Gealltanais Feidhmíochta 2020

Athnuachan RTÉ don chéad ghlúin eile

Réamhrá

I ndeireadh na bliana 2019, chuir RTÉ a Straitéis Leasaithe 2020-2024 faoi bhráid an Rialtais, plean chun meáin chumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann a thabhairt ar chaoi inmharthanachta agus lena ndírítear ar chuid mhór de na réimsí deacrachta a chuirtear roimh RTÉ. Leagtar amach ann meascán nua de sheirbhísí beo agus ar líne saor in aisce, agus cuireann sin ábhar iontach agus éagsúil ar fáil don lucht féachana ag amanna agus ar dheiseanna a oireann dóibh féin. Déantar an méid a cheart do RTÉ seasamh dó a athrú chomh maith don am i láthair agus don am atá le teacht, ag cur le fís na heagraíochta agus mar léargas ar an bhfís sin: A bheith ina chrann seasta ag cultúr na hÉireann trí spéis an lucht féachana agus éisteachta a shásamh le hábhar atá iontaofa, spéisiúil agus dúshlánach, iléagsúlacht dhomhain na tíre a cheiliúradh agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú. Rinneadh pleananna na bliana 2020 a chur in oiriúint áfach (agus leanadh den athrú sin i rith na bliana) mar fhreagra ar an tionchar a bhí ag na neamhchinnteachtaí agus ag na dúshláin a bhí ann de bharr na paindéime Covid-19.

Tugtar léargas ar an gcomhthéacs sin i dTiomantais 2020 agus leagtar sé thiomantas faoi thrí cheannteideal nó cuspóirí straitéiseacha amach ann: Lucht Féachana agus Éisteachta, Ábhar agus Inbhuanaitheacht.

An Lucht Féachana agus Éisteachta – Ábhar a chur ar fáil a bhaineann le lucht féachana agus éisteachta na hÉireann ar fad, ag freastal ar gach duine, gach áit

1. A chinntiú go mbeidh an lucht féachana agus éisteachta i gcroílár na gcinntí a dhéantar

2. A bheith san áit a bhfuil an lucht féachana – teacht a bheith ag an uile dhuine ar na seirbhísí, barr feabhais a chur ar an ábhar líneach agus digiteach ar dtús a ghlacadh

Ábhar – Lucht féachana agus éisteachta a shásamh le meascán d’ábhar ar ardchaighdeán a thugann léargas ar scéalta na tíre a chur ar fáil

3. Ábhar iontaofa, dúshlánach agus spéisiúil a chur ar fáil

4. Cultúr na hÉireann a Chosaint

5. Iléagsúlacht a cheiliúradh agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú

Inbhuanaitheacht – Todhchaí na meán seirbhíse poiblí a chosaint trí RTÉ inbhuanaithe

6. Todhchaí na Meán Seirbhíse Poiblí a chosaint trí RTÉ inbhuanaithe

Tionchar Covid-19 ar thorthaí thiomantais 2020

Bhí tionchar mór ag an bpaindéim ar imeachtaí na bliana seo, agus ar an aschur a bhí RTÉ ábalta a léiriú agus a choimisiúnú, agus, dá bhrí sin, tá sé le brath ar na torthaí i gcomórtas leis na spriocanna tiomantais. De bharr na srianta leanúnacha chun sláinte poiblí a chosaint, cuireadh mórimeachtaí spóirt agus mórimeachtaí eile, chomh maith le léiriúcháin a bhí beartaithe ar athló nó ar ceal. Mar thoradh air sin níor léiríodh go leor den mhéid ábhair lena mbaineann costas breise a bhí beartaithe a léiriú - d’ainneoin dea-iarrachtaí. Chuir RTÉ an t-ábhar a bhí á chur ar fáil in oiriúint agus leasaíodh é, agus bhain líon ollmhór den lucht féachana agus éisteachta leas as an gceangal nuachta, faisnéise siamsaíochta, cultúir agus go leor leor eile. Ar nós go leor gnónna, bhraith RTÉ luaineacht shuntasach airgeadais freisin i rith na bliana 2020. Thit ioncaim tráchtála agus ioncaim ón táille cheadúnais go suntasach agus bhí tionchar ag dúshláin léiriúcháin agus fachtóirí eile ar an mbonn costais. Cuireadh isteach ar an lucht féachana agus éisteachta a thomhais chomh maith, rud a d’fhág bearnaí in obair allamuigh i rith na bliana nó athruithe ar mhodheolaíochtaí a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar ghnéithe inchomparáide ó bhliain go bliain.

