Plean forbartha do Chéidh Mhachaire Rabhartaigh
Tá Údarás na Gaeltachta sásta, agus ar fáil, le bheith rannpháirteach sa phróiseas le máistirphlean a réiteach do Chéidh Mhachaire Rabhartaigh, a dúirt Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiúin Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill ag cruinniú de Choiste na nOileán ar na mallaibh.
Dúirt sé gur acmhainn iontach thábhachtach atá sa Chéidh agus go rachadh mórphlean don cheantar chun tairbe go mór d'achan duine a bhaineann úsáid as an Chéidh agus an Tráigh.
Dúirt sé go bhfuil comhoibriú dlúth idir an tÚdarás agus Comhairle Contae Dhún na nGall agus go bhfuil siad ag súil go mbeidh siad ábalta Comhairleoir a cheapadh leis an phlean a réiteach.
Soilse i Loch an Iúir
Tá an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh ag iarraidh ar an Chomhairle Contae soilse breise a chur in airde i Loch an Iúir.
Dúirt sé gur bhuail sé le Coiste an Cheantair ar na mallaibh agus go bhfuil siad sásta leis na soilse a cuireadh in airde ansin ar na mallaibh ar Bhealach an Ghleanna ach go bhfuil gá le idir 8 agus 10 solas breise ar phríomhbhealach an N56.
Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar chomharthaí luais i láthair na huaire agus go mbogfar na comharthaí amach ón bhaile i dtreo Chroithlí. Tá súil aige go gceadófar na soilse breise nuair a bheas sin déanta.
Cuireadh d'ealaíontóirí a bheith páirteach i dtaispeántas fá Rockwell Kent
Mar chuid de Chlár Cuimhneacháin 2026, tá Iarsmalann Contae Dhún na nGall ag tabhairt cuireadh d'ealaíontóirí tograí a chur isteach do thionscadal cruthaitheach don téama 'Rockwell Kent - Ealaíontóir Meiriceánach i nDún na nGall, 1926'.
Ealaíontóir, déantóir priontaí, grianghrafadóir, scannánóir agus ailtire a bhí i Rockwell Kent ach bhí sé ina thaistealaí, scríbhneoir agus gníomhaí polaitiúil fosta.
I 1926, tháinig sé go Gleann Loch, Gleann Cholm Cille, agus rinne sé saothar i mbóitheach athchóirithe a thaispeánann fiántas garbh Dhún na nGall.
Tá Iarsmalann na Contae ag obair ar thaispeántas dar teideal 'Rockwell Kent - Ealaíontóir Meiriceánach i nDún na nGall, 1926' fá láthair, agus bainfidh sé le Kent agus a thréimhse sa chondae.
Beidh an taispeántas le feiceáil ó mhí Iúil go Meán Fómhair.
Cuid atá sa tionscadal seo de Chlár Cuimhneacháin Chomhairle Contae Dhún na nGall 2026, agus tá an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ag cur tacaíochta ar fáil dó.
Cruinniú eolais in éádan tuirbíní gaoithe
Beidh ócáid eolais ag Grúpa Gníomhaíochta Tuirbíní Gaoithe an Chlocháin Léith ar an bhaile Dé Domhnaigh, le cuidiú le daoine aighneachtaí a dhéanamh in éadan pleananna tuirbíní a thógáil sa cheantar.
Deir an lucht eagraithe gur mian leo daoine áitiúla a chur ar an eolas fán phlean cúig thuirbín gaoithe a thógáil ag Cró na Sealg taobh amuigh de bhaile an Chlochán Léith.
Creideann an coiste go mbeidh tionchar diúltach ag an fhorbairt ar chúrsaí sláinte, ar fhiadhúlra agus ar éanlaith, le cois leas ainmhithe agus cúrsaí timpeallachta.
Rinneadh iarratas ar chead pleanála i Meán Fómhair anuraidh, ach tarraingíodh siar an t-iarratas sin.
Tá Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall le cinneadh a dhéanamh faoin iarratas reatha roimh an 15 Meitheamh.
Beidh seisiún eolais an Domhnaigh ar bun in ionad CDP na Rosann ón mheán lae go dtí an 3.00.
50 bliain d'Fhéile Ailt an Chorráin
Is iad Daithí Alcorn agus Michéal Maloney, bunaitheoirí Fhéile Ailt an Chorráin, a dhéanfas féile na bliana seo a oscailt go hoifigiúil.
Beidh an Fhéile ag comóradh 50 bliain ar an fhód i mbliana.
Seolfar leabhar úr fá stair na féile ag ócáid a bheas ar bun idir an 17-25 Iúil.
Is iad Eugene Mac Gairbheith agus Adrian Alcorn eagarthóirí an leabhair.