RTÉ: Obair na Bliana 2020

An Chóir a Chúiteamh

Bailíodh níos mó ná €20 milliún do charthanais ar RTÉ i rith na bliana 2020.

1. Tús le carthanacht … ar an Late Late Show

De réir mar a bhí an tír ag streachailt le deacrachtaí éagsúla i ngeall ar Covid-19, bhí constaicí móra á gcur roimh chuid mhór de charthanais na hÉireann maidir le deiseanna airgead a bhailiú chun seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil. Rinneadh iarrachtaí speisialta ar an Late Late Show chun cuidiú le carthanais náisiúnta a oibríonn ar son daoine gan dídean, le cúram sláinte, tacaíocht don tsláinte meabhrach, carthanais a thugann cúnamh airgid do na boicht, agus carthanais a thugann tacaíocht dheireadh saoil. A bhuíochas le flaithiúlacht an lucht féachana, bailíodh níos mó ná €6.7 milliún ag tráthanna éagsúla do charthanais ar dhul Pieta House, Cumann Naomh Uinseann de Pól, Fondúireacht Laura Lynn, Fondúireacht Hope, Focus Ireland agus Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála.

2. RTÉ Does Comic Relief

Beartaíocht ab ea í seo i gcomhar le Kite Productions agus The Community Foundation for Ireland agus bhí roinnt de na daoine is mó a mbíonn tóir ag an bpobal orthu den lucht grinn agus aisteoireachta in Éirinn, ina measc Dara Ó Briain, Andrew Scott, Daisy Edgar Jones, Hozier, Niall Horan agus Paul Mescal páirteach ann. A buíochas le maoiniú meaitseála Rialtas na hÉireann, bailíodh €5.8 milliún san iomlán.

3. Cúnamh do dhaoine dearóile

Bhí leanaí faoi mhíchumas, daoine breoite agus daoine ar imríodh foréigean teaghlaigh orthu le háireamh orthu sin a raibh tairbhe acu as an €5.8 milliún a bailíodh. Rinne The Community Foundation for Ireland 672 deontas éagsúil, idir €900 agus €180,000 a dháileadh ar eagraíochtaí ar fud na hÉireann ar fad, cistí faoi leith do Thuaisceart Éireann san áireamh. I mí na Nollag, bailíodh €1.2 milliún le feachtas buscadóireachta do dhaoine gan dídean ar an Late Late Show.

4. Achainí an Late Late Toy Show

Ar chlár ar ceiliúradh atá ann ar leanaí iontacha na hÉireann, bailíodh €6.78 milliún leis an gcéad Achainí de chuid an Late Late Toy Show a bhuíochas de fhlaithiúlacht an lucht féachana in Éirinn agus thar lear. Bhí níos mó ná 1.7 milliún duine a bhreathnaigh ar an gclár i rith an deireadh seachtaine, ceann de na rátaí féachana is airde maidir le haon chlár teilifíse ar aon chainéal amháin riamh.

5. Raidió Fial Flaithiúil

Rinne seirbhísí raidió RTÉ fónamh faoi leith freisin d'iarrachtaí bailiú airgid an phobail – chuidigh feachtas Liveline ar mhaithe le Fondúireacht Laura Lynn i mí Lúnasa 2020 le €400,000 a bhailiú agus cruinníodh beagnach €100,000 i mí na Nollag le feachtas 2fm ar mhaithe le Cumann Naomh Uinseann de Pól.

6. Cúnamh do Lucht Ealaíne

I mí Iúil, cuireadh seó speisialta beo ar fáil do lucht an cheoil in Éirinn nuair a chuir bannaí as gach cuid den tír le chéile ar mhaithe le Minding Creative Minds agus ciste géarchéime AIST. Bhí roinnt de na ceoltóirí is cumasaí sa tír le feiceáil agus le cloisteáil ar Songs from An Empty Room arna léiriú do RTÉ ag ShinAwiL.

7. Cuidiú le Gnólachtaí Beaga

Ar eagrán speisialta den Late Late Show i mí Deireadh Fómhair, léiríodh réimse táirgí agus seirbhísí atá ar fáil in Éirinn, de réir mar a bhí fiontair bheaga agus meánmhéide ag streachailt leis an tionchar a bhí ag an dianghlasáil agus ag na srianta tráchtála. Cuireadh chun cinn gnólachtaí éagsúla de chuid na hÉireann a bhí ag streachailt le teacht slán tríd an ngéarchéim ach a bhfuil buntábhacht leo don phobal i gcomharsanachtaí ar fud na tíre.

8. Comhghuaillíocht Práinne na hÉireann

Le haird orthu siúd is mó a ndeachaigh Covid-19 i bhfeidhm orthu i dtíortha neamhfhorbartha, b'ábhar mórtais do RTÉ cuidiú le hobair Chomhghuaillíocht Práinne na hÉireann: tháinig sé cinn de charthanais mhóra na hÉireann maidir le cúnamh thar lear le chéile chun díriú ar na deacrachtaí a bhain leis an bpaindéim i gcuid de na tíortha is boichte ar domhan agus i measc na ndreamanna is dearóile.