20. Infheistíocht i bhFochuideachtaí
Iomlán | |
RTÉ | €’000 |
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2020 Suimeanna Breise | 65,827 - |
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2020 | 65,827 |
Bhí na fochuideachtaí seo a leanas ag RTÉ an 31 Nollaig 2020:
Fochuideachtaí | Céatadán den scairchaipiteal | Cineál Gnó |
RTÉ Commercial Enterprises DAC | 100% | Foilseacháin, bearta tráchtála éagsúla & beartaíocht eile |
RTÉ Music DAC | 100% | Foilsitheoireacht Ceoil |
RTÉ Transmission Network DAC (ag trádáil faoin ainm 2rn) | 100% | Bainistíocht ar shócmhainní an chraobhchórais craolacháin |
RTÉ Licence Collections Limited | 100% | Díomhaoin |
DTT Network Company | 100% | Díomhaoin |
Seirbhísí Theilifís na Gaeilge Teoranta | 100% | Díomhaoin |
Tá athbhreithniú déanta ag an mBord ar an luach ar a dtugtar anonn fuílleach infheistíochta an Ghrúpa agus táthar sásta nach bhfuil aon táscairí lagaithe agus go bhfuil luach cóir á lua leo. Is in Éirinn a oibríonn na fochuideachtaí go léir agus tá an oifig chláraithe acu ag RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4. Is fochuideachta RTÉ Music DAC de chuid RTÉ Commercial Enterprises DAC agus é faoi lánúinéireacht.
I mí na Nollag 2020, d’íoc 2rn díbhinn €7.5 milliún le RTÉ. Aithnítear sin mar ioncam ag cuideachta RTÉ.
Bhí an comhfhiontar seo i leanas ag RTÉ amhail an 31 Nollaig 2020:
An Chuideachta Comhfhiontair | Céatadán den scairchaipiteal | Cineál Gnó |
Multiplex Broadcasting Services NI Limited | 66.6% | Seirbhísí teilifíse digití saor go haer a chraoladh i dTuaisceart Éireann agus seirbhísí ilphléacs gaolmhara eile |
I dTeach Murray, Sráid Murray, Béal Feirste atá oifig chláraithe Multiplex Broadcasting Services NI Limited.
Bhí an comhfhiontar seo i leanas ag RTÉ amhail an 31 Nollaig 2020:
An Chuideachta Comhfhiontair | Céatadán den scairchaipiteal | Cineál Gnó |
GAAGO Media DAC | 50% | Craolann seirbhís IPTV cluichí CLG go hidirnáisiúnta |
Tá oifig cláraithe GAAGO Media DAC suite ag Páirc an Chrócaigh, Bóthar Mhic Sheoin, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 3.
Déantar an comhfhiontar thuas a chuntas ag baint leasa as modh an chothromais mar a leagtar amach sna beartais chuntasaíochta. An 31 Nollaig 2020 dáta deiridh bliana airgeadais an chomhfhiontair. Leagtar amach thíos achoimre ar an bhfaisnéis airgeadais.
2020 | 2019 | ||
€’000 | €’000 | ||
Sócmhainní reatha | 2,450 | 1,187 | |
Dliteanais reatha | (1,286) | (573) | |
Gnáthscaireanna inchurtha i leith úinéirí na cuideachta | 1,164 | 614 | |
Leas neamhrialaithe | 582 | 307 | |
Ioncam | 1,997 | 1,916 | |
Brabús don bhliain | 550 | 578 | |
Suim ghlanluacha de leas an Ghrúpa sa chomhfhiontar | 582 | 346 |
Bearta Oibre Ghrúpa RTÉ arna Rangú de réir an rannáin agus an eintitis dlí amhail an 31 Nollaig 2020
RTÉ | RTÉ Commercial Enterprises DAC | RTÉ Music DAC | RTÉ Transmission Network DAC | |
RANNÓG THRÁCHTÁLA | ||||
Fógraíocht agus urraíocht maidir leis an teilifís a dhíol | • | |||
Fógraíocht agus urraíocht maidir leis an raidió a dhíol | • | |||
Fógraíocht agus urraíocht idirlín a dhíol | • | |||
Fógraíocht agus urraíocht teilitéacs AERTEL a dhíol | • | |||
Saoráidí léiriúcháin teilifíse a ligean ar cíos le tríú páirtí | • | |||
Ioncam ó theileachumarsáid tráchtála | • | |||
Díolachán ar earraí a bhaineann le clár | • | |||
Tráthliostaí clár a dhíol | • | |||
Córais chraoltóireachta agus saoráidí teicneolaíochta a chur ar fáil don tríú páirtí | • | |||
Díolachán ar earraí a bhaineann le clár | • | |||
Fógraí teilifíse don tríú páirtí a léiriú sa stiúideo | • | |||
Saoráidí léiriúcháin raidió a ligean ar cíos leis an tríú páirtí | • | |||
Stiúideo soghluaiste an Roadcaster agus díolacháin bolscaireachta | • | |||
Fógraí raidió a léiriú sa stiúideo | • | |||
Cóipcheart ceoil a dhíol | • | |||
Seirbhísí idirnáisiúnta físeáin arna n-éileamh ar tháille á soláthar. | • | |||
Ioncam a ghiniúint ó thaibhithe cheolfhoirne | • | |||
Iris an RTÉ Guide a chur ar fáil agus a fhoilsiú | • | |||
Fógraíocht san RTÉ Guide a dhíol | • | |||
Riarachán an Rannáin Tráchtála | • | |||
RANNÓG MAIDIR LE LUCHT FÉACHANA AGUS ÉISTEACHTA, CAINÉIL AGUS MARGAÍOCHT | ||||
Sceidil agus cainéil teilifíse seirbhíse poiblí a chraoladh saor go haer | • | |||
Sceidil agus cainéil teilifíse seirbhíse poiblí a chraoladh saor go haer | • | |||
Cur chun cinn agus margaíocht na seirbhísí agus na gcainéal | • | |||
Seirbhísí teilitéacs RTÉ Aertel a chur ar fáil | • | |||
Raon seirbhísí ar líne saor in aisce don phobal, bunaithe ar an bpobal agus ar an ngréasán, a chur ar fáil | • | |||
An RTÉ Player agus rte.ie a rith don lucht féachana in Éirinn agus thar lear | • | |||
Cothú agus Forbairt maidir le teicneolaíocht nua de chuid na meánchumarsáide | • | |||
Deiseanna breise a chur ar fáil chun teacht ar ábhar nuachta seirbhísí poiblí RTÉ trí RTÉ News Now Online | • | |||
An Rannán maidir le Lucht Féachana agus Éisteachta, Cainéil agus Margaíocht a riar | • | |||
AN RANNÁN ÁBHAIR | ||||
Cláracha raidió agus teilifíse de dhéantús Éireannach a choimisiúnú agus a léiriú | • | |||
Coimisiúnú a dhéanamh de réir na reachtaíochta ar ábhar clár ó léiritheoirí neamhspleácha de chuid an AE | • | |||
Cláracha raidió de chuid na hÉireann agus ón iasacht a cheannach | • | |||
Ábhar clár nach nuacht ná cúrsaí reatha a chur ar fáil do TG4 de réir na reachtaíochta | • | |||
Cartlanna an chainéil teilifíse agus na leabharlainne nuachta a chothabháil | • | |||
Ábhar leabharlainne agus cartlainne a dhíol | • | |||
Cartlanna agus leabharlann an chainéil raidió a chothabháil | • | |||
Taibhréimeanna ceolfhoirne agus cóir | • | |||
Ceol ceolfhoirne agus cóir a choimisiúnú, a léiriú a sheinm agus a thaifeadadh | • | |||
Riar an Rannáin Ábhair | • | |||
ROINN NUACHTA & CÚRSAÍ REATHA | ||||
Seirbhís bhailiú nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur ar fáil | • | |||
Léiriú a dhéanamh ar na cláracha nuachta ar an teilifís agus ar an raidió chomh maith le tráchtaireacht ar mhórimeachtaí agus cláracha eile | • | |||
Ábhar chláracha cúrsaí reatha a choimisiúnú agus a léiriú | • | |||
Ábhar chláracha nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil do TG4 de réir na reachtaíochta | • | |||
Ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil do sheirbhísí poiblí saor-rochtana ar líne RTÉ | • | |||
An riarachán ar an Roinn Nuachta agus Cúrsaí Reatha RTÉ | • | |||
AN RANNÁN LÍONRA | ||||
Seirbhísí tarchurtha analógacha do chraoladh náisiúnta raidió a chur ar fáil | • | |||
Seirbhísí tarchurtha digiteacha do chraoladh náisiúnta raidió a chur ar fáil | • | |||
Seirbhísí ilphléacs, tarchurtha agus dáilte a chur ar fáil d’oibritheoirí ilphléacs | • | |||
Áiseanna coimhdeacha crann agus túr a ligean ar cíos | • | |||
An riarachán maidir le 2rn | • | |||
RANNÁIN OIBRIÚCHÁIN & SEIRBHÍSÍ LÉIRIÚCHÁN | ||||
Seirbhísí Teilifíse, Raidió agus léiriúcháin ar líne a chur ar fáil don Rannán Ábhair agus Nuachta & Cúrsaí Reatha. | • | |||
Seirbhísí Teilifíse, Raidió agus léiriúcháin ar líne a chur ar fáil don Rannán maidir le Lucht Féachana agus Éisteachta, Cainéil agus Margaíochta | • | |||
Seirbhísí láithreáin agus seirbhísí tacaíochta gaolmhara bonneagair a chur ar fáil | • | |||
Riarachán an Rannóige Tráchtála | • | |||
RANNÁIN EILE | ||||
Na Rannáin maidir le Teicneolaíocht & Athchóiriúchán, Acmhainní Daonna agus Airgeadas | • | |||
An Rannán Corparáide lena n-áirítear Cumarsáid Corparáide, Dlí agus Seirbhísí ilphléacs DTT a chur | • | |||
CEANNÁRAS NA CORPARÁIDE | ||||
Seilbh ar ábhar infheistíochta i ngnóthaí a bhaineann le cúrsaí craolacháin | • | |||
Obair stiúrtha agus feidhmiúcháin an Chraoltóra Seirbhíse Poiblí | • |