RTÉ: Ábhar na bliana 2020

Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ
Ba bhliain í nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, in Éirinn agus ar fud an domhain, agus bliain inar dhírigh níos mó daoine ar RTÉ maidir le Nuacht agus Cúrsaí Reatha ná in aon bhliain eile go dtí seo. RTÉ a bhí ar an gcéad rogha ag 90% de mhuintir na hÉireann maidir le heolas faoi phaindéim Covid-19 (Taighde Amárach thar ceann na Roinne Sláinte).
Cuireadh tús leis an mbliain le hOlltoghchán 2020 agus bhí sraith de ghnéithe tionscantacha i gceist le tráchtaireacht RTÉ ar an toghchán. Le cur chuige 'digiteach ó thús', tugadh tuairiscí go comhuaineach ar Campaign Daily ar líne agus ar na meáin shóisialta agus ar an gcéad shraith de Bryan Dobson Interviews…, ceistíodh ceannairí na bpríomhpháirtithe, beo agus go mion, faoina raibh á ghealladh i manifesto an pháirtí. Chuaigh RTÉ i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le Díospóireacht na gCeannairí ar Claire Byrne Live a chraoladh le níos mó ná 300 duine sa lucht féachana ag ceistiú seachtar ceannairí páirtí beo ar an láthair. Laethanta beaga roimh an gcéad toghchán le beagnach céad bliain a eagraíodh ar an deireadh seachtaine, craoladh an díospóireacht dheireanach de chuid RTÉ ar Prime Time, le ceannairí Fhine Gael, Fhianna Fáil agus Shinn Féin ag freagairt na gceisteanna ó Miriam O’Callaghan agus ó David McCullagh.
Tharla buaicleibhéal de lucht éisteachta agus féachana ag roghnú RTÉ maidir le torthaí Election 2020 i mí Feabhra. Den chéad uair riamh, agus deireadh ag teacht leis an vótáil oíche Dé Sathairn, bhí RTÉ News ar an aer le réamhthuar ar thorthaí an toghcháin de réir phobalbhreith díreach tar éis vótála a reáchtáladh i gcomhar leis an Irish Times. Is é a bhí le tuiscint ó thorthaí na suirbhéireachta go raibh cothromaíocht idir trí pháirtí agus an bhearna róchúng go bhféadfaí aon toradh faoi leith a thuar go fóill. De réir mar a bhí an comhaireamh ag dul ar aghaidh, bhí buaicleibhéil nua á dtabhairt faoi deara maidir le suim an phobail i gcúrsaí polaitíochta ar fud sheirbhísí RTÉ. Ar an teilifís, bhí níos mó ná 2.5 milliún duine ag faire ar chláracha Election 2020 faoin gcomhaireamh agus ar thuairiscí nuachta ar RTÉ One ar feadh 31 uair a chloig de chraoladh beo teilifíse in imeacht trí lá.
Cothaíodh buaicleibhéil spéise in ábhar RTÉ News ar líne chomh maith le hardú 30% i gcomparáid le holltoghchán na bliana 2016 ar líon na ndaoine a thapaigh an t-ábhar. Cheangail líon iomlán 3.4 milliún duine faoi leith le RTÉ News ar líne as 202 tír ar fud an domhain, an Ghraonlainn, Sead, Cathair na Vatacáine agus an Tuircméanastáin ina measc. Bhí, ach go háirithe, aird ag dreamanna níos óige den lucht féachana ar ábhar cláir de chuid RTÉ. Roghnaigh 51% de na daoine idir 15–34 bliana d'aois a bhí ag faire na teilifíse ag an am féachaint ar an gclár speisialta faoin bpobalbhreith tar éis vótála ar RTÉ One.
Chuir RTÉ níos mó ná 20 uair a chloig de thráchtaireacht i nGaeilge ar thorthaí an toghcháin ar fáil beo do TG4 chomh maith leis na feasacháin rialta ag Nuacht ar RTÉ One. Seoladh seirbhís Gaeilge ar líne de chuid RTÉ i rith Election 2020 leis na tuairiscí nuachta agus na torthaí ba dheireanaí á gcur ar fáil beo. Bhí níos mó ná 30 iriseoir ar an láthair ag RTÉ dírithe go sonrach ar ábhar nuachta a chur ar fáil i nGaeilge ó ionad comhairimh na dtoghcheantar éagsúla, daoine de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta agus de chuid Nuacht RTÉ.
