Measann Rosa Glackin, Uachtarán Réigiún an Iarthuaiscirt de Chumann Naomh Uinseann de Pól, go bhfuil an bochtanas ardaithe go mór i nDún na nGall agus go bhfuil an contae seo ar an chontae is boichte sa tír.
Dúirt sí nach bhfaca sí oiread brú riamh ar theaghlaigh agus atá faoi láthair agus thug sí le fios gur aontaigh sí leis na hagóidí a bhí ar siúl ar fud na tíre ar an tseachtain seo a chuaigh thart.
Measann sí gur cheart don Rialtas níos mó tacaíochta a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt agus níos mó tacaíochta fosta a thabhairt don Chumann.
Tuirbíní Gaoithe
Níor glacadh le hiarratas úr ar chead pleanála a chuir an comhlacht Irish Premium Renewable Energy faoi bhráid Chomhairle Contae Dhún na nGall an tseachtain seo a chuaigh thart le cúig thuirbín gaoithe a thógáil i gCró na Sealg taobh amuigh de bhaile an Chlocháin Léith.
Dúirt an Chomhairle Contae go raibh an t-iarratas neamhbhailí agus go mbeidh ar an chomhlacht iarratas úr a dhéanamh ar chead pleanála má theastaíonn uatha leanstan leis an fheirm ghaoithe.
Tá Grúpa Gníomhaíochta i gCoinne Thuirbíní Gaoithe an Chlocháin Léith i gcoinne an togra.
Tarraingíodh siar iarratas eile ar chead pleanála a rinne an comhlacht maidir leis an togra céanna anuraidh.
Togra an Chraoslaigh
Tá an dearadh do Thogra Athghiniúna an Chraoslaigh críochnaithe anois agus iarratas curtha ag an Chomhairle Contae chuig an Roinn le tairiscintí a lorg don Togra.
Tá sé beartaithe mol pobail, páirc spóirt agus raon rásaíochta a thógáil chomh maith le páirc imeartha pobail faoin Chiste Forbartha Athghiniúna Tuaithe nó an RRDF chomh maith le maoiniú ón Chomhairle Contae.
Tá €13.5m ceadaithe faoi chiste RRDF agus €104,000 ceadaithe ag an Chomhairle Contae don togra.
Stáisiún Dóiteáin
Thug Brendan O'Donnell, Innealtóir Sinsearach leis an Chomhairle Contae, le fios ag cruinniú tithíochta den Chomhairle ar na mallaibh go bhfuil cáipéisí tairisceana á n-ullmhú le foireann deartha a cheapadh do Stáisiún Dóiteáin úr Fhionnúrach.
Dúirt sé go mbeidh na tairiscintí réidh ar an mhí seo chugainn ach go mbeidh suirbhéanna agus scrúduithe le déanamh agus nach gcuirfear tús le tógáil an stáisiúin dóiteáin go dtí 2028.
Beidh Stáisiún Dóiteáin Fhionnúrach ag freastal ar Bhun Dobhráin agus ar Bhéal Átha Seanaidh.
Dúirt an Comhairleoir Contae Michael McMahon go bhfuil sé sásta go bhfuil tús curtha leis an phróiseas le Stáisiún Dóiteáin a thógáil i bhFionnúir agus go bhfuil pobal na háite níos mó ná 40 bliain ag fanacht le stáisiún úr mar go bhfuil drochbhail ar Stáisiúin Bhun Dobhráin agus Bhéal Átha Seanaidh.
Tá €3.5m ceadaithe don stáisiún ach tá imní nach leor an méid sin.
Otharlann
Beidh cruinniú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le Bainistíocht Otharlann Pobail Bhun Cranncha inniu le todhchaí na hOtharlainne a phlé.
Dhéanfar plé ar an imní atá ar Bhainistíocht na hOtharlainne maidir leis an mhoill atá ar obair fhorbartha a bhí beartaithe san Otharlann.
Dhéanfar plé ar sheirbhísí san Otharlann agus ar an tionchar atá acu ar theaghlaigh áitiúla, go háirithe baill teaghlaigh atá san Aonad Altranais.