RTÉ: Obair na Bliana 2020

Cothú na Cruthaith-eachta

Leis an ábhar agus leis na cláracha, leis na seirbhísí agus leis na daoine, sheas RTÉ le cultúr na hÉireann, le muintir na tíre, leis an oileán agus leis an iléagsúlacht.

1. Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ

Tháinig buaiclíon nua iarratais chuig RTÉ i mbliana maidir le Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ, ceann de na duaiseanna litríochta is seanbhunaithe agus is suntasaí in Éirinn atá ainmnithe in ómós do Francis MacManus. Athraíodh i mí an Mhárta, an riail a bhíodh i bhfeidhm go dtí seo maidir le hiarratais ar an bpost amháin, ionas go mbeadh glacadh le hiarratais ar líne mar gheall ar na srianta a bhí i bhfeidhm maidir le Covid. Faoin dáta deiridh iarratais i mí Bealtaine, bhí 4,073 tagtha – i bhfad níos mó ná an 2,300 iarratas sa bhliain 2019. Ar ‘Flower Wild’, gearrscéal le Shane Tivenan, a bronnadh an duais i ndeireadh báire.

2. Junk Kouture: Faoi thiomáint RTÉ

Comórtas uile-oileáin maidir le cúrsaí faisin agus cúrsaí inmharthanachta is ea Junk Kouture a cuireadh ar fud an domhain sa bhliain 2020 tar éis 10 mbliana ag múscailt chumas na ndaoine óga saothar haute couture a chruthú as ábhar dramhaíola agus tar éis samhlaíocht 100,000 d’óige na hÉireann a spreagadh abhus. Tar éis deich mbliana den dearthóireacht ar an leibhéal náisiúnta, beartaíodh Junk Kouture a thabhairt ar Chuairt an Domhain ar fud sheacht mhór-roinn na cruinne idir mí Eanáir agus mí Lúnasa gach bliain. Bheadh Babhta Craoibhe an Domhain ag deireadh mhí Meán Fómhair. Lean tacaíocht RTÉ do Junk Kouture i rith na bliana 2020.

3. Gradam Ceoil Ógra na hÉireann

Ba chúis áthais ag 2fm oibriú i gcomhar arís le hObair d'Ógra na hÉireann ar Ghradam Ceoil Ógra na hÉireann (IYMA) a bhí le heagrú i bPáirc an Chrócaigh ar an Lá Náisiúnta don uile aoisghrúpa an 9 Bealtaine. Ócáid fhíorúil a bhí i gceist faoin tráth ar eagraíodh Lá Náisiúnta Ghradam Ceoil Ógra na hÉireann le mol leathanréimseach oideachais, ranganna máistreachta agus ceardlanna á gcur ar fáil ag daoine den chuid is iomráití den lucht gairme in Éirinn, ionas go raibh deis ag daoine óga foghlaim faoi thionscail na cruthaitheachta chomh maith le ceol agus amhránaíocht a chloisteáil nach mbeadh ar fáil ag an bpobal i gcoitinne.

4. “Create, Don’t Contaminate”

Bhí Kodaline, an Script, Picture This, na Coronas agus Lottie Ryan i measc na ndaoine a sheol an feachtas seo de chuid RTÉ 2fm a tharraing aird mhór agus a spreag daoine óga lena gcion a dhéanamh chun scaipeadh an choróinvíris a chosc agus saothar a chruthú ina n-áit chónaithe féin.

5. Cruinniú na Óg

Eagraíodh Cruinniú na nÓg 2020, lá náisiúnta bearta cruthaitheachta saor in aisce do leanaí agus do dhaoine óga faoi bhun 18 bliana d'aois, Dé Sathairn, an 13 Meitheamh 2020 le daoine óga á spreagadh le páirt a ghlacadh ann agus tabhairt faoi bhearta cruthaitheachta ar líne. Bhí imeachtaí uile Chruinniú na nÓg 2020 ar fáil ar líne agus rogha áirithe ar fáil freisin ar chainéil agus ar ardáin de chuid RTÉ, ina measc RTÉ2, RTÉjr, podchraoltóireacht RTÉjr, RTÉ Home School Hub, RTÉ.ie/Learn agus RTÉ.ie/Culture. Is togra i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an clár Éire Ildánach, na húdaráis áitiúla agus RTÉ atá i gCruinniú na nÓg.

6. Spleodar lonrach

Samhradh ar leith a bhí ann sa bhliain 2020. Fágadh ceoltóirí agus lucht ealaíon gan ceangal go díreach le lucht éisteachta agus féachana. Lean RTÉ leis an dúthracht a bhí léirithe don aos ealaíon ó thús na paindéime agus, i mí Lúnasa, tugadh oirfidigh le chéile i nGairdíní Uíbh Eachach lena saothar a chur i láthair mhuintir na tíre. Cuireadh uair a chloig spleodrach d'ábhar ceoil agus reacaireachta ar fáil ar Shine tar éis cúpla lá scannánaíochta i nGairdíní Uíbh Eachach, sa Cheoláras Náisiúnta agus in RTÉ.

7. This Is Art!

D'oibrigh RTÉ agus an clár Éire Ildánach le chéile arís sa bhliain 2020 chun This Is Art! – ceiliúradh ar na n-amharc-ealaíona a chur ar siúl. Tugadh cuireadh d'ealaíontóirí 18 bliana d'aois agus faoina bhun, saothar ealaíne a chruthú, dá stuaim féin nó i meitheal, a chuirfí ar taispeáint i ndánlann ar líne do na glúnta atá le theacht. Rinneadh ar an gcaoi sin, saothrú na healaíne a chur chun cinn i measc daoine óga, beart a spreag féith na samhlaíochta, na cruthaitheachta agus an léiriúcháin iontu.