Otharlann Leitir Ceanainn
Bhí 15,000 othar ar liosta feithimh do choinne mar othar seachtrach in Otharlann Leitir Ceanainn ag deireadh an Aibreáin.
570 othar a bhí ar liosta feithimh ag fanacht le coinne le breis agus 18 mí, beirt pháistí ina measc.
653 othar atá ar liostaí feithimh le idir bliain agus 18 mí agus tá 2,275 ar liostaí feithimh ansin le idir sé mhí agus bliain.
3,743 othar atá ar liosta feithimh mar othar cónaitheach in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair.
Sin méadú 281 othar i dtréimhse dhá mhí.
San áireamh tá 32 acusan atá ar liosta feithimh le 18 mí nó níos mó.
Máistirphlean
Tá sé socraithe go mbeidh Ceardlann le Máistirphlean do Chéidh Mhachaire Rabhartaigh a phlé ar siúl an 26 Bealtaine.
Seo an chéad uair a mbeidh ceardlann ar siúl le plé iomlán a dhéanamh ar an phlean in ainneoin go dtógtar an cheist go rialta ag cruinnithe de Cheantar Bardais na nGleanntach.
Dúirt Stiurthóir Comhshaoil na Comhairle Contae Micheál Mac Gairbheith gur mhaith leis Ceardlann a reáchtáil ar dtús le tuairimí na mball a fháil agus ansin dúirt sé go socrófar dáta níos moille áit a mbeidh Coiste Chéidh Mhachaire Rabhartaigh i láthair agus grúpaí eile más gá.
In ainneoin go bhfáiltíonn an Comhairleoir Contae Micheal Choilm Mac Giolla Easpaig roimh an Cheardlann, dúirt sé gur bhfearr leis dá mbeadh Stiúrthóirí na Comhairle Contae agus grúpaí atá bainteach leis an chéidh i láthair ag an ócáid fosta.
Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach tuairimí agus moltaí na ndreamanna uilig a fháil mar an pobal, Iascairí, Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta chomh maith leis an Chomhairle Contae.
Dúirt sé fosta gur cheart duine amháin a roghnú le bheith i gceannas ar an phlean le hé a bhrú chun tosaigh le Comhairleoir a cheapadh leis an phlean a ullmhú chomh luath agus is féidir.
Móin
Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí faoi eachtra a tharla i gceantar Ghaoth Dobhair le gairid, maidir le haighneas faoi chearta bainte móna.
Fuair Gardaí tuairiscí gur dearnadh damáiste do bhachtaí móna ag iarraidh bac a chur ar dhaoine móin a bhaint.
Dhearbhaigh Preasoifig an Gharda Síochána gur dearnadh gearáin leo faoi na heachtraí a deirtear a tharla ar an tSathairn an 2 Bealtaine, thart fan 2.00.
Ní raibh Gardaí sásta a rá cén choir a deirtear a tharla, ach go raibh siad ag leanstán dá bhfiosrúcháin.
Bord Oideachais
Beidh Cruinniú ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall le baill Oireachtais na Contae inniu.
Pléifear na Scoltacha atá buailte le brící lochtacha sa Chontae agus an tionchar atá ag brící lochtacha ar fhoireann na scoltacha.
Pléifear an scéal is deireanaigh maidir le Campas 3 scoil Bhun Cranncha chomh maith le tograí tógála i gColáiste an Earagail Leitir Ceanainn, Coláiste na Maolruaidh Baile na nGallóglach agus Coláiste Naomh Catherine sna Cealla Beaga.
Beidh an cruinniú ar siúl inniu ar 10 a chlog in Óstán Radisson Leitir Ceanainn.
Bád pléisiúir
Tiocfaidh an bád pléisiúir an Spirit Of Adventure, i dtír ag calafort na gCealla Beaga ar maidin inniu, an tríú bád pléisiúir de shéasúr an tsamhraidh i mbliana.
Tiocfaidh sí isteach go calafort na gCealla Beaga ag 0900 ar maidin agus beidh sí ansin go 4.30 tráthnóna.
Sí seo an séú bád is mó as an 25 bád paisinéirí a bheidh ag teacht i dtír sna Cealla Beaga i mbliana.
Tá an Spirit of Adventure 237 méadar ar fhad.
Tá breis agus míle paisinéir ar bord loinge inniu.
Díríonn an Spirit of Adventure ar dhaoine atá thar 50 bliain d’aois go háirithe, agus tá an long cláraithe i Malta.
Beidh trí bhád pléisiúir ag tabhairt cuairt ar na Cealla Beaga go ceann seachtaine.
Beidh an bád An Douglas Mason ag teacht faoi dhó, an 15ú agus an 19ú Bealtaine agus beidh an Vasco Da Gama sna Cealla Beaga ar an 19ú lá chomh maith.