe den chultúr neadaithe iontu. Bhí réimse cláracha faisnéise agus sraitheanna bunaithe ar sheánraí faoi leith tráthnóna agus ar an deireadh seachtaine chomh maith ar lyric fm. Smaoiníodh ar mhodhanna tionscantacha chun coirmeacha ceoil beo ceolfhoirne a chur i láthair do lucht éisteachta níos fairsinge le sruthchraoladh beo agus craoladh beo ar an raidió á dhéanamh ar cheolchoirmeacha de chuid Cheolfhoireann Siansa Náisiúnta RTÉ a leagadh amach go speisialta chuige sin, arna gcur i láthair i gcomhar le www.rte.ie/culture agus le bealach teilifíse RTÉ One.

Tionscnaíodh sraith nua ceolchoirmeacha a craoladh ón RDS le Ceolfhoireann Coirme RTÉ ag seinm in éineacht le réimse leathan aíonna. Rinneadh sruthchraoladh físeáin orthu seo ar líne. Leanadh den cheoldrámaíocht a chur i láthair ar lyric agus ar www.rte.ie/culture, ainneoin oiread den léiriúchán beo a bheith á chur ar ceal. Mar chuid den chomhar páirtnéireachta speisialta le Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman, do craolachán agus ábhar ar líne, rinneadh an chéad chraoladh riamh ar What Happened to Lucrece le Andrew Synott.

Leanadh gan stad leis na cláracha ealaíon agus cultúir ar RTÉ Radio 1 agus cuireadh réimse leathan iléagsúil de chláracha ceoil agus litríochta ar fáil. Bhí an-tábhacht leis an irischlár ealaíon Arena ag trácht ar an tionchar tubaisteach a bhí ag an bpaindéim ar earnáil na n-ealaíon. Ríomhadh an scéal maidir le deireadh iomlán nach mór a bheith le teaspeántas poiblí os comhair lucht éisteachta nó féachana agus an tseiftiúlacht a bhain le cuid mhór a thapaigh deiseanna teicneolaíochta chun ceangal le pobal éisteachta agus féachana ar líne. Cuireadh sraith podchraoltóireachta leis an gclár ceoil traidisiúnta The Rolling Wave, rud a chothaigh caidreamh breise a cheangal an lucht éisteachta leis an gclár. Tugadh faoi thogra coimisiúnaithe freisin agus iarradh ar dheichniúr cumadóirí saothar nua sa cheol traidisiúnta a chumadh a bheadh bunaithe ar a dtaithí féin ar shaol bhliain an Covid-19.

Leanadh de bhunábhar nua-cheaptha scríbhneoireachta a chraoladh ar Sunday Miscellany agus, rinne Writing on One, dréachta a choimisiúnú ó scríbhneoirí éagsúla, Afric McGlinchey, Siobhán McSweeney, Selina Guinness, Martina Devlin agus Cathy Sweeney ina measc, ag trácht ar shaothar scríbhneoirí eile na linne. Craoladh scríbhneoirí iomráiteacha ar RTÉ Radio 1 ag léamh sleachta as a gcuid saothair féin. Ina measc Edna O’Brien i mbun leagan sainchóirithe de James and Nora: A Portrait of a Marriage á léamh aici. Ar Book on One, léigh Joseph O’Connor sleachta as Shadowplay, Sinéad Gleeson as Constellations, thug Rosita Boland dúinn sleachta as Elsewhere, Sara Baume sleachta as handiwork agus Doireann Ní Ghríofa sleachta as A Ghost in the Throat.

Sular tháinig an dianghlasáil i bhfeidhm i mí Márta, bhí sraith speisialta de Simply Folk as New Orleans le háireamh ar na buaicphointí ceoil ar Radio 1 chomh maith leis na ceolchoirmeacha The Songs of Leonard Cohen le Ceolfhoireann Choirme RTÉ, nár fágadh oiread agus ticéad gan diol, a craoladh as Amharclann Bord Gáis Energy. Réimeas eile a bhí i bhfeidhm níos deireanaí sa bhliain ach cuireadh i láthair Sounds of Summer le Ceolfhoireann Choirme RTÉ agus leagan faoi leith i mí na Samhna de RTÉ Radio 1 Folk Awards a chuireadh i láthair go fíorúil.