Faoi réir Alt 102(3) an Achta, cuireadh Ráiteas Bliantúil RTÉ faoi Ghealltanais Feidhmíochta 2019 (ASPC) faoi bhráid an BAI agus an Aire i mí Aibreáin 2020. Foilsíodh leagan de ina dhiaidh sin ar RTÉ.ie Cuirtear achoimre ar chomhlíonadh thiomantais na bliana 2020 i láthair anseo ag teacht le halt 102(5) den Acht. Ag teacht le halt 102(4) den Acht, rinneadh tuarascáil ar leithligh atá níos mionsonraithe maidir le gealltanais a chomhlíonadh nó eile a chur faoi bhráid an BAI agus an Aire i mí Aibreáin 2021.

An Lucht Féachana agus Éisteachta

Ábhar a chur ar fáil a bhaineann le lucht féachana agus éisteachta na hÉireann ar fad, ag freastal ar gach duine, gach áit.

Gealltanas

Tionchair Phoiblí Bheartaithe

Spriocbheart

Toradh

1. A chinntiú go mbeidh an lucht féachana agus éisteachta i gcroílár na gcinntí a dhéantar

Tá riachtanais an lucht féachana agus éisteachta lárnach i ndáil le PSM a chur ar fáil in Éirinn.

Braitheann muintir na hÉireann go bhfuil úinéireacht acu ar a PSM agus go bhfuil ceangal acu leis.

  • An dearcadh i measc an phobail go bhfuil RTÉ ábhartha do mhuintir na hÉireann ag >80%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 75% de dhaoine fásta in Éirinn, 5 phointe faoi bhun na sprice agus ar aon chéim le 2019. D'fhéadfadh sé go raibh tionchar ag na gnéithe agus na dúshláin ar leith a bhain leis an mbliain 2020 ar dhearcthaí ábhartha. Féach léargas sa Réamhrá maidir le tionchar Covid-19. Tá RTÉ fós tiomanta don scór seo a fheabhsú.

  • An dearcadh i measc an phobail go bhfuil ábhar agus seirbhísí den scoth ag RTÉ a choinneáil ag >75%

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. D'aontaigh 72% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Sin 4 phointe níos airde i gcomórtas le 2019, ach fós níos lú ná an sprioc. Féach léargas sa Réamhrá maidir le tionchar Covid-19: níor féadadh go leor den t-ábhar lena mbaineann costas breise a bhí beartaithe ar dtús don bhliain a chur ar fáil.

2. A bheith san áit a bhfuil an lucht féachana – teacht a bheith ag an uile dhuine ar na seirbhísí, barr feabhais a chur ar an ábhar líneach agus digiteach ar dtús a ghlacadh

Tá riachtanais meán i ngach réimse de shochaí na hÉireann bainte amach.

Tá daoine óga gafa le hábhar Éireannach agus seirbhísí.

Spreagfaidh nuálaíocht i léiriúchán meán rannpháirtíocht na ndúchasach digiteach le hábhar Éireannach.

Beidh teacht éasca agus láithreach ag daoine ar ábhar Éireannach ar ghaireas dá rogha féin.

  • An meánsciar den lucht féachana agus éisteachta a mhealltar chuig seirbhísí uile RTÉ a choinneáil ag 90% nó os a chionn (daoine 18+)

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An meánsciar den lucht féachana agus éisteachta a mhealltar chuig seirbhísí uile RTÉ a choinneáil ag >90% nó os a chionn (daoine 18-34)

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Cur le meánsciar seachtainiúil RTÉ trí dheiseanna soghluaiste agus ar líne go dtí >56%

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Sciar teilifíse RTÉ a choinneáil (daoine fásta 15+, an lá ar fad) ag 27%

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Sciar raidió RTÉ a choinneáil (daoine fásta 15+, an lá ar fad) ag ≥30%

Rinneadh maith den ghealltanas. Is ionann sin agus an meastachán is fearr, ó tharla gur éiríodh as obair allamuigh i gcomhair an tsuirbhé náisiúnta ar lucht éisteachta (JNLR) i R1 agus i R2 den bhliain 2020 mar gheall ar shrianta Covid-19.

