RTÉ: Obair na Bliana 2020

Breis Áisiúlachta, Breis Foghlama
Tá RTÉ tugtha d’fheabhas a chur ar sheirbhísí áisiúlachta agus do dheiseanna tairbheacha oideachais a chur ar fáil do shaoránaigh na hÉireann.
1. Áis ag an Uile Dhuine
Cruthaíodh deacrachtaí mar gheall ar phaindéim Covid-19 do dhaoine in Éirinn atá bodhar agus bhí éileamh ar theachtaireachtaí tábhachtacha, eolas agus cláracha a chur ar fáil ar RTÉ. I rith na bliana 2020, chuir meitheal na Seirbhísí Áisiúlachta seirbhísí i dTeanga Comharthaíochta na hÉireann (TCÉ) ar fáil ar fud chainéil agus ardáin éagsúla de chuid RTÉ, ina measc RTÉ News, RTÉ One, RTÉ2, RTÉ Player agus cuntais RTÉ ar na meáin shóisialta. Rinneadh gach tuairisc de chuid an rialtais mar gheall ar Covid-19 a chraoladh le leagan i dTeanga Comharthaíochta na hÉireann ar RTÉ News agus ar RTÉ Player.
2. Oideachas le Chéile
Chuir RTÉ 78 uair a chloig de RTÉ Home School Hub ar fáil le seirbhís TCÉ, agus naoi n-uaire a chloig de After School Hub. Craoladh an Late Late Toy Show le TCÉ den dara huair sa bhliain 2020. Chomh maith leis an bhfíseán feasachta TCÉ ‘Because’, chruthaigh RTÉ trí cinn d'fhíseáin TCÉ Nollag le leanaí ó Scoil an Teaghlaigh Naofa do na Bodhair, agus Daidí na Nollag a rinne comharthaíocht láimhe ar RTÉ News agus ar RTÉ Player i rith na sosanna fógraíochta nuair a bhí an Late Late Toy Show ar siúl. Rinneadh comhchraoladh freisin ar an gclár sin le hidirtheangaire TCÉ.
3. Breis Áisiúlachta
Taobh amuigh den soláthar i dTeanga Comharthaíochta na hÉireann, bhí fotheidil ar fáil le 94% den ábhar cláir ar fad ar RTÉ One, 86% de na cláracha ar RTÉ2 agus 54% den ábhar cláir ar RTÉjr.
4. Seirbhís Dhomhanda Covid-19
Tionscnamh i gcomhar idir RTÉ, Nasc agus Éire le Chéile a bhí i Seirbhís Dhomhanda Covid-19 chun físeáin sláinte phoiblí maidir le Covid-19 a chur ar fáil i dteangacha éagsúla. Cuireadh físeáin sláinte phoiblí ar fáil i líon is mó ná 40 teanga sa bhliain 2020 agus cuidíodh le tuiscint a chothú ar an ngá atá le hábhar eolais a chur ar fáil go háisiúil agus go hilteangach do phobal na n-imirceach agus do dhreamanna mionlaigh in Éirinn. Ba ábhar mórtais ag RTÉ seasamh leis an tionscnamh seo.
5. Seachtain na hEolaíochta
Bhí Seachtain na hEolaíochta ar bun arís ar RTÉ sa bhliain 2020 le réimse leathan d'ábhar spéisiúil le téama na heolaíochta á chur ar fáil do dhaoine den uile aoisghrúpa ar na hardáin ar fad. Rinneadh feachtas fógraíochta ar an teilifís, ar an raidió, ar líne agus ar na meáin shóisialta mar gheall ar an tseachtain d'ábhar speisialta a eagrú le Fondúireacht Eolaíochta Éireann.