RTÉ: Obair na Bliana 2020

Domhan an uile dhuine

Tá RTÉ tiomanta do inbhuanaitheacht fadtéarmach na timpeallachta.

I rith na bliana 2020 RTÉ, rinne RTÉ na córais bainistíochta maidir le cúrsaí fuinnimh a thabhairt chun cinn agus rinneadh iad a dheimhniú ar chaighdeán ISO50001 – beartas nach bhfuil déanta ag aon chraoltóir eile ar fud na hÉireann ná sa Bhreatain. Bhí sábháil fuinnimh 51% i gcomórtas le bonnlíne na bliana 2009 tugtha i gcrích roimhe sin ag RTÉ, rud a fhágann go bhfuil an eagraíocht chun tosaigh ar spriocleibhéil na bliana 2020 faoi mar a leagtar síos faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (NEEAP).

1. Astaíocht Charbóin

Lean RTÉ, ag seasamh leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta don aeráid, ag díriú ar a n-aistíochtaí ghinearálta charbóin a ísliú. Síníodh Pleidse Ghnólachtaí i measc an Phobail maidir le bheith hÉadrom ó thaobh Carbóin sa bhliain 2019, rud a cheanglaíonn ísliú 50% le hídiú carbóin ar an eagraíocht faoin mbliain 2030. Oibríonn comhaltaí den ghrúpa sin as lámha a chéile in earnálacha éagsúla, ag roinnt faisnéise agus ábhar saineolais ar a chéile, ar mhaithe le brostú le hísliú ar an astaíocht charbóin ar an leibhéal náisiúnta.

2. Bainistíocht Dramhaíola

Bronnadh gradam Pakman don athchúrsáil gnólachta ar RTÉ roimhe seo agus táthar ag obair ar chaighdeán ceannródaíochta ó shin ag díriú ar bhearta éifeachtúla athchúrsála agus ar sheachaint na dramhaíola bliain i ndiaidh bliana. Ní bhíonn aon ábhar dramhaíola de chuid RTÉ á chur in ionad líonadh talún níos mó agus tá ísliú 30% ar leibhéal na dramhaíola sa bhliain 2020.

3. Gníomh maidir le hÁbhar Plaistigh

I rith na mblianta 2018 agus 2019, chuir RTÉ deireadh le hábhar plaistigh aon úsáide sna bialanna, agus i rith na bliana 2020 tugadh beartas chomhoibritheach nua isteach leis na solatharóirí uisce óil ionas nach gcuirtear cupáin plaistigh ar fáil. Tá beartaithe leanúint le gníomhartha breise in aghaidh ábhar plaistigh a chur i bhfeidhm i rith na bliana 2021 agus as sin amach.

4. Cúrsaí Bithéagsúlacht

Mar léiriú ar ár dtiomantas don inbhuanaitheacht, d’éirigh le RTÉ i rith na bliana 2020 cochal atá feiliúnach don phailniú a chruthú ar phríomh-láthair an chomhluchta i mBaile Átha Cliath. Leanadh freisin den chuidiú le hobair taighde atá ar bun i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath trí ionaid tástála éagsúla a chruthú ar fhearann na heagraíochta ionas gur féidir nósmhaireacht na mbeach ar dhroim na talún a scrúdú maidir le cineálacha éagsúla ithreach, agus rinneadh socrú nach ndéanfaí an féar a ghearradh chomh mór agus chomh minic i réimsí imeallacha chun coinníollacha fábharach don bpailniú a chruthú. Is ball deimhnithe RTÉ de Phlean Phailneoirí Uile-Éireann.

5. Marc Ghnó

Tar éis dul faoi iniúchadh neamhspleách, rinneadh athnuachan go hoifigiúil i rith na bliana 2020 ar an Marc do Ghnólachtaí Cúramacha faoin scéim Gnó i measc an Phobail (“Business in the Community Responsible Business Mark”). Tá RTÉ le háireamh ar an líon beag 60 comhlacht sa tír a ndeimhnítear freagracht shóisialta corparáide ar an gcaighdeán sin ina leith.

6. Ceannródaíocht i measc Lucht Tionscail

Tá grúpa Craoltóirí Inmharthana ar bun ag RTÉ le cuid mhór blianta ag obair i gcomhar le gníomhaireachtaí seachtracha agus le páirtnéirí eile d'fhonn an toradh is fearr a thabhairt i bhfeidhm. I rith na bliana 2020, d'oibrigh RTÉ i gcomhar leis an Údarás Craolacháin agus tugadh gealltanas seasamh le Treochlár Inmharthanachta an Údaráis Craolacháin trína dtabharfar an sárchleachtas is aoirde chun chríche in earnáil na craoltóireachta.

7. An Scáileán Glas

Chuir RTÉ tús i rith na bliana 2020 le feimhmiú céimneach Tionscadal Albert, clár inbhuanaitheachta atá mar aidhm aige bonn treise a chur faoi obair léiriúcháin ar bhealaí níos fadmharthanaí.

8. Uisce

Féachann RTÉ le hoiread éifeachtúlachta agus is féidir a bheith ag baint le húsáid an uisce; úsáidtear foinsí malartacha, mar shampla uisce báistí a shábháil, méadrú cruinn beacht agus bearta caomhnúcháin eile. Tá ísliú 10% bainte amach le ceithre bliana anuas ar an méid uisce príomhphíblinne a úsáidtear.