  • Scála tomhais nua a fhorbairt maidir leis an Am a Caitheadh ar RTÉ agus tuairisciú ar dhaoine fásta 15+ agus daoine fásta in aois 15-34

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An dearcadh i measc an phobail go bhfuil teacht go héasca ar chláracha agus ar sheirbhísí RTÉ ar réimse deiseanna ag >70%

Rinneadh maith den ghealltanas

Ábhar

Lucht féachana agus éisteachta a shásamh le meascán d’ábhar ar ardchaighdeán a thugann léargas ar scéalta na tíre a chur ar fáil

Gealltanas

Tionchair Phoiblí Bheartaithe

Spriocbheart

Toradh

3. Ábhar iontaofa, dúshlánach agus spéisiúil a chur ar fáil


  • Dearcadh an phobail go gcuireann RTÉ ábhar N&CA atá iontaofa ar fáil a choinneáil ag ≥80%

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An dearcadh i measc an phobail go spreagann RTÉ díospóireacht náisiúnta/plé polaitíochta a choinneáil

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An dearcadh i measc an phobail go gcoinníonn RTÉ ar an eolas mé a choinneáil ag ≥80%

Rinneadh maith den ghealltanas

4. Cultúr na hÉireann
a Chosaint

Spreagtar plé poiblí agus tugtar léargas ar shochaí chomhaimseartha na hÉireann.

Rachaidh an oidhreacht closamhairc shaibhir a chuirtear ar fáil trí chartlann PSM den chineál is nua-aimseartha chun leasa mhuintir na hÉireann.

Neartaítear an mórtas atá againn as ár n-aitheantas náisiúnta trína bheith rannpháirteach sa taithí chultúir agus spóirt a cheanglaíonn le chéile muid mar náisiún.

Feicfidh leanaí na hÉireann a dtaithí féin agus cloisfidh siad a nglór féin ar an scáileán, ar raidió agus ar líne.

Tiocfaidh méadú ar shuntasacht na Gaeilge agus beidh ina cuid lárnach de thírdhreach na meán Éireannach.

  • An dearcadh i measc an phobail go bhfuil RTÉ ina chuid thábhachtach den saol in Éirinn a choinneáil ≥80%

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An dearcadh i measc an phobail go ligeann RTÉ dom imeachtaí náisiúnta a thapú a choinneáil ag ≥80%

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An dearcadh i measc an phobail go dtugann RTÉ an méid ama ceart do chláir do leanaí a choinneáil ag ≥50%.

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Na daoine i measc an phobail a bhfuil de dhearcadh acu go gcuireann RTÉ seirbhís chuimsitheach ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge a choinneáil ag ≥60%

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An sciar de na daoine fásta 15+ a mbíonn aird acu air i rith na seachtaine a choinneáil ≥3%

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. Is ionann sin agus an meastachán is fearr, ó tharla gur éiríodh as obair allamuigh i gcomhair an tsuirbhé náisiúnta ar lucht éisteachta (JNLR) i R1 agus i R2 den bhliain 2020 mar gheall ar shrianta Covid-19.

  • 'Soláthar 365' TG4 a shásamh i gcomhréir le hAlt 120 den Acht

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. Bhí uaireanta 2020 beagán níos giorra ná an leibhéal a bhí ag teastáil, ó tharla go raibh tionchar mór ag srianta Covid-19 ar dheiseanna léirithe ábhair. Tá mar sprioc ag RTÉ an t-easnamh sin a chúiteamh in 2021, tríd an riachtanas a shásamh i dtréimhse dhá bhliain, ag brath ar shrianta.

5. Iléagsúlacht a cheiliúradh agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú

Feiceann gach duine as gach cuid de shochaí na hÉireann go bhfuil ionadaíocht déanta ar a dtaithí féin ina n-eagraíocht PSM agus braitheann go bhfuil siad san áireamh.

Tá feasacht níos mó ar an éagsúlacht a bhaineann le sochaí na hÉireann agus comhtháthú sóisialta níos fearr.

Tá PSM cruthaitheach agus nuálach ar bhonn leanúnach ag Éirinn.

Tagann fás ar gheilleagar cruthaitheach na hÉireann agus déantar é a neartú agus a fhorbairt.

Tugtar ardán d’aos dána na hÉireann atá i mbun oibre cheana féin agus atá ag teacht chun cinn agus déantar iad a cheiliúradh.

Insítear scéalta iontacha mhuintir na hÉireann ar bhealach a dtuigeann cách iad agus ar bhealach cumhachtach.

Déanfar síneadh a chur leis an mbealach a mbíonn teacht ar na healaíona agus déanfar go daonlathach é agus cuirfidh sin le luach atá ag an bpobal ar an gcultúr agus oidhreacht ar leith atá againn.

  • An dearcadh i measc an phobail go léiríonn RTÉ sochaí reatha na hÉireann a mhéadú go dtí ≥80%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 72% de dhaoine fásta in Éirinn, 8 bpointe faoi bhun na sprice agus ar aon chéim le 2019. Tá RTÉ fós tiomanta go hiomlán d'fheabhas a chur ar mar a thugann sé léargas ar shochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann.

