Dáileadh, Digiteach, Soláthar

Dáileadh
Saorview
I rith na bliana 2020, díríodh ar 50% de na háitribh le feachtas Saorview maidir le haistriú ón mbanda 700MHz chun freastal do chinneadh an Rialtais réimse den speictream craolacháin teilifíse UHF a chur ar fáil le húsáid maidir le seirbhísí fón 5G san am atá romhainn. Fágann sin go bhfuil gá le hathchóiriú nó athrú trealaimh ionas gur féidir Saorview a fháil i gcónaí. Cinntíodh an cur isteach is lú is féidir ar lucht féachana Saorview leis an bhfeachtas seo.
Faoi dheireadh na bliana 2020, bhí Saorview ar fáil i 655,000 áras cónaithe ina bhfuil teilifíseán, nó ag 38% den lucht féachana teilifíse iomlán i bPoblacht na hÉireann. In 201,000 nó 12% de na hárais sin, roghnaítear Saorview ar an aon mhodh amháin maidir le glacadh le craolachán teilifíse (Nielsen 2021). Is comhartha sin go bhfuil tábhacht mhór i gcónaí ag lucht féachana teilifíse na hÉireann le Saorview mar rogha seirbhíse, ainneoin a raibh de dheacrachtaí margaíochta i gceist leis an bpaindéim agus tuairiscí go raibh borradh faoi bhreathnú ábhair ar líne. Tugadh faoi chuid mhaith feachtasaíochta d’fhonn aird ar bhranda Saorview a chothú i rith na bliana 2020, rud a threisigh leis an seasamh ar an margadh.
2rn
2rn, fochuideachta faoi úinéireacht iomlán RTÉ, a dhéanann an obair chothabhála, an bhainistíocht agus an fhorbairt ar chóras tarchuradóireachta na hÉireann do chraoltóirí uile an oileáin agus a chuireann seirbhísí infreastruchtúir ar fáil do thionscal na teileachumarsáide. 2rn atá i bhfeighil chóras craolacháin agus tarchuradóireachta náisiúnta na hÉireann, á chinntiú go mbíonn an tír ceangailte i gcónaí agus cinntíodh iontaofacht 99.9% ar fud na seirbhísí tarchuradóireachta teilifíse agus raidió arís i rith na bliana 2020.
I dtús na bliana 2017, tháinig 2rn agus an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ar shocrú maidir le seirbhísí craolacháin a athrú ón mbanda minicíochta 700MHz faoin mbliain 2020. B’éigean dá réir sin athruithe a dhéanamh ag láithreacha tarchuradóireachta éagsúla de chuid 2rn agus dhá láthair nua tarchuradóireachta a thógáil. Tugadh an obair maidir le haistriú córais chun críche sa bhliain 2019 agus, tar éis leanúint i mbun craolacháin ar an dá chóras tráth a raibh an lucht féachana á chur ar an eolas faoin aistriú, tugadh an t-athrú i bhfeidhm i mí Márta 2020.
Leanadh, trí sheirbhísí Saorview agus Saorsat, de sheirbhísí teilifíse agus raidió seirbhíse poiblí a chur ar fáil saor in aisce i ngach teach sa Stát, le seirbhís ardchaighdeáin físe agus fuaime. As 1.68 milliún teaghlach in Éirinn a mbítear ag faire ar an teilifís, bhí Saorview ag 655,000 acu i rith na bliana 2020. Bhí 201,000 teaghlach nach raibh aon bhealach eile seachas Saorview acu chun breathnú ar chraoladh teilifíse.
Bhí gá, nuair a tháinig Covid-19 chun cinn, le hathrú ar na gnáis agus na próisis oibre chomh maith le hoiliúint bhreise ar an lucht foirne ionas go bhféadfaí an obair a raibh gá léi a dhéanamh go sábháilte chun iontaofacht na seirbhísí a chaomhnú agus idirbheartaíocht a dhéanamh le soláthraithe agus le custaiméirí. De thoradh ar na hathruithe sin, níor tharla aon chur isteach ábhartha maidir le toradh feidhmíochta iomlán 2rn i rith na bliana.
Chruthaigh 2rn ioncam €26.5 milliún sa bhliain 2020, ísliú beag ar leibhéal na bliana 2019 agus sin le cur i leith ísliú ar an ioncam rialaithe ó na seirbhísí náisiúnta craolacháin. Tríd is tríd, is léiriú toradh na bliana ar sheasmhacht a bheith tugtha i gcrích ar an margadh craolacháin agus gur cruthaíodh go maith ar an margadh maidir le crainn agus túir ar cíos.
Níor tháinig aon athrú suntasach ar an margadh raidió áitiúil agus réigiúnach, ó tharla na réimsí ar fad atá ar fáil ar an mbanda FM a bheith in úsáid anois a bheag nó a mhór. Tá comhdhlúthú líonraí na seirbhísí fón póca tagtha chun aibíochta faoin tráth seo agus tá dúshlán ag baint i gcónaí le seasmhacht ioncaim bliain i ndiaidh bliana a thabhairt i gcrích i ngnó na teileachumarsáide.
RTÉ Guide
Bhí an RTÉ Guide ar an iris ba mhó díol in Éirinn arís i rith na bliana 2019 agus ar an cúigiú foilseachán is tábhachtaí sa tír. Cinntíodh, trí bhéim leanúnach ar an ábhar eagarthóireachta, go raibh gnóthachtáil ioncaim ag RTÉ as an iris i gcónaí agus cothaíodh spéis dhaoine níos óige chomh maith leis an bpríomhbhonn léitheoirí a chaomhnú.
Bhí ísliú beag 2.9% ar an ioncam dáiliúcháin i gcomparáid leis an mbliain 2019 ag teacht leis an ísliú bliain ar bhliain ar an margadh foilsitheoireachta tríd is tríd, le géarú ar an tionchar i réimse an mhiondíolacháin mar gheall ar chur isteach Covid-19 ar líon na siopadóirí. Tá eagrán méadaithe na Nollag den RTÉ Guide ina dhíol iontais i gcónaí i saol na foilsitheoireachta in Éirinn agus gnóthaíodh ardú 4% i gcomparáid le toradh na bliana seo caite, eisceacht maidir le gnáthphátrúin an mhargaidh.