Dochtúir

Tá an dochtúir a thug scannal na ró-chógaisíochta sa tseirbhís meabhairshláinte CAMHS do leanaí agus daoine óga i gCiarraí chun solais, anois gan dídean i Londain.

In agallamh le Raidió RTÉ, dúirt an dochtúir Maya Sharma, an t-ainm atá anois ar Ankhur Sharma ó d'athraigh sí a hinscne, go bhfuil ag teip uirthi obair a fháil sa Bhreatain, agus go gcreideann sí go bhfuil a cáil phroifisiúnta millte toisc gur thug sí chun solais go raibh díobháil á déanamh do leanaí ag Seirbhís CAMHS Chiarraí.

Thug an dochtúir Sharma cás cúirte i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag maíomh gur caitheadh go holc léi tar éis di na cásanna díobhála a thabhairt chun solais, agus dhíol an Fheidhmeannacht €75,000 léi mar shocrú ar an gcás anuraidh.

Ó 2023 go dtí 2025, dhein an Dochtúir Sharma iarratais ar 15 phost gan toradh.

Tairgeadh post ina síciatraí comhairleach di anuraidh, ach deir sí go dtarraingíodh siar an tairiscint nuair a fuarthas droch-theistiméireacht ó dhuine éigin i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i gCiarraí.

Tá diagnóis fachta aici, go bhfuil PTSD uirthi atá bainteach leis an áit oibre, agus go raibh dúlagar uirthi.

Tá an Dochtúir Sharma anois gan dídean, agus ag maireachtaint i lóistín éigeandála.

Breandán Mac Gearailt

Deir an Comhairleoir Contae Breandán Mac Gearailt ón nDaingean go gceart go gcuirfí na hacmhainní ar fáil d’Oifigeach Rochtana agus Ionchuimsithe Chomhairle Contae Chiarraí, chun cabhrú le daoine teacht ar sheirbhísí na Comhairle.

Tugadh le fios don gComhairleoir ag cruinniú na Comhairle inné go bhfuil dualgas reachtúil na Comhairle de réir an Achta um Mhíchumas 2005, comhlíonta agus go bhfuil Oifigeach Rochtana ceaptha acu.

In agallamh d'Adhmhaidin inniu, dúirt an Gearaltach go bhfuil buiséad á éileamh anois aige chun go bhféadfaidh an tOifigeach athruithe a chur i bhfeidhm le cothrom na féinne i dtaobh rochtain ar sheirbhísí agus áiseanna na Comhairle a fheabhsú.

Ard na Laoi

Deir Caoimhe Nic Cárthaigh, iníon úinéirí nua Thigh Tábhairne Ard na Laoi i mBéal Átha an Ghaorthaidh, go bhfuil an teaghlach ag tnúth go mór le hathoscailt an tí go luath.

Cheannaigh a tuismitheoirí, Fionnbarra agus Máire Mhic Cárthaigh, Ard na Laoi i dtús na míosa ó Shíle agus Paddy Ó Loinsigh atá ag dul ar scor tar éis breis agus 30 bliain i bhfeighil na háite.

Tá obair athchóirithe ar bun acu fé láthair a dúirt sí, agus urlár nua curtha síos ann.

Ard-Fheis na nÓg

Cuirfear tús tráthnóna i gColáiste na Rinne le hArd-Fheis na nÓg.

Tiocfaidh breis agus céad scoláire meánscoile le chéile ar feadh trí lá, ó 12 scoil ar fad, scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí san áireamh, chun ceisteanna móra na linne a phlé, chun cuileachtan agus chun comhluadair.

Reachtálfar ceardlanna ar chearta teangan agus ar na meáin shóisialta agus beidh painéal cainte ar ghairmeacha.

Déanfaidh gach scoil cur i láthair ar a rogha téama: an Intleacht Shaorga, nó na Spriocanna Earcaíochta atá ag an rialtas, chun Seirbhísí Poiblí a chur ar fáil i nGaelainn.

Ó Bhleá Cliath, ó Ghaillimh agus ó Chill Mhantáin a bheidh rannpháirtithe na bliana so ag teacht, agus ós na trí chontae Gaeltachta i gCúige Mumhan.

Togra de chuid Chonradh na Gaeilge is ea Ard-Fheis na nÓg, a fhaigheann maoiniú ó Údarás na Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge agus ón scéim Gluaiseacht de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Conor D McGuinness

Deir an Teachta Déiseach agus Cathaoirleach an Choiste Oireachtais um Iascach agus Gnóthaí Muirí Conor D McGuinness gur cúis mhór imní é an taighde is déanaí maidir leis an mbaol go stopfadh Imshruthú Iompaithe an Uisce Feadh an Atlantaigh, nó Sruth na Murascaille mar a tugtar go coitianta air.

Beidh cruinniú ag an gcoiste inniu le lucht taighde ó Met Éireann, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus Fhoras na Mara.

Tá ríthábhacht leis an sruth chun aeráid na hÉireann a choimeád deas measartha, a deir an Teachta McGuinness.

Dá stopfaí, nó dá lagófaí é, bheadh sé tubaisteach don dtír ar fad, agus go háirithe dos na pobail cois cósta.

Feirm gaoithe

Tá sé fógartha ag an ngrúpa feachtais i gcoinne na feirme gaoithe atá beartaithe don Mhóin Bhreac agus Ráth na mBiníneach i gceantar Gaeltachta na nDéise, go mbeidh an cheardlann dheireanach aighneachtaí ar bun acu, oíche amárach i Halla Pobail na Rinne ar 7.30pm.

Seoladh breis agus 60 aighneacht maidir leis an iarratas pleanála go dtí Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag an gceardlann dheireanach an tseachtain seo caite.

Tá an t-iarratas déanta ag an gcomhlacht Moanbrack Energy Teoranta chun dhá thuirbín gaoithe, 120 méadar ar airde, a thógaint.

'Sé Céadaoin na seachtaine seo chugainn, an 29 Aibreán, spriocdháta na Comhairle chun glacadh leis na haighneachtaí.