Dáileadh, Digiteach, Soláthar

Digiteach

RTÉ Player

Bhain an lucht éisteachta agus féachana leas as RTÉ Player maidir le hábhar eolais agus siamsaíochta i rith na bliana. D’fhág an réimse leathan, boscra drámaíochta, bunábhar RTÉ Player, nuacht agus spórt beo, RTÉ Home School Hub agus cláracha faisnéise agus siamsaíochta a bhaineann le hÉirinn go háirithe, tháinig forás 36% ar an úsáid agus ceanglaíodh níos mó ná 67.5 milliún sruth i rith na bliana 2020.

Ábhar boscra de chuid na hÉireann, chomh maith le drámaí agus sobaldrámaí a ceannaíodh isteach, a bhí i gceist le tuairim agus aon tríú de shruthanna uile RTÉ Player i rith na bliana 2020, agus chaith an lucht féachana níos mó ama ná riamh roimhe seo ag breathnú ar na cláracha is fearr leo, eagráin as a chéile. Mar gheall ar an athrú ar ghnás féachana na ndaoine, cuireadh níos mó ná 20 boscra drámaíochta agus siamsaíochta ar fáil i rith na bliana trí chearta ar líne amháin a cheannach nó trí shíneadh a chur le cearta craolacháin. Baineadh buaiclíon nua maidir le sraith drámaíochta de chuid na hÉireann ar RTÉ Player amach le Normal People, le breis agus 5 milliún sruth. Tharraing Love/Hate lucht féachana líonmhar arís eile le 3 mhilliún sruth i rith na bliana 2020. Cuireadh ábhar eile ar fáil ar bhonn eisiach, boscra uilechuimsitheach –The West Wing, Frasier, ER agus Seinfeld san áireamh.

I rith na bliana rinneadh bunábhar de chuid RTÉ Player Originals a fhorbairt, a léiriú agus a fhoilsiú chun freastal ar éileamh an lucht féachana de réir mar is mó a bhí siad sa bhaile. Áirítear ar an ábhar sin, Seriously, Sinéad? seó nua grinn le Sinéad Quinlan, Reeling in the Fears le Doireann Garrihy, arna scríobh i gcomhar le Joanne McNally, agus Go Outside and Play: Local Adventures with Carl Mullan.

Ba ghné thábhachtach de shaothar RTÉ Player i rith na bliana 2020 an tsruthchraoltóireacht bheo. Ceanglaíodh 955,000 sruth le cluichí craoibhe CLG agus níos mó ná leathmhilliún sruth i gcéad tír ar fud an domhain le RTÉ Does Comic Relief. Fearadh fáilte abhaile ar RTÉ Player le muintir na hÉireann ar fud an domhain ar an oíche is speisialta den bhliain nuair a chuir Ryan Tubridy The Late Late Toy Show i láthair. Ceanglaíodh níos mó ná 500,000 sruth i 138 tír leis an gclár sin agus baineadh amach buaiclíon nua sruthanna in aon tseachtain amháin le RTÉ Player an chéad seachtain de mhí na Nollag le 688,000 duine faoi leith agus 2.34 milliún sruth.

D’fhág seirbhís seinnte níos fearr a thabhairt i bhfeidhm maidir le hardáin RTÉ Player gurbh fhéidir feabhas teicniúil a chur ar a seirbhísí maidir le fotheidil agus cuntas fuaime. Cuireadh sruthanna beo i dTeanga Comharthaíochta na hÉireann (TCÉ) ar fáil maidir le tuairiscí barrthábhachtacha an Rialtais faoi Covid-19 agus bhí roghanna maidir le TCÉ feiceálach agus cuntas fuaime ar fáil don leagan is mó seirbhísí áisiúlachta den Late Late Toy Show a craoladh go dtí seo.

Cuireadh RTÉ Home School Hub ar fáil ar gach bealach féachana a thapaíonn leanaí agus teaghlaigh – ar an teilifís, ar RTÉ Player agus ar RTÉ YouTube. Ba é an clár ba mhó lucht féachana do leanaí é i rith na bliana le breis agus 100,000 uair a chloig á bhreathnú agus 700,000 sruth á gceangal.

