21. Oibleagáidí Sochair Scoir (Grúpa agus RTÉ)
Is é an Grúpa príomhfhostóir urraíochta ag:
(a) Scéim Aoisliúntais RTÉ (scéim pinsin sochair shainithe ranníoca maoinithe nár ligeadh aon fhostaí nua isteach ann ón mbliain 1989 i leith);
(b) Thosaigh Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ den chéad uair an 1 Meán Fómhair 2010. Is é a bhaineann leis an scéim gealltanas maidir le sochar sainithe (DB) lárnach atá bunaithe ar leibhéal tuarastail teorannaithe maille le socrú bunaithe ar ranníoca sainithe (DC) i ndáil le tuilleamh ar leibhéal is airde ná an uasteorainn, agus
(c) Scéim Pinsin Sochair Shainithe RTÉ (scéim DC ranníoca, mhaoinithe) agus déantar ranníocaíochtaí le roinnt scéimeanna pinsin sochair shainithe ranníoca eile thar ceann fostaithe.
Bunaíodh na scéimeanna thuas mar chistí iontaobhais ar leithligh, gach ceann arna bhainistiú ag bord iontaobhaithe atá freagrach as oibríochtaí na scéime a mhaoirsiú, lena n-áirítear sócmhainní na scéime a infheistiú.
(i) Táille pinsin
Seo a leanas muirear pinsin an fhostóra maidir le gach bliain de na scéimeanna éagsúla:
2020 | 2019 | |
€’000 | €’000 | |
Scéim Aoisliúntais RTÉ | ||
- costas seirbhíse reatha | (1,232) | (1,528) |
Scéim "50/50" Riosca i bPáirt RTÉ (Sciar DB) | ||
- costas seirbhíse reatha | (1,987) | (1,571) |
(3,219) | (3,099) | |
Scéim Pinsin "50/50" Riosca i bPáirt RTÉ (Sciar DC) | (394) | (411) |
Scéim Pinsin Ranníoca Sainithe RTÉ | (9,917) | (9,520) |
Scéimeanna eile | (21) | (23) |
(ii) Socruithe sochair shainithe
De réir mar a éilítear faoi Acht na bPinsean,1990, déantar tuarascálacha luachála neamhspleácha achtúire bunaithe ar bhonn tuisceana faoin maoiniú fadtéarmach arna leagan amach de réir nósanna achtúireacha a chur ar fáil go rialta maidir le Scéim Aoisliúntais RTÉ. Is é an 1 Eanáir 2021 an dáta a luaitear leis an tuarascáil luachála is deireanaí ó achtúire maidir le cúrsaí maoiniúcháin agus ba tráth níos deireanaí ná deireadh na bliana 2020 a thug Mercer, na hachtúirí, nach oifigigh ná fostaithe de chuid an Ghrúpa iad, obair na tuarascála sin chun críche. Modh luachála “na haoise slánaithe” atá in úsáid le luacháil seo an achtúire ar an gcistíocht, chun an costas seirbhíse san am atá le theacht a ríomh. Tá soláthar déanta ag an achtúire i ndáil leis an luacháil seo do bharrachas arna ríomh de réir staid cistíochta iomlán seirbhíse. Déantar comparáid leis sin idir iomlán na ndliteanas (seirbhís chaite agus seirbhís ionchais) agus luach na sócmhainní móide luach ranníocaíochtaí ionchais an fhostaí agus an fhostóra arna lua de réir na rátaí caighdeánacha. Barrachas €56 milliún an staid cistíochta iomlán seirbhíse ar an 1 Eanáir 2021. Ba ionann an barrachas iomlán seirbhíse inchomórtais ar an 1 Eanáir 2020 agus €55 milliún. Ní bhíonn tuarascáil luachála an achtúire maidir le cúrsaí maoiniúcháin ar fáil lena hiniúchadh ag an bpobal; ach ina ainneoin sin, cuirtear torthaí na luachála in iúl do na comhaltaí.
Tá luacháil déanta ag achtúirí freisin de réir an íoschaighdeáin maoinithe amhail an 1 Eanáir 2021 agus tuairiscítear easnamh ar an mbonn sin is ionann is €179 milliún (1 Eanáir 2020: easnamh €204 milliún). Cuireadh Deimhniú ar Mhaoiniú Achtúireacha ar aghaidh ar an mbonn sin. Chomhlíon an scéim an cúlchiste caighdeánach maoinithe freisin amhail an 1 Eanáir 2021 agus tá deimhniú ag deimhniú an toraidh sin curtha ar aghaidh chuig an Údarás Pinsin.
