Ráiteas ar Fhreagrachtaí Chomhaltaí an Bhoird

Don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020

Tá de fhreagracht ar chomhaltaí Bhord RTÉ (“Bord RTÉ”) an Tuarascáil Bhliantúil agus ráitis airgeadais RTÉ agus an Ghrúpa a ullmhú de réir na ndlíthe agus na rialachán is infheidhme.

Ceanglaítear faoin Acht Craolacháin 2009 (“reachtaíocht an chraolacháin”) ar Bhord RTÉ ráitis airgeadais don Ghrúpa agus do RTÉ a ullmhú maidir le gach bliain airgeadais. Faoin reachtaíocht sin, tá roghnaithe ag Bord RTÉ ráitis airgeadais an Ghrúpa agus RTÉ a ullmhú de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) faoi mar atá glactha leo ag an AE agus arna gcur i bhfeidhm de réir fhorálacha reachtaíocht an chraolacháin agus de réir fhorálacha ábhartha Acht na gCuideachtaí 2014.

Ní cheadaíonn Bord RTÉ ráitis airgeadais RTÉ agus an Ghrúpa mura bhfuil sé sásta go dtugann siad léargas fíor agus cóir ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais an Ghrúpa agus RTÉ agus ar bhrabús nó caillteanas an Ghrúpa don bhliain sin. Agus gach ceann de ráitis airgeadais an Ghrúpa agus RTÉ á ullmhú, déanann comhaltaí Bhord RTÉ:

  1. Beartais chuntasaíochta oiriúnacha a roghnú agus iad a fheidhmiú ar bhonn seasmhach;
  2. Breithiúnais agus meastacháin atá réasúnach agus stuama;
  3. A rá cibé ar ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir IFRS faoi mar atá glactha leo ag an AE agus arna gcur i bhfeidhm de réir fhorálacha reachtaíocht an chraolacháin; agus
  4. na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh murar mí-oiriúnach glacadh leis go leanfaidh an grúpa agus RTÉ i mbun gnó.

Tá Bord RTÉ freagrach as taifid chuntais chuí a choinneáil a léiríonn le cruinneas réasúnach ag aon tráth sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús nó caillteanas an Ghrúpa agus RTÉ agus a chuireann ar a gcumas a chinntiú go mbíonn ráitis airgeadais RTÉ agus an Ghrúpa ullmhaithe de réir IFRS infheidhme, faoi mar atá glactha leo ag an AE agus go gcomhlíonann siad forálacha reachtaíocht an chraolacháin agus forálacha ábhartha Acht na gCuideachtaí 2014. Tá Bord RTÉ freagrach go ginearálta as gach beart is féidir go réasúnach a dhéanamh d’fhonn sócmhainní RTÉ agus an Ghrúpa a chaomhnú agus d’fhonn calaois agus mírialtachtaí eile a sheachaint agus a thabhairt chun suntais. Tá Bord RTÉ freagrach freisin as Tuarascáil Chomhaltaí an Bhoird a ullmhú a chomhlíonann forálacha ábhartha Acht na gCuideachtaí 2014.

Tá comhaltaí Bhord RTÉ freagrach as a chinntiú go léiríonn an ráiteas faoi rialachas corparáideach ar leathanaigh 84 go dtí 91 go gcomhlíonann an Grúpa Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.

Tá comhaltaí Bhord RTÉ freagrach as caomhnú agus sláine na faisnéise corparáide agus airgeadais atá ar láithreán gréasáin an Ghrúpa. D’fhéadfadh an reachtaíocht in Éirinn lena rialaítear ullmhú agus scaipeadh na ráiteas airgeadais a bheith éagsúil leis an reachtaíocht i ndlínsí eile.

Thar ceann an Bhoird

Moya Doherty

Cathaoirleach

Anne O’Leary

Comhalta Boird agus
Cathaoirleach an Choiste Iniúchta
agus Riosca

Dee Forbes

An Príomh-Stiúrthóir

29 Aibreán 2021