Deonú orgán
Dúirt an Seanadóir Manus Boyle go bhfuil sé tábhachtach níos mó airde a thabhairt ar dheonú orgán agus an pobal a chur ar an eolas faoin tábhacht atá le cinneadh a bheith déanta ag daoine roimh ré faoina mianta i dtaobh a gcuid orgán nuair a fhaigheann siad bás.
Ós rud é gur seo Seachtain Feasachta um Dheontóirí Orgáin, dúirt sé go gcaithfear labhairt faoin tábhacht atá le cártaí deontóra orgán a iompar agus mhol sé go mbeadh comhrá ag daoine lena dteaghlaigh ar an cheist.
Thug Cumann Duáin na hÉireann le fios go bhfuil titim ar líon na ndeontóirí orgán le 5 bliana.
Tugadh le fios chomh maith go ndearnadh 202 trasphlandú anuraidh agus go bhfuil níos mó nó 650 duine ar an liosta feithimh.
Inis Bó Finne
Tá sé tábhachtach plean gearrthéarmach agus fadtéarmach a ullmhú do Chéidh Inis Bó Finne, a dúirt Dónall Ó Colla, ionadaí Inis Bó Finne ar Choiste na nOileán.
Dúirt sé ag cruinniú ar na mallaibh go gcaithfear an Chéidh a leathnú agus a ardú, ach go gearrthéarmach, go bhfuil cóiriú a dhíth ar an chéidh anois le céimeanna, dréimire agus níos mó spáis a chur ar fáil.
Thug Michael Rowsome, Bainisteoir Ceantair, le fios go bhfuil iarratas ar mhaoiniú €50,000 curtha ag an Chomhairle Contae chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta leis an obair gearrthéarmach a chur i gcrích.
Dúirt Dónall Ó Colla fosta gur cheart fóirdheontas a chur ar fáil don tseirbhís farantóireachta go dtí an t-oileán mar go bhfuil níos mó daoine ag tarraingt ar an Oileán mar gheall ar an tseirbhís farantóireachta agus gur mhaith le muintir an Oileáin an tseirbhís seo a choinneáil.
Iascaireacht
Dúirt Néilí Caomhánach, Iascaire as Árainn Mhór, nach dtuigeann sé agus nach n-aontaíonn sé leis an dlí úr a chuirfear i bhfeidhm ón 1 Meitheamh, áit nach mbeidh cead ag daoine atá ag iascaireacht mar chaitheamh aimsire ach greim a fháil ar thrí Dheargóg feasta.
Dúirt sé go dtug an Rialtas tacaíocht do Chomhlachtaí Iascaireachta turais báid a eagrú mar chaitheamh aimsire le turasóiri a mhealladh roinnt blianta ó shin agus go ndearna Comhlachtaí infheistíocht sa ghnó ag an am, agus nach dtuigeann sé anois cinneadh an Rialtais.
Dúirt Néilí Caomhánach nach n-aontaíonn sé leis na saineolaithe nuair a deir siad go gcaithfear an stoc éisc a chaomhnú agus a chosaint.
Oidhreacht
Ceadaíodh maoiniú thara €100,000 do shé thogra Oidhreachta i nDún na nGall faoi Scéim Deontais Oidhreachta Pobail 2026.
I measc na dtograí a bhfuil an maoiniú is mó ceadaithe daofa tá Teach Pobail Chluain Lao, Leifear, Iontaobhas Brian Friel, Na Gleannta, Grúpa Oidhreachta Inbhir agus togra Ceoil Thraidisiúnta Inis Eoghain.
Thréaslaigh an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir leis an Chomhairle Oidhreachta agus dúirt sé go rachaidh an maoiniú seo go mór chun sochair le suíomhanna oidhreachta, seandálaíochta, nádúrtha agus cultúir sa Chontae a fhorbairt agus a chosaint agus a chaomhnú.
Ar iarraidh
Tá na Gardaí ag lorg eolais faoi fhear as Dún na nGall atá ar iarraidh i mBaile Átha Cliath.
Chonacthas Rónán Strain, 36 bliana d'aois as Ráth Bhoth ó dhúchas, go deireanach Déardaoin an 14 Bealtaine agus meastar gur thaistil sé go Binn Éadair, Baile Átha Cliath.
Tá sé tuairim is 5 troighe agus 5 orlaí ar airde, caol le gruaig dhonn agus súile gorma.
Ní fios caide a bhí á chaitheamh aige nuair a chuaigh sé ar iarraidh.
Tá imní ar na Gardaí agus ar theaghlach Rónáin faoi.
Tá na Gardaí ag impí ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoi cá háit a bhfuil Rónán Strain, teagmháil a dhéanamh leo.