26. Idirbhearta le Páirtithe Gaolmhara

(a) Idirbhearta le páirtithe gaolmhara nach daoine den lucht bainistíochta príomhthábhachta

Is corparáid reachtúil é RTÉ a bunaíodh mar Chorparáid Craolacháin Seirbhíse Poiblí faoi Údarás Craolacháin na hÉireann, 1960. Is é an Rialtas a cheapann comhaltaí Bhord RTÉ. Meastar go dtagann an Grúpa faoi rialú an Rialtais agus áirítear dá bhrí sin an Rialtas mar pháirtí gaolmhar de réir mar a thugtar sainmhíniú air sin sna caighdeáin chuntasaíochta. Tá an cás eisceachta sin faoi IAS 24 Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara trína mbíonn díolúine maidir leis na coinníollacha faoi nochtadh maidir le páirtithe gaolmhara curtha i bhfeidhm ag an nGrúpa maidir leis an Rialtas agus eintitis a bhaineann leis an Rialtas murar díol suntais aon idirbheart amháin as féin nó murar díol suntais idirbhearta éagsúla ar a dtabhairt le chéile.

I mbun an ghnáthghnó dó bhí an grúpa páirteach in idirbhearta leis an Rialtas, agus le heintitis a bhaineann leis an Rialtas, maidir le seirbhísí fógraíochta agus seirbhísí eile den chineál céanna a chur ar fáil, chomh maith le ceannachán agus díolachán ar earraí agus ar sheirbhísí le ranna Rialtais agus eintitis atá faoi rialú Rialtas na hÉireann. Is é An Post a bhailíonn an táille ceadúnais teilifíse thar ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Amhail an 31 Nollaig 2020, ba ionann an t-iomlán a bhí iníoctha le gnóthais fhochuideachtaí de chuid RTÉ agus €189.3 milliún (2019: €185.4 million).

(b) Idirbhearta le daoine den lucht bainistíochta príomhthábhachta 1

Chun críche na gcoinníollacha maidir le nochtadh a thagann faoi IAS 24 Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara is iad a thagann faoi scáth an téarma “daoine den lucht bainistíochta príomhthábhachta” (i.e. na daoine sin a dtugtar údarás dóibh agus a leagtar freagracht orthu maidir le pleanáil, stiúradh agus rialú a dhéanamh ar bheartaíocht na cuideachta) comhaltaí Bhord RTÉ, an Príomh-Stiúrthóir, Feidhmeannas RTÉ agus na feidhmeanna corparáide a thuairiscíonn go díreach chuig an bPríomh-Stiúrthóir. €3.4 milliún an tsuim iomlán i gcúiteamh a híocadh le pearsanra bainistíochta in 2020 (2019: €4.0 milliún). Bhí an tsuim sin comhdhéanta de thuarastail agus de shochair ghearrtéarmacha d’fhostaithe de €2.6 milliún (2019: €3.0 milliún), sochair pinsin iar-fhostaíochta de €0.4 milliún (2019: €0.4 milliún) agus sochair fhoirceanta de €0.4 milliún (2019: €0.6 million).

Ba ionann luach ceannacháin RTÉ ó chuideachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú chomhaltaí de chuid an Bhoird, dhaoine eile mórthábhachta ar an lucht bainistíochta agus/nó dhaoine muinteartha leo sin a bhfuil gaol gairid acu lena chéile i rith na bliana 2020 agus €1.4 milliún (2019: €1.3 milliún) agus ba maidir le cláracha coimisiúnaithe den chuid is mó an caiteachas sin. Ba ionann luach díolacháin RTÉ le cuideachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú chomhaltaí de chuid an Bhoird, dhaoine eile mórthábhachta ar an lucht bainistíochta agus/nó dhaoine muinteartha leo sin a bhfuil gaol gairid acu lena chéile i rith na bliana 2020 agus €0.1 milliún (2019: nialas). Ba ionann luach dliteanais faoi réir conartha ó chuideachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú chomhaltaí de chuid an Bhoird, dhaoine eile mórthábhachta ar an lucht bainistíochta agus/nó dhaoine muinteartha leo sin a bhfuil gaol gairid acu lena chéile i rith na bliana 2020 agus €0.4 milliún (2019: €0.7 milliún). Ní raibh aon suim ábhartha ag seasamh amach ag deireadh ceachtar den dá bhliain.

Ba ionann luach na ranníocaíochtaí cláir a d’íoc RTÉ le comhaltaí Boird, le daoine eile a bhfuil mórthábhacht leo ar an lucht bainistíochta agus le daoine muinteartha leo sin a bhfuil gaol gairid acu leo i rith na bliana 2020 agus nialas (2019: nialas).

Téarmaí agus coinníollacha na n-idirbheart le páirtithe gaolmhara

Is ar na téarmaí céanna atá i réim maidir le hidirbhearta neamhthuilleamaíocha a dhéantar an díolachán agus an ceannachán le páirtithe gaolmhara.

1 Tugtar san áireamh le páirtithe gaolmhara daoine den lucht bainistíochta mórthábhachta, a gcuid gaolta gairide agus eintitis sheachtracha atá faoina smacht.