Guth na ndaoine i rith Covid-19

Rinne RTÉ Player beart go luath sa phaindéim agus leis na srianta dianghlasála le réimse cláracha arna léiriú ar líne ón tús. Ba léiriú ar an gcás ina rabhamar go léir Letters from Lockdown – sraith gearrscannán, gach ceann bunaithe ar litir ó dhuine faoi leith go dtí duine eile. Bhain Love Is in the Air le daoine ag cur aithne ar a chéile faoin aer, an t-aon rogha amháin i rith na bliana 2020 agus ba clár nua geandála ar líne Love in Isolation a cruthaíodh go speisialta maidir le ré na dianghlasála.

Rinne Neil Jordan, stiúrthóir, scríbhneoir scripte agus úrscéalaí a bhfuil gradam Oscar buaite aige, cíoradh in Throes ar chathair Bhaile Átha Cliath i rith na dianghlasála, le portráid spreagúil de chathair i sáinn. Cuireadh daoine iomráiteacha i mbun Thráth na gCeist as a gcuid tithe féin ar The Big House Quiz. Chuir Kevin McGahern, láithreoir teilifíse, fear grinn, aisteoir agus ealaíontóir smeadar péinteála leis an gcomhrá ar Kevin Paints.

Ar From the Same Cloth, cuireadh athrú mór ar bhaill éadaigh gur cruthaíodh earraí cuimhneacháin astu agus ar Marty in the Shed, chonacthas cé eile, ach Marty Morrissey, agus é ina dhuine as féin ó chúl an tí in iarthar an Chláir. Ar Owen Colgan Around the Fire, chuir an Colgánach, ar mar gheall ar a chuid aisteoireachta i bpáirt Buzz McDonnell ar Hardy Bucks is fearr aithne air, a chuid grinn i bhfeidhm ar an gclár comhrá. Ar Agony OAPs, sraith nua sé cinn de chláracha ar RTÉ Player, chonacthas seisear de na saoránaigh aosta is deisbhéalaí in Éirinn ag cur comhairle ar lucht Gen Z maidir leis na deacrachtaí is géire atá le sárú acu.

RTÉ.ie

Bliain mhór foráis a bhí sa bhliain 2020 ag RTÉ.ie agus béim arís ar an gcuid is fearr d’ábhar RTÉ ar fud na n-ardán agus na seánraí ar fad a chaomhnú agus a chur i láthair. Tháinig ardú 73% ar líon na leathanach a osclaíodh i gcomparáid leis an mbliain 2019 agus ardú 56% ar líon na n-úsáideoirí go dtí meánlíon 13.5 milliún in aghaidh na míosa.

Tháinig ardú 85% freisin ar líon na bhfíseán a tapaíodh ar an suíomh nuair a ceanglaíodh 28.2 milliún sruth i rith na bliana. Tarraingíodh dream níos óige agus lucht féachana nua ar an suíomh le RTÉ Home School Hub ar rte.ie/learn, le bileoga gníomhaíochta agus acmhainní eile á gcur ar fáil do dhaltaí bunscoile i rith ré na dianghlasála.

Covid-19, torthaí an toghcháin agus bás truaimhéileach Keelin Shanley, iriseoir nuachta agus láithreoir de chuid RTÉ, na scéalta is mó a tharraing aird na ndaoine i rith na bliana. Ar na buaicphointí maidir le seánraí eile, bhí ‘You don’t get to be racist and Irish’ - saothar reacaireachta le Imelda May, ‘Why are Russian military aircraft flying in Irish airspace?’ agus ‘8 things you never knew about dogs’.

Cartlann RTÉ

Ba bhliain thábhachtach an bhliain 2020 ag Cartlann RTÉ de réir mar a cuireadh spéis sa bhreis in ábhar cartlannaíochta closamhairc agus san oidhreacht chultúir ar líne agus ar ardáin uile na meán cumarsáide. Bhí an-tóir ag léiritheoirí ar ábhar teilifíse agus fuaime, ar ghrianghraif, ar cháipéisí agus ar scríbhinní, chomh maith le hábhar gaolmhar taighde, le húsáid maidir le tograí léiriúcháin in Éirinn agus thar lear.

