24. Ceangaltais, Teagmhais agus Barántais Airgeadais
(a) Ceangaltais chaipitil
|    Grúpa  |      RTÉ  |   |||
|    2020  |      2019  |      2020  |      2019  |   |
|    €’000  |      €’000  |      €’000  |      €’000  |   |
|    Faoi chonradh ach gan soláthar déanta ina leith  |      4,949  |      3,229  |      4,672  |      2,999  |   
|    Údaraithe ach gan conradh socraithe ina leith  |      476  |      962  |      77  |      498  |   
|    5,425  |      4,191  |      4,749  |      3,497  |   |
(b) Ceangaltais maidir le ceannachán clár/ceart
|    Grúpa  |      RTÉ  |   |||
|    2020  |      2019  |      2020  |      2019  |   |
|    €’000  |      €’000  |      €’000  |      €’000  |   |
|    Faoi chonradh ach gan soláthar déanta ina leith  |      62,134  |      87,804  |      62,134  |      87,804  |   
(c) Dliteanais theagmhasacha
De bharr nádúr a oibríochtaí, tá an Grúpa ina pháirtí in imeachtaí éagsúla dlí le tríú páirtithe a d’eascair i rith gnáthchúrsaí gnó. Cé nach féidir a thomhas go cruinn an dliteanas a d’fhéadfadh a bheith ann faoi na himeachtaí éagsúla, tá an Bord sásta go bhfuil soláthar dóthanach déanta don toradh is dócha a bheidh ar na himeachtaí sin.
(d) Barántais
Amhail an 31 Nollaig 2020 cheangail RTÉ le saoráid barántais dar luach €3.5 milliún a rachaidh in éag ar an 31 Iúil 2021.
(e) Seirbhísí teilifíse digití i dTuaisceart Éireann
Tá comhfhiontar nasctha ag RTÉ le TG4 maidir le seirbhísí teilifíse digiteacha a chur ar fáil i dTuaisceart Éireann agus tá dliteanas cistíochta ar RTÉ faoin gcomhaontú sin a thiocfaidh in éag i mí Deireadh Fómhair 2024. Ba ionann an gealltanas a bhí fós ann amhail an 31 Nollaig 2020 agus €2.0 milliún.


