Tine

Rinneadh damáiste ollmhór d'ionad stórála agus monarcha Cherrymore Kitchens i mBaile Dhún na nGall i dtine a tharla ansin aréir.

Cuireadh fios ar na seirbhísí dóiteáin chuig an láthair ar Bhealach Bhéal Átha Seanaidh taobh amuigh de Bhaile Dhún na nGall, i dtrátha an mheán oíche aréir.

Bhí 6 bhriogáid dóiteáin ar an láthair i rith na hoíche agus iad ag iarraidh an tine a chur faoi smacht.

Druideadh bealach an R267 cóngarach don láthair aréir ach deir na Gardaí go bhfuil sé oscailte arís anois.

Níor gortaíodh aon nduine sa tine.

Níl fhios go fóill caidé a ba chúis leis an tine.

Ráiteas

Dúirt Cumann Gnó Bhealach Féich agus Shrath an Urláir i ráiteas ar na meáin shóisialta ar maidin gur buille thar a bheith trom é seo do Martin agus Harry McLaughlin, ar leo Cherrymore Kitchens.

Tá Cherrymore Kitchens i mbun gnó le 30 bliain, tá ceann de na monarchana is nua-aimseartha sa tír acu agus go leor fostaíochta tugtha acu do theaghlaigh áitiúla a dúradh sa ráiteas.

Dúirt Cumann Gnó Bhealach Féich agus Shrath an Urláir go ndéanfadh siad a ndícheall cuidiú leo ar dhóigh ar bith gur féidir.

Cuairt an Aire Oideachais

Bhéarfaidh an tAire Hildegarde Naughton a céad chuairt oifigiúil ó ceapadh í ina hAire Oideachais ar Dhún na nGall inniu.

Bhéarfaidh sí cuairt ar scoltacha i Leitir Ceanainn agus i mBaile na nGallóglach atá ag lorg tacaíochta ón Rialtas.

Beidh sí i láthair ag Coláiste Naomh Adhamhnáin i Leitir Ceanainn ar maidin agus rachaidh sí go Baile na nGallóglach ina dhiaidh sin, áit a dtabharfaidh sí cuairt ar Scoil Mhuire agus Coláiste na Maolruaidh.

Casfaidh an tAire Naughton le toscaireacht ó Choláiste an Earagail inniu fosta lena bhfuil i ndán don scoil sin a phlé.

Tionscadail

Dúirt Brendan Ó Dónaill, Innealtóir Sinsearach atá i gceannas ar Rannóg Tionscadal Caipitil na Comhairle Contae go bhfuil níos mó forbartha ar siúl sa chontae faoi láthair ná a bhí le blianta fada.

Thagair sé do thograí móra atá ar siúl ar an Chraoslach agus in Ailt an Chorráin chomh maith le tograí i Sliabh Liag, na Dúnaibh, Baile na Finne, Loch an Iúir, An Mhucais agus Carraig Airt.

Dúirt sé go bhfuil maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Fáilte Éireann agus Ciste Peace Plus do na tograí, ach gurb é an deacracht is mó atá ag an Chomhairle ná cómhaoiniú a chur ar fáil do na tograí.

Dúirt sé fosta go bhfuil siad ag streachailt mar gheall ar easpa foirne go háirithe innealtóirí a dúirt sé.

Cruinniú

Beidh cruinniú poiblí ar siúl ar an Chraoslach anocht le stair Theach Pobail agus Reilig Chluain Beag ar an Chraoslach a phlé.

Tá an cruinniú á reáchtáil ag Grúpa Oidhreachta Chluain Beag leis an phobal a chur ar an eolas faoin obair atá ar bun ag an ghrúpa ina gcuid iarrachtaí an suíomh a chosaint agus a chaomhnú.

Beidh an seandálaí, Kate Robb, i láthair ag cruinniú na hoíche anocht a bheidh ar siúl ón 7-9 a chlog i Halla Mhás an Easa ar an Chraoslach.