Aerfort Phort Láirge.
Beidh searmanas iompaithe fóid inniu ag cur tús le hathfhorbairt Aerfort Phort Láirge.
Tá €30 milliún á infheistiú ag an bhfear gnó Meiriceánach Kelcy Warren in athfhorbairt an aerfoirt, agus é mar aidhm aige seirbhísí tráchtála paisinéirí a thabhairt thar nais dtí an t-aerfort den gcéad uair ó 2016.
Cuirfear síneadh leis an rúidbhealach go dtí breis agus 2200 méadar, agus leathnófar leis é go dtí 45 méadar, chun go mbeidh scairdeitleáin mhóra ábalta é a úsáid.
Tá sé ina sprioc go mbeidh breis agus 400,000 duine in aghaidh na bliana ag gabháil tríd an aerfort fé cheann trí bliana.
Calaois
Tugadh fear os comhair seisiún speisialta de Chúirt Dúiche Chill Airne tráthnóna inné ar chúiseanna calaoise agus éithigh.
Cúisíodh Noah Jake Woolley, 20 bliain d'aois ó Derbyshire Shasana, i ndhá chúis calaoise a bhain le Dé hAoine seo caite, an 15 Bealtaine, i nDún Mainchín i gCill Orglan.
Thug na Gardaí le fios don gCúirt go dtángthas ar an bhfear agus suim mhór airgid ina sheilbh aige.
Cúisíodh é gur iarr sé goid a dhéanamh, agus gur inis sé éitheach a thug ar fhear áirithe, €9,500 in airgead tirim a tharrac amach as an mbanc agus a thabhairt dó.
Chuir na Gardaí i gcoinne bannaí sa chás, agus iad den dtuairim go raibh baol go dteitheadh Noah Woolley.
Dúradar ná fuil aon seoladh buan aige sa tír seo agus gur thug é ainm bréagach dos na Gardaí ar dtúis.
Rialaigh an Chúirt áfach go bhféadfaí an fear a scaoileadh saor ach €2,500 a bheith curtha i dtaisce leis an gCúirt agus €5,000 eile a bheith geallta ar a shon, agus cuireadh siar fé choimeád é dtí Dé Céadaoin seo chugainn.
Comharchumann Déiríochta Chiarraí.
Déanfar seoladh ag searmanas i gCeanncheathrú Déiríochta Ghrúpa Chiarraí i Lios Tuathail maidin inniu (timpeall 10:15am) ar an ainm agus ar an mbrandáil nua atá le bheith feasta ar Chomharchumann Déiríochta Chiarraí.
Mar chuid den socrú a deineadh i ndeireadh na bliana 2024, nuair a aontaíodh go gceannódh Comharchumann Chiarraí áiseanna próiseála Ghrúpa Chiarraí, socraíodh ná beadh an focal Kerry mar chuid den ainm nua as san amach.
Tá an tionscal déiríochta ar bís ag fanacht leis an ainm nua agus nochtfar an rún ag teacht le chéile a bheidh ag feirmeoirí agus lucht próiseála bainne ar fuaid na Mumhan i Lios Tuathail inniu.
Cumann Éanlaith Éireann
In agallamh d'adhmhaidin inniu, deir Simon Ó Faoláin, ó Bhaile an Daingin agus atá gníomhach le Cumann Éanlaith Éireann go bhféadfaí fíneálacha a ghearradh ar Rialtas na hÉireann toisc nár ainmníodh agus nár cosnaíodh ceantair speisialta chaomhnaithe sa tír fós.
Tá an Coimisiún Eorpach tar éis tús a chur le himeachtaí sáraithe i gcoinne an stáit, faoin Treoir um Ghnáthóga agus faoin Treoir um Éin.
Mionúir
Tá beirt na Gaeltachta, Maidhc Ó Sé ó Ard na Caithne agus Lúc Mac Gearailt ó Bhaile an Fheirtéaraigh chomh maith le himreoir an Daingin, Fionn Ó Dubhda ón nGairfeanaigh ainmnithe ar fhoireann mionúir Chiarraí a thabharfaidh aghaidh ar Chorcaigh i gCluiche Ceannais na Mumhan tráthnóna.
Tá imreoir Naomh Abán, Peadar Ó Ceallaigh ainmnithe i measc na bhfear ionaid ag Corcaigh don gcluiche a dh’imreofar ar 7:35 i bPáirc Uí Rinn.
Bóithre iata
Tá dhá bhóthar áitiúil lastoir agus laistiar den nDaingean iata ag Comhairle Contae Chiarraí ó mhaidin agus beidh as seo go dtí’n Aoine seo chughainn toisc go bhfuil obair chothabhála le déanamh orthu.
Tá bóthar an L-8120 i mBaile an Mhathamhnaigh le hiamh ón áit a bhuaileann sé le príomhbhóthar an N86 go dtín áit a bhuaileann sé leis an L-8036 ag Fearann an Ístínigh.
Beidh trácht á threorú soir agus siar óna 7 ar maidin go dtína 7 tráthnóna as seo go dtí Dé hAoine agus comharthaí i bhfearas ar Bhóthar na bPiarsach agus timpeall Óispidéal Pobail Chorca Dhuibhne.
Beidh bóthar an L-8049 in Ard na Caithne go dtí an áit a bhuaileann sé leis an L-8034 iata idir 7 ar maidin agus 7 tráthnóna as seo go dtí Dé hAoine chomh maith.