Bhí caidreamh i rith Election 2020 ag RTÉ freisin le hábhar iriseoirí na hÉireann. Trí oibriú i gcomhar le hollscoileanna ar fud na tíre, cheangail 39 mac léinn iriseoireachta le meithle RTÉ News sna hionaid comhairimh éagsúla agus tuairisciú faoi gach ceann den 39 toghcheantar in Éirinn á chur ar fáil beo.
Tráth a raibh an vótáil ar bun ar an 8 Feabhra, cailleadh Keelin Shanley, láithreoir Six-One, a raibh ailse ag dul di. Bhí níos mó ná 20 bliain caite aici i mbun iriseoireachta agus craoltóireachta ar chláracha de leithéid Prime Time Investigates, Crime Call agus Morning Edition, nuair a ceapadh í féin agus Caitríona Perry sa bhliain 2018 ar an gcéad fhoireann láithreoireachta ar chlár nuachta ar an teilifís in Éirinn ar beirt bhan a bhí iontu. Bhí meas agus cion ag a cuid comhghleacaithe agus ag an lucht féachana ar Keelin agus is mór an t-ábhar méala í a bheith imithe uainn. Ar dheis Dé go raibh a hanam.
Roinnt seachtainí dár gcionn, bhí athrú ar shaol na hÉireann mar gheall ar Covid-19. De thoradh ar phleanáil fhorleitheadach do chásanna gan choinne, cinntíodh go raibh ar chumas RTÉ na cláracha buntábhachtacha nuachta agus cúrsaí reatha a choinneáil ar siúl agus d'oibrigh meithleacha éagsúla i rith na paindéime chun tuairisciú agus tráchtaireacht ar na scéalta nuachta a chur i láthair. In ionad mórshiúlta mar ábhar ar Lá Fhéile Pádraig, d’oibrigh foireann Nuachta RTÉ ionas gur chinnte go bhféadfadh an Taoiseach labhairt díreach le muintir na hÉireann – an ócáid is mó riamh a raibh daoine ag breathnú uirthi ó cuireadh tús le craoladh teilifíse in Éirinn.
Bhí dianscrúdú á dhéanamh ar Prime Time agus ar Claire Byrne Live ar an gcás géarchéime ar fud an domhain agus cuireadh síneadh le gnáthshéasúr an dá chlár sin amach i séasúr an tsamhraidh. Den chéad uair le deich mbliana, léiríodh Prime Time ar feadh na bliana ar fad agus tarraingíodh go minic aird líon níos mó daoine ná tráth ar bith eile ó tosaíodh ar an gclár a chraoladh 28 bliain ó shin. Chuir RTÉ News tús le podchraoladh speisialta, Pandemic. Léiríodh 75 eagrán go dtí seo agus cíoradh á dhéanamh ar ghéarchéim na paindéime in Éirinn agus thar lear – le modhanna cianoibre in úsáid ó thús deireadh.
Le hathchóiriú mór i rith an fhómhair ar an stáisiún raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn, RTÉ Radio 1, tháinig Áine Lawlor agus Mary Wilson ag obair leis an gclár raidió is mó a mbítear ag éisteacht leis sa tír, Morning Ireland, agus tá am lóin á fhágáil faoi RTÉ News at One with Bryan Dobson. Tháinig ardú 62,000 duine ar lucht éisteachta Morning Ireland i rith na bliana 2020 le 491,000 ag biorú na gcluas gach maidin – an líon éisteoirí is mó ag clár raidió ar bith in Éirinn le beagnach 20 bliain i leith. Tháinig ardú 50,000 go dtí 370,000 gach lá ar lucht éisteachta News at One.