Na Ceolfhoirne

Bhí ceolchoirmeacha agus craoltaí ar siúl ag Ceolfhoireann Siansa Náisiúnta RTÉ agus ag Ceolfhoireann Choirme RTÉ beo os comhair lucht éisteachta i dtús na bliana sular tháinig an t-athrú mór mar gheall ar shrianta sláinte poiblí ó mhí Márta ar aghaidh ba chúis le hathshamhlú ó bhonn ar an tairbhe a d'fhéadfadh na ceolfhoirne a dhéanamh. I rith thréimhsí na dianghlasála, baineadh leas ildánach as taifeadadh ciandeighilte agus, de réir mar ab fhéidir i bhfianaise na moltaí sláinte agus sábháilteachta, tháinig líon teoranta ceoltóirí le chéile san aon ionad amháin, faoi eagar scartha, chun ceol a sheinm don craolachán.

Chuir Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ sraith de 14 ceolchoirm faoin bpríomhstiúrthóir Jaimie Martin ar siúl beo as an gCeoláras Náisiúnta i rith an fhómhair le haíonna speisialta, Claudia Boyle, soprán, ina measc. Craoladh na ceolchoirmeacha seo beo ar lyric fm chomh maith le sruthchraoladh beo a dhéanamh ar www.rte.ie/culture. Roghnaíodh 10 gcinn de na coirmeacha ina dhiaidh sin lena léiriú ar bhealach teilifíse RTÉ One.

I rith an fhómhair chomh maith, chuir Ceolfhoireann Choirme RTÉ sraith de choirmeacha ceoil ilardáin le chéile inar seinneadh réimse leathan den cheol mór-ráchairte le haíonna speisialta. Léiríodh oicheanta a bhí bunaithe ar cheol John Lennon, ar an gceoldrámaíocht agus ar théamaí séasúracha ar dhul an Nollaig Mhór agus an Nollaig Bheag. Anuas ar sin bhí The Burning of Cork, saothar le Paul Frost ceangailte le comóradh an chéid, á sheinm go poiblí den chéad uair riamh.

Ar líne

Ar cheann de na torthaí a tháinig ar an gcosc sealadach ar imeachtaí beo, bhí an borradh faoin gceangal ar líne agus tharla buaicleibhéil caidrimh le www.rte.ie/culture, 1 milliún leathanach in aghaidh na míosa a thapú agus méadú 120% ar líon na gcuairteoirí in imeacht na bliana. Bhí tábhacht bhreise leis an leathanach Cultúir, ní hamháin maidir le himeachtaí ilardáin de chuid RTÉ féin a chur i láthair – mar shampla, dánlann Illuminations, an tsraith ceolchoirmeacha beo Other Voices: Courage agus sraith ceolchoirmeacha an fhómhair le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ – ach d’fhonn ardán a sholáthar freisin ag imeachtaí móra tábhachtacha ealaíon agus cultúir eile, mar shampla Dear Ireland le hAmharclann na Mainistreach, 20 Shots of Opera le Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta na hÉireann, ina raibh Ceolfhoireann Choirme RTÉ páirteach, agus Solar Bones le Féile Ealaíon Chill Chainnigh agus Compántas Amharclannaíochta Rough Magic. Chuaigh an t-ábhar ar líne i gcion go mór freisin ar ardáin na meán sóisialta, mar is léir ón gcaoi ar éirigh le dán Imelda May, You Don’t Get to Be Racist and Irish, a ghnóthaigh breis agus milliún féachaint ar leathanach Cultúir Facebook, san am gcéanna ina raibh sí ar an leathanach ba mhó féachana ar fud RTÉ.ie - éacht as an gnáth.

