Aerfort Dhún na nGall

Cheadaigh an tAire Iompair Darragh O'Brien €367,000 de dheontas d’Aerfort Dhún na nGall do thograí caipitil do na haerfoirt réigiúnacha.

Cuideoidh an infheistíocht seo le hinnealtóirí scrúdú a dhéanamh ar an rúidbhealach agus trealamh úr slándála a sholáthar.

Lena chois sin beidh trealamh á chur ar fáil leis an aimsir a thuar agus beidh uasghrádú á dhéanamh ar chóras soilse an Aerfoirt.

Cheadaigh an tAire pacáiste de chóir a bheith €8m do na haerfoirt réigiúnacha, Dún na nGall, Ciarraí, Cnoc Mhuire agus d’Aerfort na Sionainne.

Dochtúirí

Tá ganntanas mór dochtúirí teaghlaigh i gceantair thuaithe, i nDún na nGall go háirithe, agus bíonn sé deacair dochtúir ionaid a aimsiú agus dochtúir tinn nó ar saoire, a dúirt an Dochtúir Ciarán Ó Fearraigh.

Tá an scéim traenála atá ar siúl in Otharlann Leitir Ceanainn do Dhochtúirí Teaghlaigh iontach tábhachtach, a dúirt sé, áit a bhfuil cúigear déag mac léinn i mbun traenála faoi láthair, ach thug sé le fios go bhfuil gá le níos mó.

Dúirt an Dochtúir Ó Fearraigh go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfadh an Rialtas achan tacaíocht le cinntiú go bhfanann dochtúirí sa chontae nuair a bhíonn siad cáilithe.

Brící Lochtacha

Glacadh sa Dáil aréir le Fine Gall i mBaile Átha Cliath agus Loch Garman a bheith curtha san áireamh i Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha.

Dúirt an Teachta Dála Charles Ward agus an dá údarás áitiúil á gcéadú go raibh sé i bhfabhar iad a bheith sa scéim ach go léiríonn sé an mhoill atá á cur ar an scéim siocair go bhfuil áiteacha á gceadú de réir a chéile.

Tá lochtacha struchtúracha atá leis an dóigh a bhfuil an scéim á cur i bhfeidhm go náisiúnta agus ní ar úinéirí tí atá an locht, a dúirt sé.

Shéan an Teachta Ward líomhaintí a cuireadh i leith a pháirtí féin, an páirtí Cúiteamh 100% ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall ar na mallaibh, sé sin nach raibh siad ag iarraidh go n-oibreodh an scéim agus dúirt sé nach bhfuil bunús ar bith leis sin agus nach léiriú atá ann ar an mhéid atá teaghlaigh i dtithe lochtacha ag fulaingt mar gheall ar an scéim.

Feachtas

Tá tús curtha ón 07:00 ar maidin inniu le dianfheachtas sábháilteachta an Gharda Síochána ar bhóithre Dhún na nGall don deireadh seachtaine saoire bainc.

Mairfidh feachtas sábháilteachta na nGardaí ar bhóithre na contae go dtí an 7.00 maidin Dé Máirt seo chugainn.

Deir Gardaí na contae go mbeidh go leor aonaid seiceála acu ar bhóithre ar fud na contae ón lá inniu go dtí an Mháirt seo chugainn.

Beidh siad ag díriú go háirithe ar thiomáint róghasta, tiomáint faoi thionchar an óil agus drugaí, le cois tiománaithe ag úsáid fón póca ar na bóithre.

Ciste Fiontair Dhún na nGall

Tá Ciste Fiontair Dhún na nGall ag iarraidh comhlacht ailtireachta a cheapadh don fhorbairt atá le déanamh acu agus síneadh trí stór ar airde, a bheidh 20,000 méadar cearnach, le cur le hIonad Fiontair Ghnó Leitir Ceanainn.

Tá pleananna chun gorlann gnó, spás fiontraíochta, aonaid traenála agus saotharlann a fhorbairt sa síneadh breise atá le cur leis an fhoirgneamh i Leitir Ceanainn.

Cheadaigh Comhairle Contae Dhún na nGall cead pleanála don fhorbairt seo i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Is é an sprioc atá ag Ciste Fiontair Dhún na nGall ná Saotharlann Ghlas a fhorbairt i Leitir Ceanainn san spás úr oibre seo atá le forbairt.

Beidh béim faoi leith á chur ar sheirbhísí a sholáthar ón ionad seo a chuideoidh le gnólachtaí a bheith inmharthana agus laghdú a dhéanamh ar a lorg charbóin.

Tá sé i gceist fosta go mbeidh comhoibriú le Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus an tSaotharlann Ghlas seo á forbairt.