  • Cur leis an dearcadh i measc an phobail go bhfuil réimse nua daoine agus glórtha ar an aer ag RTÉ go dtí ≥62%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D’aontaigh 52% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin, 10 bpointe faoi bhun na sprice. Cé gur tháinig corr aghaidh agus guth nua chun cinn, bliain dhúshlánach a bhí inti do chúrsaí léiriúcháin, agus faraor cuireadh roinnt cláracha a bhí beartaithe ar ceal.

Bhí sprioc uaillmhianach fáis ann agus tá RTÉ fós go hiomlán tiomanta d’ionadaíocht iléagsúil a fheabhsú.

  • Ardsciar den ábhar a chuirtear ar fáil ar bhandaí FM Raidió RTÉ a choinneáil ina ábhar dúchasach arna chraoladh den chéad uair ag ≥80%

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Uaireanta an chloig d'ábhar dúchais mar % d'iomlán na n-uaireanta an chloig le linn buaicthráthanna ar RTÉ One a choinneáil ag ≥75%.

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An dualgas maidir le caiteachas faoin reachtaíocht a chomhlíonadh

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. Bhí caiteachas 2020 faoi bhun an leibhéil a bhí ag teastáil, ó tharla an drochthionchar a bhí ag srianta Covid-19 ar dheiseanna léirithe ábhair. Tá mar sprioc ag RTÉ an t-easnamh sin a chúiteamh in 2021, trí an riachtanach a shásamh i dtréimhse dhá bhliana, ag brath ar shrianta.

  • An dearcadh i measc an phobail go bhfuil dea-thionchar ag RTÉ One ar chúrsaí drámaíochta na tíre a mhéadú go ≥70%

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. D'aontaigh 69% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin, 1 phointe faoi bhun na sprice.

  • Sástacht an phobail le caighdeán an chultúir agus na n-ealaíon ar RTÉ a choinneáil ag ≥67%

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. D'aontaigh 65% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin, 2 phointe faoi bhun na sprice. Bhí tionchar ag na srianta ar thaibhléirithe ealaíon agus cultúir ach go háirithe.

  • An dearcadh i measc an phobail go gcuireann RTÉ réimse leathan de cheol ceolfhoirne ar fáil a choinneáil ag ≥56%

Sprioc cúlghairithe in 2020

Inbhuanaitheacht

Todhchaí na Meán Seirbhíse Poiblí a chosaint trí RTÉ inbhuanaithe

Gealltanas

Tionchair Phoiblí Bheartaithe

Spriocbheart

Toradh

6. Todhchaí PSM a Chosaint

Tá cosaint ag todhchaí PSM in Éirinn agus tá sé inbhuanaithe.

Déantar é a rith go héifeachtach agus go héifeachtúil.

Tacaítear leis trí ghníomhaíochtaí tráchtála RTÉ.

Tá sé oscailte, cuntasach agus trédhearcach.

Neartaítear agus tugtar cosaint do dhlisteanacht PSM in Éirinn.

  • An buiséad bliantúil a shásamh.

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Punann seirbhísí RTÉ a chur ar fáil taobh istigh den sprioc maidir le costas oibriúcháin buiséadaithe.

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Gníomhaíochtaí tráchtála RTÉ a oibriú go héifeachtach chun an glantoradh is fearr a bhaint as gníomhaíochtaí seirbhíse poiblí RTÉ agus spriocanna maidir le hioncam tráchtála Grúpa a bhaint amach.

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Is ionann an caiteachas iomlán ar ábhar agus ar dháileachán mar % de na Costais Oibriúcháin agus ≥80%

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. D'fhág srianta a bhain le Covid-19 go raibh caiteachas i ndáil le hábhar laghdaithe go mór mar gheall ar an srian a cuireadh ar chúrsaí léiriúcháin agus ar imeachtaí. Cé go raibh Costais Oibríochta eile laghdaithe chomh maith bhí ráta an chiorraithe i gcaiteachas i ndáil le hábhar i bhfad níos airde.

  • An sprioc PROC* bainte amach

*Costais Oibriúcháin Cúrsaí Pearsanra

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, ba ionann PROC agus sciar níos airde de Chostais Oibríochta.

  • Dearcadh an phobail go bhfuil RTÉ tábhachtach do shochaí na hÉireann a choinneáil ag ≥85%

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. D'aontaigh 84% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin, 1 phointe faoi bhun na sprice.

  • Dearcadh an phobail go bhfuil RTÉ iontaofa a choinneáil ag ≥75%

Rinneadh maith den ghealltanas