Oideachas Speisialta
Beidh ar an Rialtas aghaidh a thabhairt ar an ghéarchéim is measa riamh ó thaobh oideachas speisialta de i mí Meán Fómhair, dar le Teachtaí Dála Shinn Féin Piaras Ó Dochartaigh agus Pádraig Mac Lochlainn.
Tá an páirtí le rún a chur os comhair na Dála an tseachtain seo ag iarraidh ar an Rialtas athrú ó bhonn a dhéanamh ar an dóigh a chuireann an Stát oideachas ar fáil do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu.
Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh nach bhfuil seachtain ar bith nach mbíonn tuismitheoir nach bhfuil ábalta áit scoile a aimsiú dá bpáiste, go háirithe páistí a bhfuil riachtanais bhreise acu, i dteagmháil lena oifig.
Tá páistí ann a bhfuil orthu turas fada a dhéanamh le dul na scoile agus páistí eile nach bhfuil an dara rogha acu ach fanacht sa bhaile mar nach bhfuil áit scoile fána gcoinne, a dúirt sé.
Braitheann tuismitheoirí go bhfuil siad i gcónaí ag troid le cearta a bpáistí a bhaint amach a dúirt sé.
Dúirt an Teachta Mac Lochlainn go bhfuil neamart á dhéanamh ag an Stát i bpáistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu arís agus arís eile.
Tograí Mara
Tá easpa dul chun cinn á dhéanamh i dtograí mara i nDún na nGall agus níl an infheistíocht chuí a dhéanamh ag an Rialtas iontu, a dúirt an Comhairleoir Contae Míchéal Cholm Mac Giolla Easpaig.
Dúirt sé nach bhfuil go leor foirne ag Rannóg Mara Chomhairle Contae Dhún na nGall le dul i ngleic le riachtanais phobal na n-oileán.
Teastaíonn céibh úr ar Árainn Mhór do na bádaí farantóireachta atá ag freastal ar an oileán, a dúirt sé.
D'iarr sé cruinniú idir Bainistíocht na Comhairle agus ionadaithe na n-oileán le riachtanas phobal na n-oileán a phlé.
Teastaíonn go leor oibre ar chéanna na contae, le go mbainfeadh siad caighdeán sásúil amach, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.
Cruinniú
Beidh cruinniú poiblí á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar Thoraigh inniu le heolas a thabhairt do phobal an Oileáin ar an obair atá déanta ar sholáthar uisce an oileáin, le 16 mhí anuas.
Beidh eolas á thabhairt ag an Chomhairle ar chaighdeán an uisce agus an obair atá beartaithe amach anseo lena chinntiú go mbeidh soláthar uisce d’ardchaighdeán ar an oileán.
Beidh an cruinniú ar siúl in Ionad Lae Thoraí maidin inniu ag an 10am.
Deontais
Is é Contae Dhún na nGall an contae ina bhfuil an líon is mó daoine ag baint tairbhe as Scéim na nDeontas do Thithe Folmha, a dúirt Patricia McIntyre, Oifigeach Athghiniúna Baile Chomhairle Contae Dhún na nGall ag cruinniú Tithíochta den Chomhairle ar na mallaibh.
Dúirt sí go bhfuil 1,606 iarratas faighte ag an Chomhairle go dtí seo agus go bhfuil 461 deontas íoctha ar luach €26.3m.
Tháinig an líon ba mhó iarratas ó Cheantar Bardais na nGleanntach, a dúirt sí agus 410 iarratas ón cheantar sin curtha faoi bhráid na Comhairle.
Bhí 347 iarratas ó Cheantar Bardais Inis Eoghain, 322 iarratas ó cheantar Leitir Ceanainn/Bhaile na nGallóglach, 288 iarratas déanta i mBaile Dhún na nGall agus 243 iarratas i Leifear/Srath an Urláir.