Tithe

Tá cuireadh á thabhairt do dhaoine ar mhaith leo Teach Sóisialta i dToraigh a n-ainm a chur ar liosta tithíochta na Comhairle Contae anois.

Tá talamh ag an Chomhairle ar an Oileán a dúirt Michael Rowsome, Bainisteoir Ceantair i gCeantar Bardais na nGleanntach, agus dúirt sé go mbeadh an Chomhairle sásta tithe a thógáil ansin má bhíonn éileamh ar a leithéid.

Dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig go bhfuil éileamh ar thithe ar an oileán agus nár chuir daoine a n-ainm ar liosta tithíochta na Comhairle Contae mar go raibh siad den tuairim nach raibh sé i gceist ag an Chomhairle tithe a thógáil i dToraigh.

Ten T

Foilseofar cáipéisí pleanála thogra bóthair TEN-T i nDún na nGall amárach, ina mbeidh na measúnaithe tionchair timpeallachta agus na hOrduithe Ceannaigh Éigeantaigh nó CPO.

Beidh na cáipéisí le fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiún Pleanála, Oifig na Comhairle Contae i mBaile Dhún na nGall, agus Leabharlann Shrath an Urláir, ón Aoine ar aghaidh.

Dúirt Innealtóir le hOifig Deartha na mBóithre Náisiúnta i nDún na nGall, Damien McDermott, go dtosófar ag ceannach talamh don scéim ar an bhliain seo chugainn, agus go meastar go gcuirfear tús leis an obair thógála ar na bóithre le linn 2028.

Meastar, a dúirt sé, go mairfidh an obair thógála ar na tograí, ina mbeidh 40 ciliméadar de bhóithre náisiúnta úra á dtógáil, idir ceithre agus cúig bliana, agus go gcosnóidh an togra thar €800m.

Faoin togra seo, beidh ordú CPO le déanamh ar 34 teach cónaithe agus 420 píosa talaimh.

Trí phíosa bealaigh atá mar pháirt den Togra – Cuarbhealach Bhealach Féich agus Shrath an Urláir, Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin agus bealach Mhainéar Uí Chuinneagáin go Leifear a cheanglóidh leis an A5 ar an tSrath Bán.

Comhairliúchán

Beidh tráthnóna eolais ar Chlár SICAP agus seirbhísí Chomhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall nó an DLDC ar siúl tráthnóna inniu sa tSeanscoil i nGort an Choirce.

Beidh eolas ar na tacaíochtaí atá ar fáil faoi Chlár SICAP do dhaoine aonair, go háirithe iad siúd atá dífhostaithe nó ag smaoineamh a ngnó féin a bhunú.

Beidh fáilte roimh ghrúpaí pobail, grúpaí nuabhunaithe agus daoine atá smaoineamh ar ghrúpa a bhunú ag an ócáid.

Beidh an ócáid ar siúl ar 7.30.

Uisce Thrá na mBan

Tá feabhas tagtha ar chaighdeán an uisce ar Thrá na mBan i mBun Cranncha, de réir tuarascála ón Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil nó an EPA a foilsíodh inniu.

Deir an Ghníomhaireacht go léiríonn tástálacha a rinneadh ar an uisce snámha ansin anuraidh go raibh caighdeán sásúil ag baint leis an uisce ansin anois in áit droch-chaighdeán uisce mar a bhí blianta eile.

Tháinig feabhas ar chaighdeán an uisce ag Trá na mBan le bliain mar gheall ar an obair a rinne Uisce Éireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall dar leis an Ghníomhaireacht.

Mar chuid den obair, bhí fiosruithe ar bun maidir le foinsí truaillithe agus rinneadh uasghrádú ar bhonneagar uisce an cheantair.

Paiteagó

Tá fógra tugtha ag Uisce Éireann do dhaoine i bPaiteagó a gcuid uisce a bhruith sula n-ólann siad é.

Deir Uisce Éireann go bhfuil droch-chaighdeán uisce ag cur isteach ar Ionad Cóireála Uisce Phaiteagó agus go bhfuil fógra tugtha do 247 duine sa cheantar le sláinte na ndaoine sin a chosaint.

Deir Uisce Éireann go bhfuil siad ag iarraidh réiteach a fháil ar an fhadhb agus deireadh a chur leis an fhógra chomh luath agus is féidir.