RTÉ: Ábhar na bliana 2020

Drámaíocht agus Greann

RTÉ Drama on One

Fostaíodh 20 scríbhneoir, 60 aisteoir, ceathrar stiúrthóirí, beirt chumadóirí ceoil agus beirt dhearthóirí fuaime ar Drama on One ar RTÉ Radio 1 i rith na bliana 2020 i mbun 20 dráma nua raidió de chuid na hÉireann a chraoladh. Ar na scríbhneoirí a bhí páirteach san obair, áirítear Liz Nugent, Michele Forbes, Tracy Martin, Caitríona Ní Mhurchú, Niamh Campbell, Vincent Woods, Stephen Jones, Bernard Farrell, Aidan Mathews, Alan McMonagle, Patrick McCabe agus John Boorman. I rith na bliana freisin, coimisiúnaíodh saothar nua ó scríbhneoirí na hÉireann le haghaidh Long Story Short, sraith eile de chuid Drama on One ag díriú ar shaol na paindéime.

Rinneadh den chéad uair riamh, léiriú iomráiteach raidió ar Ulysses le James Joyce a rinne compántas RTÉ Players sa bhliain 1982 faoi stiúir William Styles, a chur ar fáil mar ábhar podchraoltóireachta, chomh maith le hábhar breise ar shuíomh idirlín, aistí, cláracha, grianghraif agus ábhar míniúcháin agus eile san áireamh. Craoladh an léiriú raidió ina iomláine, 29 uair a chloig as a chéile, ar RTÉ Radio 1 Extra ar Bloomsday. Íoslódáladh an podchraoladh 100,000 uair agus bhí sé ag Uimhir 1 ar chairt iTunes na hÉireann.

D'oibrigh Drama on One i gcomhar freisin le Stage Beyond, compántas amharclannaíochta i nDoire do dhaoine a bhfuil riachtanais foghlama ar leith acu, chun taifeadadh cianbheartaithe a dhéanamh ar Hamlet, Prince of Derry, arna chóiriú ag Colin Murphy agus arna léiriú ag Conall Morrison le scór ceol an chumadóra Si Schroeder. Cuireadh an léiriú stáitse a bhí beartaithe ar dtús ar athló mar gheall ar Covid-19 agus ba dhíol suntais arís eile an ról lárnach atá ag an raidió i saothrú an chultúir, fiú nuair a bhí na srianta ba dhéine de bharr Covid-19 i réim.

Bronnadh cuid mhór gradaim ar léiriúcháin de chuid Drama on One, ina measc an chéad áit ag gradaim IMRO do Leaba an Bháis le Darach Mac Con Iomaire, an chéad dráma Gaeilge ar ar bronnadh an duais náisiúnta seo. Ar na gradaim eile, áirítear duaiseanna éagsúla de chuid New York Festivals Radio Awards. Bronnadh 2020 Chuallacht Scríbhneoirí na hÉireann (‘ZeBBies’) don script raidió is fearr ar You Better Sit Down le Nyree Yergainharsian.

Ba é Robert Barrett, le Nothing Ever Happens Around Here, a bhuaigh comórtas scríbhneoireachta RTÉ Drama on One, Gradam PJ O’Connor. Thug Drama on One faoi cheardlann agus faoi bhearta caidrimh ar bhonn cianoibre le hOllscoil na Banríona i mBéal Feirste agus le Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.

Éire ar an Scáileán

Mar a chéile le drámaí eile teilifíse, b'anróiteach an bhliain í ag Fair City. Nuair a d'fhág srianta sláinte gur ghá léiriú na sraithe a chur ar athló, bhí obair mhór le déanamh ag cur prótacail shábháilteachta ar bun a d'fhágfadh go bhféadfadh an fhoireann léiriúcháin agus na haisteoirí dul i mbun taifeadta arís. Chuir meitheal dhíograiseach an obair bainistíochta i gcrích a chinntigh go mbeadh Fair City ar an gcéad clár scripte sa tír a bhí ar ais i mbun léiriúcháin ó theacht na paindéime agus trí chlár in aghaidh na seachtaine á gcur ar fáil acu.

Tharraing Normal People agus Young Offenders leibhéil iontacha lucht féachana ní amháin in Éirinn ach go hidirnáisiúnta.

Trí oibriú i gcomhar le páirtnéirí comhléiriúcháin idirnáisiúnta agus ag teacht i dtír ar foinsí eile cistíochta tríd an tÚdarás Craolacháin agus Fís Éireann, cuireadh go mór leis an saothar drámaíochta agus grinn i rith na bliana 2020. Críochnaíodh 51 uair a chloig de dhrámaíocht coimisiúnaithe/comhléiriúcháin agus de dhrámaíocht grinn agus cuireadh tús leis an scannánaíocht ar 23 uaire a chloig breise. Rinneadh comhléiriú le Acorn TV (An Ríocht Aontaithe, Éire, Meiriceá Thuaidh agus an Astráil agus an Nua-Shéalainn) agus le City TV (Ceanada) ar Dead Still, sraith bleachtaireachta 6 × 60’ suite sna 1880idí. Rinneadh The Southwesterlies, sraith 6 × 60’ suite in iarthar Chorcaí, comhléiriú le Acorn TV & TV2 (An Iorua), ZDF Enterprises, an tÚdarás Craolacháin agus Fís Éireann. Tharraing an clár píolótach sciar 30% den lucht féachana agus coinníodh sin ar feadh na sraithe.

Maidir le hábhar a bhaineann le réimse an ghrinn, cuireadh dhá shraith nua den chlár iomráiteach The Tommy Tiernan Show ar fáil i rith na bliana 2020 agus rinneadh comhléiriú ar chláracha breise All Round to Mrs Brown’s, Clár Speisialta Nollag san áireamh. Tharraing clár speisialta Callan Kicks the Year lucht éisteachta an-líonmhar agus tá beartaithe níos mó de sin a chur ar fáil.

RTÉ Player

Chas buaiclíon daoine ar ábhar grinn agus drámaíochta chucu féin ar RTÉ Player i rith na bliana 2020. Bhí Normal People ar an gclár ba mhó lucht féachana riamh ar RTÉ Player. Ghnóthaigh siad breis agus 5 milliún sruth a cheangal 600,000 goireas ar leith leis an Player. B’ionann sin agus breis is aon mhilliún uair a chloig breathneachta. Chun comóradh a dhéanamh ar dheich mbliana Love/Hate i rith na bliana 2020, d'oibrigh RTÉ Player in éineacht leis an bhfear grinn Darren Conway, a bhain taitneamh ollmhór as an tsraith, chun daoine a thabhairt siar bóithrín na smaointe nuair a chuir sé a rogha féin de bhuaicphoinntí na sraithe i láthair.

Bhí súil ghéar shearbh ar imeachtaí na bliana 2020 ag Doireann Garrihy ar Reeling in the Fears, idir agallaimh Zoom a chuaigh in aimhréidh agus tráth na gceist teaghlaigh a nocht rúin na dianghlasála. Ar Seriously, Sinéad?, d’aimsigh Sinead Quinlan pobal ar líne in ionad na sluaite a thagann chuig an seó stáitse.

Is sraith grinn anamúlachta í Your One Nikita a chruthaigh Aoife Dooley agus a thug ardán i 2020 do chomhrá náisiúnta an phobail.