Mar a éilítear de réir caighdeán cuntasaíochta IAS 19 (2011), ullmhaíonn Mercer, na hachtúirí, tuairisc ina leagtar amach staid Scéim Aoisliúntais RTÉ. Baintear leas as an modh luachála cuntasaíochta a shonraítear in IAS 19 (2011) chuige sin. Is é an cur chuige a bhaineann le IAS 19 (2011) maidir le luacháil agus tuairisciú cuntasaíochta maidir le ciste sochair shainithe, go mbaintear leas as modh réamh-mheastacháin chreidmheas an aonaid chun muirir pinsin bliantúla san am atá le theacht a ríomh, go leagtar luach ar shócmhainní de réir luach cóir reatha an mhargaidh agus go ndéantar lascainiú maidir le dliteanais ionchais (trí leas a bhaint as rátaí bannaí corparáide ardghráid ar gar an téarma ama atá leo don ré a mheastar a bhainfidh le dliteanais na scéime) chun teacht ar luach glan reatha maidir le dliteanais na scéime. Is ionann an difríocht idir an tsócmhainn agus luachálacha dliteanais amhail an 31 Nollaig 2020 agus sócmhainn €147 milliún.
Meastar go n-íocfaidh an Grúpa €0.3 milliún mar ranníocaíochtaí le Scéim Aoisliúntais RTÉ i rith na bliana 2021.
Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ:
Is é an 1 Eanáir 2021 an dáta a luaitear leis an tuarascáil luachála achtúireachta is deireanaí maidir le Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ agus ba thráth níos deireanaí ná deireadh na bliana 2020 a thug Mercer, achtúire na scéime, obair na tuarascála sin chun críche. Léirítear le luacháil seo an achtúire ar an gcistíocht, lena n-úsáidtear modh luachála “na haoise slánaithe” chun an costas seirbhíse san am atá le teacht a ríomh, go bhfuil barrachas is ionann le €9.3 milliún ar an scéim (1 Eanáir 2020: barrachas de €6.4 milliún). Ní bhíonn tuarascáil luachála an achtúire maidir le cúrsaí maoiniúcháin ar fáil lena hiniúchadh ag an bpobal; ach ina ainneoin sin, cuirtear torthaí na luachála in iúl do na comhaltaí.
B’ionann ráta ranníoca an fhostóra le sciar an tsochair shainithe de Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020 agus 8.75% de luach saothair comhaltaí ar fostaithe iad (ar a dtugtar de shainmhíniú tuarastal inphinsin móide liúntais suas go dtí uasteorainn is €48,000 p.a. faoi láthair). Tá luacháil déanta ag na hachtúirí freisin de réir na bhforálacha maidir le Íoschaighdeán Maoiniúcháin in Acht na bPinsean, 1990 agus tuairiscítear barrachas ar an mbonn sin is ionann le €18 milliún ar an 1 Eanáir 2020 (1 Eanáir 2013: barrachas €15 milliún).
Maidir le scéim aoisliúntais RTÉ, ullmhaíonn Mercer tuairisc ina leagtar amach staid Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ agus leas á bhaint as an modh luachála cuntasaíochta a shonraítear in IAS 19 (2011). Maidir leis an scéim seo, is ionann an difríocht idir an tsócmhainn agus luacháil dliteanais amhail an 31 Nollaig 2020 agus sócmhainn €4.0 milliún.
Meastar go n-íocfaidh an Grúpa €1.6 million mar ranníocaíochtaí le Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ (rannóg DB) i rith 2021.
Baineann an gnáthriosca infheistíochta agus maoinithe a bhíonn i gceist le scéimeanna sochair shainithe leis an dá scéim, agus is féidir a bheith ag súil le luaineacht ghearrthéarmach maidir lena seasamh airgeadais. Tá teorainn, áfach, leis an riosca rialála, de bharr nach bhfuil aon riachtanas reachtúil in Éirinn go gcoinneodh fostóirí pleananna sochair shainithe ag imeacht nó go n-íocfaidís easnamh maoinithe sa chás go mbeadh easnamh ann.
(iii) Glan-sócmhainn sochair shainithe
Mar seo a leanas atá an ghlan-sócmhainn sochair shainithe maidir leis an dá shocrú sochair shainithe amhail an 31 Nollaig 2020:
2020 | 2019 | |
Grúpa agus RTÉ | €’000 | €’000 |
Glan-sócmhainn pinsin i Scéim Aoisliúntais RTÉ | 146,826 | 107,024 |
Glan-sócmhainn pinsin i Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ | 3,990 | 3,380 |
150,816 | 110,404 |
Gluaiseacht i nglan-sócmhainn/(dliteanas) sochair shainithe
Scéim Aoisliúntais RTÉ
Oibleagáid shochair shainithe | Luach cóir shócmhainní an phlean | Glan-sócmhainn/(dliteanas) sochair shainithe | ||||
2020 | 2019 | 2020 | 2019 | 2020 | 2019 | |
€’000 | €’000 | €’000 | €’000 | €’000 | €’000 | |
Iarmhéid an 1 Eanáir | (983,579) | (951,400) | 1,090,603 | 997,992 | 107,024 | 46,592 |
San áireamh sa Ráiteas Ioncaim | ||||||
Costas seirbhíse reatha | (1,232) | (1,528) | - | - | (1,232) | (1,528) |
(Costas)/ ioncam úis | (11,496) | (17,598) | 12,785 | 18,492 | 1,289 | 894 |
(12,728) | (19,126) | 12,785 | 18,492 | 57 | (634) | |
San áireamh san OCI | ||||||
Gnóthachan/(caillteanas) atomhais | ||||||
Gnóthachan/(caillteanas) achtúireach ag eascairt ó: | ||||||
Boinn tuisceana airgeadais | (34,338) | (59,239) | - | - | (34,338) | (59,239) |
Boinn tuisceana achtúireacha | 35,560 | - | - | - | 35,560 | - |
Taithí | 507 | 840 | - | - | 507 | 840 |
Aischur ar shócmhainní an phlean gan ús san áireamh | - | - | 37,348 | 118,695 | 37,348 | 118,695 |
1,729 | (58,399) | 37,348 | 118,695 | 39,077 | 60,296 | |
Eile | ||||||
Ranníocaíochtaí fostóra | - | - | 668 | 770 | 668 | 770 |
Ranníocaíochtaí fostaithe | (555) | (642) | 555 | 642 | - | - |
Sochair íoctha | 45,898 | 45,988 | (45,898) | (45,988) | - | - |
45,343 | 45,346 | (44,675) | (44,576) | 668 | 770 | |
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig | (949,235) | (983,579) | 1,096,061 | 1,090,603 | 146,826 | 107,024 |
Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ
Oibleagáid shochair shainithe | Luach cóir shócmhainní an phlean | Glan-sócmhainn shochar shainithe | ||||
2020 | 2019 | 2020 | 2019 | 2020 | 2019 | |
€’000 | €’000 | €’000 | €’000 | €’000 | €’000 | |
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir | (20,199) | (15,432) | 23,579 | 18,396 | 3,380 | 2,964 |
San áireamh sa Ráiteas Ioncaim | ||||||
Costas seirbhíse reatha | (1,987) | (1,571) | - | - | (1,987) | (1,571) |
(Costas)/ ioncam úis | (343) | (386) | 420 | 486 | 77 | 100 |
(2,330) | (1,957) | 420 | 486 | (1,910) | (1,471) | |
San áireamh san OCI | ||||||
Gnóthachan/(caillteanas) atomhais | ||||||
Gnóthachan/(caillteanas) achtúireach ag eascairt ó: | ||||||
Boinn tuisceana airgeadais | (2,110) | (2,845) | - | - | (2,110) | (2,845) |
Boinn tuisceana achtúireacha | 975 | - | - | 975 | - | |
Taithí | 129 | 464 | - | - | 129 | 464 |
Aischur ar shócmhainní an phlean gan ús san áireamh | - | - | 1,878 | 2,778 | 1,878 | 2,778 |
(1,006) | (2,381) | 1,878 | 2,778 | 872 | 397 | |
Eile | ||||||
Ranníocaíochtaí fostóra | - | - | 1,648 | 1,490 | 1,648 | 1,490 |
Ranníocaíochtaí fostaithe | (868) | (781) | 868 | 781 | - | - |
Sochair íoctha | 4 | 272 | (4) | (272) | - | - |
Préimh Árachais | 85 | 80 | (85) | (80) | - | - |
(779) | (429) | 2,427 | 1,919 | 1,648 | 1,490 | |
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig | (24,314) | (20,199) | 28,304 | 23,579 | 3,990 | 3,380 |
(iv) Sócmhainní scéime
B’ionann luach cothrom na sócmhainní amhail dháta an chláir chomhardaithe:
Scéim Aoisliúntais RTÉ | Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ | |||
2020 | 2019 | 2020 | 2019 | |
Luach Cóir €’000 | Luach Cóir €’000 | Luach Cóir €’000 | Luach Cóir €’000 | |
Ionstraimí fiachais: | ||||
Bannaí Rialtais | 467,415 | 445,192 | - | - |
Bannaí Corparáide | 59,558 | 58,361 | - | - |
Iomlán ionstraimí fiachais | 526,973 | 503,553 | - | - |
Díorthaigh | 2 | 67 | - | - |
Maoiniú infheistíochta: | ||||
Cothromas | 361,895 | 408,956 | 13,151 | 10,456 |
Bannaí | - | - | 12,645 | 11,602 |
Airgead Tirim | 39,709 | - | - | - |
Maoin | 41,151 | 41,792 | 1,032 | 1,135 |
Cistí fálaithe | 56,501 | 58,414 | - | - |
Cothromas príobháideach | 64,734 | 61,814 | - | - |
Cistí infheistíochta iomlána | 563,990 | 570,976 | 26,828 | 23,193 |
Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim | ||||
Airgead Tirim | 3,424 | 13,859 | 573 | 56 |
Iarmhéideanna infheistíochta eile | 1,672 | 2,148 | 903 | 330 |
Iomlán an airgid thirim agus na gcoibhéisí airgid thirim | 5,096 | 16,007 | 1,476 | 386 |
Iomlán Luach cóir sócmhainní | 1,096,061 | 1,090,603 | 28,304 | 23,579 |
Coinnítear gnáthscaireanna mar chistí le bunsócmhainní arna lua i margadh gníomhach. Coinnítear ionstraimí fiachais ar bhonn scagtha (Scéim Aoisliúntais RTÉ).
