25. Deonaithe
(a) Deontais Chaipitil
|    Grúpa  |      RTÉ  |   |||
|    2020  |      2019  |      2020  |      2019  |   |
|    €’000  |      €’000  |      €’000  |      €’000  |   |
|    Iarmhéid Tosaigh  |      7,904  |      7,946  |      -  |      -  |   
|    Deontais a fuarthas maidir le togra 700 MHz  |      170  |      -  |      -  |      -  |   
|    Scaoilte chuig an Ráiteas Ioncaim  |      (282)  |      (42)  |      -  |      -  |   
|    Amúchadh ar dheontas caipitil  |      (2,981)  |      -  |      -  |      -  |   
|    4,811  |      7,904  |      -  |      -  |   |
  Arna anailísiú mar seo a leanas: |   ||||
|    Dliteanais neamhreatha  |      4,408  |      4,518  |      -  |      -  |   
|    Dliteanais reatha  |      403  |      3,386  |      -  |      -  |   
|    4,811  |      7,904  |      -  |      -  |   |
D’eisigh an DTCAGSM deontas caipitil a thosaigh sa bhliain 2017 le RTÉ Transmission Network DAC, fochuideachta de chuid RTÉ i ndáil le socrú do bhanda minicíochta Speictream 700 MHz a ghlanadh faoi mar a ordaítear faoi threoracha ón AE. Tá an ghluaiseacht maidir leis an deontas i rith na bliana i gcomhréir le polasaí cuntasaíochta an Ghrúpa.
(b) Deontais Eile
Le linn na bliana, bhronn Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) deontas €585,000 ar RTÉ (2019: €585,000) chun cláir a bhaineann le heolaíocht a dhéanamh. Fuarthas €535,000 le linn na bliana (2019: €605,000).
Bronnadh deontas €16,400 (2019:€215,900) ar RTÉ €513,896) faoin scéim Fuaim & Fís de chuid BAI agus an Scéim Cartlannaíochta i leith maoiniú clár agus an leabharlann cartlannaíochta a dhigitiú. Le linn na bliana, fuair RTÉ €169,102 (2019: €159,665) maidir le deontais a bronnadh.
Bronnadh deontas €1,109,000 ar RTÉ ón gClár Náisiúnta Éire Ildánach in 2020 (2019:nialas). Fuarthas ranníocaíocht €1,109,000 de sin in 2020 (2019: €50,000) le cur i dtreo an chostais a bhain le tionscnamh bunaithe ar chultúr lenar áiríodh plean teilgin náisiúnta ealaíon a bhí mar chuid de RTÉ Shine Your Light Solstice, promóisin shaincheaptha RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona a chruthú agus comórtas náisiúnta ealaíona digití do leanaí - This is Art.
Bhronn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán dhá dheontas ar RTÉ in 2020 arbh fhiú €218,476 san iomlán iad maidir le tionscadail chun comóradh a dhéanamh ar Chogadh na Saoirse agus ar an nGorta Mór. Fuarthas €80,125 i rith na bliana.


