Ionsaí
Cuireadh cóir leighis san otharlann ar bheirt Ghardaí i ndiaidh ionsaithe i Leitir Ceanainn inné.
Cuireadh fios ar na Gardaí chuig láthair ar Bhóthar Neil T Blaney i dtrátha an 3 a chlog inné, áit a líomhnaítear gur ionsaigh fear sna tríochaidí iad.
Gabhadh an fear agus bean sna tríochaidí agus coinníodh iad i Stáisiún Gardaí sa chontae faoi Alt 4 de Acht um Cheartas Coiriúil 1984.
Tá an fear go fóill faoi choinneáil.
Cúisíodh an bhean agus tabharfar os comhair cúirte í an 11 Bealtaine.
Cuireadh na Gardaí a gortaíodh na bhaile ón otharlann ó shin agus tá an Garda Síochána ag cur tacaíochta ar fáil daofa.
Tá na Gardaí ag leanstan lena gcuid fiosruithe.
Tine
Chaith na seirbhísí dóiteáin an oíche aréir ag iarraidh tine sléibhe a chur faoi smacht i gCluain Maine in Inis Eoghain.
Tuigtear gur thosaigh an tine i gceantar na hEanaí idir Cluain Maine agus Baile Lifín i dtrátha an 9 a chlog aréir.
Cuireadh an tine faoi smacht ag a 6 a chlog maidin inniu.
Thug an Comhairleoir Contae Martin McDermott le fios nár gortaíodh aon duine sa tine agus nár dearnadh damáiste do mhaoin cé go raibh tithe i mbaol de bharr na tine dar leis.
Tá foláireamh baol tinte ón Roinn Talmhaíochta i bhfeidhm sa chontae faoi láthair, áit a bhfuil féar nó aiteann tirim, foláireamh oráiste a mhairfidh go dtí Dé Luain seo chugainn.
Tá rabhadh á thabhairt ag an Roinn don phobal gan tinte a lasadh mar go bhfuil baol ard ann go ndéanfar damáiste mhór do thalamh, maoine, dúlra agus beatha daoine.
Iarrtar ar dhuine ar bith a fheiceann tine ag dul as smacht scairt a chur ar na seirbhísí éigeandála láithreach.
Brící Lochtacha
Tá cruinniú práinneach leis an Roinn Tithíochta iarrtha ag an Chomhairleoir Contae Declan Meehan agus Comhairleoirí Contae eile leis an mhoill atá ar nithe éagsúla de Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha a phlé.
Ag labhairt dó i ndiaidh chruinniú na míosa seo de Choiste Brící Lochtacha Chomhairle Contae Dhún na nGall inné, dúirt an Comhairleoir Meehan go raibh frustrachas agus fearg le brath ag an chruinniú.
Dúirt sé nach bhfuil sé maith go leor nach bhfuil Scéim Cúitimh do thithíocht shóisialta fógartha go fóill agus go bhfuil moill ar hachomhairc atá á ndéanamh agus ar fhoilsiú an athbhreithnithe ar IS465.
Thug sé le fios nár chas oifigigh na Roinne leis an choiste ó mhí Iúil anuraidh agus go bhfuil sé chóir a bheith bliain ó bhí an tAire Tithíochta sa chontae agus nach bhfuil teagmháil ar bith déanta aige leo ó shin.
Seo Mise
Tá grúpa pobail deonach úr bunaithe i gceantar Ghleann na Finne le tacaíocht a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu.
"Seo Mise" ainm an ghrúpa atá ag obair i gcomhar le Ionad BASE i Srath an Urláir.
Rinne grúpa tuismitheoirí suirbhé sa cheantar agus léiríodh sa tsuirbhé nach raibh spás nó ionaid ar fáil do pháistí nó do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu a theacht le chéile agus a bheith ar a gcompord.
Socraíodh gníomhaíochtaí a chur ar fáil i láthair atá sábháilte agus fóirsteanach.
Tá tuismitheoirí, cúramóirí, comhairleoirí agus múinteoirí mar bhaill den ghrúpa.