Tharla athrú freisin ar an gclár nuachta is mó lucht féachana in Éirinn nuair a chuaigh David McCullagh i mbun láithreoireachta le Caitriona Perry ar Six-One i mí Meán Fómhair. Cuireadh athraithe eile pearsanra i bhfeidhm ar RTÉ One freisin nuair a ceapadh Ray Kennedy ar an bpríomhláithreoir nuachta ag an deireadh seachtaine agus nuair a insealaíodh Eileen Whelan ina láithreoir buan ar an One O’Clock News.
Tháinig méadú faoi dhó i 2020 ar líon na gcuairteanna chuig suíomh ar líne RTÉ News le 2.267 billiún amhairc leathnaigh. Seoladh leagan athchóirithe d'aip RTÉ News ionas gur cinntíodh forfheabhsú ar an sásamh atá ag daoine as an úsáid agus suntas breise le hábhar beo agus le hábhar físeáin chomh maith le hathbhrandáil ionas go mbeadh an bhrandáil ar an aip i gcomhréir le príomhbhanda RTÉ News agus cainéal teilifíse RTÉ News.
Chuir RTÉ tús leis an gcéad chéim d'fheachtas nua margaíochta d'fhonn aird a dhíriú ar cheisteanna maidir le mí-eolas agus ar an tábhacht atá le nuacht ó fhoinsí iontaofa.
I rith na bliana 2020, ceapadh Ailbhe Conneely ina Comhfhreagraí Gnóthaí Sóisialta & Reiligiúnda agus tháinig an láithreoir is nua de chuid RTÉ News, Mícheál Ó Scannáil atá ceithre bliana is fiche, i mbun oibre le news2day.
Cuireadh tús le sraith nua podchraoltóireachta, States of Mind, arna chur i láthair uair sa tseachtain ag Brian O'Donovan, Comhfhreagraí RTÉ i Washington, agus Jackie Fox, iriseoir le RTÉ. Rinneadh criathrú mion d'fhonn tuairiscí claonta agus ábhar míthreorach maidir le Toghchán Uachtaránachta 2020 sna Stáit Aontaithe a dhealú ó fhírinne an scéil agus tugadh léargas grinn do lucht éisteachta na hÉireann ar an vótáil a d'fhéadfadh tarlú sna Stáit Aontaithe chomh maith le plé a dhéanamh ar cheisteanna a mbeadh tábhacht ar leith leo don tír seo. Rinne RTÉ tuairisceoireacht chuimsitheach freisin ar thorthaí an toghcháin ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne i mí na Samhna. Bhí ardú 55% ar líon an lucht éisteachta agus féachana in Éirinn i gcomparáid le toghchán uachtaránachta na bliana 2016.
Bhí tús áite ag RTÉ le dhá phríomhaidhm: an tseirbhís don lucht éisteachta agus féachana a choinneáil sa tsiúl go gcoinneofaí an lucht foirne slán sábháilte. Chuaigh meithleacha ar fud Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ in oiriúint do éilimh na linne agus athraíodh na modhanna oibre ionas go gcinnteofaí go bhféadfaí tuairiscí agus ainilís iontaofa a chur ar fáil atá lán d’eolas agus léargas. A bhuíochas de dhúthracht agus de ghairmiúlacht na foirne raidió, teilifíse, agus ar líne, b’é RTÉ céad rogha do mhuintir na hÉireann do nuacht agus cúrsaí reatha i rith na bliana 2020.

