Ráiteas an Chathaoirligh

Moya Doherty, Cathaoirleach
"inar tugadh an pobal le chéile, inar cuireadh soiléireacht ar fáil agus ar cumhachtaíodh na daoine mar gheall ar an seasamh ar leith atá ag na meáin chumarsáide phoiblí"
Bhí cuid mhór codarsnachta ag baint leis an mbliain 2020, bliain na paindéime. An tráth céanna a rabhthas ag aimsiú bealaí chun dul i ngleic leis na deacrachtaí agus na tubaistí a tharraing an víreas, bhí modhanna nua smaointeoireachta, seifteanna nua agus bealaí nua cumarsáide ag teacht chun tosaigh chomh maith le cineálacha nua den chomhpháirtíocht phobail.
Bhí géarghá leis na meáin chumarsáide mar fhoinse eolais; go deimhin, nuair ba dhéine an dianghlasáil, bhí siad ina gcomhluadar riachtanach ag daoine. Is mór an t-ábhar bróid dom gur léir ó na sonraí maidir le lucht féachana agus éisteachta go raibh RTÉ ag croílár tráthanna cinniúnacha náisiúnta ceann i ndiaidh a chéile i rith na bliana, ag tabhairt daoine le chéile, ag tabhairt soiléiriú dóibh agus ag cumasú an phobail tríd an t-ardán ar leith atá ag na meáin chumarsáide phoiblí.
Thug an phaindéim ar RTÉ freisin scrúdú a dhéanamh ar a struchtúir oibriúcháin agus modhanna nua oibre a leagan amach a sheasfadh aon ghéarchéim. Le tacaíocht an Bhoird, lean RTÉ dá phlean chun bonn seasmhach a chur faoi ghnóthaí airgeadais na heagraíochta. Leanadh chomh maith de shainchúram RTÉ a mheas agus muid ag féachaint leis an réimse seirbhísí agus ábhair is fearr is féidir a choinneáil don lucht éisteachta agus féachana in Éirinn i bhfianaise ísliú a bheith tagtha ar mhaoiniú agus ar theacht isteach. Chuir an obair smaointeoireachta seo dlús an athuair le plé a raibh géarghá leis faoin méid atá i gceist le meáin chumarsáide seirbhíse poiblí. Bhí bunús soiléir anois, sa bhfíorshaol, leis na hargóintí ar son infheistíochta, chosaint agus chaomhnú na meán cumarsáide poiblí de bharr na paindéime.
Cé gur cuireadh dlús, mar gheall ar Covid-19, le bearta athraithe agus digitithe, géaraíodh chomh maith ar na dúshláin a bhaineann le hiriseoireacht neamhspleách agus neamhchlaonta. De réir mar atáthar ag dul i ngleic le ré nua agus a mbeidh i gceist leis ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, eagarthóireachta agus cruthaitheachta de do na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí, tá sé fíor-thábhachtach a chinntiú go mbeidh tuiscint ag an lucht féachana agus éisteachta, ag lucht reachtaíochta agus ag lucht rialtóireachta ar an ról cinniúnach atá ag na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí aimsir géarchéime náisiúnta agus tá an Bord tugtha i gcónaí don tuiscint sin a chothú. Ní mór do na meáin chumarsáide phoiblí, má tá siad chun teacht slán, solúbthacht agus forbairt leanúnach a léiriú. Ar bhealaí go leor, agus sinn ar tí tabhairt faoin ré iar-Covid, níl an t-athrú ó bhonn seo ach ina thús.
Agus ár n-intinn dírithe ar an méid sin, ní fhéadfadh obair an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán maidir leis na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí in Éirinn a bheith i mbun gnó ag tráth níos cinniúnaí. Beidh an lorg a fhágfaidh na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí ar an nglún atá le teacht agus ar a bhfuil i ndán do RTÉ ag brath ar thoradh athbhreithniú an Choimisiúin. Leanann i gconaí an t-idirphlé leis an gCoimisiún agus táthar ag tnúth le toradh an athbhreithnithe i rith na bliana 2021.
Faraor, bhí ábhar méala ag pobal RTÉ féin i rith na bliana 2020 freisin. An t-am seo anuraidh, agus bás Gay Byrne á thabhairt chun cuimhne, d’áitigh mé nach raibh ceist ach go raibh sé tugtha don tseirbhís phoiblí le linn a shaoil. Tá an rud céanna le rá anois maidir le oidhreacht Marian Finucane, le Larry Gogan agus le Keelin Shanley, ar léirigh an méid ar bhain siad amach agus iad i mbun seirbhíse dúinne, saoránaigh na tíre, agus don náisiún, an tábhacht agus an carachtar ar leith a bhaineann leis na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí dúinn go léir.
Sa bhliain 2020 tháinig bá agus comhthuiscint chun tosaigh an athuair mar bhuntréithe agus mar thréithe sainiúla a aithnítear leis na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí. Léirigh an lucht féachana agus éisteachta, níos soiléire ná riamh, na nithe a bhfuil luach acu orthu, agus gá acu leo ón gcraoltóir náisiúnta. Leanfaidh muid orainn ag forbairt agus ár gcur féin in oiriúint chun na riachtanais sin a shásamh, agus beimid níos láidre fós nuair a bheidh an ghéarchéim curtha dínn againn agus muid ag cinntiú go mbeidh luach saothair ag pobal an náisiúin ar an bhfoighne stócúil atá léirithe acu.
Moya Doherty
Cathaoirleach