Pa Daly
Deir Pa Daly go bhfuil Sinn Féin ag súil leis an dara hiarrthóir a chur chun cinn i gCiarraí sa chéad olltoghchán eile.
Deir sé an méid seo agus é tuairiscithe le deanaí go bhfuil sé beartaithe ag an gComhairleoir Jackie Healy-Rae a ainm a chur sa hata i gCiarraí sa chéad olltoghchán eile.
Tá sé séanta ag an dTeachta Dála Danny Healy Rae go bhfuil aon scoilt pholaitiúil idir é féin agus a dheartháir Michael.
Bhí sé ag labhairt leis an Irish Times tar éis na tuairisce a bhí ag Kerry's Eye inné go bhfuil éirithe idir na deartháireacha toisc an cinneadh an dhein Danny gan seasamh leis an rialtas sa vóta mímhuiníne le déanaí.
Tine
Cailleadh fear a bhí 56 bliana inné i dtine sa Réileán in Oirthear Mhúscraí.
Tháinig na seirbhísí éigeandála ar chorp an fhir i dtigh timpeall ar a 12.30 inné.
Tá an láthair caomhnaithe aigeas na Gardaí le haghaidh scrúdú teicniúil agus déanfar scrúdú iarbháis ar chorp an fhir.
Trádáil
Ag an ócáid trádála bhliantúil 'Seatrade' i Miami, Florida le déanaí, chuir toscairí ó Chalafort Chorcaí Bá Bheanntraí chun cinn mar cheann scríbe dos na luamhanna móra a bheadh ag teacht i dtír seo do mhórimeachtaí ar nós Chorn Ryder na bliana seo chughainn.
Dúirt na toscairí ag an dtaispeántas trádála ná fuil Beanntraí ach 25 nóimeat ar ingearán ó láthair Chorn Ryder in Áth Dara agus go bhfuil radharcanna breátha fana chósta idir an dá bhaile.
Tá slí do 25 árthach i muiríne Bheanntraí agus dúirt ceann feadhain na heagraíochta Visit Cork, Séamus Heaney, go dtugann imeachtaí ar nós Chorn Ryder deis iontach forbartha do chúrsaí turasóireachta i gCorcaigh agus i gCiarraí.
Ionad Altranais
Cáisíodh an mhoill atá ar oscailt Ionad Altranais Pobail Chill Airne ag cruinniú Chomhairle Contae Chiarraí an tseachtain seo.
Dúirt an Comhairleoir Maura Healy-Rae, gur cúis imní é nár deineadh aon phlé ar riachtanais foirne an ionaid le Cumann na nAltraí agus na mBan Cabhrach ó mhí Bealtaine anuraidh, agus nach bhfuil aon eolas cruinn curtha ar fáil faoin ndul chun cinn in earcaíocht na foirne.
Cháin sí cumarsáid na Feidhmeannachta, agus mhaígh sí ná bíonn mórán muiníne ag ionadaithe poiblí sa bhFeidhmeannacht nuair a bhíonn spriocdháta luaite, agus ansan caillte gan aon mhíniú.
Glacadh leis an moladh go scrífeadh an Chomhairle go dtí an tAire Sláinte agus dtí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag cur díomá na Comhairle in iúl faoin easpa dul chun cinn.
Féile Bídh
Cuirfear tús inniu le Féile Bídh na nIardhéise, agus mórán imeachtaí ar siúl i nDún Garbhán agus sa cheantar máguaird go Domhnach, mar aon le margadh mór bídh i lár an bhaile.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl beidh cócaireacht le chéile, as Gaoluinn ar siúl don dteaghlach ar fad Dé Sathairn, i gColáiste Dhún Garbhán agus beidh Bia agus Beatha, imeacht a bheidh dírithe ar scéalaíocht agus traidisiúin na nDéise.
Is féidir teacht ar chlár na féile ag an suíomh idirlíon waterfordfestivaloffood.com
Fleadh Cheoil
Seolfar go hoifigiúil clár na féile do Fhleadh Cheoil Chiarraí tráthnóna ag ócáid in Óstán Chósta Chiarraí i gCathair Saidhbhín ar a 7 a chlog.
Beidh an Fhleadh ar siúl ón 16 – 24 Bealtaine i gCathair Saidhbhín.
'Sí an Comhairleoir Contae Norma Moriarty a dhéanfaidh an seoladh.