Tús Áite

Tús Áite

17:00 - 17:55 Luan - Aoine / Mon - Fri

Tús Áite Dé hAoine 25 Meán Fómhair 2020

Clár cúrsaí reatha á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Bíonn míreanna rialta ann freisin, le Painéal an Luain, léirmheas ar na meáin Ghaeilge, spléachadh ar na nuachtáin idirnáisiúnta agus na nuachtáin áitiúla, súil siar na seachtaine agus Mír na Siamsaíochta gach Aoine. 

A a drivetime current affairs programme, presented by Fachtna Ó Drisceoil live from RTÉ Radio Center in Dublin. The programme will focus on national and international news stories, with weekly regular features including the Monday panel, a review of the Irish-language media, a look at the international and regional newspapers, Friday sport, the weekly review, and the weekly entertainment slot 

Tús Áite

Clár cúrsaí reatha agus nuachta á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil..

Tús Áite 25/9/20

Ar an gclár inniu: Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitiúil), Séamus Mac Cionnaith (Iriseoir), Mark de Faoite (Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta & Maoinithe Údarás na Gaeltachta), Caoimhe Ní Chathail (Saorláithreoir), Dr. Seán Ó Conaill (as Scoil Dlí UCC), spóirt le Cuán Ó Flatharta & siamsaíocht ag Conall Mac Dhonnagáin.

Polaitíocht an Lae

Tionchar na teorann ar fhadhbanna Covid-19 i nDún na nGall, srianta le cur i bhfeidhm i gcontaetha eile agus Sammy Wilson i dtrioblóíd - cúrsaí polaitíochta an lae le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitiúil) agus Séamus Mac Cionnaith (Iriseoir).

Poist le fanacht ag HID i gConamara

Tá an chuma ar an scéal nach gcaillfear 120 post i gConamara agus HID le fanacht ann. Labhraímid le Mark de Faoite (Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoinithe Údarás na Gaeltachta).

Súil siar na seachtaine

Covid-19 i nDún na nGall, plean Geimhridh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, comhairleoirí á bhfostú ag an rialtas fad is atá liúntas paindéime á ghearradh agus eile - scéalta móra na seachtaine á bplé le Caoimhe Ní Chathail (Saorláithreoir agus léiritheoir) agus Dr. Seán Ó Conaill (as Scoil Dlí Choláiste na hOllscoile Corcaigh).

Cúrsaí spóirt

Cluichí club CLG agus an séasúr á roinnt in dhá leath, foireann as Tiobráid Árainn tarraingthe amach as craobh camógaíochta agus foireann rugbaí Laighean - na scéalta spóirt le Cuán Ó Flatharta.

Scéalta siamsaíochta

An Late Late, Gradaim Emmys, Ranganna sean-nóis agus ceolchoirmeacha ar líne - nuacht siamsaíochta na seachtaine ag Conall Mac Dhonnagáin.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

tusaite@rte.ie 

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Fachtna Ó Drisceoil
Léiritheoir/Producer: Sinéad Ní Uallacháin

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís