RTÉ: Obair na Bliana 2020

Cúnamh Taca don Phobal
Tá RTÉ tugtha do chúnamh taca a thabhairt don phobal i gcomharsanachtaí logánta a gcuid scéalta a chur in iúl, a gcuid cruthaitheachta a thabhairt chun cinn agus a gcuid tuairimí féin a chur i láthair.
1. What in the World ?
Tá scannánaíocht déanta faoin tráth seo don tsraith teilifíse What in the World? i mbreis agus 50 tír ar fud an domhain. D'fhonn comóradh a dhéanamh ar an éacht sin, agus ar bheagnach fiche bliain ar an aer, choimisiúnaigh RTÉ agus Cúnamh Éireann taispeántas cuairte nua, 50 Tír, 50 Scéal. Tugadh leis sin réimse leathan scéalta le chéile den chéad uair, scéalta spreagúla dóchais chomh maith le scéalta chur faoi chos agus cos ar bolg. Rinneadh cíoradh sa taispeántas ar scéalta bochtaineachta agus dearóile agus ar réimse leathan ceisteanna casta sóisialta agus polaitíochta i dtíortha ar fud an domhain atá i mbéal forbartha.
2. Cothú na Cruthaitheachta
I ndeireadh na bliana 2020, chuaigh RTÉ i gcomhar le hÉire Ildánach ag cuidiú le 15 eagraíocht ealaíne, cultúir agus pobail chun 24 fógra teilifíse agus gearrscannán a léiriú ar mhaithe le hearnáil na healaíne a bhí go mór faoi bhrú. Faoi dheireadh na bliana, bhí na físeáin feicthe níos mó ná 1,000,000 uair ar chainéil RTÉ ar na meáin shóisialta. Chuidigh RTÉ le breis agus 100 imeacht ealaíne áitiúil freisin, an chuid is mó acu sin á gcur ar siúl ar bhealach fíorúil sa bhliain 2020.
3. Gaillimh abú
I rith na bliana 2018, d’fhógair RTÉ comhar páirtnéireachta nua le na meáin chumarsáide do Gaillimh 2020, ag cuidiú le himeachtaí ar na hardáin go léir agus ag obair in éineacht le TG4. Rinne RTÉ, i rith na bliana 2020, feachtas leathanréimseach dírithe ar thomhaltóirí a léiríodh agus a cuireadh ar an aer faoi Aththionscniú Gaillimh 2020 i rith an fhómhair nuair a bhí sraith imeachtaí sábháilte fíorúla á gcur ar bun de bharr na srianta dianghlasála a bheith i bhfeidhm.
4. Saol na tuaithe
Cuireadh an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar ceal sa bhliain 2020 ach rinne RTÉ an bealach go dtí láthair an chomórtais i gCeatharlach chun clár speisialta a léiriú a taispeánadh ar RTÉ Player. Ar Plough on with Nuala Carey, pléadh leosan a d’eagair an comórtas, agus le muintir na háite an buille a bhi ann dóibh nuair a cuireadh an comórtas ar ceal, agus an dóchas atá acu san am atá le teacht.
5. Fleadh Cheoil na hÉireann
Cuireadh Fleadh Cheoil na hÉireann 2020 ar ceal chomh maith; dá ainneoin sin, d'oibrigh RTÉ go dlúth le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, an lucht eagair, agus seoladh RTÉ Virtual Fleadh. Ghlac na míle ceoltóirí páirt i gcruthú spiorad na fleidhe ar líne.
6. Bláth na Maitheasa
Ó tharla nach bhféadfadh RTÉ filleadh ar Pháirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ar dheireadh seachtaine fada mhí Mheithimh 2020, chruthaigh RTÉ agus Bord Bia in éineacht tionscnaimh fhíorúla #BloomWithRTE agus #BloomAtHome. Bhí siad sin, mar aon le #RTEVirtualParade ar Lá Fhéile Pádraig, le háireamh i measc na ngníomhartha ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar na meáin shóisialta i rith na bliana.