Taisme
Ba é Ashlea nó Ash Harkin, 25 bliana d'aois as Doire, an té a fuair bás mar gheall ar thimpiste bóthair i Magh in Inis Eoghain oíche Shathairn.
Tá Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a chonaic an timpiste nó ar dhuine ar bith a bhí ag taisteal ar bhóthar an R238 ar an Ard Mór i Magh idir 9.30 agus a 10 a chlog oíche Shathairn agus a bhfuil taifead físeáin acu teagmháil a dhéanamh leo.
Ba é Ashlea Harkin an tríú fear a maraíodh ar bhóithre na contae thar an deireadh seachtaine.
Plean Comhtháite Ghaoth Dobhair
Seolfar Plean Comhtháite Ghaoth Dobhair in Amharclann Ghaoth Dobhair inniu.
Tá spriocanna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha sa phlean ó 2026 go 2030.
Is iad coistí an Pharóiste a chuir an plean le chéile atá tá réimse leathan téamaí ann.
Beidh siad ag obair le heagraíochtaí stáit chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Contae leis an phlean a chur i bhfeidhm.
Dhéanfar an plean a sheoladh le linn an chláir Barrscéalta ar 11 a chlog inniu in Amharclann Ghaoth Dobhair.
Dabhcha séarachais
Theip ar 67% de na dabhcha séarachais a ndearna Comhairle Contae Dhún na nGall cigireacht orthu anuraidh, de réir an eolais is deireanaí atá foilsithe ag an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidin inniu.
Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall cigireacht ar 126 dabhach shéarachais sa chontae anuraidh cé go raibh sé de dhualgas orthu cigireacht a dhéanamh ar 137 dabhach.
Dúirt an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go raibh Comhairle Contae Dhún na nGall i measc trí údarás áitiúil nár chríochnaigh na scrúduithe uilig a bhí le déanamh acu anuraidh agus go mbeidh orthu na cinn nár dearnadh cigireacht orthu a chur le líon na bliana seo.
Thug an Ghníomhaireacht le fios go dtug siad treoir dlí roimhe seo d'údaráis áitiúla ar theip orthu cigireacht a dhéanamh ar líon na ndabhcha a raibh sé de dhualgas orthu a dhéanamh agus gur rogha í sin atá acu i gcónaí má leantar leis an mhoill ar chigireacht na ndabhcha séarachais.
Dúnmharú
Phléadáil bean ciontach i ndúnmharú mná de bhunadh Ghaoth Dobhair a fuarthas gortaithe go dona in árasán i Rutherglen taobh amuigh de Ghlaschú cúpla lá roimh an Nollaig dhá bhliain ó shin agus a fuair bás go gairid ina dhiaidh sin.
Phléadáil Clare Kilduff, 40 bliain d’aois, comharsan de chuid Ann Coll (61), ciontach san Ard-Chúirt i nGlaschú inné ina dúnmharú ar an 22 Nollag 2023.
Bhéarfar Clare Kilduff os comhair na hArd-Chúirte i nGlaschú amach anseo, áit a ngearrfar pianbhreith uirthi.