(v) Oibleagáid shochair shainithe
(i) Boinn tuisceana achtúireacha
Thíos tá na boinn tuisceana príomha a úsáideadh chun críocha na luachála cuntasaíochta bunaithe ar IAS 19 (2011) a rinneadh ar na scéimeanna pinsin.
Scéim Aoisliúntais RTÉ | Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ | |||
2020 | 2019 | 2020 | 2019 | |
Meánráta réamh-mheasta maidir le hardú tuarastail: | ||||
As seo go ceann dhá bhliain | 1.0% | 1.0% | 1.0% | 1.0% |
Sa dá bhliain ina dhiaidh sin | 1.0% | 1.0% | 1.0% | 1.0% |
As sin amach | 1.25% | 1.25% | 1.25% | 1.25% |
Meánráta réamh-mheasta maidir le hardú pinsean: | ||||
As seo go ceann dhá bhliain | 1.17% | 1.0% | 1.25% | 1.25% |
As sin amach | 1.25% | 1.25% | 1.25% | 1.25% |
Ráta lascaine | 0.9% | 1.2% | 1.4% | 1.7% |
Bonn tuisceana maidir le boilsciú | 1.25% | 1.25% | 1.25% | 1.25% |
Básmhaireacht | Bliain | Bliain | Bliain | Bliain |
Ionchas saoil daoine a rachaidh ar scor amach anseo | ||||
Fear 65 bliain d'aois (saolaíodh 1966) | 24.3 | 25.3 | 24.3 | 25.3 |
Bean 65 bliain d'aois (saolaíodh 1966) | 26.3 | 27.4 | 26.3 | 27.4 |
Ionchas saoil daoine atá ar pinsean cheana féin | ||||
Fear 65 bliain d'aois (saolaíodh 1956) | 23.5 | 24.1 | 23.5 | 24.1 |
Bean 65 bliain d'aois (saolaíodh 1956) | 25.4 | 26.2 | 25.4 | 26.2 |
Amhail an 31 Nollaig 2020, mar seo a leanas a bhí fad meán-ualaithe na n-oibleagáidí sochair shainithe:
Scéim Aoisliúntais RTÉ: 12.6 bliain
Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ 31.1 bliain
(ii) Anailís íogaireachta
Breithníodh an tionchar ar an oibleagáid sochair shainithe ag athruithe ar na príomhbhoinn tuisceana achtúireacha. Tá an tionchar a léirítear amhail an dáta tuairiscithe agus i ngach cás glactar leis nach bhfuil athrú ar aon bhonn tuisceana eile.
Scéim Aoisliúntais RTÉ | Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ | |||
Bonn Tuisceana | Oibleagáid shochair €000s | Bonn Tuisceana | Oibleagáid shochair €000s | |
Ráta lascaine | ||||
Ráta reatha | 0.9% | 949,235 | 1.4% | 24,314 |
-0.25% | 0.65% | 978,932 | 1.15% | 26,261 |
+0.25% | 1.15% | 920,524 | 1.65% | 22,540 |
Ardú ar thuarastal & ar phinsin | ||||
Bonn tuisceana reatha (fadtéarmach) | 1.25% | 949,235 | 1.25% | 24,314 |
0.25% ardú níos ísligh | 1.0% | 923,549 | 1.0% | 22,554 |
0.25% ardú níos airde | 1.5% | 975,635 | 1.5% | 26,235 |
Básmhaireacht | ||||
Bonn tuisceana reatha (fritháireamh ón tábla bunúsach) | -1 bliain | 949,235 | -1 bliain | 24,314 |
Níl aon fritháireamh | 0 bliain | 909,236 | 0 bliain | 23,631 |
Fritháireamh dhá bhliain | -2 bliain | 989,875 | -2 bliain | 24,999 |