RTÉ: Figiúirí na Bliana

%

Tháinig forás 36% ar an úsáid as RTÉ Player agus ceanglaíodh níos mó ná 67.5 milliún sruth.

%

RTÉ a bhí ar an gcéad rogha ag 90% de mhuintir na hÉireann maidir le heolas faoi phaindéim Covid-19 i rith na bliana 2020.

D’oibrigh RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona le níos mó ná 140 imeacht ealaíon ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus pobail i rith na bliana 2020.

Tá eagrán méadaithe na Nollag den RTÉ Guide ina dhíol iontais i saol na foilsitheoireachta in Éirinn i gcónaí agus díoladh beagnach 271,000 cóip.

Bhí aird ag 1.4 milliún duine ar RTÉ Does Comic Relief agus bailíodh níos mó ná €5.8 milliún.

Bhí breis agus 2 mhilliún ag éisteacht le raidió RTÉ gach seachtain i rith na bliana 2020, 51% den lucht éisteachta fásta (15+).

Bhí beagnach 4 mhilliún duine nó 90% de lucht féachana teilifíse na hÉireann ag faire ar sheirbhísí teilifíse RTÉ i rith thréimhse tosaigh na paindéime (2 Márta –17 Bealtaine 2020).