Triail

Cuirfear fear as Dún na nGall ar a thriail i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn agus é cúisithe in ionsaí gnéis ag láthair i nDún na nGall.

Bhí an fear, atá sna 70idí agus nach dtig a ainm a thabhairt ar chúiseanna dlí, os comhair Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn inné.

Tá sé curtha i leith an fhir go ndearna sé ionsaí gnéis ag láthair i gContae Dhún na nGall ar dháta idir an 1 agus 31 Eanáir 2021.

Thug an Sáirsint Jim Collins fianaise sa chúirt gur bhronn sé leabhar fianaise ar an fhear.

Tugadh le fios sa chúirt go dtug Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí cead an fear a chur ar a thriail ag an chéad suí eile de Chúirt Chuarda Leitir Ceanainn.

Níor labhair an fear sa chúirt inné, agus dúirt an breitheamh Emile Daly leis gan teagmháil a dhéanamh le finné ar bith sa chás agus rinne sí ordú faoi alt 56 a bhain le hagallaimh sa chás chomh maith.

Gardaí

Léiríodh imní faoin easpa Gardaí atá lonnaithe i gceantracha tuaithe ag cruinniú de Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall an tseachtain seo.

Dúirt John Mac Eachmharcaigh, ball den Chomhpháirtíocht agus Bainisteoir Chomharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór, gur tharla eachtra thragóideach ar an oileán ar na mallaibh agus nach raibh ach Garda amháin ar dualgas ón Bhun Bheag go Gaoth Beara agus gurbh éigean don phobal cuidiú leis an Gharda.

Ní dhéanann a laghad Gardaí atá ar dualgas in Iarthar na Contae aon chiall, a dúirt sé, agus caithfidh an Chomhpháirtíocht an cheist seo a ardú ag leibhéal Rialtais.

Sábháilteacht

Thug an Comhairleoir Contae Gerry Mac Monagail, Cathaoirleach Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall, moladh mór do Chomhairle na nÓg nuair a rinne siad cur i láthair ag cruinniú na Comhpháirtíochta an tseachtain seo.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach eolas a fháil faoi éilimh agus imní na ndaoine óga.

Mhínigh Cassie Lambe, Méara Chomhairle na nÓg, obair Chomhairle na nÓg agus dúirt sí go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh guth ag Óige na Contae.

Dúirt sí gurb iad na hábhair is mó atá ag déanamh bhuartha d'óige na Contae ná Vápáil, Brú ar líne, strus agus bulaíocht, agus go bhfuil go leor le déanamh le réiteach a fháil ar na deacrachtaí sin.

Dúirt an Comhairleoir Mac Monagail go bhfuil an Chomhpháirtíocht ar fáil i gcónaí le gach tacaíocht a thabhairt daofa.

Cloch an Phlúir

Dhéanfaidh Coiste Forbartha Rann na Feirste suíomh oidhreachta Chloch an Phlúir i Rann na Feirste a nochtadh go hoifigiúil tráthnóna inniu.

Dhéanfaidh Donnachadh Ó Baoill ó Choiste Logainmneacha na hÉireann cur i láthair gairid fá chúlra Chloch an Phlúir agus an stair a bhaineann leis.

Tá sé beartaithe ag Coiste Forbartha Rann na Feirste tuilleadh mion-logainmneacha a aithint ar an bhaile le ceiliúradh a dhéanamh ar stair agus oidhreacht an bhaile.

Sí Nora Frank Chonaill Uí Raghallaigh a dhéanfaidh an leacht a nochtadh ag ócáid phoiblí a bheidh ar siúl ag 7:30 tráthnóna inniu.

Jim Lynch

Dhéanfar Múrphictiúr agus Plaic le hIar-Mhéara Leitir Ceanainn, Jim Lynch, a nochtadh i Lána na hEaglaise Leitir Ceanainn inniu.

Chaith Jim Lynch a shaol ag obair i mBaile Leitir Ceanainn go háirithe ag Ceathrú na hArdeaglaise.

Tá iarrachtaí athghiniúna agus atógála ar siúl ag Lána na hEaglaise le cúpla bliain.

Dhéanfar pictiúr fosta den Ardeaglais ar Lána na hEaglaise, a rinne an t-ealaíontóir Ciaran Dunlevy, a lasadh inniu.

Beidh an ócáid ar siúl ar 8 a chlog.

Cead pleanála

Tá iarratas ar chead pleanála déanta chuig Comhairle Contae Dhún na nGall le haonad príobháideach le haghaidh scanadh diagnóiseach leighis a fhorbairt i mBaile Úr Uí Chuinneagáin.

Tá an comhlacht WSR Energy Solutions Limited, atá lonnaithe i mBun Cranncha, ag lorg cead pleanála le foirgneamh modúlach 107 méadar cearnach a thógáil i bPáirc Ghnó na Móna Fada.

Mar pháirt den fhorbairt beidh carrchlós ann chomh maith le hoibreacha riachtanacha eile a dhéanamh ar an suíomh.