RTÉ InvestigatesTharraing RTÉ Investigates, cláracha iriseoireachta sárchaighdeáin RTÉ, aird lucht ceannlínte arís sa bhliain 2020 le tuairiscí tionscantacha den scoth. I rith mhí Meithimh agus mhí Iúil, craoladh an tsraith trí cinn de chláracha Inside Ireland’s Covid Battle ar a bhfacthas a raibh ag titim amach in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath agus an fhoireann leighis ag strachailt chun na hothair a choinneáil beo. Tugadh léargas den chéad uair sa tsraith sin ar a ghéire a bhí Covid-19 ag dul i bhfeidhm ar na hothair, ar an lucht leighis, ar theaghlaigh agus ar chóras sláinte na tíre. Sa chéad chlár den tsraith, Covid: Life & Death feictear Aonad Dianchúraim (ICU) an ospidéil agus cloistear tuairiscí ó bhéal na ndochtúirí agus na n-altraí féin. Tá cur síos ag ábhar altraí ar a n-aistriú go tobann as seomraí léachtaí go dtí an líne tosaigh agus paindéim ag réabadh tríd an domhan ar fad. Tugann othair léargas ar an anonn agus anall a bhaineann le Covid-19. Tugann teaghlaigh cuntas ar an gcrá croí agus iad gan a bheith ábalta cuairt a thabhairt ar a ngaolta san ospidéal agus iad ag fanacht go himníoch sa bhaile go mbuaileann an teileafón leis an scéal is deireanaí gach lá. Cloistear scéalta dóchais agus áthais freisin ó othair a tháinig slán ó Covid-19 agus iad ar ais ina gcónaí lena muintir féin arís. Ar Covid: Survival & Recovery, scrúdaítear conas ionfhabhtú a chosc agus an tionchar leathanréimseach is féidir a bheith ag aon chás amháin ar leithligh ar chóras an ospidéil. Feictear an fháilte a chuireann othair, a ngaolta agus foireann an ospidéil roimh dea-scéal dhuine atá á bhaint den aerálaí. Sin ráite, don bhfurmhór, níl in fhágaint an Aonaid Dianchúraim ach an chéad chéim ar thuras fada theacht aniar. Beidh laethanta, seachtainí agus míonna go fóill sara dtagann siad go hiomlán chuchu féin ón víreas. Trí labhairt le daoine a tháinig slán, léirítear ar an gclár gur féidir le daoine, ach an cúnamh cuí a fháil, dul ar ais i mbun an saol a chaitheamh mar a mhairidís roimh ré. Sa chlár clabhsúir – Covid: Future Healthcare – scrúdaítear an t-ábhar mór dúshláin a chuirtear roimh an gcóras sláinte ag féachaint le 'gnáthsheirbhísí sláinte' a chur ar fáil nuair atá Covid-19 ag bagairt an t-am ar fad. Eagraíodh tionscadal leitheadach digiteach agus ar líne a ghabhann leis an tsraith agus cíoradh á dhéanamh ar na scéalta dáiríre a bhí ceangailte leis an ábhar lom staitisticí maidir le Covid-19 a bhí ar fáil gach lá. Bhí deis freisin ar líne eolas a chur ar na daoine a oibríonn in Ospidéal San Séamas i sraith portráidí faoin teideal The Face Behind the Mask. Ar Whistleblowers: Fighting to be Heard, bhí léargas le fáil ar an saol atá ag sceithirí éagsúla in Éirinn agus chaill siad go pearsanta toisc gur labhair siad amach, roinnt acu a d'inis a scéal den chéad uair. I mí na Samhna, tugadh le fios ar Barrister & Conman – The Patrick Russell Story an bealach a bhí ag duine de na caimiléirí ba mhó in Éirinn leis na milliúin euro a fháil ó níos mó ná 60 fear agus bean ar fud na tíre. Labhair RTÉ Investigates le breis agus 20 duine a d'fhulaing caillteanas a dúirt gur thug siad tuairisc faoi Russell do na Gardaí. Ainneoin sin, d'éirigh leis ionchúiseamh a sheachaint ar feadh beagnach deich mbliana is fiche. Trí lá roimh na Nollaig, i 1972, maraíodh beirt dhéagóirí agus gortaíodh naonúr eile nuair a phléasc carrbhuama gan choinne gan rabhadh roimh ré i mBéal Tairbirt, Co. an Chabháin. Ar RTÉ Investigates: Belturbet – A Bomb That Time Forgot foilsíodh fianaise nua go raibh fórsaí slándála na Breataine siléigeach maidir le gníomh a dhéanamh nuair a bhí faisnéis inchreidte ar fáil acu agus gur lig sin do dhílseoirí míleata feidhmiú gan srian i ndeisceart Fhear Manach. Mar gheall ar an gclár, chuir an Garda Síochána a gcuid fiosrúcháin ar bun in athuair agus tá roinnt daoine curtha faoi agallamh acu ó shin. |