Imeachtaí speisialta

Mar gheall ar na deacrachtaí a bhain leis an dianghlasáil, ba cheannródaíoch an chaoi inar éirigh le tionscnaimh nua ilardáin a bheadh ina ábhar sóláis agus spreagtha. Áirítear orthu sin Shine Your Light, sraith imeachtaí bunaithe ar théama an tsolais a chuir RTÉ chun cinn ar fud na n-ardán ar fad, tráthnóna Domhnach Cásca, nuair a moladh don uile dhuine coinneal a lasadh mar chomhartha dóchais.

Lean an tionscadal ar feadh na bliana ón nóiméad sin i mí Aibreáin le healaíontóirí agus a gcuid saothair á gcur os comhair an phobail díreach nuair a bhí an ceangal sin le pobal in easnamh orthu. Ar Shine Summer Concert, a taifeadadh don teilifís i nGairdíní Uíbh Eachach, sa Cheoláras Náisiúnta agus in RTÉ, bhí ceoltóirí agus ealaíontóirí reacaireachta, ina measc Dermot Kennedy, Denise Chaila, Villagers, Celine Byrne, Cormac Begley, Anna Mieke agus John Boyne; agus ar chlár eile ag gabháil leis an gceann sin, Shine On, bhí Dermot Kennedy agus Denise Chaila in éineacht le Ceolfhoireann Choirme RTÉ le feiceáil ar an RTÉ Player; dánlann ar líne a bhí i gceist le Illuminations le bunsaothair ceoil, litríochta, reacaireachta agus dearcealaíne a coimisiúnaíodh lena aghaidh; agus cuireadh clabhsúr le Shine Your Light: Solstice, arna léiriú i gcomhar leis an gclár Éire Ildánach, le clár speisialta d'ábhar ceoil agus focal ar RTÉ One le saothar coimisiúnaithe de chuid Marina Carr, Moya Cannon agus Manchán Magan agus ceol le Christy Moore, Sharon Shannon, Damien Dempsey, Erica Cody agus Clannad.

Nuair nach bhféadfadh lucht féachana a bheith i láthair beo ar an láthair, rinneadh athcheapadh freisin ar an ngnáthchur chuige maidir le hOíche Chultúir a cheiliúradh i mí Meán Fómhair agus léiríodh Nationwide: Culture Night Special le cabhair ón gComhairle Ealaíon. Taispeánadh ar an gclár sin rogha samplach de na bearta a bhí ar siúl ar fud na tíre don Oíche Chultúir agus cuireadh ábhar breise ar fáil ar rte.ie/culture agus ar RTÉ Radio 1. Mar bhuaicphointe clabhsúir leis an gclár teilifíse ar RTÉ One, léiríodh I am Ireland, bunsaothar nuacheaptha damhsa ar coimisiún ón gcóiréagrafaí Emma Martin agus a compántas damhsa United Fall.

Na Réimsí Digiteacha

I mí Dheireadh Fómhair 2020, cuireadh ábhar speisialta as clár imeachtaí Fhéile Ceoldrámaíochta Loch Garman 2020 ar fáil ar RTÉ Player, ionas go bhféadfaí ceangal le sruthchraoladh beo nó le nasc ar atráth, as áit ar bith ar fud an domhain. I measc an ábhair a cuireadh ar fáil, bhí na Falstaff Chronicles agus What Happened to Lucrece, agus rinneadh craoladh beo ón bhféile ar Petite Messe Solennelle le Rossini, Ceolchoirm ag Am Dinnéir le Celine Byrne, Ceolchoirm le Claudia Boyle agus Pietro Adaini, agus imeachtaí eile.

Formáid faoi leith maidir le ceolchoirmeacha a bhí i gceist le Other Voices: Courage a rinneadh a shruthchraoladh beo ar chainéal YouTube Other Voices agus a foilsíodh an lá dár gcionn ar RTÉ Player. Ar an réimse éagsúil ceoltóirí agus bannaí a léiríodh, bhí Ye Vagabonds, Lisa Hannigan, Denise Chaila, Kodaline, Fontaines D.C., Mick Flannery agus Susan O’Neill, agus eile.