Aimsíodh réimse leathan ábhair as bailiúcháin RTÉ, ábhar léiritheoirí neamhspleácha agus cláracha inmheánacha san áireamh, a cuireadh ar fáil don lucht féachana agus éisteachta ar ardáin teilifíse, raidió agus ar líne RTÉ, sraitheanna mór-ráchairte de leithéid Killinascully san áireamh. Ainneoin na srianta maidir le hoibriú ar an láthair, chinntigh foireann Chartlann RTÉ gur coinníodh seirbhís iomlán ar bun do na léiritheoirí inmheánacha agus do léiritheoirí seachtracha i rith na bliana chun a gcuid riachtainais craolacháin a shásamh. Bhí ábhar cartlainne go mór chun tosaigh i gcláracha mórthábhachta, mar shampla After a Woman’s Heart agus an clár ómóis do Marian Finucane a craoladh i mí Eanáir 2021.

Bhí barrthábhacht i rith na bliana leis an bhfoireann a choinneáil sábháilte an tráth céanna a dtabharfaí an bhunobair chartlannaíochta ar shaothar RTÉ ar fud na seirbhísí ar fad i gcrích lá i ndiaidh lae. Cuireadh seirbhís iomlán, obair ar an láthair agus obair i gcéin, i gcrích seacht lá na seachtaine maidir le cartlannaíocht ar an ábhar iomlán nuachta agus cúrsaí reatha, seirbhísí réigiúnacha san áireamh, a craoladh. Rinneadh cartlannaíocht agus catalógú ar 1,074 uair a chloig de thuairiscí físeáin nuachta i rith na bliana, ardú 193 uair a chloig i gcomparáid leis an mbliain 2019. Cuireadh an téarma ‘Covid-19’ sa chatalóg 3,515 uair, buaiclíon maidir le haon téarma amháin a lua sa chatalóg in imeacht aon bhliain ar bith.

Rinneadh dul chun cinn maidir leis an obair pleanála agus feidhmiúcháin maidir le hábhar cartlannaíochta a aistriú go dtí meáin dhigiteacha faoi thionscadail éagsúla, ina measc an tionscadal mór digitiúcháin maidir le hábhar nuachta 1961–1969 ar scannán, le páirtmhaoiniú faoi Scéim Cistíochta de chuid an Údaráis Craolacháin maidir le Cartlannaíocht, a thabhairt chun críche.

Tháinig ardú 46% i rith na bliana ar léiriú spéise an phobail agus ar chuairteanna ar shuíomh gréasáin Chartlann RTÉ, www.rte.ie/archives. Cuireadh físeáin á seinnt 2.6 milliún uair, ardú 28% ón mbliain 2019, agus ábhar fuaime 106,010 uair, ardú 31% ón mbliain 2019. Rinneadh 1,119 scéal cartlannaíochta a fhoilsiú as an nua ar an suíomh gréasáin i roinn scéal cartlainne an lae. Foilsíodh 12,530 tuairisc as Bailiúchán Nuachta Chartlann RTÉ ionas go bhfuil 18,110 físeán ar fáil faoin tráth seo agus teacht iomlán inchuardaithe ag an bpobal ar thuairiscí nuachta ó na blianta idir 1985 agus 1990.

I mí Deireadh Fómhair, rinne Cartlann RTÉ ceannródaíocht maidir leis an gcéad chomhdháil fhíorúil i gcomhar idir an dá chumann is mó maidir le gairm lucht cartlannaíochta ábhar craoltóireachta físeáin agus fuaime, FIAT/IFTA (www.fiatifta.org) agus IASA (www.iasa.org), a eagrú. Cheangail níos mó ná 1,500 toscaire gairmiúil leis an gcomhdháil ceithre lá, le cúnamh taca ó RTÉ agus BBC Thuaisceart Éireann araon, lenar bhain rannpháirtíocht idirghníomhach, páipéir, físeáin agus ceardlanna ó shaineolaithe in earnáil na meán cumarsáide agus na gcartlann closamhairc ar fud an domhain. Thug Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ, an aitheasc tosaigh ag an gcomhdháil. Tháinig deireadh i rith na comhdhála céanna le téarma uachtaránachta ceithre bliana Bhríd Dooley, Ceannasaí Cartlannaíochta RTÉ, ar FIAT/IFTA.