RTÉ: Ábhar na bliana 2020

Spórt RTÉ
Ba anróiteach an bhliain maidir le cúrsaí spóirt í an bhliain 2020 nuair ba bheag nár chuir Covid-19 deireadh go hiomlán le féilire na n-imeachtaí spóirt, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Cuireadh na comórtais mhóra sacair san Eoraip, na Cluichí Oilimpeacha agus craobhchomórtais CLG ar atráth agus d'fhág sin cuid mhór deacrachtaí lóistíochta, eagarthóireachta, airgid agus sceidle. Cé go raibh taitneamh le baint as ábhar cartlainne, níorbh ionann é agus imeachtaí spóirt beo. Rinne na heagraíochtaí spóirt go maith ag dul in oiriúint do chúinsí na linne agus ag leagan amach pleananna teagmhais.
Eascraíonn deiseanna nua as gach cruachás agus b'fhíor sin faoin mbliain 2020. Nuair nach bhféadfadh sluaite agus lucht leanúna a bheith i láthair, bhí sruthchraoladh imeachtaí spóirt ar an rogha ab fhearr ag roinnt eagraíochtaí. Trí theacht le chéile Chumann Peile na hÉireann, Chumann Lúthchleas Gael agus RTÉ, éascaíodh an deis don tseirbhís WatchLOI a thabhairt chun cinn agus níos mó ná 80 cluiche i Sraith na hÉireann a chur ar fáil don lucht féachana. D'eascair sruthchraoladh ar chluichí sraithe agus ar chluichí craoibhe CLG as sin, arna gcur ar fáil don lucht féachana in Éirinn agus thar lear. Bhí Spórt RTÉ i lár an aonaigh maidir leis an tseirbhís phoiblí seo agus is ábhar mór mórtais gurbh fhéidir a leagtar de chúram ar an eagraíocht a chomhlíonadh ar an gcaoi seo.
Rinneadh na hócáidí mórthábhachtacha i rith na bliana a léiriú le barr measa agus dínite, mar ba léir go háirithe maidir leis an gcomóradh céad bliain ar Dhomhnach na Fola i bPáirc an Chrócaigh, tráth a raibh craobhchomórtas srianta CLG ar siúl. Comóradh maorga corraitheach a bhí sa tseirbhís ar eachtra mhórshuntasach staire.
Is cinnte go mbainfidh deacrachtaí ilghnéitheacha leis an mbliain 2021, idir cúrsaí airgid agus gnéithe domhanda den uile chineál. Táthar ullamh chun tabhairt faoi gach dúshlán a shárú.
Spórt na mBanBhí an chosúlacht air gur bliain ríshuntasach a bheadh sa bhliain 2020 maidir le spórt na mban. Ainneoin Covid-19, rinneadh bearta suntasacha maidir le hionadaíocht na mban in ábhar RTÉ. B'ábhar mórtais do RTÉ seasamh leis an tionscnamh 20×20 Spórt na mBan agus tugadh bearta faoi leith i gcrích den chéad uair riamh, ina measc trácht ar chluiche ceannais Shraith Curadh na mBan agus dhá chluiche ceannais náisiúnta a chraoladh, i sacar na mban agus sa chamógaíocht, ar an aon Sár-Shatharn amháin i mí na Nollag. Ar RTÉ Player, taispeánadh buaicphointí haca na mban, cluichí rugbaí na mban i gComórtas na Sé Náisiún, camógaíocht agus comórtas rámhaíochta na hEorpa, chomh maith le hagallaimh le lúthchleasaithe cáiliúla ban. |